Deimhniú Imréitigh Cánach

Réamhrá

Deimhniú atá i nDeimhniú Imréitigh Cánach go bhfuil do ghnóthaí cánach i gceart agus cothrom le dáta. Teastaíonn Deimhniú Imréitigh Cánach uait le hiarratas a dhéanamh ar roinnt scéimeanna agus ceadúnas. Is féidir leat cur isteach ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Cathain a theastaíonn Deimhniú Imréitigh Cánach uaim?

Teastaíonn Deimhniú Imréitigh Cánach uait le hiarratas a dhéanamh ar roinnt scéimeanna agus ceadúnas, an méid seo a leanas ina measc:

•An Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta

•An Scéim Fóirdheontais Pá do Dhaoine faoi Mhíchumas

•An Scéim Cúitimh CBL do Charthanais

•Ceadúnas d’Fheithicil Bheag Seirbhíse Poiblí

Féach ar liosta scéimeanna agus ceadúnas eile óna dteastaíonn Deimhniú Imréitigh Cánach.

Teastaíonn Deimhniú Imréitigh Cánach uait freisin má fhaigheann tú luach breis agus €10,000 i mbliain den mhéid seo a leanas:

•Deontais, fóirdheontais nó a mhacasamhail d’íocaíochtaí ó chomhlachtaí earnála poiblí

•Íocaíochtaí ó chonradh earnála poiblí (Cáin Bhreisluacha san áireamh)

Tá ar roinnt daoine Deimhniú Imréitigh Cánach a bheith acu faoi na dlíthe um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Áirítear leis baill den Oireachtas, oifigigh shinsearacha phoiblí agus iarrthóirí ar cheapacháin bhreithiúnacha.

Conas iarratas a dhéanamh

Cinntigh go bhfuil do ghnóthaí cánach go dtí seo go hiomlán cothrom le dáta sula ndéanann tú iarratas. Is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim Deimhniú Imréitigh Cánach a eisiúint nuair a bhíonn riaráistí cánach má íoctar as na riaráistí trí shocrú tráthchoda.

Seiceálfaidh na Coimisinéirí Ioncaim do pháirtithe bainteacha ábhartha freisin. Áirítear leo seo do réadmhaoin agus aon chomhpháirtíochtaí gnó a bhfuil tú mar bhall díobh.

Is féidir leat cur isteach ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ar líne trí úsáid a bhaint as an gRíomhchóras Imréitigh Cánach (eTC). Déanann tú iarratas ar líne trí úsáid a bhaint as moChúrsaí más custaiméir Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) thú. Déanann custaiméirí gnó iarratas trí úsáid a bhaint as Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Is féidir níos mó a léamh faoi conas iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ar líne.

Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Imréitigh Cánach trí Fhoirm TC1 (pdf) a líonadh agus an fhoirm a sheoladh chuig an Aonad Seirbhísí do Chustaiméirí, Rannán an Ard-Bhailitheora.

Tá próiseas ar leith ann más gá duit iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Imréitigh Cánach faoi na rialacha um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO).

Má dhiúltaítear d’iarratas, nó má dhéantar Deimhniú Imréitigh Cánach a aistarraingt uait, is féidir leat an cinneadh a achomharc laistigh de 30 lá. Tabharfar liosta d’aon cháin nó dleacht atá le híoc agat sa litir dhiúltaithe nó aistarraingthe a fhaigheann tú. Caithfidh tú seo a íoc sula ndéanann tú achomharc, murach go bhfuil an cháin nó an dleacht faoi dhíospóid nó á hachomharc.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 Iúil 2022