An tSeirbhís Leasa Pobail agus íocaíochtaí

Cad í an tSeirbhís Leasa Pobail?

Soláthraíonn an tSeirbhís Leasa Pobail tacaíocht airgeadais bhreise do dhaoine ar ísealioncam nó a fhaigheann íocaíocht leasa shóisialaigh. Tacaíonn sé freisin le daoine atá i gcruatan ar leith nó má tharlaíonn éigeandáil ina saol.

Cinneann Oifigigh Leasa Pobail (OLP) gach iarratas ar thacaíocht airgeadais chuig an tSeirbhís Leasa Pobail. Tá siad fostaithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS).

Cén tacaíocht is féidir a fháil ón tSeirbhís Leasa Pobail?

Tá Oifigigh Leasa Pobail (OPO) freagrach as an Scéim um Liúntas Leasa Forlíontach a reáchtáil ó lá go lá.

Áirítear na híocaíochtaí seo a leanas ar na híocaíochtaí a dhéantar faoin scéim seo:

  • Liúntas Leasa Forlíontach seachtainiúil (LLF)
  • Forlíontaí den Liúntas Leasa Forlíontach, mar shampla, Forlíontaí Aiste Bia agus Teasa
  • Forlíonadh Cíosa
  • Íocaíochtaí Riachtanas Breise

Conas a dhéantar measúnú ar m'iarratas chuig an tSeirbhís Leasa Pobail?

Scrúdóidh Oifigeach Leasa Pobail d’iarratas ar thacaíocht airgeadais. Breathnóidh an OLP ar d’fhoinsí ioncaim go léir agus ar do chostais. Déanfaidh siad cinneadh ansin maidir le cibé an gcáilíonn tú d’íocaíocht.

Féadfaidh íocaíocht a bheith ina híocaíocht aonuaire nó ina forlíonadh rialta.

Seans gur mhaith leis an OLP bualadh leat chun cabhrú leo cinneadh a dhéanamh ar cheart duit íocaíocht a fháil.

Is féidir le OLP tú a atreorú chuig gníomhaireachtaí stáit agus eagraíochtaí deonacha eile ag brath ar do chuid riachtanas. Mar shampla, d’fhéadfaí tú a chur ar aghaidh chuig an tSeirbhís Bhuiséadta agus Comhairle Airgid (MABS).

Cinneadh a achomharc

Mura bhfuil tú sásta le cinneadh arna dhéanamh ag OLP, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh ina choinne.

Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh i gcoinne chinneadh OLP ar Liúntas Leasa Forlíontach seachtainiúil, Morgáiste nó Forlíonadh Cíosa chuig an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh.

Ní féidir achomharc a dhéanamh chuig an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh i gcoinne íocaíochtaí eile amhail Íocaíochtaí Riachtanas Breise, ach is féidir iarraidh go ndéanfadh oifigeach eile sa Roinn Coimirce Sóisialaí athbhreithniú ar chinneadh an OLP.

Ní bhaineann costas ar bith le hathbhreithniú nó achomharc a lorg.

Conas iarratas a dhéanamh ar íocaíocht ón tSeirbhís Leasa Pobail

I gcás Forlíonadh Cíosa ba cheart iarratas a dhéanamh chuig an Aonad Náisiúnta um Fhorlíonadh Cíosa. Faigh tuilleadh eolais faoi iarratas a dhéanamh ar Fhorlíonadh Cíosa.

I gcás gach íocaíochta eile faoin Scéim um Liúntas Leasa Forlíontach, ba cheart iarratas a dhéanamh chuig an OLP i d’Ionad Intreo nó oifig bhrainse leasa shóisialaigh áitiúil.

Chun iarratas a dhéanamh ar íocaíocht, is féidir:

  • Coinne a dhéanamh leis an OLP nó
  • An fhoirm iarratais a chur sa phost nó é a thabhairt isteach chuig d’Ionad Intreo nó oifig brainse leasa shóisialaigh áitiúil í.

Má chuireann tú d’iarratas sa phost nó má thugann tú isteach chuig d’Ionad Intreo nó oifig brainse áitiúil í, féadfaidh an OLP íocaíocht a eisiúint nó coinne a shocrú chun bualadh leat.

Conas foirm iarratais a fháil

Íoslódáil agus priontáil foirm iarratais ar Liúntas Leasa Forlíontach (SWA1) (pdf) nó faigh foirm iarratais ó d’Ionad Intreo nó oifig bhrainse leasa shóisialaigh áitiúil.

Nó seol ríomhphost chuig cwsforms@welfare.ie seolfar foirm amach chugat sa phost.

Cuir glaoch ar an tSeirbhís Leasa Pobail chun foirm iarratais a fháil: 0818 60 70 80

An fhaisnéis a bheidh ag teastáil chun iarratas a dhéanamh

Beidh cuid de na doiciméid seo a leanas ag teastáil chun iarratas a dhéanamh:

  • D’uimhir PSP féin agus uimhreacha PSP na ndaoine cleithiúnacha i do theaghlach, amhail do chéile nó do leanaí.
  • Cruthúnas ar d'aitheantas e.g. Cárta Seirbhísí Poiblí, Ceadúnas Tiomána nó Pas
  • Cruthúnas ar sheoladh baile, e.g. bille teaghlaigh
  • Cruthúnas ar chónaitheacht, e.g. Cárta um Chead Cónaithe in Éirinn (IRP) nó pas AE/LEE nó cárta aitheantais náisiúnta
  • Cruthúnas ar ioncam agus ar staid airgeadais, e.g. duillíní pá agus ráitis bhainc

Chun eolas ginearálta a fháil faoin tSeirbhís Leasa Pobail, cuir glaoch ar: 0818 60 70 80

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Iúil 2023