Maoin a luacháil le haghaidh Cánach Maoine Áitiúil

Réamhrá

Más úinéir maoine cónaithe thú an 1 Samhain 2021, tá ort Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a íoc. Bunaítear an cháin ar luach do mhaoine an 1 Samhain 2021. Caithfidh tú luach do mhaoine a mheas agus tuairisceán a dhéanamh do CMÁ faoin 7 Samhain 2021.

Conas do mhaoin a luacháil

Cáin féinmheasúnaithe é CMÁ. Ciallaíonn seo go ríomhann tú an cháin atá ort a íoc bunaithe ar an measúnú féin a dhéanann tú ar do mhaoin. Ní luachálann na Coimisinéirí Ioncaim maoin le haghaidh CMÁ, ach cuireann siad uirlis luachála ar líne ar fáil faoi conas is féidir leat do mhaoin a luacháil tú féin.

Ba cheart duit eolas faoi mhaoin atá cosúil le do mhaoin féin a úsáid, mar shampla, maoin atá den saghas agus den mhéid chéanna agus a tógadh thart ar an tráth céanna.

Ba cheart duit cóip d’aon fhoinsí eolais a úsáideann tú agus aon cháipéisíocht tacaíochta eile a choimeád. Is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim é seo a iarraidh uait má dhéanann siad athbhreithniú ar do mheasúnú.

Uirlis luachála na gCoimisinéirí Ioncaim

Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim uirlis luachála ar líne ar fáil a thabharfaidh meánluachanna duit do mhaoin i do cheantar. Caithfidh tú gnéithe ar leith do mhaoine a chur san áireamh i gcomparáid le maoin eile le cinneadh a dhéanamh ar cibé acu an bhfuil nó bhfuil sé laistigh den bhanda meánluachála a chuirtear ar fáil do do cheantar. Mar shampla, d’fhéadfadh do mhaoin a bheith níos lú nó níos mó ná an mheánluacháil i do cheantar.

Murab ionann an banda meánluachála a thugtar agus luacháil do mhaoine, ba cheart duit foinsí eile a úsáid le cabhrú leat é a luacháil. Liostaítear thíos roinnt foinsí áisiúla eolais ar luachanna maoine.

Clár Praghsanna Maoine Cónaithe

Is féidir leat an Clár Praghsanna Maoine Cónaithe a úsáid le praghas maoine a fheiceáil a díoladh i do cheantar. Is féidir leat praghas díola maoine a fheiceáil atá cosúil le do mhaoin féin, mar shampla, maoin atá den saghas agus den mhéid chéanna agus a tógadh thart ar an tráth céanna. Ba cheart duit roinnt díolacháin ábhartha a úsáid chun cabhrú leat do luacháil a dhéanamh. Le luach maoine nua a díoladh a dheimhniú, tá ort CBL 13.5% a shuimiú leis an bpraghas díolacháin a léirítear ar an gclár.

Luacháil ghairmiúil

Féadfaidh tú a roghnú luachálaí gairmiúil a úsáid a dhéanfaidh do mhaoin a luacháil ar tháille. Níl ort gairmí a fhostú le luach do mhaoine a dheimhniú duit, áfach.

Foinsí eolais eile

Is féidir leat féachaint ar eolas eile atá ar fáil faoi mhaoin i do cheantar chun cabhrú leat do mhaoin a luacháil. D’fhéadfaí a áireamh leis na foinsí eolais seo, mar shampla:

•Nuachtáin nó foinsí eile meán

•Eolas ó ghníomhairí eastáit áitiúla

•Láithreáin ghréasáin díolacháin mhaoine, cosúil le daft.ie, myhome.ie agus geowox

Ba cheart go mbeadh an t-eolas a úsáideann tú ó bhlianta beaga anuas le cabhrú leat luach do mhaoine a mheas an 1 Samhain 2021.

Talamh nó foirgnimh eile a luacháil le do mhaoin

Nuair a dhéanann tú do mhaoin chónaithe a luacháil, cuireann tú luach na talún agus na bhfoirgneamh gaolmhar. Tailte nó foirgnimh iad seo a bhfuil cuspóir cónaithe nó tí acu nó a bhfuil luach mar chonláistí orthu. Mar shampla, d’fhéadfadh na rudaí seo a leanas a bheith i gceist leis seo:

•Clós, gairdín nó paitió

•Cabhsán nó spás páirceála

•Garáiste, seid nó teach gloine

•Seomra gairdín nó oifig baile

Má tá níos mó ná acra amháin sa talamh, ní gá duit ach talamh a mhéid le hacra amháin (0.4047 heicteár) a chur san áireamh. Ba cheart go mbeadh an t-achar talún sa mhaoin chónaithe i gceist leis seo is oiriúnaí do thaitneamh a bhaint as agus is gnách gurb é seo an talamh is gaire don mhaoin.

Feirmeacha

Má tá do mhaoin chónaithe ar fheirm, ní gá duit na rudaí seo a leanas a chur san áireamh i do luacháil:

•Talamh mórthimpeall ar theach feirme a úsáidtear mar thalamh feirme

•Seideanna a úsáidtear ar mhaithe le cuspóirí feirmeoireachta, mar shampla, le féar a stóráil nó le cóiríocht a chur ar fáil d’ainmhithe feirme

Aonaid fhéinchuimsitheacha agus seomraí suí is leapa

Má úsáidtear cuid den fhoirgneamh mar áit chónaithe, nó má tá sé oiriúnach lena úsáid mar áit chónaithe, is gnách go gcaitear leis mar mhaoin chónaithe ar leith. Mar shampla, tá ‘árasán muintire’ féinchuimsitheach atá in aice na príomh-mhaoine faoi dhliteanas CMÁ a íoc.

Nuair atá ‘an t-árasán muintire' agus an mhaoin ina aice faoi úinéireacht an duine chéanna, áfach, is féidir iad a luacháil mar aon mhaoin amháin. Más mian leat seo a dhéanamh, ba cheart duit sonraí faoi leagan amach agus úinéireacht na maoine a sheoladh ar aghaidh chuig Brainse CMÁ na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfaomhfar iad.

Má tá aonaid i bhfoirgneamh nach bhfuil oiriúnach lena n-úsáid mar áiteanna cónaithe féinchuimsitheacha, cosúil le seomra suí is leapa, ba cheart an foirgneamh ina iomláine a luacháil ar mhaithe le CMÁ sa tuairisceán céanna CMÁ.

Maoin a oiriúnaíodh do dhuine atá faoi mhíchumas

Má rinneadh do mhaoin a oiriúnú go ndéanfar níos oiriúnaí é do dhuine faoi mhíchumas, b’fhéidir go mbeidh tú incháilithe luacháil na maoine a laghdú. Má tá tú incháilithe don fhaoiseamh seo, is féidir leat do luacháil a laghdú €87,500, arb é sin leithead fhormhór na mbandaí luachála CMÁ. Aistreoidh seo do luacháil isteach i mbanda luachála níos ísle agus laghdóidh sé do Mhuirear CMÁ.

Tá tú incháilithe don fhaoiseamh seo sna cásanna seo a leanas:

•Déanann tú do mhaoin a oiriúnú go ndéanfar é oiriúnach do dhuine atá faoi mhíchumas, agus

•Méadaíodh luach do mhaoine mar gheall ar an obair oiriúnaithe, agus

•Cónaíonn duine faoi mhíchumas i do mhaoin agus is é a bpríomháit chónaithe nó an t-aon áit chónaithe atá acu, agus

•Faigheann tú deontas údaráis áitiúil i dtreo íoc as costas na hoibre oiriúnaithe nó fuair tú cead ó na Coimisinéirí Ioncaim an faoiseamh a fháil.

Ní gá go mbeadh an duine faoi mhíchumas a chónaíonn sa mhaoin oiriúnaithe a bheith ina n-úinéir ar an maoin.

Le faoiseamh a éileamh do mhaoin a oiriúnaíodh, ba cheart duit Foirm LPT6A (pdf) a líonadh agus é a sheoladh go dtí na Coimisinéirí Ioncaim.

Tá díolúine ar fáil do mhaoin a tógadh, a fuarthas nó a oiriúnaíodh do dhuine atá ar éagumas buan agus iomlán.

Maoin ar imir pirít nó coincréit lochtach tionchar orthu

Má rinne pirít nó míoca díobháil do do mhaoin, is féidir leat seo a chur san áireamh nuair a dhéanann tú féinmheasúnú ar luach margaidh do mhaoine amhail an 1 Samhain 2021.

B’fhéidir go gcáileoidh tú don mhéid seo a leanas freisin:

•Díolúine ó CMÁ do mhaoin a ndearna pirít díobháil dóibh nó

•Díolúine ó CMÁ do mhaoin a tógadh trí úsáid a bhaint as bloic choincréite lochtacha

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 Deireadh Fómhair 2021