Coimircithe cúirte

Réamhrá

Rinneadh coimirce cúirte de dhuine ar chinn na cúirteanna nach raibh sé in ann aire a thabhairt dá ghnóthaí féin roimh an 26 Aibreán 2023. Rinne an chúirt nó duine a bhí ceaptha ag an gcúirt ar a dtugtar an coiste cinntí ar a shon.

Ó bhí 26 Aibreán 2023 ann, ní féidir iarratais maidir le haosaigh do theacht chun bheith ina Choimirce Cúirte a dhéanamh a thuilleadh. Leagtar amach san Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) 2015 córas nua chun cabhrú le daoine a bhfuil deacracht acu toisc go bhfuil cumas laghdaithe acu nó nach bhfuil cumas ar bith acu. Is ann do chineálacha éagsúla Socruithe Tacaíochta Cinntí a bhraitheann ar do leibhéal cumais tráth a mbíonn an cinneadh le déanamh.

Sna 3 bliana amach romhainn, déanfaidh an chúirt athbhreithniú ar chásanna coimircithe cúirte is aosaigh agus aistreoidh siad go dtí socrú nua maidir le tacaíocht cinntí, más gá sin. Féadfaidh coimircí, coiste an choimircí nó garghaol nó cara iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun go ndéanfar athbhreithniú níos sciobtha ar an gcás.

Athruithe ar chóras na gCoimircithe Cúirte i mí Aibreáin 2023

Leis an Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) 2015 cuirfear deireadh le hiarratais chun go ndéanfar coimirce cúirte de dhuine amhail ón 26 Aibreán 2023. Leis an dlí nua seo soláthraítear creat dlí mionsonraithe do dhaoine a dteastaíonn cabhair uathu chun cinntí a dhéanamh maidir lena leas, a maoin agus gnóthaí eile agus ar féidir gur Choimircithe Cúirte a bhí iontu roimhe seo.

Leis an Acht tugtar isteach treoirphrionsabail nua maidir le hidirghníomhú le duine a bhfuil deacrachtaí aige lena chumas cinnteoireachta agus bunaítear córas de shocruithe tacaíochta cinntí do na daoine sin.

Déanfar measúnú ar chumas cinnteoireachta gach duine atá ina choimircí cúirte faoi láthair. Cinnfidh na cúirteanna cé acu an dteastaíonn nó nach dteastaíonn tacadóir cinntí uathu.

Laistigh de thrí bliana, tabharfar gach coimirce cúirte is aosach faoi réim an chreata dlí nua. Más leanbh fós an coimirce cúirte tar éis na tréimhse trí bliana sin, tarlóidh an t-athbhreithniú ar an gcumas cinnteoireachta laistigh de 6 mhí tar éis dó 18 mbliana a shlánú.

físeán déanta ag an tseirbhís cúirteanna do choimircithe cúirte agus dá gcoistí.

Próiseas athbhreithnithe le haghaidh coimircithe cúirte reatha

Más coimircí cúirte is aosach thú, déanfaidh an chúirt athbhreithniú ar do chás le fáil amach an dteastaíonn cabhair uait fós chun cinntí a dhéanamh as dostuaim féin. Leis an athbhreithniú sin tabharfar na nithe seo a leanas duit:

  • Deis éisteacht a fháil sa chúirt coimircíochta agus athbhreithniú á dhéanamh ar do chásanna
  • Rochtain ar ionadaíocht agus ar chúnamh dlíthiúil
  • Measúnú feidhmiúil maidir le cumas ag baint úsáide as na treoirphrionsabail nua a chuirfidh an chúirt i bhfeidhm

Má dhearbhaíonn an chúirt coimircíochta go bhfuil easpa cumais ag an gcoimircí, fiú le cuidiú ó chomhchinnteoir, coinneoidh an Chúirt Chuarda an dearbhú sin faoi athbhreithniú ina dhiaidh sin.

doiciméad soléite ag an tSeirbhís Tacaíochta Cinntí maidir le himeacht ó choimircíocht.

Cad a tharlaíonn do Choimircithe Cúirte go dtí go dtabharfar an próiseas athbhreithnithe chun críche 

Go dtí go dtabharfar an próiseas athbhreithnithe chun críche, leanfar de bhainistiú coimircí cúirte amhail an 26 Aibreán 2023 ag oifig na gCoimircithe Cúirte.

Ról an Choiste

Nuair a rinneadh coimircí cúirte de dhuine, rinne an Ard-Chúirt duine cuí a cheapadh chun gníomhú ar a son – tugtar an “coiste” ar an duine nó ar na daoine sin. Is ón gcúirt a thagann cumhachtaí an choiste. Ní féidir leis an gCoiste ach an méid a n-údaraíonn an chúirt dó a dhéanamh. Ní mór Oifig na gCoimircithe Cúirte a choinneáil ar an eolas faoi gach gníomh a dhéantar thar ceann an Choimircí.

Tá an Coiste ar dhuine de na daoine a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt go ndéanfaí athbhreithniú ar chumas an Choimircí. Fágfaidh sé seo go ndéantar an duine a urscaoileadh ó choimircíocht. Tiocfaidh deireadh le ról an Choiste ansin agus cuirfear socrú cinnteoireachta nua i bhfeidhm. Mar shampla, féadfaidh an t-iar-chomircí an Coiste a cheapadh mar chúntóir cinnteoireachta nó mar chomhchinnteoir. Féadfaidh an chúirt coimircíochta iar-choiste a cheapadh mar ionadaí cinnteoireachta freisin.

Gnóthaí an Choimircí a bhainistiú

Cé go bhfuil an coimircí ag fanacht go ndéanfar an t-athbhreithniú, tá feidhm fós ag dualgais an choiste agus na hArd-Chúirte. Áirítear ar na dualgais sin:

Soláthar do chleithiúnaithe

Tá dualgas dlíthiúil ar choimircí a bhfuil cleithiúnaithe acu iad a chothabháil agus déanann Oifig na gCoimircithe Cúirte socruithe chun soláthar a dhéanamh dá gcothabháil agus dá sochar de réir a riachtanas agus acmhainní an choimircí.

Faoiseamh agus íoc cánach ioncaim

Tá an ceanglas céanna ar choimircí tuairisceáin chánach ioncaim a chur isteach agus atá ar cháiníocóirí eile. Mar sin féin, síníonn an coiste nó cuntasóir an choimircí, más rud é gur fhostaigh sé nó sí cuntasóir sular tógadh faoi choimircíocht é nó í, an tuairisceán thar ceann an choimircí.

Maoin an Choimircí

Tar éis d’Uachtarán na hArd-Chúirte ordú a dhéanamh lenar tógadh duine faoi choimircíocht tugadh sé treoracha chun sócmhainní an choimircí a thabhairt faoi rialú na cúirte agus iad a chur ar fáil ar mhaithe le cothabháil agus le leas an choimircí.

I gcás inar gá teach an Choimircí a dhíol chun soláthar a dhéanamh maidir le costais tí altranais nó d'fhonn nach ndéanfar loitiméireacht ar an teach, údaróidh an chúirt don choiste an mhaoin a chur ar an margadh.

De ghnáth déantar cuntais bhainc agus cuntais chumainn foirgníochta a dhúnadh agus na fáltais a thaisceadh sa chúirt.

Teach a cheannach

Ní féidir maoin a cheannach thar ceann choimircí mar infheistíocht amháin.

Is féidir maoin a cheannach thar ceann an choimircí más rud é

  • Go bhfuil dóthain acmhainní aige
  • Go bhfuil de chumas acu cónaí i measc an phobail
  • Nach bhfuil cóiríocht imleor nó oiriúnach acu in aon áit eile

Má tá an coimircí i gcúram cónaithe agus gur gá cóiríocht a chur ar fáil dá gcleithiúnaithe, is féidir maoin a cheannach in ainm an choimircí ar mhaithe leo.

Cúram leighis do Choimircí

Má bhíonn cóireáil leighis ag teastáil ó Choimircí a éilíonn an t-ospidéal foirm thoilithe ina leith, ba chóir cead a fháil ó Uachtarán na hArd-Chúirte. I gcásanna éigeandála, b’fhéidir nach mbeifear in ann formheas a fháil. Sa chás sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag gnáthchúrsaí leighis.

Pósadh

Is féidir le duine atá ina choimircí pósadh. Braitheann cé acu atá nó nach bhfuil an pósadh sin bailí ar chumas an choimircí tráth an phósta. Má thógtar duine faoi choimircíocht tar éis a phósta, ní chuirtear an pósadh sin ó bhail.

Ag taisteal lasmuigh d’Éirinn

Ní fhéadfaidh coimircí cúirte Éire a fhágáil gan toiliú na hArd-Chúirte. De ghnáth tugtar cead an dlínse a fhágáil, agus cúrsaí leighis nó sábháilteachta á gcur san áireamh.

Filleadh ar a ghnóthaí féin

Ní mór don Choimircí nó d'aturnae thar a gceann iarratas ó Choimircí go ndéanfar é a urscaoileadh ó Choimircíocht a dhéanamh i scríbhinn chuig Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte. Ba chóir go mbeadh an t-iarratas sin bunaithe ar fhianaise liachta a thabharfadh le fios go bhfuil an Coimircí slán ar a chiall anois agus go bhfuil sé de chumas aige a ngnóthaí féin a bhainistiú.

Uacht a dhéanamh

Faoi réir thoiliú Oifig na Cúirte, féadfaidh coimircí uacht a dhéanamh:

  • Má chuireann siad in iúl gur mian leo uacht a dhéanamh
  • Má tá fianaise liachta ann go bhfuil siad in ann uacht bhailí a dhéanamh
  • Má tá an t-aturnae a fuair treoir ón gcoimircí sásta go bhfuil siad in ann uacht bhailí a dhéanamh

Nuair a fhaigheann coimircí bás

Nuair a fhaigheann coimircí bás, nuair a bheidh aon fhiacha íoctha agus nuair a eiseofar Deonú Probháide nó Riaracháin, déantar an t-eastát a dháileadh de réir uacht an choimircí nó faoi na rialacha maidir le comharbas díthiomnach.

Eagraíochtaí ar féidir leo cabhrú

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas Coimircíochta, ba chóir duit dul i dteagmháil le d’aturnae.

Nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh le:

Oifig na gCoimircithe Cúirte

An 3ú hUrlár
15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
D07 X028

Teil: +353 1 888 6189

None

Seirbhís Tacaíochta Cinnteoireachta

Teil: 01 2119750
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Bealtaine 2023