An Chúirt Choiriúil Speisialta

Eolas

Baineann Cúirteanna Coiriúil Speisialta le trialacha coiriúil amháin. Bunaítear iad áit nach bhfuil na gnáthchúirteanna oiriúnach chun riaradh éifeachtach dlí agus cirt agus cosaint síochána poiblí a chinntiú.

Is i 1972 a bunaíodh an Chúirt Choiriúil Speisialta atá ann faoi láthair agus tá sí déanta suas de trí bhreitheamh ó na gnáth chúirteanna - go hiondúil breitheamh ón Ard Chúirt, breitheamh ón gCúirt Chuarda agus breitheamh ón gCúirt Dúiche. Níl aon ghiúré sa gCúirt Choiriúil Speisialta.

Rialacha

Níl aon dhlínse sibhialta ag an gCúirt Choiriúil Speisialta. Aistrítear cásanna ó na gnáthchúirteanna coiriúil go dtí an Chúirt Choiriúil Speisialta:

  • Nuair is coir sceidealta atá sa gcoir atá i gceist. I gcásanna ina bhfuil coir sceidealta is iondúil go mbíonn coir treascrach i gceist agus téann siad seo i gcónaí chuig an gCúirt Choiriúil Speisialta. Ar an liosta coireanna sceidealta tá:
    - cionta faoin Chuid 7, Acht um Cheartas Coiriúil 2006
    - cionta faoin Acht um Substaintí Pléascacha 1883
    - cionta faoin Acht Arm tine 1925 go 1990
    - cionta faoin Acht um Choireanna i gCoinne an Stáit 1939 go 1998
  • Nuair nach "coir sceidealta" atá sa choir atá i gceist ach go n-eisíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí teastas ag dearbhú, ina thuairim, nach bhfuil na gnáthchúirteanna feiliúnach chun riaradh dlí agus cirt agus cosaint síochána poiblí a chinntiú. Nuair a eisíotar teastas den chinéal, caithtear an cás a aistriú ón gnáthchúirt go dtí an Cúirt Choiriúil Speisialta.

Féadtar achomharc i gcoinne ciontaithe nó pianbhreithe gearrtha ag an gCúirt Choiriúil Speisialta a thabhairt chuig an gCúirt Achomhairc Choiriúil

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 Eanáir 2021