Do chearta mar íospartach na coireachta

Réamhrá

Is é an sainmhíniú a thugtar i ndlí na hÉireann ar íospartach na coireachta ná aon duine a bhí thíos le caillteanas fisiciúil, meabhrach nó mothúchánach nó geilleagrach ar chion coiriúil ba chúis dhíreach leis. Íospartaigh atá i ndaoine muinteartha freisin más cion coiriúil ba chúis dhíreach le bás duine mhuinteartha leo.

Más íospartach na coireachta thú, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le gníomhaireachtaí rialtais, cosúil leis an nGarda Síochána (póilíní na hÉireann), an chúirt, an tSeirbhís Phromhaidh, agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (an SIP). Tá an ceart agat eolas a fháil i bhfriotal simplí inrochtana is féidir leat a thuiscint nuair a bhíonn tú ag déileáil leis na gníomhaireachtaí seo.

Má bhíonn riachtanais speisialta chumarsáide agat, ba cheart freastal orthu seo. Má labhraíonn tú teanga seachas an Béarla, ba cheart ateangaire a sholáthar duit. Is féidir leat iarraidh chomh maith go ndéanfar eolas scríofa a aistriú chun gur féidir leat é a thuiscint.

Leagtar do chearta mar íospartach na coireachta amach ar an mbealach is soiléire san Acht um Cheartas Coiriúil (Íospartaigh na Coireachta), 2017 (arna leasú) (pdf).

Cad a tharlaíonn nuair a dhéanaim teagmháil leis na Gardaí?

Nuair a dhéanann tú teagmháil i dtosach leis an nGarda Síochána (nó le Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána), bíonn an ceart agat réimse fairsing eolais a fháil, ar cheart go n-áireofaí leis:

  • Conas coir a thabhairt le fios
  • Na seirbhísí tacaíochta a bhíonn ar fáil duit
  • Conas is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chúiteamh do do ghortuithe
  • An ról atá agat sa phróiseas ceartais choiriúil

Cuirtear eolas breise ar fáil ar an Líne Chabhrach d’Íospartaigh na Coireachta faoin eolas ba cheart duit a fháil nuair a thugann tú coir le fios.

Cad a tharlaíonn nuair a thugaim coir le fios?

Nuair atá coir á tabhairt le fios agat, nuair atá ráiteas á dhéanamh agat agus nuair atá agallamh á chur ort, bíonn an ceart agat do rogha duine a thabhairt leat chun tacaíocht a thabhairt. Is féidir leat ionadaí dlíthiúil (aturnae) a thabhairt leat, chomh maith.

Is féidir leis na Gardaí iarraidh ort, áfach, go roghnaíonn tú duine tacaíochta nó ionadaí dlíthiúil difriúil má cheapann siad go dtéann sé chun do shárleasa, nó má cheapann siad go bhféadfadh an duine a roghnaigh tú cur isteach ar an imscrúdú.

I ndiaidh duit coir a thabhairt le fios, bíonn an ceart agat aitheantas scríofa a fháil ar an méid a thug tú le fios. Is gnách go mbíonn an ceart agat cóip a fháil d’aon ráiteas a rinne tú leis na Gardaí. Is féidir leat seo a fháil trí iarraidh ar Oifig áitiúil Seirbhíse an Gharda Síochána d’Íospartaigh.

Fiú mura dtugann tú an choir le fios, bíonn tú i dteideal teacht ar sheirbhísí tacaíochta d’íospartaigh na coireachta agus eolas faoi na seirbhísí seo a fháil.

Cad faoi más íospartach na coireachta thar lear mé?

Más íospartach na coireachta thú fad a bhíonn cuairt á tabhairt agat ar thír eile, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hambasáid nó consalacht na hÉireann chun tacaíocht a fháil. Ag brath ar chineál na coireachta, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh freisin leis na póilíní áitiúla. Is féidir le hambasáid nó consalacht áitiúil na hÉireann cabhrú leat déileáil leis na póilíní áitiúla, más gá.

Má d’fhill tú ar Éirinn ó shin, is féidir leat an choir a thabhairt le fios don Gharda Síochána a chuirfidh seo faoi bhráid na seirbhíse cuí póilíneachta.

Cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha eolas breise ar fáil ar ról ambasáidí agus consalachtaí i dtaobh tacú le híospartaigh na coireachta thar lear.

Cén cearta a bhíonn agam nuair atá an choir á himscrúdú?

Mar chuid den imscrúdú, b’fhéidir go mbeidh agallamh le cur ort agus, ag brath ar chineál na coire, scrúdú dochtúra le déanamh ort. Ba cheart go ndéanfaí a laghad d’aon agallaimh agus scrúduithe riachtanacha, áfach.

Is féidir leat eolas a iarraidh faoi fhorbairtí suntasacha a tháinig ar an imscrúdú, cosúil le duine a bhfuil amhras faoi a ghabháil agus a chúiseamh, agus tá dualgas ar na Gardaí an t-eolas seo a sholáthar.

Níl tú i dteideal aon eolas a fháil, áfach, a d’fhéadfadh an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Cur isteach ar an imscrúdú
  • Duine eile nó slándáil an Stáit a chur i mbaol
  • Dochar a dhéanamh d’imeachtaí coiriúla atá ar bun nó a bheidh ar bun amach anseo

Má bhaintear maoin díot mar chuid den imscrúdú, ba cheart duit é a fháil ar ais gan mhoill, más féidir. Más gá é a úsáid mar fhianaise i dtriail choiriúil, áfach, b’fhéidir nach bhfaighidh tú ar ais é go dtí go mbeidh an cás cúirte tugtha chun críche.

Cén cearta a bhíonn agam má stoptar an t-imscrúdú nó muran-ionchúisítear aon duine?

Is féidir leis na Gardaí an cinneadh a dhéanamh, amanna, stop a chur le coir a imscrúdú gan duine a bhfuil amhras faoi a shainaithint, nó is féidir leis na Gardaí nó an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (SIP) an cinneadh a dhéanamh gan duine a bhfuil amhras faoi a sainaithníodh a ionchúiseamh.

Nuair a tharlaíonn seo, cuirfidh na Gardaí nó an SIP ar an eolas thú ar an gceart atá agat iarraidh ar achoimre ar na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh, athbhreithniú ar an gcinneadh, agus an nós imeachta chun athbhreithniú a iarraidh.

Caithfear d’iarraidh ar achoimre ar chúiseanna a sheoladh laistigh de 28 lá i ndiaidh gur cuireadh ar an eolas thú ar an gcinneadh. Caithfear d’iarraidh ar athbhreithniú a sheoladh laistigh de 56 lá i ndiaidh gur cuireadh ar an eolas thú ar an gcinneadh, nó laistigh de 28 lá tar éis dháta litir na hachoimre ar chúiseanna a d’iarr tú air seo.

Má rinne na Gardaí an cinneadh, is féidir scríobh go díreach leis an gCeannfort nó le hOifig Seirbhíse an Gharda Síochána d’Íospartaigh. Má d’iarr tú ar athbhreithniú, tabharfaidh comhalta de na Gardaí nach raibh bainteach leis an mbunchinneadh faoi seo a dhéanamh.

Má rinne an SIP an cinneadh, is féidir leat scríobh chuig an Aonad Idirchaidrimh le hÍospartaigh ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Má d’iarr tú ar athbhreithniú, tabharfaidh duine éigin faoi seo nach raibh bainteach leis an mbunchinneadh a dhéanamh.

Cuirtear eolas breise ar fáil ar láithreán gréasáin an SIP faoi chinntí gan ionchúiseamh a dhéanamh.

An féidir liom cosaint nó tacaíocht speisialta a fháil?

Déanfaidh siad cinneadh cibé acu an dteastaíonn nó nach dteastaíonn tacaíochtaí nó cosaintí speisialta uathu fad a bhíonn an cás á imscrúdú ag na Gardaí. Nuair a bhíonn a gcinneadh á dhéanamh acu, déanfaidh siad breithniú (i measc rudaí eile) ar do chúinsí pearsanta agus saghas agus cúinsí na coireachta.

Mar shampla, is dóchúla go dteastóidh cosaint speisialta ó íospartaigh choireanna áirithe, cosúil le gáinneáil ar dhaoine nó foréigean i gcaidreamh dlúth. Is féidir íospartaigh faoi mhíchumas, nó íospartaigh a bhfuil deacracht acu cumarsáid a dhéanamh, a shainaithint freisin mar dhaoine óna dteastaíonn cosaintí speisialta.

Ba cheart duit na Gardaí a chur ar an eolas má cheapann tú go bhfuil aon riachtanais speisialta chosanta agat.

I measc roinnt de na cosaintí agus tacaíochtaí speisialta atá ar fáil, tá:

  • Tabhairt faoi agallaimh i láthair níos oiriúnaí
  • Agallaimh á gcur ar bun ag duine ar ar cuireadh sainoiliúint
  • Cosc a chur ar an bpobal ó a fhreastal ar thriail (ach is féidir leis an bpreas freastal, mar sin féin)
  • A chur ar chumas finné fianaise a thabhairt don chúirt laistiar de scáileán nó trí nasc físe ó sheomra éagsúil

Cuireann an Líne Chabhrach d’Íospartaigh na Coireachta eolas breise ar fáil ar na cosaintí agus tacaíochtaí speisialta atá ar fáil.

Má tá íospartach coire faoi 18 mbliana d’aois, glactar leis go dteastaíonn cosaintí speisialta uathu. Cuireann an Líne Chabhrach d’Íospartaigh na Coireachta eolas ar fáil ar na cosaintí agus tacaíochtaí speisialta atá ar fáil d’íospartaigh linbh.

Cad a tharlóidh sa chúirt?

Nuair thugtar an cás chun trialach, is féidir glaoch ort mar fhinné nó b’fhéidir gur mian leat freastal ar an triail agus féachaint uirthi. Más mian leat, is féidir leat an cinneadh a dhéanamh an tseirbhís Tacaíochta d’Íospartaigh a úsáid ag an gCúirt. Cuireann oibrithe deonacha oilte tacaíocht agus comhluadar ar fáil d’íospartaigh na coireachta nó d’fhinnéithe nuair a bhíonn siad ag freastal ar an gcúirt.

Is féidir leis an gcúirt áis nasc físe a sholáthar d’íospartaigh níos óige ná 18 mbliana d’aois a bhfuil fianaise á tabhairt acu i gcásanna tromchúiseacha gnéasacha nó coire foréigní, agus d’fhinnéithe leochaileacha nó a bhfuil imeaglú orthu.

Tá oibleagáid ar na Gardaí an t-eolas seo a leanas a sholáthar má iarrann tú air:

  • Cathain agus cén áit a dtitfidh an cás cúirte amach
  • Cad a bhfuil an duine a bhfuil amhras fúthu (an cosantóir sa chás) á chúiseamh ina leith
  • Má dhéantar an cosantóir chiontú, an dáta a bheidh pianbhreith le gearradh orthu

Má phléadálann an cosantóir ciontach nó má fhaightear ciontach iad, bíonn an ceart agat ráiteas pearsanta a dhéanamh sula ngearrfar pianbhreith orthu. Tugtar ráiteas tionchair íospartaigh air seo. Tugann sé deis duit cur síos a dhéanamh, i d’fhocail féin, ar conas a d’imir an choir tionchar ort go fisiciúil, go síceolaíoch agus ó thaobh cúrsaí airgeadais de.

Is féidir leis an gcúirt breithniú a dhéanamh ar do ráiteas nuair a bhíonn pianbhreith á gearradh ar chiontóir. Níos déanaí, is féidir leis an mBord Parúil a chur san áireamh má cuireadh an ciontóir chun príosúin agus má tá breithniú á dhéanamh air/uirthi le haghaidh scaoileadh sealadach. I roinnt cásanna, is féidir leis an mbreitheamh iarraidh ar an tSeirbhís Promhaidh tuairisc tionchair íospartaigh a ullmhú don chúirt.

Tá an ceart agat bheith curtha ar an eolas faoi aon cinneadh deiridh i gcás agus na cúiseanna a bhíonn leis an gcinneadh. Níl an ceart agat, áfach, go dtugtar cúis duit i gcás ina ndearna an giúiré an cinneadh.

Cad a tharlaíonn nuair a bhíonn an ciontóir i bpríosún?

Nuair a chuirtear an ciontóir i bpríosún, in ionad coinneála leanaí nó sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar, tá an ceart agat na rudaí seo a leanas a bheith ar eolas agat:

  • Dáta ionchasach (mí agus bliain) a scaoilte
  • Nuair a bheidh siad ar tí a scaoilte nó a n-aistrithe
  • Má d’éalaigh siad
  • Má fhaigheann siad bás fad a bhí siad faoi choimeád

Cá féidir liom níos mó eolais a fháil?

Tá roinnt cáipéisí ar citizensinformation.ie, a thugann eolas breise ar chúiteamh, tacaíochtaí agus an dlí a bhaineann le híospartaigh na coireachta.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Líne Chabhrach d’Íospartaigh na Coireachta chun teacht ar threoir agus eolas breise, nó is féidir leat cuairt a thabhairt ar a láithreán gréasáin, a thugann sonraí faoi sheirbhísí tacaíochta atá ar fáil d’íospartaigh na coireachta in Éirinn agus thar lear. Cuirtear eolas breise ar fáil sa leabhrán Cearta d’Íospartaigh na Coireachta (pdf) ar an áit ar féidir gearán a dhéanamh má bhraitheann tú gur sáraíodh do chearta.

Is féidir leat níos mó eolais a fháil maidir le do chearta agus teidlíochtaí mar íospartach na coireachta freisin ar láithreán gréasáin na Cairte d’Íospartaigh.

Líne Chabhrach d’Íospartaigh na Coireachta

Líne Cabhraí d'Íospartaigh na Coireachta

Teil: Freephone 116 006
Láithreán Gréasáin: https://www.crimevictimshelpline.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 Feabhra 2023