Riachtanais víosa le teacht isteach in Éirinn

Réamhrá

Má tá tú ag taisteal go hÉirinn agus mura saoránach thú de thír sa Limistéar Eorpach Eacnamaíochta nó an LEE (an AE agus an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin), d’fhéadfadh go mbeadh ort iarratas a dhéanamh ar víosa.

Deimhniú é víosa Éireannach a chuirtear ar do phas nó cáipéis taistil a cheadaíonn duit taisteal go hÉirinn. Tá ort do phas agus cáipéisí a sholáthar do rialú inimirce nuair a thagann tú i láthair ag an aerfort nó ag an gcalafort, agus is féidir le hoifigeach inimirce iontráil go hÉirinn a dhiúltú duit go fóill.

Má tá tú ag taisteal le leanaí, tá ort iarratas a dhéanamh ar víosa do do leanaí freisin.

B’fhéidir go mbeidh ort clárú le húdaráis inimirce.

Saoránaigh na hÚcráine

Ón 25 Feabhra 2022, ní bhíonn víosa ag teastáil ó shaoránaigh na hÚcráine chun taisteal go hÉirinn.

An dteastaíonn víosa uaim?

Ní theastaíonn víosa uait chun tuirlingt in Éirinn sna cásanna seo a leanas:

  • Is saoránach den LEE nó den RA thú.
  • Tá cáipéis taistil agat a d’eisigh tír ar ball den LEE é. Caithfidh gur eisíodh an cháipéis taistil faoi Airteagal 28 de Choinbhinsiún na Ginéive 1951 (dídeanaithe) nó faoi Choinbhinsiún Nua-Eabhrac 1951 (daoine gan stát).
  • Tá cárta cónaithe agat a d’eisigh tír an LEE mar gheall gur duine muinteartha le saoránach an LEE thú.
  • Is saoránach thú de thír a liostaítear sa tábla thíos.
Andorra   Samoa
Antigua & Barbuda Hong Kong (Special Admin. Region) San Marino
Argentina Israel Seychelles
Australia Japan Singapore
Bahamas Kiribati Solomon Islands
Barbados Lesotho South Africa
Belize Macau (Special Admin. Region) South Korea
Botswana Malaysia Swaziland (Eswatini)
Bolivia Maldives Taiwan
Brazil Mexico Tonga
Brunei Monaco Trinidad & Tobago
Canada Nauru Tuvalu
Chile New Zealand Ukraine
Costa Rica Nicaragua United Arab Emirates
  Panama United Kingdom (see note below)
El Salvador Paraguay United States of America
Fiji Saint Kitts & Nevis Uruguay
Grenada Saint Lucia  
Guatemala Saint Vincent & the Grenadines Vatican City
Guyana    

Má tá tú ag bogadh go hÉirinn chun cónaí le do pháirtnéir Éireannach nó do chéile nó páirtnéir ón RA, tá ort iarratas a dhéanamh ar réamh-imréiteach fiú más ó cheann de na tíortha thú a liostaítear thuas. Féach ‘An dteastaíonn réamh-imréiteach uaim?’ thíos.

Má tá víosa gearrchuairte agat don RA agus más saoránach na hIndia nó na Síne thú, is féidir leat taisteal go hÉirinn gan víosa. Féach ‘Tarscaoileadh víosa do shealbhóirí víosa an RA’ thíos.

Ag taisteal le doiciméad taistil do dhídeanaithe

Ó 19 Iúil 2022, má tá doiciméad taistil do dhídeanaithe agat arna eisiúint ag tír lasmuigh d’Éirinn, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar víosa chun teacht isteach in Éirinn.

Daoine muinteartha le saoránaigh an AE

Má tá tú ag teacht go hÉirinn chun cónaí le do dhuine muinteartha ón LEE nó iad a thionlacan, caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar víosa más ó thír thú nach bhfuil sa liosta thuas. Má tá tú ag cónaí cheana féin i dtír eile an LEE agus má tá cárta cónaithe agat mar gheall gur duine muinteartha an LEE thú, ní theastaíonn víosa uait chun taisteal go hÉirinn.

Má bheartaíonn tú fanacht in Éirinn ar feadh breis agus 3 mhí, tá ort iarratas a dhéanamh ar chónaitheacht i ndiaidh go dtagann tú.

Saghsanna víosa

Braitheann saghas an víosa a theastaíonn uait ar chuspóir agus ar fhad d’fhanachta in Éirinn.

Víosaí gearrchuairte

Más mian leat teacht go hÉirinn ar feadh níos lú ná 3 mhí, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar víosa gearrchuairte ‘C’. Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar an saghas seo víosa más mian leat teacht go hÉirinn mar thurasóir nó cuairt a thabhairt ar dhuine éigin, chun freastal ar chruinniú gnó nó ar ghearrchúrsa.

Ní féidir leat fanacht ar feadh níos faide ná 3 mhí le víosa ‘C’. Caithfidh tú Éire a fhágáil agus iarratas a dhéanamh ar víosa eile más mian leat filleadh.

Tá formhór na n-iarratas ar víosa gearrchuairte curtha ar fionraí faoi láthair mar gheall ar COVID-19. Níl ach iarratais éigeandála á bpróiseáil faoi láthair.

Víosaí fadchuairte

Más mian leat teacht go hÉirinn ar feadh breis agus 3 mhí, mar shampla, chun staidéar a dhéanamh, obair a dhéanamh nó cur fút go buan in Éirinn le daoine muinteartha a chónaíonn in Éirinn, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar víosa fadchuairte ‘D’.

Má dheonaítear víosa fadchuairte ‘D’ duit agus más mian leat fanacht sa Stát ar feadh níos faide ná 3 mhí, caithfidh tú clárú agus Cead Cónaithe Éireannach (CCÉ) a fháil.

Is féidir leat níos mó eolais a léamh faoi na saghsanna éagsúla víosaí, víosaí turasóireachta, víosaí gnó agus víosaí mic léinn san áireamh.

Víosaí athiontrála

Bíonn an chéad víosa a eisítear duit bailí d’iontráil singil chuig an Stát. Más mian leat an Stát a fhágáil ar feadh tréimhse ghearr ama, b’fhéidir go mbeidh ort iarratas a dhéanamh ar víosa athiontrála – chun taisteal go Tuaisceart Éireann san áireamh.

Má tá Cead Cónaithe Éireannach (CCÉ) bailí agat, ní theastaíonn víosa athiontrála uait nuair a thaistealaíonn tú go dtí agus ó Éirinn.

Ní gá do náisiúnaigh neamh-LEE faoi 16 bliana d’aois clárú do CCÉ agus tá orthu iarratas a dhéanamh ar víosa athiontrála nó iliontrála go fóill. Tá seo saor in aisce.

Víosaí idirthurais

Má tá tú ag taisteal trí Éirinn ar do bhealach go tír eile, d’fhéadfadh go mbeadh víosa idirthurais ag teastáil uait nuair a thagann tú go hÉirinn ar do bhealach ó thír eile. Ní cheadaíonn víosa idirthurais duit an calafort nó an t-aerfort a fhágáil. Más saoránach ceann de na tíortha seo a leanas thú, teastóidh víosa idirthurais bailí Éireannach uait nuair a thuirlingíonn tú sa Stát:

Tíortha óna dteastaíonn víosa idirthurais Éireannach

Countries that require an Irish transit visa
Afghanistan Honduras
Albania Iran
Cuba Iraq
Democratic Republic of the Congo Lebanon
Dominica Moldova
Eritrea Nigeria
Ethiopia Somalia
Georgia Sri Lanka
Ghana Vanuatu
 

Tarscaoileadh víosa do shealbhóirívíosa an RA

Ceadaíonn an Clár Tarscaoilte Víosa Gearrchuairte do náisiúnaigh roinnt tíortha ó Oirthear na hEorpa, an Meánoirthear agus an Áise a bhfuil víosa gearrthéarmach an RA acu teacht go hÉirinn gan aon ghá a bheith acu víosa Éireannach ar leith a bheith acu. Tá an clár seo ar fionraí faoi láthair mar gheall ar COVID-19.

Is féidir le saoránaigh na hIndia agus na Síne, a bhfuil víosa gearrchuairte an RA acu taisteal go hÉirinn faoi Scéim Víosa na Breataine-na hÉireann (BIVS) gan víosa ar leith Éireannach a bheith acu. Is féidir leat do víosa Éireannach a úsáid freisin chun taisteal chuig an RA. Caithfidh ‘BIVS’ a bheith formhuinithe ar do víosa.

An dteastaíonn réamh-imréiteachuaim?

Mura dteastaíonn víosa uait chun teacht go hÉirinn, b’fhéidir go mbeidh ort cur isteach go fóill ar réamh-imréiteach. Is éard is réamh-imréiteach ná cead chun Éire a iontráil chun iarratas a dhéanamh ar chónaí ann ar chúiseanna áirithe. Tá ort iarratas a dhéanamh ar réamh-imréiteach más mian leat teacht go hÉirinn:

•Chun obair dheonach a dhéanamh

•Mar mhinistir creidimh

•Mar pháirtnéir de facto le sealbhóir Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla nó Comhaontú Óstála

•Mar pháirtnéir de facto le saoránach Éireannach

•Mar dhuine muinteartha le saoránach an RA

Is éard is páirtnéireacht de facto ná nuair a bhíonn caidreamh agat le duine éigin atá cosúil le pósadh.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar réamh-imréiteach ar líne. Má fhaomhtar thú, agus má bheartaíonn tú fanacht in Éirinn ar feadh níos faide ná 3 mhí, tá ort clárú do Chead Cónaithe Éireannach i ndiaidh duit teacht in Éirinn.

Conas iarratas a dhéanamh ar víosanó réamh-imréiteach

Caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar víosa iontrála nó ar réamh-imréiteach ar líne.

Tá eolas ar fáil ar conas iarratas ar líne a líonadh i mBéarla (pdf) agus san Araibis (pdf), an tSínis (pdf), an Rúisis (pdf), an Hiondúis (pdf), an Fhraincis (pdf), an Tuircis (pdf) agus an Urdúis (pdf).

Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar a laghad 8 seachtaine sula mbeartaíonn tú teacht go hÉirinn. Tá sonraí faoi na riachtanais ghrianghraf agus amanna próiseála reatha ar fáil ar láithreán gréasáin an SSI.

Sonraí bithmhéadracha: Caithfidh na hiarratasóirí go léir ar víosa a chónaíonn sa Nigéir sonraí bithmhéadracha a sholáthar. Caithfidh iarratasóirí a chónaíonn sa Phacastáin, an India agus an tSín méarloirg a sholáthar.

Achomhairc: Má dhiúltaítear víosa duit, is féidir leat an cinneadh a achomharc trí scríobh chuig an Oifigeach Achomhairc Víosa ag Rannóg Víosaí SEIÉ - féach ‘Eolas breise agus teagmhálaithe’ thíos.

Rátaí

Is iad na táillí caighdeánacha a ghearrtar ar iarratas ar víosa agus nach n-íoctar ar ais:

Víosaí iontrála agus athiontrála

Cosnaíonn víosa aistir shingil €60 agus beidh sé bailí chun an Stát a iontráil uair amháin a fhaide le 90 lá óna dháta eisiúna.

Cosnaíonn víosa ilaistir €100 agus beidh sé bailí chun an Stát a iontráil roinnt uaireanta a fhaide le 5 bliana óna dháta eisiúna.

Cosnaíonn víosa idirthurais €25.

D’fhéadfaí táillí cumarsáide a ghearradh i gcásanna áirithe freisin. Tá eolas faoi na táillí seo, agus ar an táille i d’airgeadra áitiúil, ar fáil ó d’ambasáid nó consalacht áitiúil Éireannach.

Cén daoine nach n-íocann an táille?

Níl ar roinnt iarratasóirí táille a íoc. Áirítear leis seo céilí a dteastaíonn víosa uathu agus daoine muinteartha áirítear leis seo le saoránaigh an LEE (náisiúnaigh Éireannacha san áireamh) a fhad agus a chuirtear cruthúnas an chaidrimh ar fáil leis an iarratas. Anuas air sin, níl ar iarratasóirí ó thíortha áirithe táille a íoc. Mar gheall gur féidir leis seo athrú ó thráth go chéile, ba cheart duit seiceáil le d’ambasáid nó consalacht áitiúil Éireannach, nó leis an Oifig Víosaí.

Eolas breise agus teagmhálaithe

Tá eolas faoi víosaí ar fáil ón ambasáid nó consalacht Éireannach is gaire duit.

An Oifig Víosaí

An Roinn Dlí agus Cirt

Seachadadh Seirbhíse Inimirce

13-14 Cé an Bhúrcaigh

Baile Átha Cliath 2

D02 XK70

Éire

Leathanach Baile: http://www.inis.gov.ie/

Ríomhphost: visamail@justice.ie

An Oifig Próiseála Víosaí Athiontrála

An Roinn Dlí agus Cirt

Seachadadh Seirbhíse Inimirce

13/14 Cé an Bhúrcaigh

Baile Átha Cliath 2

Éire

Uaireanta Oscailte: 8.30am-1:30pm ó Luan go hAoine (seachas saoirí poiblí)

Leathanach Baile: http://www.inis.gov.ie/

Page edited: 1 February 2021

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 Márta 2024