D'fhéadfadh sé go nglaofaí ort le fianaise a thabhairt mar fhinné i gcás coiriúil nó i gcás sibhialta.
D'fhéadfadh sé go nglaofaí ort mar "fhinné súl" má chonaic tusa go pearsanta rud ag tarlú a bhaineann leis an gcás. Is féidir le ceachtar den dá thaobh sa chás glaoch ort, is cuma cé acu cás coiriúil nó sibhialta atá i gceist.
Nuair a théann tú ar an seastán, tabharfar Bíobla duit agus athdheirfidh tú an mionn nó dearbhú go n-inseoidh tú an fhirínne, an fhírinne ghlan gan tada ach an fhírinne. Cuirfear ceisteanna ansin ort le deis a thabhairt duit insint céard a chonaic tú.
Baineann an fhianaise a thugann tú mar "fhinné súl" leis na fíricí amháin, is é sin an méid a chonaic tú go díreach, seachas aon chonclúidí nó barúlacha atá agat maidir leis an rud a chonaic tú. Déanfaidh an taobh eile ansin tú a chroscheistiú.
D'fhéadfadh sé go nglaofadh ceachtar den dá thaobh i gcás ort mar "fhinné saineolaí" le fianaise a thabhairt a bhaineann le ábhar atá taobh amuigh den ghnáth eolas a bheadh ag breitheamh nó giúiré. Mar shampla, d'fhéadfaí glaoch ort mar shaineolaí lámhscríbhneoireachta nó mar dhochtúir le tuairim a thabhairt ar cheist a bhaineann leis an gcás.
Glactar le do thuairim mar fhianaise ós rud é gur saineolaí ar an ábhar thú agus mar gheall nach bhfuil an t-eolas ná an saineolas ag an gcúirt féin le tuairim údarásach a thabhairt ar na fíricí.
Mar fhinné saineolaí ní mór duit mionn nó dearbhú a dhéanamh. Iarrfar ort ansin a mhíniú cén fáth gur féidir saineolaí a thabhairt ort maidir leis an gceist áirid, is é sin, cur síos a dhéanamh ar do cháilíochtaí nó taithí oibre. Cuirfear ceisteanna ansin ort le deis a thabhairt duit do thuairim maidir le fíricí faoi leith a thabhairt. Ar deireadh, déanfaidh an taobh eile tú a chroscheistiú.
Tá amanna éagsúla inár féidir glaoch ar dhuine mar "fhinné carachtair":
Déanfaidh tú mionn nó dearbhú agus ansin cuirfear ceisteanna ort a thabharfaidh deis duit cur síos a dhéanamh ar a bhfuil ar eolas agat maidir le carachtair an duine. Ansin déanfaidh an taobh eile tú a chroscheistiú.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.