Creidmheas cánach i leith gaoil chleithiúnaigh

Cad is Creidmheas Cánach do Ghaol Cleithiúnach ann?

Má íocann tú cáin ioncaim, laghdaíonn creidmheas cánach do cháin faoi mhéid an chreidmheasa.

Má tá gaol cleithiúnach le cothú agat, d’fhéadfá cáiliú don Chreidmheas Cánach do Ghaol Cleithiúnach. Ciallaíonn cothú gaolta na costais a bhaineann le gnáthshaol laethúil a sheasamh.

Chun cáiliú don chreidmheas cánach, caithfidh ioncam do ghaoil a bheith faoi bhun teorann áirithe.

Cad is gaol cleithiúnach ann?

Féadfaidh an gaol a éilíonn tú ina leith a bheith gaolta leat féin nó le do chéile nó le do pháirtí sibhialta sna cásanna seo a leanas:

  • Tuismitheoir atá ina b(h)aintreach nó ina p(h)áirtí sibhialta marthanach
  • Mac nó iníon a chónaíonn leat agus ar a bhfuil tú ag brath mar gheall ar do dhrochshláinte nó do sheanaois
  • Gaol nach bhfuil in ann é/í féin a chothabháil mar gheall ar aois nó tinnis

Ní gá go bhfuil do ghaol cleithiúnach ina c(h)ónaí in Éirinn.

Ní cháileoidh leanbh faoi 18 mbliana d’aois mar ghaol cleithiúnach mura gcónaíonn sé/sí leat agus go dtugann sé/sí aire duit. Féadfaidh leanbh faoi 18 mbliana d’aois cáiliú chun an Creidmheas Cánach do Leanbh faoi Éagumas a fháil.

Teorainn ioncaim do ghaol cleithiúnach

Má bhí ioncam do ghaoil chleithiúnaigh níos mó ná €17,404 in 2024, ní bhfaighidh tú an creidmheas cánach don bhliain sin. Sna blianta roimhe sin, b’ionann an teorainn ioncaim agus €16,780 in 2023, €16,156 in 2022, €15,740 in 2021 agus €15,060 in 2020.

Áirítear ioncam do ghaoil chleithiúnaigh ar fad don teorainn ioncaim. Áirítear leis seo íocaíochtaí leasa shóisialaigh, pinsin, agus ús taisce.

Cé mhéad atá sa Chreidmheas Cánach do Ghaol Cleithiúnach?

Is ionann an Creidmheas Cánach do Ghaol Cleithiúnach ná €245 (ó 2021).

Conas iarratas a dhéanamh

Déan iarratas ar líne

Más Cáiníocóir ÍMAT tú, is féidir an Creidmheas Cánach do Ghaol Cleithiúnach a éileamh ar líne trí shíniú isteach ar sheirbhís moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim agus leas a bhaint as na Seirbhísí ÍMAT.

Chun éileamh a dhéanamh don bhliain reatha:

  • Cliceáil ar ‘Bainistigh do cháin’
  • Roghnaigh ‘Déan éileamh ar chreidmheasanna cánach’
  • Roghnaigh ‘Creidmheas cánach as gaol cleithiúnach’ faoin gcatagóir ‘Tú féin agus do theaghlach’

Chun éileamh a dhéanamh do bhliain roimhe seo:

  • Cliceáil ar ‘Athbhreithniú’
  • Cliceáil ‘Iarratas’ faoin mír ‘Ráiteas Dliteanais’
  • Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’
  • Ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Cánach’ roghnaigh ‘Tú féin agus do theaghlach’ agus cliceáil ar ‘Creidmheas cánach as gaol cleithiúnach’.
  • Cuir isteach an fhaisnéis a iarrtar

Má íocann tú cáin faoin gcóras féinmheasúnaithe, is féidir an creidmheas a éileamh nuair a dhéanann tú do thuairisceán cánach ioncaim a chomhdú agus féinmheasúnú a dhéanamh.

Déan iarratas tríd an bpost

Is féidir an creidmheas a éileamh ach an fhoirm ábhartha a chomhlánú:

Ba chóir an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh chuig d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Seans go dtógfaidh sé níos faide chun do chreidmheasanna cánach a nuashonrú agus Deimhniú Creidmheasa Cánach a eisiúint má chuireann tú éileamh páipéir isteach.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas?

Costais sláinte agus do ghaol cleithiúnach

Ní gá go bhfuil Creidmheas Cánach do Ghaol Cleithiúnach á fháil agat chun cáin a éileamh ar ais ar chostais leighis a íocann tú le haghaidh do ghaoil.

Má íocann tú costais cháilitheacha sláinte ar son duine eile (cibé an bhfuil siad ag brath ort nó nach bhfuil) féadfaidh tú a bheith i dteideal faoiseamh cánach a éileamh ar an méid a íocadh. Is féidir faoiseamh a éileamh ar chostais amhail:

  • Billí dochtúir
  • Cothabháil nó cóireáil san ospidéal
  • Drugaí agus leigheasanna ordaithe.

Má íocann tú táillí le haghaidh teach altranais a sholáthraíonn cúram altranais ar an láthair 24 uair an chloig, is féidir faoiseamh cánach ioncaim a éileamh ag an ráta cánach is airde atá agat.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 Eanáir 2024