Anseo atá tú: Baile > Airgead agus Cáin > Cáin > Cáin ioncaim > Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU)

Print Page Send to a Friend

Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU)

Réamhrá

Is cáin é an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) a d’ionadaigh an tobhach ioncaim agus an tobhach sláinte (ar a dtugtar an ranníocaíocht sláinte freisin) araon ón 1 Eanáir 2011.

Íocann tú MSU má sháraíonn d’ioncam €10,036 sa bhliain. Ríomhtar é ar bhonn seachtainiúil nó míosúil.

Ní bhaineann sé le híocaíochtaí leasa shóisialaigh nó a leithéid, agus tá eisceachtaí áirithe eile ann: féach "Ioncam díolmhaithe ón USC" thíos.

Athruithe in 2012

Fógraíodh i mBuiséad 2012 nach n-íocfaidh daoine ag a bhfuil ioncam faoi bhun €10,036 an MSU a thuilleadh in 2012. Fógraíodh freisin, go n-asbhainfear an MSU ar bhonn carnach le héifeacht ón 1 Eanáir 2012.

Rialacha

Ioncam faoi dhliteanas i leith an USC

Tá an Muirear Sóisialta Uilíoch iníoctha ar ioncam comhlán, lena n-áirítear pá barúlach (is pá barúlach é an luach a bhaineann le sochar neamhairgid, mar shampla sochar comhchineáil), i ndiaidh aon fhaoiseamh ar liúntais chaipitil áirithe. Tá ioncam ó Éirinn nó ioncam atá foinsithe in Éirinn, faoi réir an Mhuirir Shóisialta Uilíoch.

Tá an Muirear Sóisialta Uilíoch iníoctha ar ranníocaíochtaí pinsin.

Íocann tú an Muirear Sóisialta Uilíoch má tá d'ioncam comhlán níos mó ná €4,004 in aghaidh na bliana (€77 in aghaidh na seachtaine). Nuair atá d’ioncam níos mó ná an teorainn seo, íocann tú an MSU ar d’ioncam ar fad. I gcás lánúineacha pósta, caithfear le gach céile ina (h)aonar, ag a f(h)ostóir nó an soláthraí pinsin i rith na bliana.

Beidh ar shealbhóirí cárta leighis a bhí díolmhaithe ón tobhach ioncaim an MSU a íoc má tá a n-ioncam os cionn na teorann díolúine de €4,004.

Baineann an MSU le híocaíochtaí a rinneadh ón 1 Eanáir 2011: beidh íocaíochtaí ar bith a rinneadh ar nó tar éis an 1 Eanáir 2011, ach a bhaineann le 2010 (nó blianta roimhe sin) faoi réir an Mhuirir Shóisialta Uilíoch. Braitheann dliteanas i leith an USC ar dháta na híocaíochta seachas nuair a thuilleadh an t-ioncam.

Cé go bhfuil an fhéidearthacht ann nach bhfuil dliteanas ar bith ort i leith cháin ioncaim atá bunaithe ar do theidlíocht chreidmheasanna cánacha nó trí úsáid a bhaint as cailleanna nó liúntais chaipitiúla, d’fhéadfadh a bheith dliteanas ort fós an Muirear Sóisialta Uilíoch a íoc ar d'ioncam.

Tá roinnt foinsí ioncaim, ó áitíocht coillearnacha áirithe, mar shampla, brabúis áirithe ó tháillí staile, ó tháillí sheirbhísí na gcon agus léasú thalamh feirme, ó ioncam ríchíos paitinne agus tuilleamh scríbhneoirí, ealaíontóirí agus cumadóirí áirithe, díolmhaithe ó cháin ioncaim ach tá siad faoi dhliteanas ag an Muirear Sóisialta Uilíoch.

Ioncam díolmhaithe ón USC

Ní íocann tú an Muirear Sóisialta Uilíoch más rud é nach bhfuil d'ioncam iomlán do bhliain ar leith níos mó ná €4,004.

Tá gach íocaíocht na Roinne Coimirce Sóisialaí, lena n-áirítear Sochar Máithreachais agus pinsin Stáit, díolmhaithe ón Muirear Sóisialta Uilíoch. Tá íocaíochtaí den chineál céanna, ar nós íocaíochtaí a rinneadh mar chuid de scéimeanna Fostaíochta Pobail nó den Liúntas chun Filleadh ar an Oideachas, díolmhaithe freisin. Tá leasa shóisialaigh nó íocaíochtaí cosúla a rinneadh ó thar lear díolmhaithe.

Tá ioncam i gcás ina bhfuil Cáin Choinneála ar Ús Taisce íoctha cheana díolmhaithe ón MSU.

Tá roinnt díolúintí eile. Ina measc seo tá:

Tá liosta iomlán eisceachtaí i ndoiciméad Ceisteanna Coitianta na gCoimisinéirí Ioncaim (pdf).

Íocaíochtaí iomarcaíochta

íocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla díolmhaithe ón táille. Is ionann íocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla agus pá dhá sheachtaine in aghaidh na bliana de sheirbhís móide seachtain bhónais faoi réir íocaíochta uasta de €600 in aghaidh na seachtaine. Ina theannta sin, tá íocaíochtaí iomarcaíochta níos mó ná an mhéid iomarcaíochta reachtúla díolmhaithe ón Muirear Sóisialta Uilíoch, suas go dtí teorainneacha áirithe. Tá na teorainneacha suas go dtí €10,160 móide €765 in aghaidh na bliana iomláine de sheirbhís de bhreis ar an iomarcaíocht reachtúla. Is féidir an díolúine bhunúsach seo a mhéadú arís, suas go dtí €10,000, mura bhfuil an duine ina bhall de scéim phinsean ceirde.

Tá an Muirear Sóisialta Uilíoch gearrtha ar an ioncam faoi dhliteanas i ndiaidh na ndíolúintí reachtúla thuas, agus i ndiaidh asbhaint bhreise ar bith le haghaidh Sochar Aoisliúntais Caipitiúil Caighdeánach (SACC).

Íocaíochtaí cothabhála

Braitheann conas a dhéileálfar le híocaíochtaí cothabhála chun críche an Mhuirir Shóisialta Uilíoch ar cibé an bhfuil siad ina n-íocaíochtaí deonacha nó ina n-íocaíochtaí infhorghníomhaithe le dlí.

Íocaíochtaí cothabhála deonacha (íocaíochtaí a íocadh faoi chomhshocraíocht neamhfhoirmiúil):

  • Ní fhaigheann an céile atá ag déanamh na n-íocaíochtaí díolúine ón Muirear Sóisialta Uilíoch ar chuid dá n-ioncam a íocann siad mar chothabháil.
  • Níl an céile a fhaigheann na híocaíochtaí faoi réir an Mhuirir Shóisialta Uilíoch ar na híocaíochtaí cothabhála a fhaigheann siad.

Íocaíochtaí infhorghníomhaithe le dlí (iníoctha faoi oibleagáid dhlíthiúil):

  • Tá an céile a dhéanann na híocaíochtaí i dteideal díolúine ón Muirear Sóisialta Uilíoch ar chuid dá n-ioncam ar chothabháil a íocann siad go díreach nó go hindíreach lena c(h)éile. Níl aon díolúine d'aon chuid de na híocaíochtaí cothabhála a íoctar i leith chothabháil leanaí.
  • Féadfar fostaí ar mian leis/léi díolúine Mhuirear Sóisialta Uilíoch a éileamh i leith íocaíochtaí cothabhála infhorghníomhaithe le dlí i rith na bliana, an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt dá (h)oifig párolla, nó is féidir leis/léi iarratas a dhéanamh ar na Coimisinéirí Ioncaim ag deireadh na bliana chun aon aisíoc Mhuirear Sóisialta Uilíoch dlite a éileamh.
  • Tá an céile a fhaigheann na híocaíochtaí faoi réir an Mhuirir Shóisialta Uilíoch ar an gcuid de na híocaíochtaí cothabhála a fhaigheann sé/sí ina leith féin. Níl aon chuid de na híocaíochtaí cothabhála a íoctar i leith chothabháil na leanaí faoi réir an Mhuirir Shóisialta Uilíoch.

I gcás shocrú cothabhála infhorghníomhaithe le dlí, nuair a roghnaigh cúpla scartha i gcomhpháirt a bheith caite leo mar lánúin phósta chun críche cháin ioncaim, ní fhaigheann an céile a dhéanann na híocaíochtaí díolúine ón Muirear Sóisialta Uilíoch ar chuid dá (h)ioncam a íocann sé/sí mar chothabháil. Níl an céile a fhaigheann na híocaíochtaí faoi réir an Mhuirir Shóisialta Uilíoch ar na híocaíochtaí cothabhála a fhaigheann siad.

Ranníocaíochtaí pinsin

Níl ranníocaíocht fhostóra nó soláthraí pinsin don scéim um shochair scoir ceadaithe faoi dhliteanas i leith an Mhuirir Shóisialta Uilíoch, ach tá ranníocaíochtaí an fhostaí.

Má dhéanann fostóir nó soláthraí pinsin ranníocaíocht ar do shon le do Chuntas Coigiltis Scoir Pearsanta (CCSP) caithfear léi mar shochar comhchineáil inchánach. De bharr go leanann caitheamh an Mhuirir Shóisialta Uilíoch an caitheamh cánach ioncaim, beidh ranníocaíocht an fhostóra nó an soláthraí pinsin scoir leis an gcuntas coigiltis pearsanta faoi réir an Mhuirir Shóisialta Uilíoch.

Pinsin

Tá pinsin cheirde faoi réir an Mhuirir Shóisialta Uilíoch, ach níl pinsin na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Tá an MSU iníoctha ar íocaíochtaí cnapshuime pinsin amháin ar an gcuid níos mó ná €575,000.

Rataí

Más níos lú ná €10,036 d'ioncam, ní íocfaidh tú aon Mhuirear Sóisialta Uilíoch (MSU). A luaithe a sháraíonn d'ioncam an teorainn seo, íocfaidh tú an MSU ar d'ioncam go léir.

Daoine faoi aois 70 bliain (2012)
Ráta an MSU Banda ioncaim
2% A mhéid agus €10,036
4% Idir €10,036 agus €16,016
7% Os cionn €16,016
Sealbhóirí cártaí leighis agus daoine os cionn 70 bliain d’aois (2012)
Ráta an MSU Banda ioncaim
2% Ioncam a mhéid agus €10,036
4% An t-ioncam go léir os cionn €10,036

Ligeann cárta leighis iomlán (lena n-áirítear Cárta faoin Acht um Leasú Sláinte) duit cáiliú don ráta 4%. Ní bhaineann seo le daoine ag a bhfuil Cárta Cuairte LG, Cárta Scéim Íoctha Drugaí, Cárta Árachais Shóisialta Eorpaigh nó Cárta Scéim Tinnis Fhadtéarmaigh. Má bhaineann duine 70 bliain d’aois amach ag tráth ar bith i rith na bliana, rachaidh an t-uasráta 4% chun sochair dóibh don bhliain go léir.

In 2012, ní chaithfear le daoine ag a bhfuil cártaí leighis Thuaisceart Éireann amhail daoine ag a bhfuil cárta leighis iomlán agus ní cháileofaí iad don ráta 4%. (I mbliain chánach 2011, chaith na Coimisinéirí Ioncaim le ‘hoibrithe trasteorann’ a thaistil ó Bhallstát eile den AE (ó Thuaisceart Éireann, mar shampla) le hoibriú sa Stát seo amhail daoine a bhíonn i dteideal cárta leighis iomlán go huathoibríoch. Ní hamhlaidh atá an scéal níos mó.)

Ioncam ó fhéinfhostaíocht thar €100,000

Baineann táille bhreise 3% le daoine ag a bhfuil ioncam ó fhéinfhostaíocht atá os cionn €100,000, is cuma cén aois an duine sin. Ciallaíonn seo go n-íocann daoine nach bhfuil cárta leighis acu atá níos óige ná 70 bliain d’aois MSU 10% ar aon ioncam ó fhéinfhostaíocht os cionn €100,000. Íocfaidh daoine atá níos sine ná 70 bliain d’aois nó sealbhóirí cárta leighis 7%.

Tabhair faoi deara: Tá bónais a íocadh le fostaithe de chuid na cúig institiúid airgeadais a bhfuair tacaíocht airgid ón Stát inchurtha mhuirir i leith an MSU ag an ráta de 45% ar an méid iomlán sa chás go bhfuil an bónas níos mó ná €20,000 in aon bhliain chánach amháin.

Samplaí

Íocfaidh duine a thuilleann €50,000 sa bhliain an Muirear Sóisialta Uilíoch ar ráta 2% ar an gcéad €10,036 (arb ionann sin agus €200.72), 4% ar an gcéad 5,980 eile (arb ionann sin agus €239.20) agus 7% ar an bhfuílleach €33,984 (arb ionann sin agus €2,378.88). Íocfaidh an duine seo €2,818.80 sa bhliain ar an iomlán.

Ní íocfaidh tú an Muirear Sóisialta Uilíoch mura sáraíonn d'ioncam iomlán do bhliain áirithe €10,036. Mar shampla, ní íocfaidh duine a thuilleann €10,036 sa bhliain an Muirear Sóisialta Uilíoch, ach íocfaidh duine a thuilleann €10,040 sa bhliain 2% ar an €10,040 sin nó €200.80).

Íocfaidh duine faoi 70 bliain d’aois, nach bhfuil cárta leighis aige/aici, agus ag a bhfuil ioncam ó fhéinfhostaíocht €112,000 sa bhliain, an Muirear Sóisialta Uilíoch ar ráta 2% ar an gcéad €10,036 (arb ionann sin agus €200.72), 4% ar an gcéad €5,980 (arb ionann sin agus €239.20) 7% ar an gcéad €83,984 (arb ionann sin agus €5,878.88) agus 10% ar an gcéad €12,000 (arb ionann sin agus €1,200). Íocfaidh an duine seo €7,518.80 sa bhliain.

Riarachán an Mhuirir Shóisialta Uilíoch

Fostaithe

Ón 1 Eanáir 2012, athrófar asbhaint an Mhuirir Shóisialta Uilíoch ó bhonn sheachtain 1 chuig bonn carnach – cosúil leis an mbealach a asbhaintear ÁSPC. Tá fostóirí agus soláthróirí pinsin freagrach as an Muirear Sóisialta Uilíoch a asbhaint as tuarastail a bhfostaithe. Déanann siad an MSU a asbhaint agus é a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim ar son na bhfostaithe. Ón 1 Eanáir 2012 ar aghaidh, léireoidh Deimhnithe Fostóra um Chreidmheas Cánach (P2Canna), a léiríonn rátaí ÁSPC agus scoithphointí, rátaí MSU agus scoithphointí chomh maith. Ba cheart duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi aon athruithe ar do chúinsí (mar shampla, má fhaigheann tú cárta leighis), ionas gur féidir do Dheimhniú Creidmheas Cánach a leasú.

Ba cheart go mbeadh sonraí faoin Muirear Sóisialta Uilíoch le fáil in áit ar leith ar do dhuillín pá.

In 2012, ní bheidh Deimhnithe um Muirear Sóisialta Uilíoch á gcur ar fáil ag fostóirí a thuilleadh. Déanfar an P60 (don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2012) a leasú agus cuirfear breis réimsí leis le freastal ar MSU carnach.

Áirítear le P60 2011 (an bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2011) dhá réimse leis an Muirear Sóisialta Uilíoch a thuairisciú (ollphá do chuspóirí um Muirear Sóisialta Uilíoch agus an méid den Mhuirear Sóisialta Uilíoch a asbhaineadh).

Má athraíonn tú post, tabharfaidh d’fhostóir foirm P45 duit. Léireoidh seo do phá, cáin, MSU agus sonraí ÁSPC don bhliain a fhad leis an dáta a d'fhág tú. Ba cheart duit an P45 seo a thabhairt do d’fhostóir nua ionas gur féidir an méid ceart de cháin agus de MSU a asbhaint ó do phá.

Daoine féinfhostaithe

Déanfaidh daoine féinfhostaithe íocaíocht chomh maith lena n-íocaíocht MSU réamhchánach, agus baileofar iarmhéid ar bith nuair a eisítear an measúnú críochnaitheach.

Aisíocaíochtaí na ró-íocaíochtaí

In 2011

Sa chás ina gcuireadh an Muirear Sóisialta Uilíoch i bhfeidhm ar feadh tréimhse nó tréimhsí pá ar leith i rith na bliana, ach ina bhfuil tú faoi dhliteanas sa deireadh thiar ag an ráta níos ísle nó a bhfuil tú díolúine mar nach bhfuil tú tar éis na tairseacha a shárú ag deireadh na bliana, beidh tú tar éis an táille a ró-íoc. Sa chás, seo beidh tú i dteideal aisíocaíochta de chuid nó den mhéid den MSU ar bith a íocadh. D'fhéadfadh aisíocaíocht a bheith dlite duit má shroicheann tú 70 bliain d’aois i rith na bliana nó má fhaigheann tú cárta leighis i rith na bliana.

Má tá tú i bhfostaíocht leanúnach le fostóir nó atá ag fáil pinsin i rith na bliana atá i gceist (is é sin, ón 1 Eanáir go 31 Nollaig), is féidir le d’fhostóir nó do sholáthraí pinsin aon ró-íocaíocht MSU a aisbhaineadh ag deireadh na bliana a aisíoc. Má tá aisíocaíocht dlite duit toisc go bhfuil cárta leighis faighte agat, ba chóir do d’fhostóir an aisíocaíocht a dhéanamh láithreach in áit fanacht go dtí deireadh na bliana.

Sa chás nach bhfuil tú i bhfostaíocht leanúnach le fostóir nó má tá tú ag fáil pinsin i rith na bliana i gceist, déileálfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le haisíocaíocht MSU ar bith atá dlite ag deireadh na bliana.

Ón 1 Eanáir 2012 ar aghaidh

Le héifeacht ón 1 Eanáir 2012, i gcás cáiníocóirí ÁSPC, tháinig athrú ar asbhaint an MSU ar bhonn tréimhse íocaíochta ar thréimhse íocaíochta chuig bonn carnach, cosúil leis an mbealach a asbhaintear ÁSPC. Ciallaíonn seo go leathnófar d’asbhaintí MSU amach go cothrom thar an mbliain agus go n-asbhaintear an méid ceart den MSU ag deireadh na bliana. Níor cheart go dtarlóidh ró-íocaíochtaí MSU. Má mheasann tú, áfach, ag deireadh na bliana, gur íoc tú an iomad MSU, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim atá i do cheantar áitiúil agus déanfaidh siad athbhreithniú ar d'asbhaintí MSU.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Tá fostóirí agus soláthróirí pinsin freagrach as an Muirear Sóisialta Uilíoch a asbhaint as tuarastail a bhfostaithe. Déanfaidh siad an MSU a asbhaint agus é a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim ar son na bhfostaithe. Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim fostóirí ar an eolas maidir le rátaí agus tairseacha MSU a bheidh le cur i bhfeidhm don uile fhostaí. Ba cheart duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi aon athruithe ar do chúinsí (mar shampla, má fhaigheann tú cárta leighis).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 April 2012

Ábhar Gaolmhar

  • Cúnamh do dhaoine ar phá iseal in Éirinn
    Tá faoiseamh cánach agus cúnamh leasa shóisialaigh le fáil in Éirinn ag daoine ar ioncam íseal agus ag a gclann. Eolas faoi na scéimeanna féin agus faoin gcaoi le cur isteach orthu.
  • Budget 2011
    Budget 2011 was announced on 7 December 2010. Summary of the main changes.
  • Tobhach ioncaim
    Is cáin ar do chuid ioncaim é an tobhach ioncaim. Go ginearálta, bíonn an méid atá dlite ort ag brath ar an bpá a thuilleann tú. Faigh tuilleadh eolais ar an mbealach a ghearrtar tobhach ar do chuid ioncaim.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.