Tugann an dlí coiriúil in Éirinn cumhachtaí áirithe do Ghardaí tú a choinneáil faoina gcoimeád tar éis gabhála. Tá dhá chúis go gcoinneofaí tú ar choinneáil tar éis gabhála:
Tá sé tábhachtach a thuiscint go bhfuil na cumhachtaí coinneála ag brath ar an gcion lenar gabhadh tú.
Má chúisítear tú agus má thógtar os comhair na Cúirte Dúiche tú, is
féidir tú a scaoileadh faoi bhannaí nó a choinneáil i gcoimeád nuair atá
tú ag feitheamh le do thriail. Is ar athchur a ghlaoitear ar na
cúrsaí seo.
Má dhéantar tú a ghabháil do chion nach gceadaíonn do choinneáil, caithfear tú a chúiseamh i gcion agus a thabhairt os comhair bhreithimh na Cúirte Dúiche chomh luath agus is féidir. Má dhéantar tú a ghabháil tar éis 5in tráthnóna ar bith agus má tá an Chúirt Dúiche ag suí roimh mheánlae an lá dar gcionn, tá sé inghlactha go dtógfaí os comhair na cúirte tú ag tús an tsuí sin.
Ach ar an láimh eile, má dhéantar tú a ghabháil do chion a cheadaíonn do ghabháil i stáisiún na nGardaí chun cuidiú le fiosrúchán na nGardaí, déanfar tú a choinneáil go hiondúil don tréimhse atá ceadaithe de réir an dlí.
Tá cúig phríomhphíosa reachtaíochta a rialaíonn coinneáil tar éis gabhála:
Tá cúig phíosa reachtaíochta a aithníonn coincheap na coinneála tar éis gabhála ag Gardaí, chun cuidiú lena bhfiosrúcháin. Caithfidh cúis réasúnach a bheith ag na Gardaí le creidiúint go bhfuil coinneáil riachtanach, leis an gcion a fhiosrú i gceart.
Féach ‘Tuilleadh eolais’ thíos ar chionta lena mbaineann coinneáil.
Réimníonn an uastréimhse do choinneáil idir 24 uair agus 7 lá, ag brath ar alt na reachtaíochta faoina bhfuil tú á gcoinneáil. I dtromlach na gcásanna, is féidir tú a choinneáil suas le 6 huaire ar údarú an duine atá i bhfeighil i stáisiún na nGardaí. Do chionta faoi Alt 30 den Acht um Chionta in aghaidh an Stáit 1939, is féidir le do thréimhse coinneála tosaigh a bheith suas le 24 uair. Chun tú a choinneáil faoi Alt 42 den Acht um Cheartas Coiriúil 1999, caithfidh na Gardaí barántas a fháil ón gCúirt Dúiche i dtosach, a dhéanann do ghabháil agus do choinneáil thosaigh a údarú. Is féidir tú a thógáil ansin ón bpríosún chuig stáisiún na nGardaí.
Go ginearálta, nuair a chríochnaíonn tréimhse thosaigh na coinneála, is féidir le Garda ag céim Ceannfoirt nó níos airde, dhá thréimhse choinneála bhreise a údarú. Ag brath ar alt an dlí a bhaineann le do choinneáil, b'fhéidir go mbeadh síneadh breise le húdarú ag Garda atá ag céim Ceannfoirt nó níos airde.
D'fhéadfaí tréimhsí coinneála breise a dheonú tar éis iarratais chun na Cúirte Dúiche nó Cuarda, ag Garda atá ag céim Ceannfoirt nó níos airde. Maidir le hAlt 30 den Acht um Chionta in aghaidh an Stáit 1939, is féidir le Ceannfort iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche.
Tá ná tréimhsí coinneála a bhaineann le hailt éagsúla na
reachtaíochta tugtha sa tábla thíos:
| Tréimhsí coinneála incheadaithe | |||||
| Alt 4 | Alt 42 | Alt 30 | Alt 2 | Alt 50 | |
| Tréimhse tosaigh | 6 huaire | 6 huaire | 24 uair | 6 huaire | 6 huaire |
| An chéad shíneadh údaraithe ag Ceannfort | 6 huaire | 6 huaire | 24 uair (Nóta 1) |
18 n-uaire (Nóta 1) |
18 n-uaire |
| An dara síneadh údaraithe ag Ard-Cheannfort | 12 uair | 12 uair | 24 uair | 24 uair | |
| An chéad shíneadh údaraithe ag an gCúirt Dúiche nó Chuarda | 24 uair (Nóta 2) |
72 uair | 72 uair | ||
| An dara síneadh údaraithe ag an gCúirt Dúiche nó Chuarda | 48 uair | 48 uair | |||
| Iomlán | 24 uair | 24 uair | 72 uair (3 lá) |
168 uair (7 lá) |
168 uair (7 lá) |
Nóta 1: Caithfidh an chéad shíneadh a bheith údaraithe ag Ard-Cheannfort
an Gharda Síochána (nó céim níos airde).
Nóta 2: Tá an síneadh údaraithe ag an gCúirt Dúiche tar éis iarratais ó
Cheannfort na nGardaí.
B'fhéidir. Má tharlaíonn sé le linn na coinneála, go dtógtar ó stáisiún na nGardaí chuig ospidéal tú nó áit oiriúnach do chóir leighis, ní thógtar an tréimhse neamhláithreachta seo san áireamh nuair atá do choinneáil á ríomh.
B'fhéidir nach ndéanfaí tréimhsí eile a áireamh, ag brath ar alt na reachtaíochta faoina bhfuil tú á gcoinneáil. Má dhéantar tú a choinneáil faoi Alt 4 nó 42 agus má chuirtear an ceistiúchán ar fionraí do thréimhse ama idir mheánoíche agus 8rn chun ceadú duit do scíth a ligean, ní bheidh an t-am ina cuireadh an ceistiúchán ar fionraí san áireamh. Má tá tú coinnithe faoi Ailt 4, 42, nó 50 agus má fhreastalaíonn tú ar an gcúirt maidir le hiarratas a bhaineann le dleathacht do choinneála, ní dhéantar an tréimhse neamhláithreachta ó stáisiún na nGardaí a áireamh.
Má chríochnaíonn do thréimhse choinneála le linn iarratais chun na cúirte ó Ghardaí maidir le tréimhse choinneála bhreise, breithnítear nach dtagann sí chun críche go dtí cinneadh deiridh na cúirte faoin iarratas.
An tAcht um Cheartas Coiriúil 2011 (pdf) a leasú choinneáil faoi Alt 4 i leith cionta inghabhála áirithe chun ligean do choinneáil chun a chur ar fionraí agus chun tú a a scaoileadh i rith na fionraí. Áirítear ar na cionta cionta i réimsí na baincéireachta agus airgeadais, dlí na gcuideachtaí, sciúradh airgid, calaois, éilliú, leis an iomaíocht, cosaint tomhaltóirí agus cibearchoireacht.
Lasmuigh den choinneáil faoi Alt 30, ní cheadaítear coinneáil na n-amhrastach atá faoi bhun 12 bhliain d'aois. Mar sin féin, má tharlaíonn sé go bhfuil cúis réasúnta ag an mball ceannasach i stáisiún na nGardaí a chreidiúint nach bhfuil an t-amhrastach faoi bhun 12 bliana d'aois, níl baint ag an gcosc seo. Beidh sé riachtanach don bhall ceannasach na cúiseanna seo a fhírinniú, má thiteann sé amach níos déanaí go raibh an t-amhrastach faoi bhun 12 bhliain d'aois. Tuilleadh eolais ar dhéileáil le leanaí atá faoi choimeád na nGardaí ar fáil anseo.
Mura bhfuil aon chúiseanna fágtha ag na Gardaí le creidiúint go bhfuil do choinneáil riachtanach chun cion a fhiosrú i gceart nó má tá do thréimhse choinneála imithe as feidhm, caithfear tú a chúiseamh i gcion nó a scaoileadh ó choimeád. Má tá tú á chúiseamh i gcion, déanfar tú a thógáil os comhair na cúirte.
Má tá tú á choinneáil faoi Alt 42 agus mura bhfuil do choinneáil ag
teastáil níos mó nó má tá sí imithe as feidhm, déantar tú a thabhairt
ar ais chun an phríosúin gan chúiseamh.
Tá roinnt cúinsí eile ina bhféadfá a bheith faoi choinneáil ag
Gardaí. Is féidir cur síos a dhéanamh orthu seo mar choinneáil do
chuspóirí riaracháin, agus níl údarú ag teastáil ó dhuine ar bith, ach
amháin an Garda gabhála.
Samplaí díobh seo ná:
Nuair a thógtar chun na Cúirte Dúiche tú den chéad uair tar éis cúisimh, tá dhá rogha ag an gcúirt:
Nuair a thógtar os comhair na Cúirte Dúiche tú an dara huair agus ina dhiaidh sin, tá dhá rogha ag an gcúirt:
Mura féidir leat dul chun na cúirte toisc tinneas, is féidir leis an gcúirt tú a athchur i gcoimeád le linn duit a bheith as láthair.
Má bhí tú ar athchur i gcoimeád agus mura bhfuil aon suí cúirte ar an dáta athchuir, beidh tú ar athchur i gcoimeád don chéad suí eile den chúirt i gcuaird chéanna na Cúirte Dúiche.
Má bhí tú ar athchur faoi bhannaí agus mura bhfuil aon suí cúirte ar an dáta athchuir, beidh tú ar athchur i gcoimeád don chéad suí eile den chúirt i gceantar chéanna na Cúirte Dúiche.
Má tá tú ar athchur i gcoimeád ar feadh tréimhse de 4 lá nó níos
lú, d'fhéadfadh an chúirt tú a chimiú faoi choimeád na nGardaí.
Ciallaíonn sé seo go gcoinnítear i stáisiún na nGardaí tú seachas sa
phríosún.
Baineann coinneáil faoi Alt 4 le cion ar bith atá déanta ag aosach (nach
bhfuil cúisithe cheana féin), agus a bhféadfaí pionós a ghearradh air i
bhfoirm príosúnachta, ar feadh tréimhse de chúig bliana nó níos mó.
Baineann pionós mar seo le tromlach na gcionta lena ndéantar daoine a
ghabháil, agus tagann siad laistigh de raon Ailt 4 dá réir.
Ceadaíonn Alt 42 den Acht um Cheartas Coiriúil 1999 do Ghardaí
príosúnach a ghabháil atá ag comhlíonadh pianbhreithe nó ag fanacht le
triail. Caithfidh an choinneáil baint a bheith aici le cion nó cionta
inghabhála, lasmuigh den cheann faoina bhfuil tú i bpríosún.
(Nóta: ciallaíonn cion
inghabhála cion lena mbaineann príosúnacht de chúig bliana nó níos
mó).
Cé go gclúdaíonn Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984 agus Alt 42 den Acht um Cheartas Coiriúil 1999, coinneáil maidir le raon leathan cionta, ní dhéanann Alt 30 den Acht um Chionta in aghaidh an Stáit foráil ach amháin do thréimhse choinneála a bhaineann leis na cionta a leanas:
Ceadaíonn Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 duit a bheith faoi choinneáil ag Gardaí, nuair a chreideann siad go bhfuil cion gáinneála drugaí déanta agat. Is é is cion gáinneála drugaí ann ná:
Baineann Alt 50 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007 le coinneáil maidir leis na cionta a leanas:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.