Síniú den bheochlár nuair a thosaíonn tú ag oibriú

Cad é síniú de?

Is é síniú den bheochlár nuair a dhéanann tú teagmháil leis an Roinn Coimirce Sóisialaí lena chur in iúl go bhfuil stop á chur agat le híocaíocht chuardaitheora poist nó creidmheasanna a éileamh.

Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist, Sochar Cuardaitheora Poist nó creidmheasanna á bhfáil agat, tá tú cláraithe mar chuardaitheoir poist ag an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Má tá tú cláraithe mar chuardaitheoir poist (i bhfriotal eile, tá tú ag síniú), ba chóir duit d’Ionad Intreo nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh áitiúila chur ar an eolas ar an dáta a thosóidh tú obair.

Cinnteoidh seo gur féidir leat aon íocaíocht atá dlite duit go dtí an dáta a thosóidh tú obair a fháil.

Is féidir leat comhairle a fháil freisin faoi cé acu an féidir nó nach féidir leat cuid de do shochair agus do thacaíochtaí reatha a choinneáil nuair a fhilleann tú ar an obair. D’fhéadfá a bheith i dteideal sochair bhreise a fháil nuair a thosaíonn tú obair, mar shampla, Íocaíocht Teaghlaigh Oibre.

Is féidir eolas breise a fháil faoi Liúntas Cuardaitheora Poist agus obair.

Is féidir eolas breise a fháil faoi Shochar Cuardaitheora Poist agus obair.

D’éileamh Cuardaitheora Poist a dhúnadh ar líne

Is féidir leat d’íocaíocht Liúntas Cuardaitheora Poist nó Cuardaitheora Poist a dhúnadh ar líne. Chun seo a dhéanamh, teastóidh cuntas MyGOVID uait.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 Deireadh Fómhair 2022