Ag filleadh ar Éirinn chun aire a thabhairt do bhall den teaghlach

Réamhrá

Tarlaíonn go ndéantar cúramóir díot ag aon chéim sa saol. Más saoránach Éireannach thú atá i do chónaí thar lear agus má theastaíonn uait filleadh ar Éirinn chun cúram a thabhairt do dhuine muinteartha, nó má tá tú ag filleadh le duine muinteartha a bhfuil cúram á thabhairt agat dóibh, tá tacaíochtaí agus seirbhísí ar fáil in Éirinn.

Má tá tú ag filleadh le duine muinteartha ó áit lasmuigh den LEE, an RA nó an Eilvéis, beidh cead ag teastáil uathu chun cónaí in Éirinn.

Cuireann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí sláinte poiblí ar fáil in Éirinn. Caithfidh go bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn chun teacht ar fhormhór sheirbhísí FSS saor in aisce nó ar ráta laghdaithe.

Tá eolas ar an leathanach seo faoi conas teacht ar sheirbhísí cúraim pobail agus cúraim baile, cáin agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh do chúramóirí agus conas iarratas a dhéanamh ar thacaíocht airgeadais do chúram teach altranais.

Cúram a thabhairt do dhuine muinteartha breacaosta

Má tá tú ag filleadh ar Éirinn chun cúram a thabhairt do dhuine muinteartha breacaosta, cosúil le tuismitheoir, tá seirbhísí agus scéimeanna sláinte ar fáil chun cabhair a thabhairt.

Is féidir le d’Oifig Sláinte Áitiúil, do DG nó d’Altra Sláinte Poiblí cabhrú leat teacht ar sheirbhísí cúraim pobail i do cheantar, cosúil le fisiteiripe, cúram faoisimh agus Seirbhísí Tacaíochta Baile.

Seirbhís Tacaíochta Baile

Cuireann an tSeirbhís Tacaíochta Baile cabhair agus tacaíocht ar fáil le tascanna laethúla do dhaoine 65 bliain d’aois nó níos sine a chónaíonn sa bhaile. I gcásanna áirithe, is féidir le daoine níos óige ná 65 bliain d’aois teacht ar an tseirbhís seo, mar shampla, daoine ar a bhfuil néaltrú a thosaíonn luath nó atá faoi mhíchumas. Tá an tSeirbhís Tacaíochta Baile saor in aisce agus déanann FSS í a reáchtáil.

Ag brath ar an áit a gcónaíonn tú, d’fhéadfadh liosta feithimh a bheith ann le seirbhísí tacaíochta baile.

Iarratas a dhéanamh ó ospidéal

Má tá an duine breacaosta a bhfuil cúram á thabhairt agat dóibh in ospidéal, ba cheart dóibh iarraidh ar an duine atá ag déileáil lena bplean scaoilte Foirm Iarratais ar Thacaíocht Baile a thabhairt dóibh. D’fhéadfadh altra, comhordaitheoir díscaoilte nó oibrí sóisialta a bheith sa duine seo. Cabhróidh siad leo leis an bhfoirm iarratais a líonadh agus í a sheoladh chuig a nOifig Tacaíochta Baile FSS áitiúil.

Socróidh FSS ansin go ndéanfar measúnú ar riachtanais chúraim féachaint cén tacaíocht a theastaíonn ó do dhuine muinteartha.

Ba cheart dóibh iarratas a dhéanamh a luaithe agus is féidir fad a bhíonn siad ag fanacht in ospidéal chun moilleanna a sheachaint ar a scaoileadh ón ospidéal.

Iarratas a dhéanamh ón mbaile

Má tá an duine a bhfuil cúram á thabhairt agat dóibh ag cónaí sa bhaile, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar sheirbhísí tacaíochta baile iad féin trí fhoirm iarratais líonta a sheoladh chuig Oifig Tacaíochta Baile FSS áitiúil. Is féidir leat teacht ar an bhfoirm iarratais ag bun an Leabhráin Eolais ar Thacaíocht Baile (pdf).

Mura bhfuil siad in ann iarratas a dhéanamh iad féin, is féidir le duine iarratas a dhéanamh dóibh. D’fhéadfadh a ngaol, cúramóir teaghlaigh, DG nó altra sláinte poiblí a bheith sa duine seo. Tar éis do FSS an fhoirm iarratais líonta a fháil, socróidh siad go ndéanfar measúnú ar riachtanais chúraim.

Déan teagmháil le d’Oifig Tacaíochta Baile áitiúilmá bhíonn aon cheisteanna agat faoi d’iarratas.

Measúnú ar riachtanais chúraim

Beidh ar an duine a bhfuil cúram á thabhairt agat dóibh measúnú ar riachtanais chúraim a dhéanamh chun teacht ar go leor seirbhísí sláinte poiblí. Caitear súil sa mheasúnú ar chumas duine chun aire a thabhairt dóibh féin go sábháilte, mar shampla:

  • Sláinteachas pearsanta
  • Gluaiseacht
  • Béilí a réiteach
  • A n-áit chónaithe a ghlanadh agus aire a thabhairt dó

Gheobhaidh siad plean cúraim ansin ina luaitear cén seirbhísí FSS a theastaíonn uathu.

Cúram teach altranais

Má theastaíonn cúram teach altranais ó do dhuine muinteartha, caithfidh siad teach altranais a roghnú a fhreastalaíonn ar a gcuid riachtanas. Is féidir leat teacht ar liosta tithe altranais cláraithe ar láithreán gréasáin HIQA. Cuireann FSS treoir maidir le teach altranais a roghnú (pdf) ar fáil freisin.

Má theastaíonn cúnamh uathu chun íoc as cúram teach altranais, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar an Scéim Tacaíochta Tithe Altranais, ar a dtugtar Scéim an Mhargaidh Chothroim freisin. Faoin Margadh Cothrom, íocann siad méid áirithe i dtreo chostas a gcúraim agus íocann FSS an chuid eile. Íocann an Margadh Cothrom as tithe altranais príobháideacha, tithe altranais deonacha agus tithe altranais poiblí.

Caithfidh go bhfuil gnáthchónaí orthu in Éirinn chun cáiliú do Scéim an Mhargaidh Chothroim. Murar fhill an duine óna dteastaíonn cúram teach altranais ar Éirinn go fóill, déan teagmháil le Safe Home Ireland chun teacht ar eolas ar iarratas a dhéanamh ar Scéim an Mhargaidh Chothroim.

Má roghnaíonn siad íoc as cúram teach altranais go príobháideach, caithfidh siad costas iomlán an tí altranais phríobháidigh a íoc go díreach.

Cabhrú le duine iarratas a dhéanamh ar Scéim an Mhargaidh Chothroim

Má tá tú ag cabhrú le duine ag a bhfuil cumas laghdaithe chun cinneadh a dhéanamh chun iarratas a dhéanamh ar Scéim an Mhargaidh Chothroim, caithfidh duine sonraithe a bheith ionat. Is féidir le duine sonraithe iarratas a dhéanamh thar ceann duine óna dteastaíonn cúram mura féidir leo iarratas a dhéanamh iad féin.

Cúram a thabhairt do leanbh faoi mhíchumas

Má tá do leanbh faoi mhíchumas nó má cheapann tú go bhféadfadh go bhfuil siad faoi mhíchumas, ba cheart duit casadh le do dhochtúir teaghlaigh (tugtar DG orthu freisin) nó le haltra sláinte poiblí nuair a fhilleann tú ar Éirinn. Is féidir leo cabhrú leat teacht ar na seirbhísí a theastaíonn ó do leanbh. Is féidir leat freisin atreorú a dhéanamh tú féin.

Is féidir leat eolas breise a léamh faoi chúram a thabhairt do leanbh faoi mhíchumas in Éirinn.

Sula bhfilleann tú ar Éirinn, iarr ar do dhochtúir ar chóip de thaifid leighis do linbh, oidis do dhrugaí agus cógais agus taifid imdhíonta. Má bhí tú ag casadh le sainchomhairleoir nó speisialtóir in ospidéal thar lear, ba cheart duit cóip a fháil de do thaifid a seoladh chuig do DG in Éirinn.

Mura bhfuil tú cláraithe le DG in Éirinn, is féidir na taifid seo a aistriú chuig do DG nuair a chláraíonn tú leo.

Clárú le DG

Is féidir leat DG i do cheantar áitiúil a aimsiú ar láithreán gréasáin FSS. Bíonn liosta iomlán othar ag cleachtais, amanna, agus ní féidir leo glacadh le hothair nua. Sa chás seo, ba cheart duit dul go dtí cleachtas eile DG i do cheantar. Is féidir leat aistriú chuig do rogha DG níos déanaí má thosaíonn siad ag glacadh le hothair nua arís.

Ní chuireann roinnt DGanna seirbhísí ach d’othair phríobháideacha amháin. Is gnách go mbíonn ort íoc as casadh le DG mar othar príobháideach agus is éagsúil na táillí a ghearrtar. Is féidir leat casadh le DG saor in aisce má tá cárta leighis nó cárta cuairte DG agat.

Ní theastaíonn uimhir PSP nó cáipéisíocht eile uait le cuairt a thabhairt ar DG.

An féidir liom íocaíocht chúramóra a fháil nuair a fhillim ar Éirinn?

Má tá tú ag filleadh ar Éirinn agus má tá cúram á thabhairt agat do dhuine éigin, b’fhéidir go mbeidh tú in ann íocaíocht leasa shóisialaigh a éileamh. Caithfidh gnáthchónaí a bheith in Éirinn ort chun cáiliú do Liúntas Cúramóra.

Is iad an dá phríomhíocaíocht leasa shóisialaigh do chúramóirí a sholáthraíonn cúram lánaimseartha Liúntas Cúramóra agus Sochar Cúramóra:

Liúntas Cúramóra

Íocaíocht ar a ndéantar tástáil mhaoine do dhaoine a thugann cúram do dhuine óna dteastaíonn tacaíocht mar gheall ar a n-aois, míchumas nó breoiteacht é Liúntas Cúramóra. Chun cáiliú don íocaíocht seo, caithfidh gnáthchónaí a bheith in Éirinn ort.

Sochar Cúramóra

Íocaíocht do dhaoine a fhágann an obair nó a laghdaíonn a n-uaireanta chun cúram a thabhairt do dhuine óna dteastaíonn cúram lánaimseartha é Sochar Cúramóra. Caithfidh tú a bheith níos óige ná 66 bliain agus gur íoc tú dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC).

Má d’íoc tú árachas sóisialach i mballstát eile an AE nó sa RA, is féidir é seo a úsáid chun na rialacha ranníocaíochta a shásamh do Shochar Cúramóra. Ach caithfidh gur íocadh do ranníocaíocht is déanaí árachais shóisialaigh in Éirinn.

Tacaíochtaí eile

B’fhéidir go gcáileoidh tú do Dheontas Tacaíochta Cúramóra bliantúil. Ní dhéantar tástáil mhaoine ar an íocaíocht seo agus ní gá duit coinníoll an ghnáthchónaithe a shásamh chun cáiliú di. Caithfidh tú cúram a sholáthar ar feadh 6 mhí, ar a laghad, chun cáiliú don íocaíocht seo.

Má tá do leanbh níos óige ná 16 bliana agus má tá siad faoi mhíchumas trom, b’fhéidir go gcáileoidh tú do Liúntas Cúraim Baile (LCB). Caithfidh go dteastaíonn cúram agus aird leanúnach ón leanbh, agus gur mó i bhfad sin ná mar a theastaíonn de ghnáth ó leanbh ar an aois chéanna. Ní dhéantar tástáil mhaoine air.

B’fhéidir go gcáileoidh tú freisin don Phacáiste Sochair Teaghlaigh (má tá tú ag cónaí leis an duine a bhfuil cúram á thabhairt agat dóibh) agus do shaorthaisteal. Is féidir leat eolas breise a léamh faoi íocaíochtaí cúramóra in Éirinn.

Creidmheasanna agus faoiseamh cánach

Laghdaíonn creidmheasanna cánach an méid cáin ioncaim a íocann tú. Laghdaíonn creidmheasanna cánach an méid ioncaim ar a n-íocann tú cáin ioncaim.

Is féidir leat faoiseamh cánach ar chostais leighis a éileamh agus tá roinnt creidmheasanna cánach agus faoisimh ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas. Tá sochair leasa shóisialaigh ar fáil freisin do dhaoine atá breoite nó atá faoi mhíchumas.

Eolas breise agus teagmhálaithe áisiúla

Is féidir le d’Oifig Sláinte Áitiúil nó d’Altra Sláinte Poiblí cabhrú leat teacht ar sheirbhísí sláinte poiblí i do cheantar.

Tá eolas mionsonraithe inár dTreoir maidir le teidlíochtaí do dhaoine breacaosta (pdf) ar sheirbhísí agus tacaíochtaí eile atá ar fáil do dhaoine breacaosta.

Is féidir leat léamh faoin méid seo a leanas freisin:

  • Measúnú riachtanais do dhaoine faoi mhíchumas
  • Deontais agus scéimeanna tithíochta
  • Coimircí cúirte
  • Cárta Páirceála do Dhuine faoi Mhíchumas

Is iomaí grúpa cúramóirí atá ar fud na hÉireann. Iarr i d’ionad sláinte áitiúil ar eolas ar ghrúpaí i do cheantar. Cuireann Family Carers Ireland grúpaí tacaíochta ar siúl do chúramóirí in Éirinn freisin.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Lúnasa 2022