Scéim Cíos Costais do Thionóntaí in Situ

Cad í an Scéim Cíos Costais do Thionóntaí in Situ?

Ceadaíonn an scéim seo don Ghníomhaireacht Tithíochta réadmhaoin ar cíos a cheannach ó thiarnaí talún príobháideacha atá ag díol a réadmhaoine, ionas gur féidir leis an nGníomhaireacht Tithíochta leanúint ar aghaidh ag ligean na réadmhaoine seo ar cíos do na tionóntaí atá ina gcónaí ann.

Féadfaidh tú rochtain a fháil ar an scéim más tionónta príobháideach tú a bhfuil fógra foirceanta bailí faighte agat agus má tá tú i mbaol anois a bheith gan dídean toisc go bhfuil do thiarna talún ag díol.

Má cheannaíonn an Ghníomhaireacht Tithíochta do theach ar cíos ó do thiarna talún, is í an Ghníomhaireacht Tithíochta a bheidh i do thiarna talún ansin.

Íocfaidh tú an cíos céanna leis an nGníomhaireacht Tithíochta agus a d'íoc tú le do thiarna talún roimhe seo.  

D’fhógair an rialtas an scéim seo mar chuid de bhearta a ceapadh chun cabhrú le daoine ar tháinig deireadh lena dtionóntachtaí nuair a tháinig deireadh leis an gcosc ar dhíshealbhú geimhridh. Cuireadh tús leis an scéim ar an 1 Aibreán 2023.

Scéim ar leith do dhaoine atá ag fáil ÍCT nó SCC

Tá Scéim Tionónta in Situ ar leith ann má tá an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) nó an Scéim Cóiríochta Cíosa á fháil acu agus tá an tiarna talún chun an teach atá ar cíos acu a dhíol. Leis an scéim seo, is féidir leis an údarás áitiúil an teach a cheannach ón tiarna talún agus is féidir leis an tionónta leanúint ar aghaidh leis an teach a ligean ar cíos ón údarás áitiúil. Ba cheart teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil faoin scéim seo.

An bhfuil má cáilithe chun an Scéim Cíos Costais do Thionóntaí in Situ a fháil?

Féadfaidh tú rochtain a fháil ar an scéim más tionónta príobháideach tú a bhfuil fógra foirceanta bailí faighte agat toisc go bhfuil do thiarna talún chun a réadmhaoin a dhíol agus:

  • Ní féidir leat an réadmhaoin a cheannach ón tiarna talún
  • Tá tú i mbaol a bheith gan dídean
  • Tá ceart fadtéarmach agat cónaí in Éirinn
  • Níl tacaíocht tithíochta sóisialta amhail an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta nó an Scéim Cóiríochta ar Cíos á fháil agat
  • Níl maoin chónaithe eile agat
  • Caithfidh glanioncam bliantúil do theaghlaigh a bheith níos lú ná €66,000 i mBaile Átha Cliath agus €59,000 i ngach áit eile sa tír. Is ionann glanioncam agus an méid atá fágtha agat nuair a asbhaintear cáin ioncaim, an Muirear Sóisialta Uilíoch, an Ranníocaíocht Aoisliúntais Bhreise agus ÁSPC as d’ioncam.

Conas a dhéanfaidh mé iarratas ar an Scéim Cíos Costais do Thionóntaí in Situ?

Déan teagmháil le d’údarás áitiúil chun coinne a dhéanamh leis an Oifigeach Tithíochta. Déanfaidh siad measúnú maidir le cibé an gcáilíonn tú chun an scéim seo a fháil nó chun tacaíochtaí tithíochta eile a fháil.

Tabhair na doiciméid seo a leanas leat agus tú ag bualadh leis an Oifigeach Tithíochta:

  • Fógra foirceanta bailí
  • Cruthúnas ar ioncam an teaghlaigh
  • Fianaise go bhfuil ceart fadtéarmach agat cónaí in Éirinn

Má cháilíonn tú chun an Scéim Cíos Costais do Thionóntaí in Situ a fháil, tabharfaidh an t-údarás áitiúil do chuid faisnéise don Ghníomhaireacht Tithíochta mar aon le sonraí faoin réadmhaoin ar cíos. Oibreoidh an Ghníomhaireacht Tithíochta leat agus le do thiarna talún chun iarracht a dhéanamh an réadmhaoin a cheannach.

Má tá ceisteanna agat faoin scéim, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an nGníomhaireacht Tithíochta mar seo a leanas:

eolas faoin scéim ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Tithíochta freisin.

Sonraí teagmhála úsáideacha

Gníomhaireacht Tithíochta

53 Sráid an Mhóta Uachtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 KT73
Éire

Teil: +353 1 656 4100
Facs: +353 1 656 4101
Láithreán Gréasáin: https://www.housingagency.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Bealtaine 2023