Faoiseamh Cánach ar Tháillí Tithe Altranais agus ar son Gaolta

Réamhrá

Tá fáil ar fhaoiseamh ó cháin ioncaim ar tháillí a íoctar as tithe altranais.

Tá roinnt faoisimh eile chánach ann do chúramóirí agus do dhaoine atá faoi mhíchumas.

Faoiseamh cánach ar tháillí tithe altranais

Éilíonn tú faoiseamh cánach ar tháillí teach altranais faoin scéim ghinearálta d’fhaoiseamh canach ar chostais leighis. Cuirtear an faoiseamh cánach ar tháillí tithe altranais i bhfeidhm ar an ráta is airde de cháin ioncaim a íocann tú.

Má tá na muirir á n-íoc agat ar theach altranais, féadfaidh tú an faoiseamh cánach a éileamh, cibé acu má tá tú sa teach altranais tú féin nó má tá tú ag íoc as duine eile a bheith ann.

De ghnáth, éilíonn tú an faoiseamh cánach ag deireadh na bliana cánach, ach faoi roinnt cúinsí, d’fhéadfadh an faoiseamh cánach a bheith ar fáil sa bhliain reatha tríd an gcóras ÍMAT. Féach bileog faisnéise na gCoimisinéirí Ioncaim IT 6 Faoiseamh ar Chostais Liachta.

Chun teacht ar a thuilleadh faisnéise, lena n-áirítear conas iarratas a dhéanamh, féach ár gcáipéis ar chánachas agus costais leighis.

Faoisimh chánach eile

Féadfaidh tú faoiseamh cánach a éileamh ar an gcostas chun cúramóir a fhostú duit féin nó do dhuine muinteartha eile.

Má tá cúram á thabhairt agat do ghaol cleithiúnach, d’fhéadfá cáiliú don Chreidmheas Cánach do Ghaolta Cleithiúnacha.

Comhaontú atá ina cheanglas dlíthiúil is ea gníomhas cúnaint a ndéanann beirt daoine a scríobh síos agus a chomhaontú ina luaitear go gcomhaontaíonn duine amháin chun airgead a íoc leis an duine eile gan aon tairbhe a fháil mar thoradh air. Tá fáil ar fhaoiseamh cánach ar Ghníomhas Cúnaint má dhéantar é le mionaoiseach atá ar éagumas buan, le duine fásta atá ar éagumas buan, nó le duine os cionn 65 bliain d’aois.

Anuas air sin, tá roinnt faoisimh chánacha eile ann do dhuine atá faoi mhíchumas.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 Deireadh Fómhair 2015