Creidmheas cánach don chíos a íocadh

Cad é an Creidmheas Cánach Cíosa?

Laghdaíonn creidmheas cánach cíosa do cháin ioncaim faoi mhéid an chreidmheasa.

Tugadh Creidmheas Cánach Cíosa nua isteach an 15 Nollaig 2022.

Is féidir leat an creidmheas a éileamh d’íocaíochtaí cíosa a rinne tú in 2022 o 2023 trí thuairisceán cáin ioncaim a dhéanamh.

Beidh an Creidmheas Cánach Cíosa ar fáil do na blianta ó 2022 go 2025.

Cé mhéid é an Creidmheas CánachCíosa?

Is é méid an chreidmheasa 20% de d’íocaíochtaí cíosa sa bhliain, a mhéid le creidmheas uasta:

  • €750 do dhuine aonair (€500 in 2022, 2023)
  • €1,500 do lánúin a ndéantar chomh-mheasúnú orthu do cháin (€1,000 in 2022, 2023)

Má íocann roinnt daoine an cíos do réadmhaoin, is féidir le gach duine aonair nó lánúin an Creidmheas Cánach a éileamh don chíos a íocann siad.

Ní féidir leat íocaíochtaí a éileamh do na rudaí seo a leanas:

  • Éarlais urrúis
  • Deisiúcháin nó cothabháil
  • Lóistín agus béilí, níochán nó seirbhísí eile

An féidir liom an Creidmheas CánachCíosa a éileamh?

Is féidir leat an creidmheas a éileamh d’íocaíochtaí cíosa a rinne tú do na rudaí seo a leanas:

  • D’áit chónaithe
  • An dara háit chónaithe a úsáideann tú chun páirt a ghlacadh i do chuid oibre nó i gcúrsa faofa (cúrsa atá incháilithe d’fhaoiseamh cánach ar tháillí tríú leibhéal)
  • Réadmhaoin a úsáideann do leanbh le páirt a ghlacadh i gcúrsa faofa, má tá siad faoi 23 bliain ag tús a gcéad bhliana

Ní féidir leat an creidmheas a éileamh má tá tacaíocht tithíochta á fáil agat lena n-áirítear:

  • An Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
  • Forlíonadh Cíosa
  • An Scéim Cóiríochta Cíosa
  • Tithíocht ar cíos de réir costais

Do thionóntacht a chlárú

Caithfidh do thionóntacht a bheith cláraithe leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe, murach gur saghas tionóntachta é nach gá é seo a dhéanamh dó, ar a dtugtar socrú ceadúnais. Áirítear leis seo nuair atá cóiríocht á roinnt agat leis an úinéir i socrú seomra ar cíos nó lóistín.

Ní bhíonn ach na saghsanna tionóntachtaí is gá a chlárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe incháilithe don chreidmheas, i gcásanna áirithe. Bíonn seo i gceist sna cásanna seo a leanas:

  • Tá tú gaolta le do thiarna talún, nó
  • Tá éileamh á dhéanamh agat do réadmhaoin a úsáideann do leanbh

Do thiarna talún

Caithfidh nach bhfuil aon chinn den mhéid seo a leanas i gceist le do thiarna talún:

  • Comhlachas tithíochta nó comhlacht ceadaithe tithíochta
  • Údarás áitiúil
  • Do thuismitheoir
  • Do leanbh

Má úsáideann do leanbh an réadmhaoin le freastal ar chúrsa, ní féidir leis an tiarna talún a bheith ina g(h)aol leat ná le do leanbh.

Conas an Creidmheas Cánach Cíosa aéileamh

Más cáiníocóir ÍMAT thú, is féidir leat an creidmheas a éileamh ar chíos a íocadh in 2022 o 2023 i moChúrsaí:

  1. Sínigh isteach i moChúrsaí
  2. Téigh go dtí an mhír ‘Seirbhísí ÍMAT’
  3. Cliceáil ‘Athbhreithnigh do Cháin 2019-2022’ agus roghnaigh 2022
  4. Cliceáil ‘Iarraidh’ faoin mír ‘Ráiteas Dliteanais’
  5. Cliceáil ‘Críochnaigh do Thuairisceán Cánach Ioncaim’
  6. Ar an leathanach eile ‘Creidmheasanna agus Faoiseamh Cánach’, roghnaigh ‘Tú féin agus do theaghlach’ agus cliceáil ar ‘Creidmheas Cánach Cíosa’
  7. Iontráil an t-eolas a iarrtar

I gcás cíos a íocadh in 2024, beifear in ann an creidmheas cánach a éileamh roimh dheireadh na bliana trí úsáid a bhaint as áis do Chreidmheasanna Fíor-Ama na gCoimisinéirí Ioncaim.

Má dhéantar féinmheasúnú ort

Má tá tú cláraithe d’fhéinmheasúnú ar cháin ioncaim, is gearr go mbeidh tú in ann an creidmheas cánach a éileamh do chíos a íocadh trí úsáid a bhaint as Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS):

  1. Sínigh isteach in ROS
  2. Oscail an scáileán ‘Mo Sheirbhísí’
  3. Cliceáil ‘Comhad a Sheoladh ar Ais’
  4. Roghnaigh ‘Cáin Ioncaim’ ón roghchlár anuas
  5. Roghnaigh bliain chánach 2022
  6. Téigh go dtí an mhír ‘Creidmheas Cánach Cíosa’ den tuairisceán cánach agus iontráil an t-eolas a iarrtar

Eolas breise

D’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim treoir mhionsonraithe maidir leis an gCreidmheas Cánach Cíosa (pdf).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Eanáir 2024