An Chúirt Achomhairc

Réamhrá

Bunaíodh an Chúirt Achomhairc an 28 Deireadh Fómhair 2014 faoin Acht um an gCúirt Achomhairc, 2014. Is é a príomhfheidhm éisteacht le hachomhairc ón Ard-Chúirt agus ón gCúirt Chuarda. Ghlac sí ceannas ar ról na Cúirte Achomhairc Choiriúil agus Chúirt Achomhairc na nArmchúirteanna ar cuireadh deireadh leo. Is iad an t-aon achomhairc a ghabhann a fhad leis an gCúirt Uachtarach iad siúd ina dtugtar saincheisteanna lena mbaineann tábhacht mhór phoiblí chun solais nó ina dteastaíonn an t-achomharc sin ar mhaithe leis an gceartas.

Tá Uachtarán agus a mhéid le 9 mbreitheamh sa Chúirt Achomhairc. Breithiúna breise iad Príomh-Bhreitheamh agus Uachtarán na hArd-Chúirte. Breitheamh breise den Chúirt Uachtarach agus den Ard-Chúirt is ea Uachtarán na Cúirte Achomhairc.

Déanann an tUachtarán obair na Cúirte Achomhairc a scaipeadh agus a leithdháileadh. Is gnách go n-éisteann 3 bhreitheamh le saincheisteanna a thagann os comhair na cúirte anuas ar chinneadh a dhéanamh orthu. D’fhéadfadh an tUachtarán nó breitheamh eile a ainmnítear éisteacht le roinnt iarratais idirbhreitheacha agus nós imeachta ar bhonn aonair, áfach. Is ionann iarratas idirbhreitheach agus iarratas ar chinneadh sealadach chun déileáil le saincheisteanna a ndéanfar cinneadh orthu ar deireadh nuair a éisteadh leis an gcás ina iomláine. I measc na n-iarratas nós imeachta, mar shampla, d’fhéadfaí iarratas ar chúnamh dlíthiúil a áireamh.

Ní cúirt dlínse áitiúil nó dlínse teoranta an Chúirt Achomhairc.

Saincheisteanna sibhialta

Tá dlínse ag an gCúirt Achomhairc in imeachtaí sibhialta:

  • Is féidir leis an gCúirt éisteacht le hachomhairc ó chinntí na hArd-Chúirte seachas i dtaobh na gcásanna siúd inar cheadaigh an Chúirt Uachtarach achomharc a dhéanamh léi
  • Féadfaidh sí rialáil a thabhairt ar cheist dlí a gcuireann an Chúirt Chuarda faoina bráid
  • Féadfaidh sí éisteacht le hachomhairc ó chásanna ar éisteadh leo san Ard-Chúirt faoi cé acu an bhfuil nó nach bhfuil dlí bunreachtúil

Ceisteanna coiriúla

Éisteann an Chúirt Achomhairc le hachomhairc i gcoinne ciontuithe nó pianbhreitheanna a thugann an Chúirt Choiriúil Chuarda, an Phríomh-Chúirt Chuarda (an Ard-Chúirt) agus an Chúirt Choiriúil Speisialta.

Féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí achomharc a dhéanamh leis an gCúirt Achomhairc:

  • Trócaire phianbhreithe
  • Cinneadh gan atriail a ordú

Chomh maith leis sin, féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí achomharc a dhéanamh ar phointe dlí ó thriail ar díothú leis an gCúirt Achomhairc. Ní chiallaíonn seo gur féidir leis an gCúirt fíorasc “neamhchiontach” a chur ar ceal. Ní dhéanann sé ach an dlí a shoiléiriú ar mhaithe le cásanna amach anseo.

Cé go n-éisteann 3 bhreitheamh le cásanna coiriúla, tugann an Chúirt Achomhairc breithiúnas amháin mura bhfuil saincheist bhunreachtúil i gceist. Ní dhéantar tuairim phoiblí de más ann do thuairim easaontach.

Ceisteanna armchúirteanna

Cúirteanna míleata iad na hArmchúirteanna. Déileálann siad le cionta i gcoinne an dlí mhíleata ag comhaltaí na bhFórsaí Cosanta. Éisteann an Chúirt Achomhairc le hachomhairc ó dhaoine a ndearna Armchúirt iad a chiontú.

Tá fáil ar fhaisnéis ar chóras na n-armchúirteanna ag military.ie.

Cinntí na Cúirte Achomhairc a achomharc

Ní féidir cinntí na Cúirte Achomhairc a achomharc ach leis an gCúirt Uachtarach:

  • Má bhaineann ceist lena mbaineann tábhacht ghinearálta phoiblí leis an gcinneadh, nó
  • Más gá, ar mhaithe le ceartas, go ndéantar achomharc

Breis faisnéise

Tá fáil ar bhreis faisnéise ar an gCúirt Achomhairc ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 Márta 2016