Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > An t-údarás áitiúil agus tithíocht shóisialta > Scéim Chóiríochta Ar Cíos

Print Page Send to a Friend

Scéim Chóiríochta Ar Cíos

Eolas

Má tá tú ag fáil Forlíonadh Cíosa ar feadh níos mó ná 18 mí agus má tá tithíocht fhadtéarmach de dhíth ort, b’fhéidir go mbeifeá incháilithe don Scéim Chóiríochta ar Cíos (RAS). Tá an scéim á reáchtáil ag údaráis áitiúla . Déanann an t-údarás áitiúil an cinneadh deireanach maidir le cé atá incháilithe faoin scéim.

Faoin scéim déanann údaráis áitiúla conarthaí le tiarnaí talún chun tithíocht a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil riachtanas fadtéarmach tithíochta orthu go ceann tréimhse aontaithe. Íocann an t-údarás áitiúil an cíos go díreach leis an tiarna talún. B’fhéidir go leanfá ar aghaidh ag cur airgid isteach le haghaidh do chíosa ach íocann tú an ranníocaíocht seo leis an údarás áitiúil agus ní leis an tiarna talún.

Is iad príomheilimintí na scéime ná:

Faigh tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil , ar a bhfuil bileog ar an Scéim Chóiríochta Cíosa do thiarnaí talún (pdf) agus liosta teagmhála RAS sna húdaráis áitiúla.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Cuir d’iarratas chuig do údarás áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 March 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Roghanna tithíochta do dhaoine gan dídean
    Faisnéis maidir le roghanna tithíochta agus tacaíochtaí do dhaoine gan dídean.
  • Cearta agus oibleagáidí na dtionóntaí
    Bíonn cearta agus oibleagáidí ag tionóntaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos. Eascraíonn na cearta agus hoibleagáidí seo ó dhlí na dtiarnaí talún/na dtionóntaí agus ó aon chomhaontú tionóntachta scríofa nó beil idir tiarna talún agus tionónta.
  • Tithíocht
    Soláthraíonn an doiciméad seo forbhreathnú ar thithíocht agus ar chóiríocht in Éirinn.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.