Mo pháirtnéir neamh-LEE a thabhairt go hÉirinn chun pósadh

Réamhrá

Ní gá a bheith i do chónaí in Éirinn chun pósadh anseo. Mar sin féin, mura saoránach den RA, den Eilvéis, nó de thír sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (AE móide an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin) tú, seans go mbeadh víosa ag teastáil chun teacht go hÉirinn.

Más saoránach de chuid LEE, na hEilvéise nó na Ríochta Aontaithe tú, is féidir teacht go hÉirinn chun pósadh gan víosa ná cead inimirce a bheith agat.

Is treoir é an leathanach seo do shaoránaigh nach saoránaigh de chuid LEE, na hEilvéise nó na Ríochta Aontaithe iad a thagann go hÉirinn chun páirtí is saoránach Éireannach é/í a phósadh.

An bhfuil víosa ag teastáil?

Is féidir a fháil amach ar ár suíomh gréasáin an bhfuil víosa ag teastáil uait.

Má tá víosa ag teastáil, ba cheart iarratas a dhéanamh ar víosa pósta gearrfhanachta (C) a fháil chun teacht go hÉirinn chun pósadh. Féach ‘Conas iarratas a dhéanamh ar víosa pósta’ thíos.

Mura saoránach den LEE, den RA nó den Eilvéis tú agus nach bhfuil víosa de dhíth ort, fós beidh ort doiciméid a thabhairt leat chun an chúis a bhaineann le do chuairt a léiriú. Caithfidh tú tú féin a chur i láthair d’oifigigh inimirce nuair a thagann tú isteach in Éirinn; is ag an aerfort a bhíonn sé seo de ghnáth.

Cathain is ceart iarratas a dhéanamh ar víosa pósta

Sula bhféadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar víosa pósta, ní mór fógra a thabhairt don chláraitheoir ag seirbhís um chlárú sibhialta in Éirinn go bhfuil tú le pósadh. Ní mór é seo a dhéanamh 3 mhí ar a laghad roimh an bpósadh agus is éard a thugtar air sin ná fógra intinne le pósadh.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar víosa pósta tar éis dearbhú a fháil ón gcláraitheoir go bhfuair sé fógra maidir le d’intinn le pósadh. Is féidir iarratas a dhéanamh ar víosa pósta suas le 3 mhí roimh do dháta taistil go hÉirinn.

Má tá cónaí ort thar lear

Má tá cónaí ort lasmuigh d’Éirinn, ba cheart dul i dteagmháil le cláraitheoir chun cead a fháil uaidh d’fhógra 3 mhí a chur isteach tríd an bpost. Má thugtar cead, seolfaidh an cláraitheoir foirm chugat a bheidh le comhlánú agus le seoladh ar ais.

Fós beidh ort bualadh leis an gcláraitheoir go pearsanta 5 lá ar a laghad sula bpósann tú chun an fhoirm dhearbhaithe a shíniú. Tabharfaidh an cláraitheoir Foirm Chláraithe Pósta duit ansin.

Agallamh leis an gcláraitheoir

Mura saoránach AE tú féin nó do pháirtí, beidh ar an bheirt agaibh freastal ar agallamh leis an gcláraitheoir. Tá sé seo leagtha amach faoi na Acht um Chlárú Sibhialta (Leasú), 2014. Faoin Acht, tá an ceart ag an gcláraitheoir tabhairt faoi imscrúdú agus cinneadh a dhéanamh maidir le cibé an bhfuil pósadh beartaithe ina ‘phósadh áisiúlachta’ chun críocha inimirce, nó nach bhfuil.

Conas iarratas a dhéanamh ar víosa pósta

Ní mór iarratas a dhéanamh ar víosa pósta gearrfhanachta (C) ar líne.

Tar éis an fhoirm víosa a chomhlánú ar líne, tá 30 lá agat ansin chun na doiciméid tacaíochta a sheoladh. Is maith an smaoineamh é do dhoiciméid a ullmhú sula gcomhlánaíonn tú an fhoirm.

Tá táille €60 le híoc le gach iarratas.

Bileog achoimre

Nuair a bheidh an fhoirm curtha isteach agat ar líne, gheobhaidh tú achoimre ar d’iarratas. I measc an eolais seo, beidh:

  • Uimhir idirbhirt d’iarratais ar víosa
  • • Bileog achomair d’iarratais
  • • Sonraí na hoifige iarratais chuige ar cheart do dhoiciméid a sheoladh

Priontáil amach bileog achomair d’iarratais agus sínigh í. Ní mór duit achoimre an iarratais agus na doiciméid tacaíochta a sheoladh chuig an seoladh atá luaite ar an bhfoirm.

Na doiciméid atá ag teastáil chun iarratas a dhéanamh ar víosa pósta

Ní mór doiciméid a sheoladh isteach chun tacú le d’iarratas ar víosa.

Seo cuid acu siúd:

  • Fianaise ar stair do chaidrimh
  • Dearbhú ón gCláraitheoir maidir leis an dáta a fuarthas fógra intinne le pósadh nó Foirm Chláraithe Pósta.
  • Do phas reatha agus cóip iomlán de gach pas roimhe seo
  • Dhá ghrianghraf pas a thógtar nach lú ná 6 mhí roimhe sin (agus do shíniú agus d’uimhir iarratais scríofa ar a chúl)
  • Litir iarratais sínithe
  • Sonraí maidir leis áit a bhfanfaidh tú in Éirinn
  • Ráiteas bainc
  • Diúltú víosa roimhe seo

Is féidir liosta iomlán de na doiciméid riachtanacha a fháil ar shuíomh gréasáin um Sheachadadh Seirbhíse Inimirce.

Ní mór bundoiciméid a sheoladh (ní fótachóipeanna). Mura bhfuil do dhoiciméid i mBéarla, ní mór aistriúchán deimhnithe agus an doiciméad bunaidh a sheoladh.

Seolfar deimhnithe breithe, deimhnithe pósta agus deimhnithe báis ar ais chugat. Más mian leat go seolfar leathanaigh eile ar ais chugat, cuir nóta isteach le d’iarratas. Seol fótachóip (mar aon leis an mbunchóip) den leathanach atá á lorg ar ais agat.

Má cheadaítear do víosa, ní mór árachas taistil nó árachas leighis a fháil sula dtaistealaíonn tú go hÉirinn.

Cinntí agus achomhairc

Má sheol tú d’iarratas go Baile Átha Cliath, is féidir cinntí víosa agus amanna feithimh a sheiceáil. Má sheol tú d’iarratas chuig áit éigin eile, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an ambasáid nó leis an gconsalacht ar sheol tú do dhoiciméid chucu chun eolas chun dáta a fháil maidir le d’iarratas. Tógann iarratais thart ar 8 seachtaine, ach seans go dtógfadh sé níos faide ná sin.

Má éiríonn le d’iarratas ar víosa, seolfaidh an oifig víosa do phas ar ais chugat agus an víosa curtha leis. Beidh an víosa bailí ar feadh tréimhse ar leith. Ní haon ráthaíocht é víosa a bheith agat go ligfear isteach in Éirinn tú.

Diúltú

Gheobhaidh tú litir ina mbeidh an chúis ar diúltaíodh do d’iarratas ar víosa luaite. Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh faoin gcinneadh seo laistigh de 2 mhí.

An féidir liom fanacht in Éirinn tar éis dom pósadh?

Má thagann tú go hÉirinn ar víosa pósta gearrfhanachta (C), ní féidir leat fanacht níos faide ná 3 mhí. Ní mór Éire a fhágáil agus iarratas a dhéanamh ar víosa eile más mian leat filleadh.

Má tá sé ar intinn agat filleadh ar Éirinn chun cónaí le do chéile is saoránach Éireannach é/í, is féidir iarratas a dhéanamh ar líne ar víosa chun Teacht le chéile le Ball Teaghlaigh (D). Nuair a thagann tú go hÉirinn ar do víosa chun Teacht le chéile le Ball Teaghlaigh (D), is féidir clárú ansin le hoifigigh inimirce mar chéile saoránaigh Éireannaigh.

Mura bhfuil víosa ag teastáil uait

Más náisiúnach tú nach bhfuil víosa ag teastáil uait agus a tháinig isteach go dleathach in Éirinn le 90 lá anuas, is féidir leat clárú le hoifigigh inimirce mar chéile saoránaigh Éireannaigh.

Léigh ár dtreoir céim ar chéim maidir le do chéile neamh-LEE a thabhairt chun cónaí in Éirinn.

Tuilleadh eolais

Tá faisnéis faoi víosaí ar fáil ó ambasáid nó consalacht na hÉireann is gaire duit.

Oifig na Víosaí

An Roinn Dlí agus Cirt

Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
13-14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
D02 XK70
ÉIRE

Láithreán Gréasáin: https://www.irishimmigration.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Iúil 2023