Cead isteach go hÉirinn

Réamhrá

Oifig Chlárúcháin Cé an Bhúrcaigh

Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann

An Roinn Dlí agus Cirt
13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
D02 XK70
Éire

Uaireanta Oscailte: Luan go Déardaoin 8rn go 9in, Aoine 8rn go 6in

Éire a iontráil i rith COVID-19

Ba cheart duit na rialacha a léamh faoi choraintín agus tástáil sula dtaistealaíonn tú go hÉirinn.

Oibríonn Éire Deimhniú Digiteach COVID an AE do dhaoine atá ag taisteal ón AE agus an LEE.

Náisiúnaigh an LEE, an RA agus na hEilvéise agus cead chun Éire a iontráil

Tá an ceart ag saoránaigh an LEE agus na hEilvéise gluaiseacht gan srian sa LEE, agus ní féidir cead chun Éire a iontráil a dhiúltú duit ach i líon an-teoranta cásanna:

  • Tá galar tromchúiseach tógálach ort a chruthaíonn bagairt thromchúiseach don daonra
  • Meastar go gcruthaíonn d’iompar roimhe seo, aon chiontuithe coiriúla a rinneadh ort san áireamh, baol substainteach do shlándáil nó do bheartas poiblí

Is féidir le saoránaigh an RA taisteal gan srian go hÉirinn mar chuid den Chomhlimistéar Taistil.

Ní gá duit clárú leis na húdaráis inimirce mar gheall go bhfuil cearta ar leith ag náisiúnaigh an LEE agus na hEilvéise cónaí agus oibriú in Éirinn.

Má tá tú ag taisteal le daoine muinteartha nach saoránaigh LEE, an RA nó na hEilvéise iad, teastaíonn cead iontrála uathu agus b’fhéidir go mbeidh orthu iarratas a dhéanamh ar víosa.

Náisiúnaigh neamh-LEE agus cead chun Éire a iontráil

Más náisiúnach d’aon tír eile thú (seachas an Ríocht Aontaithe), caithfidh tú get cead iontrála a fháil nuair a thagann tú i láthair in Éirinn.

Víosaí

B’fhéidir go mbeidh ort víosa a fháil sular féidir leat taisteal go hÉirinn. Saghas réamh-imréitigh é víosa a cheadaíonn duit taisteal go hÉirinn. Tá ort cead a fháil go fóill Éire a iontráil ag do chalafort iontrála chuig an Stát fiú má tá víosa bailí agat.

Imréiteach

Mura dteastaíonn víosa uait chun Éire a iontráil, b’fhéidir go mbeidh ort réamh-imréiteach a fháil sular féidir leat taisteal go hÉirinn má tá tú ag bogadh anseo ar na cúiseanna seo a leanas:

  • Beartaíonn tú cleachtadh mar mhinistir creidimh
  • Is oibrí deonach thú
  • Páirtnéir de facto le saoránach Éireannach thú (ciallaíonn seo go bhfuil tú i gcaidreamh le saoránach Éireannach atá cosúil le pósadh, ach níl sibh pósta lena chéile)
  • Páirtnéir de facto le sealbhóir Cead Fostaíochta Scileanna Criticiúla thú
  • Tá tú ag taisteal chun cónaí le duine muinteartha ar náisiúnach an RA é/í nó le hiad a thionlacan

Má éiríonn le d’iarratas ar réamh-imréiteach, bronnfar litir faofa nó réamh-imréitigh ort. Caithfear seo a bhronnadh ar an oifigeach inimirce ag rialú teorann nuair a thagann tú i láthair in Éirinn. Is féidir le hOifigeach Inimirce ag rialú teorann iontráil a dhiúltú duit fiú má tá litir agus víosa réamh-imréitigh agat.

Ullmhú a dhéanamh d’Éirinn a iontráil

Ba cheart duit súil a chaitheamh ar na rialacha taistil COVID-19 is déanaí a bhaineann le hÉirinn.

Caithfidh tú pas nó cáipéis aitheanta taistil a bheith agat má tá tú ag taisteal ó thír lasmuigh den LEE. B’fhéidir go mbeidh víosa ag teastáil uait.

Ba cheart go mbeadh cruthúnas agat i leith na gcúiseanna go bhfuil tú ag teacht go hÉirinn. Braitheann na cáipéisí a theastaíonn ar chuspóir do thurais. Má tá cuairt á tabhairt agat ar Éirinn ar feadh tréimhse ghearr, ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas agat:

  • Cruthúnas go bhfuil dóthain airgid agat chun tacú leat féin agus le do chleithiúnaithe
  • Cruthúnas faoin áit go bhfuil tú ag fanacht fad a bhíonn tú in Éirinn
  • Ticéad fillte chun filleadh ar an tír ina mbíonn cónaí ort de ghnáth
  • Cruthúnas go bhfuil tú ag oibriú nó go bhfuil staidéar á dhéanamh agat i do thír dhúchais, nó go bhfuil rudaí eile tábhachtacha sa tír sin agat (mar shampla, cúraimí teaghlaigh) ar féidir leat filleadh orthu

Má bheartaíonn tú taisteal go dtí an RA freisin, caithfidh cead a bheith agat an RA a iontráil sula dtagann tú go hÉirinn.

Má tá tú ag bogadh go hÉirinn, caithfidh tú a thaispeáint go sásaíonn tú na riachtanais maidir leis na cúiseanna atá agat chun bogadh anseo. I measc roinnt de na cúiseanna atá agat chun taisteal go hÉirinn, tá:

  • Má bheartaíonn tú staidéar a dhéanamh in Éirinn
  • Má bheidh tú ag bogadh anseo chun cónaí le do chéile Éireannach
  • Má bheidh tú ag bogadh anseo chun cónaí le do chéile Éireannach
  • Má bheidh tú ag bogadh anseo chun cónaí le do dhuine muinteartha AE
  • Má tá cead fostaíochta agat

Cead chun Éire a iontráil a dhiúltú

Is féidir leis an oifigeach inimirce do chead chun Éire a iontráil a dhiúltú má chreideann an t-oifigeach inimirce an méid seo a leanas:

  • Ní féidir leat tacú leat féin agus le haon chleithiúnaithe a thagann i láthair leat
  • Beartaíonn tú glacadh le fostaíocht agus níl cead agat
  • Tá roinnt riochtaí ar leith ort - áirítear leo seo eitinn, galair thógálacha eile, andúil drugaí agus suaitheadh trom meabhrach (tugtar riochtaí follasacha suaite shíocóisigh le corraíl, rámhaille, siabhránacht nó mearbhall” air seo)
  • Ciontaíodh i gcion thú a ngearrtar pionós príosúnachta bliana nó níos faide air
  • Tá oibleagáid ort víosa a bheith agat agus níl ceann agat
  • Tá tú faoi réir ordú díbeartha, ordú eisiaimh, ordú díbeartha nó faoi réir a mhacasamhail d’ordú
  • Níl pas bailí agat
  • Beartaíonn tú taisteal go dtí an Bhreatain Mhór nó go Tuaisceart Éireann agus níl an ceart agat iad a iontráil
  • D’fhéadfá bagairt a chruthú do shlándáil náisiúnta nó d’fhéadfá beartas poiblí a shárú trí Éire a iontráil nó bheith i láthair sa tír
  • Tháinig tú go hÉirinn ar chúis eile seachas an chúis a luaigh tú leis an oifigeach inimirce

Má dhiúltaítear cead iontrála duit, caithfear na cúiseanna a thabhairt i scríbhinn duit.

Cad a tharlaíonn má dhiúltaítear cead iontrála go hÉirinn dom?

Má dhiúltaítear cead iontrála go hÉirinn duit, is féidir thú a choinneáil i bpríosún

Má cheapann d’aturnae go raibh an diúltú neamhdhleathach, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh leis an gcúirt ar urghaire le stop a chur le thú a dhíbirt. Saghas ordú cúirte é seo a choisceann an díbirt ó thitim amach fad a dhéanann an chúirt cinneadh faoi cibé acu an raibh nó nach raibh an diúltú dleathach.

Is féidir thú a dhíbirt ar ais go dtí an tír ina mbíonn gnáthchónaí ort

Má thugtar cead duit Éire a iontráil

Cuirtear an t-eolas seo ar fáil do shaoránaigh thíortha lasmuigh den LEE, an Eilvéis agus an RA.

Is féidir cead iontrála a thabhairt duit ach d’fhéadfadh coinníollacha baint leis. Mar shampla, b’fhéidir nach gceadófar duit ach fanacht ar feadh tréimhse áirithe a luaitear. Cuirfidh an t-oifigeach inimirce stampa ar do phas le heolas faoi choinníollacha d’fhanachta.

Is féidir leis an oifigeach inimirce cead cuairteora a dheonú duit a cheadaíonn duit fanacht ar feadh 3 mhí, ar a fhaide. Faoi chúinsí áirithe teoranta nach raibh súil leo, is féidir an cead cuairteora seo a shíneadh.

Más mian leat fanacht in Éirinn ar feadh níos faide ná seo, caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar chead chun fanacht trí chlárú le d’oifig inimirce áitiúil. Is í seo Oifig Clárúcháin Ché an Bhúrcaigh i mBaile Átha Cliath agus is í d’oifig clárúcháin réigiúnach nó ceanncheathrú cheantar áitiúil an Gharda Síochána lasmuigh de Bhaile Átha Cliath – féach ‘Cá ndéanfaidh mé iarratas?’ thíos. Is féidir leat eolas breise a léamh faoi Náisiúnaigh Neamh-LEE a chlárú in Éirinn.

Ní féidir le náisiúnaigh óna dteastaíonn víosa gearrchuairte a d’iontráil Éire le víosa C (nó ‘víosa gearrchuairte’) a gcead chun fanacht a shíneadh, murach gur deonaíodh víosa C dóibh chun teacht le cónaí le duine muinteartha. Caithfidh siad fágáil agus iarratas a dhéanamh ar víosa D ó áit lasmuigh d’Éirinn más mian leo filleadh.

Teagmhálaithe

Má tá tú ag cónaí lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’oifig clárúcháin réigiúnach nó le Ceanncheathrú Cheantar áitiúil an Gharda Síochána.

SharedAddress for Justice and Equality (INIS: Registration Office) : ID a7905f6f248

Oifig Chlárúcháin Cé an Bhúrcaigh

Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann

An Roinn Dlí agus Cirt
13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
D02 XK70
Éire

Uaireanta Oscailte: Luan go Déardaoin 8rn go 9in, Aoine 8rn go 6in
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 Márta 2022