Seirbhísí Tacaíochta d’Íospartaigh na Coireachta

Réamhrá

Más íospartach na coireachta tusa nó gaol/cara leat, is féidir teagmháil a dhéanamh le heagraíocht chuí chun tacaíocht a fháil. Is féidir tacaíocht mhothúchánach agus phraiticiúil a fháil, mar aon le faisnéis a fháil faoi do chearta mar íospartach. Cothaíonn na heagraíochtaí seo feasacht an phobail ar shaincheisteanna íospartaigh freisin.

Tá eolas ar an leathanach seo faoi chuid de na seirbhísí atá ar fáil.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil freisin faoi do chearta ar shuíomh gréasáin Chairt na nÍospartach.

Líne Chabhrach d'Íospartaigh na Coireachta

Cuireann Líne Chabhrach d'Íospartaigh na Coireachta seirbhís éisteachta agus tacaíochta faoi rún ar fáil d’íospartaigh na coireachta, is cuma cathain a tharla an choir. Cuireann sé eolas ar fáil freisin faoi chearta agus sainseirbhísí d’íospartaigh coireanna ar leith amhail foréigean teaghlaigh, mí-úsáid ghnéasach agus éigniú.

Cabhair agus duine ag dul chun na cúirte

Tacaíocht Íospartach sa Chúirt

Soláthraíonn Tacaíocht Íospartach sa Chúirt (VSAC) eolas agus tacaíocht d’íospartaigh na coireachta, dá dteaghlaigh agus d’fhinnéithe. Cuireann sé eolas ar fáil faoina dtarlóidh sa chúirt agus is minic a thugtar daoine ar cuairt chuig an seomra cúirte roimh an triail. Tugann sé cúnamh agus tacaíocht ansin le linn phróiseas na trialach, lena n-áirítear freastal ar an gcúirt leat.

Seirbhísí Tacaíochta Tionlacain do Leanaí

Cuireann Seirbhísí Tacaíochta Tionlacain do Leanaí (ASSC) tionlacan agus tacaíocht ar fáil do leanaí agus dá dteaghlaigh nuair a bhíonn ar leanaí fianaise a thabhairt i dtriail choiriúil i mBaile Átha Cliath.

Is féidir leis an ASSC leanaí agus a dteaghlaigh a thionlacan freisin chuig scrúduithe fóiréinseacha ag

  • an tSeirbhís Cóireála um Ionsaí Gnéis ar Leanaí agus Ógánaigh i nGaillimh nó
  • in Aonad Cóireála Ionsaithe Gnéis an Rotunda i mBaile Átha Cliath.

Cuireann sé Seirbhís Tacaíochta Iarchúraim ar fáil freisin do dhaoine fásta a bhfuil baint acu le tacaíocht a thabhairt do leanbh tríd an bpróiseas fóiréinseach.

Seirbhísí tionlacan eile

Cuireann Cúnamh do Mhná, Cúnamh d’Fhir agus roinnt Ionad Éigeandála um Éigniú (féach ‘Foréigean gnéasach agus inscne-bhunaithe’ thíos) seirbhísí tionlacain cúirte ar fáil freisin.

Foréigean gnéasach agus foréigean bunaithe ar inscne

Rape Crisis Centres

The National Sexual Violence Helpline (also known as the National Rape Crisis Helpline) offers a free, confidential listening and support service for people who have been raped, sexually assaulted, sexually harassed or sexually abused at any time in their lives. Advice and referral to other services will also be provided.

Support is available in more than 240 languages through the helpline interpreting service.

  • National Sexual Violence Helpline: 1800 778 888, available 24 hours a day, 7 days a week
  • Helpline interpreting service: 1800 778 888, available Monday – Friday, 8am – 6.30pm
  • Text service for people who are deaf and hard of hearing: 086 823 8443, available Monday – Friday, 8am – 6.30pm
  • Online webchat on the Dublin Rape Crisis Centre website, available Monday to Friday, 10am – 5pm, and also from midnight to 3am on Tuesdays and Wednesdays
  • Is féidir faisnéis a fháil ar na tacaíochtaí agus na roghanna atá ar fáil do mharthanóirí an fhoréigin ghnéasaigh ag rapecrisishelp.ie.

Finding Your Way after Sexual Violence is an online guide to the options and supports available after rape, sexual assault and other forms of sexual violence. The guide has information on accessing a Sexual Assault Treatment Unit, reporting to the Gardaí, and where to go for help.

Is é Líonra Éigeandála um Éigniú na hÉireann (RCNI) an comhlacht ionadaíoch d’Ionaid Éigeandála um Éigniú. Is féidir Treoir maidir leis an bpróiseas dlíthiúil do mharthanóirí an fhoréigin ghnéasaigh (pdf) a léamh anseo.

Cúnamh do Mhná

Cuireann Cúnamh do Mhná seirbhísí faisnéise agus tacaíochta ar fáil do mhná agus do leanaí ar íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh iad. Áirítear ar na tacaíochtaí seo líne chabhrach 24 uair an chloig (Saorghlao 1800 341 900) agus seirbhís tionlacain cúirte.

Cúnamh d’Fhir

Soláthraíonn Cúnamh d’Fhir líne chabhrach rúnda (01 5543811), seirbhís tacaíochta agus eolas d’íospartaigh fireanna mí-úsáide teaghlaigh.

Dignity4Patients

Soláthraíonn Dignity4Patients tacaíocht, abhcóideacht agus faisnéis d’othair a d’fhulaing tráma nó mí-úsáid ghnéasach i suíomh leighis.

Teaghlaigh íospartaigh an dúnbhásaithe

Abhcóidí d'Íospartaigh Dúnbhásaithe

Cuireann Abhcóidí d’Íospartaigh Dhúnbhásaithe (AdVtacaíocht ar fáil do theaghlaigh agus do chairde íospartach an dúnmharaithe nó dúnorgain.

Soláthraíonn sé faisnéis agus cúnamh agus féadann sé tú a atreorú chuig sainseirbhísí cuí. Soláthraíonn sé seirbhís chomhairleoireachta ar fud na tíre freisin agus reáchtálann sé grúpaí tacaíochta méala i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i Luimneach.

Íospartaigh imirceacha na coireachta

Doras

Ritheann Doras Tionscadal Tacaíochta d'Íospartaigh Imirceacha d'imircigh agus do dhídeanaithe ar íospartaigh na coireachta iad

Rape Crisis Centres

If you need assistance in another language, the National Sexual Violence Helpline offers support in 240 languages through its helpline interpreting service.

Cúnaimh do thurasóirí ar íospartaigh na coireachta iad

An tSeirbhís Cúnaimh do Thurasóirí na hÉireann

Cuireann an tSeirbhís Cúnaimh do Thurasóirí na hÉireann (ITAS) tacaíocht agus cúnamh ar fáil do chuairteoirí go hÉirinn ar íospartaigh na coireachta iad.

Is féidir leis an eagraíocht cabhrú le daoine teacht ar dhoiciméid taistil éigeandála, socruithe taistil a dhéanamh, teagmháil a dhéanamh le teaghlach agus cairde, agus idirchaidreamh a dhéanamh leis na Gardaí agus le gníomhaireachtaí eile.

Sonraí teagmhála

Líne Cabhraí d'Íospartaigh na Coireachta

Teil: Freephone 116 006
Láithreán Gréasáin: https://www.crimevictimshelpline.ie/

None

Teil: 01 872 6785
Láithreán Gréasáin: https://www.vsac.ie/
R-phost: info@vsac.ie

None

Teil: 083 203 0209
Láithreán Gréasáin: https://assc.ie/
Téigh i dteagmháil linn: https://assc.ie/contact/

Rape Crisis Network Ireland

Teil: 24 Hour Helpline: 1800 778 888
Láithreán Gréasáin: https://www.rapecrisishelp.ie/

None

5 Plás Wilton
Baile Átha Cliath
Éire

Teil: +353 (0)1 678 8858
Lóghlao: FreePhone 1800 341 900
Láithreán Gréasáin: https://www.womensaid.ie

None

Ionad Acmhainní Naomh Áine
Sráid an Iarnróid
An Uaimh
An Mhí
Éire

Teil: +353 (0)1 554 3811
Láithreán Gréasáin: https://www.mensaid.ie/

Doras

Central Buildings
51a Sráid Uí Chonaill
Luimneach
V94 W275

Teil: 083 0086391
Láithreán Gréasáin: https://doras.org/mvs/
R-phost: mvs@doras.org

Doras

Central Buildings
51a Sráid Uí Chonaill
Luimneach
V94 W275

Teil: 061 310 328 / 083-0802378
Láithreán Gréasáin: https://doras.org/

Seirbhís Cabhrach do Thurasóirí

6-7 Sráid Hanover Thoir
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: +353 1 661 0562 and 1890 365 700
Facs: +353 1 661 0462
Láithreán Gréasáin: https://www.itas.ie
R-phost: info@itas.ie

None

Teil: 041-9843730 or 086-1654111 (mobile)
Láithreán Gréasáin: https://www.dignity4patients.org/

None

Teil: 1800 852 000 or 086 127 2156 (mobile)
Láithreán Gréasáin: https://advic.ie/
R-phost: info@advic.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Lúnasa 2023