Víosaí do mhic léinn

Taisteal go hÉirinn le staidéar a dhéanamh

Ní mór do shaoránaigh ó thíortha áirithe atá ag iarraidh leo cúrsa léinn a dhéanamh in Éirinn iarratas a dhéanamh ar víosa le teacht go hÉirinn sula dtagann siad anseo. Léamh faoi: Riachtanais víosa le teacht isteach in Éirinn.

Má tá tú neamh-LEE náisiúnach ag teacht chun staidéar a dhéanamh in Éirinn caithfidh tú a bheith cláraithe i gcúrsa lánaimseartha ar an Liosta Eatramhach de Chláir Incháilithe (ILEP). Is féidir leat tuilleadh a fháil amach inár leathanach maidir leis na rialacha inimirce do mhic léinn neamh-LEE.

Ní mór d'iarratasóirí víosa iarratas ar-líne le haghaidh a n víosa (féach 'Conas iarratas a dhéanamh'). Ba chóir duit cur isteach ar ‘Víosa Staidéar C’ má tá sé ar intinn agat staidéar a dhéanamh in Éirinn ar feadh tréimhse níos lú ná trí mhí. Ba chóir duit cur isteach ar ‘Víosa Staidéar D’ má leanfaidh do chúrsa ar aghaidh níos faide ná trí mhí.

Beidh ort na nithe seo a leanas a sholáthar mar aon le d’iarratas ar víosa. (Ná déan dearmad le do thoil go bhfuil cáipéisí bunaidh ag teastáil agus go gcaithfidh siad a bheith as Béarla nó aistriúchán deimhnithe ag nótaire a bheith leo):

  • Litir ó scoil/coláiste/ollscoil aitheanta in Éirinn ag dearbhú gur glacadh leat le haghaidh cúrsa staidéir. Caithfidh an cúrsa staidéir a bheith lánaimseartha (a mhairfidh ar feadh na bliana acadúla) agus ní mór 15 uaire staidéir ar a laghad a bheith i gceist in aghaidh na seachtaine.
  • Cruthúnas go bhfuil sé d’acmhainn acadúil ionat an cúrsa a roghnaigh tú a dhéanamh trí mheán an Bhéarla (ach amháin más cúrsa Béarla atá ann).
  • Fianaise gur íocadh na táillí i leith an chúrsa ina n-iomláine.
  • Fianaise go bhfuil go leor airgid agat (€10,000) chun tú féin a chothú i rith chéad chuid na thréimhse a chaithfidh tú anseo.
  • Fianaise go bhfuil sé ar do chumas nó ar chumas urra €10,000 ar a laghad a rochtain gach bliain ina dhiaidh sin mar aon le costas táillí na gcúrsaí gach aon bhliain.
  • Fianaise go bhfuil árachas míochaine príobháideach agat
  • Míniú faoi aon bhearna a bhí i do chuid cúrsaí staidéir
  • Dearbhú go bhfuil sé ar intinn agat filleadh ar do thír bhuanchónaí nuair a fhágann tú Éire.

Ná déan dearmad, má thugtar víosa mic léinn duit le staidéar a dhéanamh in Éirinn nach dtugann sé seo aon cheart as féin d’aon duine eile teacht leat nó cuairt a thabhairt ort in Éirinn (bíodh an té sin gaolmhar leat nó ná bíodh).

Is féidir teacht ar faisnéis mhionsonraithe faoin a bhfuil ag teastáil chun víosa mic léinn a fháil ar láithreán gréasáin Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann de chuid na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Murar gá dom víosa le dul go hÉirinn an gá dom víosa mic léinn le staidéar sa tír?

Ní gá. Mura bhfuil víosa iontrála riachtanach duit le teacht go hÉirinn ní gá víosa mic léinn le staidéar a dhéanamh anseo. Ní mór do gach duine nach náisiúnach de chuid LEE é nó í, lena n-áirítear daoine le víosaí, cead a fháil teacht isteach sa stát agus é sin a dhéanamh trí dhul i dteagmháil le hOifigeach Inimirce ag an bport iontrála. (Is iad 28 tír an Aontais Eorpaigh (AE) mar aon leis an Íoslainn, an Iorua, agus Lichtinstéin na tíortha LEE)

Ba chóir gach cáipéis a bhaineann le do chuid staidéir a bheith agat nuair a thagann tú tríd inimirce. Is é sin le rá gur chóir duit do litir, nó an tairiscint a fuair tú faoi áit a bheith agat i scoil nó in institiúid oideachais, a bheith ullamh agat chun go ndéanfaidh na hoifigigh inimirce í a iniúchadh. Féadfaidh tú tuilleadh a léamh inár leathanach faoi cead tuirlingthe in Éirinn.

Cead fanachta

Maidir le mic léinn ó thíortha nach tíortha LEE iad, agus ar mian leo staidéar a dhéanamh in Éirinn ar feadh tréimhse níos faide ná trí mhí, ní mór dóibh clárú le hoifigeach inimirce an cheantair sin ina bhfuil siad ina gcónaí. (Is é sin Oifig Chlárúcháin Cé an Bhúrcaigh má tá cónaí orthu i mBaile Átha Cliath, Chill Dara, Mí nó Chill Mhantáin). Formhuineofar a bpasanna leis na coinníollacha faoina bhfuil cead acu fanacht agus an tréimhse ama atá i gceist.

Caithfidh rochtain a bheith acu ar €700 in aghaidh na míosa nó €4,200 (cibé acu is lú), nuair a chláraíonn siad den chéad uair ag mic léinn a bheartaíonn staidéar a dhéanamh ar feadh suas le 6 mhí. Is féidir eolas faoi na doiciméid atá riachtanach do mhic léinn nuair atá cead á iarraidh acu a fháil ar láithreán gréasáin Sheirbhís na hÉireann um Eadóirseacht agus Inimirce.

Ní féidir le mic léinn neamh-LEE ag teacht go hÉirinn don chéad uair cead fanachta in Éirinn má tá a gcuid leanaí leo, nó ar intinn acu a gcuid páistí a bheith páirteach leo níos déanaí. Tá tuilleadh eolais faoi na páistí na mac léinn neamh-LEE ar shuíomh gréasáin SEIÉ (pdf).

Féadfaidh tú a fháil amach conas clárú inár leathanach faoi Clárú náisiúnach nach náisiúnaigh de chuid LEE iad in Éirinn.

Athnuachan víosa/cead mac léinn

Féadfaidh tú do chead a athnuachan leis an oifigeach inimirce áitiúil don cheantar ina bhfuil tú i do chónaí. Má tá cónaí ort i mBaile Átha Cliath, is féidir leat do chead mac léinn a athnuachan ar líne. Ciallaíonn sé seo nach gá duit coinne a chur in áirithe chun freastal go pearsanta ar an oifig inimirce. Seolfar do Cheada Chónaithe Éireannaigh chugat sa phost.

Má dhiúltaítear do chlárú agus má chreideann tú go bhfuil cúinsí eisceachtúla agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar shíneadh ar do chead mic léinn tríd an bpost amháin.

Fostaíocht a fháil nuair atá tú in Éirinn ar víosa mic léinn

Má tú ag freastal ar chúrsa ar an Liosta Eatramhach de Chláir Incháilithe (ILEP), beidh stampa a 2 formhuinithe ar do phas. Beidh cead agat breacfhostaíocht de suas go dtí 20 uair sa steachtain in am téarma agus 40 uair sa tseachtain i dtréimhsí saoire choláiste, is é sin, ó Meitheam go Meán Fómhair cuimsitheach agus ó Nollaig 15 go Eanáir 15. Scoirfidh do theidlíocht i mbun fostaíochta nuair éagann do chead fanachta.

Mura bhfuil tú ag freastal ar a leithéid de chúrsa, ní bheidh tú i dteideal obair pháirtaimseartha nó dul i mbun aon ghnó nó aon ghairm. Gheobhaidh tú stampa 2A ar do phas.

Féadfaidh tú tuilleadh faisnéise a léamh faoi cearta fostaíochta oibrithe páirtaimseartha in Éirinn anseo.

Cad a dhéanfaidh mé más mian liom a fhágáil ar feadh tamaill ghairid?

An víosa a eisíodh duit is féidir leat chun teacht isteach sa Stát uair amháin. Más mian leat a fhágáil ar feadh tamaill ghearr agus ansin ar ais ní mór duit iarratas a dhéanamh ar víosa athiontrála. (Féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos le haghaidh eolas ar conas iarratas a dhéanamh ar víosa athiontrála.)

Is ortsa atá an fhreagracht a chinntiú go bhfuil tú ar an víosa ceart (más gá) don tír ar intinn agat taisteal go dtí. Tabhair faoi deara go gcaithfidh tú víosa ó údaráis na Ríochta Aontaithe a fháil roimh thaisteal go Tuaisceart Éireann (Contaetha Aontroim, Ard Mhacha, Doire, Dún, Fear Manach agus Tír Eoghain). Tá eolas ar cur isteach ar víosa chun cuairt a thabhairt ar an Ríocht Aontaithe ar fáil ó Ríocht Aontaithe Víosaí agus Inimirce.

Víosa mac léinn a fháil

Tá faisnéis maidir leo siúd a bhfuil víosa de dhíth orthu chun cuairt a thabhairt ar Éirinn ar fáil ar ár leathanach: Riachtanais víosa chun teacht isteach go hÉirinn. Ní theastaíonn víosa uait más ó bhallstát LEE tú.

Táillí víosa

Is iad seo a leanas na táillí maidir le próiseáil iarratas ar víosaí. Ní féidir aisíocaíochtaí a fháil orthu.

Víosa do thuras singil: €60

Víosa do thuras iolrach: €100

Ní gá d’iarratasóirí áirithe aon táille a íoc. Áirítear leo siúd céilí ar gá dóibh víosaí a bheith acu agus baill theaghlaigh saoránach de chuid an AE/LEE. Lena chois sin ní gá d’iarratasóirí ó thíortha áirithe aon táille a íoc. Ós rud é go n-athraíonn sé seo ó am go chéile, ba chóir duit ceist a chur ar ambasáid nó ar chonsalacht na hÉireann atá gar duit nó ar an Oifig Víosa - féach ‘Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas ar víosa’.

Ní gá do náisiúnaigh de na tíortha faoi chumhdach an Chláir Tarscaoilte Víosa Gearrchónaithe, atá ina gcónaí go dlíthiúil sa RA nó sa limistéar Schengen an táille víosa a íoc ach is gá díobh víosa a bheith acu fós.

Conas iarratas a dhéanamh ar víosa

Caithfidh tú iarratas ar víosa a dhéanamh ar líne.

sonraí faoi na cáipéisí a bheidh ag teastáil uait agus na riachtanais ghrianghrafadóireachta le fáil ar láithreán gréasáin Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIÉ).

Faigh faisnéis mhionsonraithe ar na nósanna imeachta iarratais ar shuíomh Gréasáin na Roinne Dlí agus Cirt.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas ar víosa

Oifig na Víosaí

An Roinn Dlí agus Cirt

Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
13-14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
D02 XK70
ÉIRE

Láithreán Gréasáin: https://www.irishimmigration.ie/

Oifig na Viosaí Athiontrála

An Roinn Dlí agus Cirt

Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
13/14 Cé an Bhurcaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte: 8.30rn - 1.30in Luan go Aoine (seachas laethanta saoire poiblí)
Láithreán Gréasáin: https://www.irishimmigration.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Aibreán 2024