Ceart slí

Cad é ceart slí?

Ceadaíonn ceart slí duit taisteal ar thalamh ar le duine eile é. Tá dhá shaghas ceart slí ann – ceart slí poiblí agus ceart slí príobháideach.

D’fhéadfadh teorainneacha a bheith ar conas is féidir leat ceart slí a úsáid. Mar shampla, b’fhéidir nach mbeidh cead agat siúl nó rothaíocht ar chearta slí áirithe, ach b’fhéidir go mbeidh cead agat tiomáint ar chinn eile. D’fhéadfadh coinníollacha a bheith bainteach le cearta slí áirithe freisin, cosúil le geata a dhúnadh tar éis duit taisteal tríd.

Athruithe a bheidh ag teacht aníos ar rialacha maidir le cearta slí

Tháinig an tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2021 i bhfeidhm an 30 Samhain 2021. Rinne sé na riachtanais a aisiompú faoi chearta slí a raibh tús le cur leo an 1 Nollaig 2021.

Baintear na riachtanais a leagtar amach san Acht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2009 in Acht 2021 maidir le:

  • Cearta slí áirithe a chlárú
  • Cloí le hamlíne nua chun ceart slí príobháideach a bhunú

Faoi Acht 2021, déantar an dlí faoi conas a bhunaítear ceart slí príobháideach a athrú siar chuig an mbealach a dhéantaí é roimh Acht 2009, agus beidh clárú roghnach.

Cad é an difríocht idir ceart slí poiblí agus príobháideach?

Tugann ceart slí poiblí cead do dhuine ar bith é a úsáid. Mar shampla, ceart slí poiblí é bóthar poiblí. Tá roinnt bheag cearta cláraithe poiblí ann nach ndéantar a chothabháil mar bhóithre poiblí.

Cearta slí poiblí iad roinnt cosáin siúil freisin. “Bealaí ceadaitheacha” iad go leor bealaí siúil, áfach, agus ní cearta slí poiblí iad. Ciallaíonn seo go dtugann na húinéirí talún cead duit an bealach a úsáid ach d’fhéadfaidís an cead sin a aistarraingt ag aon tráth. Féach ár gcáipéis Ag siúl agus ag fánaíocht in Éirinn chun teacht ar eolas breise faoi seo.

Ní féidir ach le daoine áirithe ceart slí príobháideach a úsáid do chuspóirí teoranta, cosúil le teacht ar a réadmhaoin. Is gnách gur socruithe iad cearta slí príobháideacha idir comharsana. Is éard a d’fhéadfadh bheith i gceist le ceart slí príobháideach ná lána, bóithrín nó bearna i gclaí a ghabhann a fhad le réadmhaoin ar le duine éigin é nach leo an lána, an bóithrín ná an bhearna. Tugtar éasúintí ar na cearta slí príobháideacha seo freisin.

Conas a bhunaítear ceart slí príobháideach?

Bunaítear ceart slí príobháideach, go ginearálta, ar cheann amháin de na 3 bhealach seo a leanas:

1.Trí úsáid a bhaint as

2.Mar gheall go bhfuil gá leis nó trí impleacht

3.Nuair a bhíonn talamh á haistriú

Ceart slí a bhunú trí úsáid a bhaint as

Bunaítear ceart slí príobháideach, go ginearálta, má bhaineann tú úsáid oscailte as talamh, gan cead a bheith agat ón úinéir, ar bhealach ar leith ar feadh líon ar leith blianta. Mar shampla, b’fhéidir gur thaistil feirmeoir ar thalamh chomharsan lena mbeostoc nó lena n-innealra ar feadh go leor blianta. Tugtar fáil trí shaintreoir air seo, amanna.

Bunaítear ceart slí, go traidisiúnta, nuair a thaistil tú ar an talamh go leanúnach ar feadh breis agus 20 bliain.

Ceart slí a bhunú de bharr riachtanais

Is féidir le ceart slí príobháideach a bhunú freisin de bharr riachtanais nó impleachta. Mar shampla, má cheannaíonn tú píosa talún atá talamhiata, is gnách go ndeonófar ceart slí duit chun taisteal ar thalamh an díoltóra, chun gur féidir leat do thalamh féin a bhaint amach.

Ceart slí a bhunú nuair a bhíonn talamh á haistriú

Is féidir le húinéir talún ceart slí a dheonú nó a choimeád freisin nuair a bhíonn talamh á haistriú. Ba cheart seo a bheith leagtha amach go soiléir i gcomhaontú foirmiúil le haon díospóidí a sheachaint.

Is féidir ceart slí a bhunaítear mar gheall gur baineadh úsáid as ar feadh tréimhse fhada nó de bharr riachtanais, a chailleadh mura n-úsáidtear é ar feadh 12 bhliain agus mura gcláraítear é.

Ceart slí príobháideach a chlárú

Ón 1 Nollaig 2021 ar aghaidh níl aon ghá cearta slí a chlárú tar éis go ndearna an tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha (Leasú), 2021 cearta slí a chlárú roghnach.

Go dtí an 30 Samhain 2021, ceanglaíodh in Acht 2009 go ndéanfaí cearta slí a fhaightear trí úsáid a chlárú. Nuair a cláraíodh ceart slí, luadh ar fhóilió réadmhaoine é. Cáipéis oifigiúil é fóilió ina ndéantar cur síos ar an réadmhaoin agus ar cé leis é.

Mura raibh aon díospóid faoi cheart slí, dhéanfaí é a chlárú leis an Údarás Clárúcháin Maoine (an ÚCM). Le ceart slí a chlárú, bhí ort mionnscríbhinn a mhionnú agus a sheoladh chuig an ÚCM.

Nuair a fuair an ÚCM an t-eolas seo, chuir siad an duine ar leo an talamh ar a ngabhann an ceart slí ar an eolas. Murar chuir an t-úinéir in aghaidh an chirt slí, chláraigh an ÚCM é.

Má bhí díospóid faoin gceart slí, bhí ort iarratas a dhéanamh leis an gCúirt Chuarda leis an gceart slí a chlárú.

Chun teacht ar eolas breise faoi athruithe a tháinig le déanaí ar cheart slí príobháideach a chlárú, féach láithreán gréasáin an ÚCM.

An tÚdarás Clárúcháin Maoine

Sráid na Seansaireachta

Baile Átha Cliath 7

Éire

Guthán: 051 303000

Leathanach Baile: http://www.prai.ie

Ríomhphost: info@prai.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 28 Meán Fómhair 2021