Aisíocaíocht cánach má tá tú dífhostaithe nó as obair ar shaoire bhreoiteachta

Réamhrá

Is féidir leat aisíoc a fháil ar cháin atá íoctha agat cheana féin má bhí tú fostaithe agus tú dífhostaithe anois. Féadtar go mbeadh aisíoc cánach ag dul duit má tá tú as obair mar gheall ar thinneas. Is féidir leat cáin a fháil ar ais má tá tú fós fostaithe agus níos mó cánach íoctha agat ná mar a bhí tú faoi dhliteanas ina leith.

Is féidir cáin a fháil ar ais freisin trí fhaoiseamh cánach i leith seirbhísí nó táirgí a cheannaigh tú Is féidir cuid de chostas seirbhísí agus táirgí áirithe a fháil ar ais ón gcáin atá íoctha agat cheana féin leis na Coimisinéirí Ioncaim, mar shampla, faoiseamh cánach i leith cúramóir a fhostú agus faoiseamh cánach ar tháillí oideachais tríú leibhéal. Brathannn an méid faoisimh a fhaigheann tú ar mhéid na cánach atá íoctha agat.

Míníonn an doiciméad seo conas aisíoc cánach a fháil má bhí tú ag obair agus tú dífhostaithe anois, má tá Sochar BreoiteachtaSochar Díobhála Ceirde gearrthéarmach á fháil agat, nó má tá tú dífhostaithe fós ach go gceapann tú gur íoc tú níos mó cánach ná mar a bhí tú faoi dhliteanas ina leith.

Cén fáth a mbeadh aisíoc cánach ar fáil dom?

Tá cúiseanna éagsúla ann le go mbéifeá faoi dhliteanas anois níos lú cánach a íoc ná mar a cheap tú roimhe seo agus go mbeadh aisíoc dlite duit. Féadtar go ndéantar do dhliteanas cánach a laghdú mar go bhfuil tú ar saoire bhreoiteachta gan pá nó go bhfuil tú dífhostaithe anois.

Maidir le hoibrithe ÍMAT roinntear do dhliteanas cánach go cothrom i rith na bliana. Le cinntiú go mbaintear seo amach, déantar do dhliteanas cánach a ríomh de ghnáth ar bhonn carnach. Tugtar aon chreidmheasanna cánach agus pointe scoite an ráta chaighdeánaigh, nach n-úsáidtear i dtréimhse pá, ar aghaidh chuig an chéad thréimhse pá eile sa bhliain chánach sin.

Ciallaíonn sé seo nuair a dhéanann fostaitheoir do dhliteanas cánach a ríomh, déanann sé nó sí an cháin iomlán a ríomh atá dlite ó 1 Eanáir go dtí an dáta ar a n-íoctar do phá is déanaí. Ciallaíonn sé seo má dhéantar d'ioncam a laghdú, mar shampla, trí thinneas nó trí dhífhostaíocht, go bhféadtar go mbeadh aisíoc cánach dlite duit.

Gheobhfá aisíoc cánach freisin mura ndearna d'fhostaitheoir do dhliteanas cánach a ríomh i gceart agus má rinne tú cáin a ró-íocadh.

Féadtar go n-íocfar aisíoc cánach má cheannaigh tú táirgí nó seirbhísí dá bhfuil tú in ann faoiseamh cánach a éileamh.

Rialacha

Má tá tú dífhostaithe nó ar saoire bhreoiteachta

Má bhaineadh cáin as do phá ón 1 Eanáir deireanach agus má tá tú dífhostaithe anois féadtar go mbéifeá i dteideal aisíoc cánach a fháil. Murar íoc tú aon cháin, ní bheidh aisíoc dlite duit.

Is foinsí ioncaim inchánach iad Sochar Cuardaitheora Poist (SCP), Sochar Breoiteachta (SB), agus Sochar Díobhála Ceirde (SDC). Níl an chéad €13 in aghaidh na seachtaine de Shochar Cuardaitheora Poist inchánaithe, áfach. Níl cion an SB nó an íocaíocht faoin scéim SDC don Mhéadú do Leanbh Incháilithe inchánaithe, áfach.

Má tá Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Breoiteachta, nó Sochar Díobhála Ceirde á fháil agat, agus má dhéanann tú éileamh ar aisíoc cánach, déantar cion inchánach do SCP, SB nó SDC a shuimiú le dearbhú an bhfuil tú i dteideal aisíoc cánach a fháil.

Má tá tú fóstaithe agus má cheapann tú gur ró-íoc tú cáin

Is féidir leat teacht ar eolas breise faoi ró-íocaíochtaí cánach agus conas is féidir leat aisíocaíocht a éileamh.

Rataí

Dífhostaithe nó as obair ar shaoire bhreoiteachta

Brathfaidh méid an aisíoca cánach ar:

  • Fad do thréimhse dífhostaíochta
  • Méid na cánach atá íoctha agat
  • Méid na gcreidmheasanna cánach a d'úsáid tú
  • Méid do íocaíocht leasa shóisialaigh sheachtainiúil

Mar a íoctar d'aisíoc cánach

Má tá tú dífhostaithe agus má tá aisíoc cánach dlite duit déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seic a eisiúint duit.

Má tá tú as obair ar shaoire bhreoiteachta, nuair a thagann tú ar ais chun oibre aisíocann d'fhostaitheoir do cháin i do chéad phá seachtaine de ghnáth.

Conas iarratas a dhéanamh

Dífhostaithe

Ba chóir duit iarratas a dhéanamh 4 sheachtain ón dáta ar a dtáinig tú chun bheith dífhostaithe, ach má bhí cáin éigeandála á baint ag d'iarfhostaitheoir ba chóir duit iarratas a dhéanamh gan mhoill.

Ba chóir duit iarratas a dhéanamh 8 seachtain ón dáta ar a dtáinig tú chun bheith dífhostaithe, má tá ioncam eile á fháil agat atá inchánach, agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh inchánach san áireamh seo.

Ba cheart d’iarratas ar aisíocaíocht canach, mar gheall go bhfuil tú dífhostaithe nó as láthair ón obair mar gheall ar bhreoiteacht, a dhéanamh ar Fhoirm aisíocaíochta cánach P50, agus a sheoladh chuig d’oifig cánach.

Saoire bhreoiteachta gan íocaíocht

Nuair a fhilleann tú ar an obair ó shaoire bhreoiteachta gan íocaíocht, ba chóir duit fógra a thabhairt d’oifig cánach ar mhéid an tSochair Breoiteachta a íocadh le linn do bhreoiteachta. Eiseoidh na Coimisinéirí an Deimhniú Creidmheasa Cánach ceart chugat. Gheobhaidh d’fhostóir cóip freisin (na hiomláin amháin léirithe) agus aisíocfar cáin ar bith a bheidh dlite duit nuair a fhilleann tú ar an obair.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Le tuilleadh eolais maidir le aisíoc a fháil, déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Bain úsáid as aimsitheoir teagmhála na gCoimisinéirí Ioncaim le huimhir Lóghlao do réigiúin féin a fháil.

Is féidir leat sonraí teagmhála na gCoimisinéirí Ioncaim do do réigiún féin a fháil anseo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 Lúnasa 2019