An Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta

Réamhrá

Dlí AE í an Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta a thug rialacha coiteanna an AE isteach in 2009 d’íocaíochtaí leictreonacha cosúil le haistrithe creidmheasa, dochair dhíreacha, íocaíochtaí cárta, agus íocaíochtaí ar ghléasanna móibíleacha agus ar líne. Beartaíodh íocaíochtaí idir tíortha AE a dhéanamh chomh héasca agus chomh slán le híocaíochtaí a dhéantar laistigh de thír.

Tugadh an dara Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta (PSD2) isteach in 2018. Cuireann PSD2 cosaint agus slándáil bhreise tomhaltóirí ar fáil agus rialaíonn sé saghsanna nua d’íocaíochtaí ar líne agus ar ghléasanna móibíleacha. Mínítear ar an leathanach seo rialacha agus cosaintí PSD2.

Cosaint tomhaltóirí

Má dhéantar idirbheart i do chuntas nár údaraigh tú, cuirtear teorainn uasta €50 ar an méid a bhíonn tú dlite a íoc, murach gur ghníomhaigh tú go calaoiseach nó go míchúramach.

Má bhaintear íocaíocht dochair dhírigh ó do chuntas, tá an ceart agat aisíocaíocht a fháil dó ar feadh 8 seachtaine tar éis na híocaíochta. Is féidir leat aisíocaíocht a iarraidh fiú má chuirtear in aghaidh íocaíocht idirbhirt.

I gcásanna ina mblocálann an miondíoltóir cistí le híoc as méid idirbhirt nach eol roimh ré, mar shampla, chun íoc as gluaisteán a fháil ar cíos nó chun íocaíocht a dhéanamh i stáisiúin pheitril, ní féidir leo ach an méid a cheadaíonn tú a bhlocáil. Scaoilfidh do bhanc láithreach leis na cistí blocáilte nuair a fhaigheann sé an méid deiridh cruinn nó an t-ordú íocaíochta.

Ní féidir le miondíoltóirí táille nó formhuirear breise a ghearradh ort as íoc trí chárta dochair nó creidmheasa, cibé acu ar líne nó i siopaí. (Baineann seo i gcásanna teoranta nuair nach gcuirtear uasteorainn ar mhuirear an chárta ar an miondíoltóir faoi Rialachán na dTáillí Idirmhalartaithe.)

Má iontrálann tú conradh do sheirbhísí íocaíochta, is féidir leat deireadh a chur leis an gconradh saor in aisce i ndiaidh 6 mhí.

Fíordheimhniú Láidir Custaiméara

Tugann PSD2 rialacha níos déine isteach chun íocaíochtaí leictreonacha a thosú agus a phróiseáil (go háirithe i gcás íocaíochtaí ar líne) agus chun do shonraí airgeadais a chosaint.

Caithfear Fíordheimhniú Láidir Custaiméara (FLC) a úsáid le d’aitheantas a dheimhniú nó lena dheimhniú go n-údaraíonn tú an íocaíocht. Teastaíonn ar a laghad 2 chuid ón bpróiseas slándála níos déine agus féadfaidh na rudaí seo a leanas a bheith i gceist leis:

  • Rud éigin atá ar eolas agat, mar shampla, pasfhocal nó uimhir aitheantais phearsanta (PIN)
  • Rud éigin nach ach leat féin é, mar shampla, cárta nó gineadóir cóid
  • Saintréith atá agat, mar shampla, do mhéarlorg nó do ghlór

Tá roinnt saghsanna idirbheart ann atá díolmhaithe ó Fhíordheimhniú Láidir Custaiméara. Mar shampla, ní theastaíonn FLC i gcónaí ó idirbhearta íseal-luacha.

Seirbhísí íocaíochta

Cumhdaíonn PSD2 saghsanna nua seirbhísí íocaíochta ina mbíonn teacht ar na soláthraithe seirbhíse ar eolas ón gcuntas íocaíochta:

  • Soláthraithe Seirbhíse Tionscanta Íocaíochta
  • Soláthraithe Seirbhíse Faisnéise Cuntas

Ceadaíonn Soláthraithe Seirbhíse Tionscanta Íocaíochta (SSTÍanna) duit ceannaigh ar líne a dhéanamh gan cárta creidmheasa. Ciallaíonn seo gur féidir leat úsáid a bhaint as aistriú bainc le ceannach a dhéanamh gan aon mhoill. Socraíonn an SSTÍ íocaíocht ó do chuntas agus deimhníonn sé an íocaíocht láithreach leis an díoltóir, ar féidir leo an ceannach a chríochnú.

Ceadaíonn Soláthraithe Seirbhíse Faisnéise Cuntas (SSFCanna) duit teacht ar eolas ó roinnt cuntais éagsúla in aon seirbhís amháin. Ciallaíonn seo gur féidir leat, mar shampla, anailís a dhéanamh ar do chaiteachas foriomlán de réir catagóirí éagsúla le cabhrú leat le buiséadú agus pleanáil airgeadais a dhéanamh.

Gearáin

Is é an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean (an OSAP) an tseirbhís neamhspleách a chabhraíonn le gearáin a réiteach idir custaiméirí agus soláthraithe seirbhísí airgeadais rialaithe, soláthraithe seirbhíse íocaíochta san áireamh.

Cuirtear eolas ar fáil ar láithreán gréasáin an OSAP faoi conas gearán a dhéanamh faoi sholáthraí seirbhíse.

Eolas breise

Cuireann Banc Ceannais na hÉireann liosta ceisteanna coitianta (CCanna) ar fáil. Tá Ceisteanna Coitianta an Choimisiúin Eorpaigh ar fáil ar an PSD2 freisin.

.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Feabhra 2022