Deonú fola

Réamhrá

Is féidir leat fuil a dheonú do Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann (SFAÉ).

Níl aon bhaol ann go dtiocfaidh galar ort de bharr fuil a dheonú.

Ní íoctar deontóirí as fuil ná pláitíní a thabhairt in Éirinn.

Conas fuil a dheonú

Caithfidh tú coinne a chur in áirithe le fuil a thabhairt. Glaoigh ar shaorghlao 1800 731 137 le coinne a chur in áirithe i gclinic.

Is féidir leat glaoch freisin ar an gclinic deonaithe fola is gaire duit le coinne a chur in áirithe. Tiocfaidh tú ar shonraí teagmhála agus ar amanna oscailte ar aimsitheoir clinicí Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann.

Mura féidir leat clinic deonaithe fola atá i ngar duit a aimsiú, is féidir leat do spéis i bhfuil a dheonú a chlárú agus déanfaidh SFAÉ teagmháil leat nuair a bhíonn clinic i ngar duit.

Sula bhfreastalóidh tú ar an gclinic, óil go leor uisce agus ith béile substainteach sna 3 huaire an chloig roimh do choinne. Ba cheart duit 60-90 nóiméad a chur ar fáil do do choinne. Léigh na rudaí ba cheart duit a dhéanamh sula ndeonaíonn tú fuil leis an mbaol go dtitfidh tú i laige a laghdú.

An féidir liom fuil a thabhairt?

Sula bhfreastalóidh tú ar chlinic le fuil a thabhairt, ba cheart duit roinnt ceisteanna ar líne faoi Cháilitheacht Fola a fhreagairt lena sheiceáil an féidir leat deonú.

Caithfidh tú a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine le fuil a thabhairt. Má tá tú níos sine ná 65 bliain d’aois, b’fhéidir nach mbeidh tú ábalta fuil a dheonú murach gur dheonaigh tú fuil roimhe seo.

Ní bhíonn sé sábháilte riamh fuil a dheonú, amanna, mar shampla, má bhí ailse nó maláire ort. Bíonn ort fanacht ar feadh tréimhse ama, amanna, sula mbíonn sé sábháilte fuil a dheonú, mar shampla, má fuair tú tatú le déanaí. Is féidir leat léamh faoi cé chomh fada ba cheart duit fanacht le fuil a thabhairt ar láithreán gréasáin SFAÉ.

Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi fhuil a dheonú, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Líne Eolais Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann trí ghlaoch ar 1800 731 137.

Nós imeachta deonaithe fola

  • Nuair a thagann tú i láthair do do choinne, seiceálfaidh tú isteach ag an deasc fáiltithe ar dtús le d’aitheantas grianghraif.
  • Tabharfar an Réamhcheistneoir Sláinte agus Stíl Mhaireachtála do Dheontóirí duit lena líonadh.
  • Cuirfidh gairmí cúraim sláinte agallamh ort a sheiceálfaidh an bhfuil nó nach bhfuil sé sábháilte d’othar d’fhuil a fháil. Caitear faoi rún daingean leis an eolas go léir a sholáthraíonn tú.
  • Má tá sé sábháilte duit fuil a thabhairt, bainfear braon fola ó bharr do mhéire. Tástáiltear an fhuil seo i dtaobh an mhéid iarainn (haemaglóibin) atá inti.
  • Cuirtear snáthaid ghlan (steiriúil) isteach i gceann amháin de na féitheacha i do lámh. Tá seo ceangailte le paca fola a bhailíonn an fhuil a dheonaíonn tú. B’fhéidir go n-iarrfar ort do lámh a oscailt agus a dhúnadh chun sreabhadh réidh fola a chinntiú.
  • Bailítear beagán faoi bhun 1 phionta (470 ml) fola sa phaca seo fad a bhíonn fuil á deonú agat agus glacann sé thart ar 15 nóiméad.

Is féidir leat eolas breise a léamh faoi fhuil a thabhairt Bhileog Eolais ar Dheonú Fola (pdf).

Tar éis duit fuil a thabhairt

Ba cheart duit sos a ghlacadh ar feadh ar a laghad 15 nóiméad sa cheaintín, deochanna neamh-mheisciúla a ól agus na sneaiceanna atá ar fáil a ithe i ndiaidh duit fuil a thabhairt.

Tabharfar cárta comhairle duit ar a mínítear na rudaí ba cheart a dhéanamh tar éis duit fuil a thabhairt. Má éiríonn tú breoite sna 4 seachtaine i ndiaidh duit fuil a thabhairt, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le SFAÉ.

Déan teagmháil le SFAÉ láithreach trí ghlaoch ar Shaorghlao 1800 731 137 má ritheann aon rud leat i ndiaidh duit fuil a thabhairt a d’fhéadfadh othar a chur i mbaol tar éis d’fhuil a fháil.

Is féidir leat fuil a thabhairt arís tar éis 90 lá má tá tú incháilithe go fóill.

An ndéantar tástáil ar fhuil a thugtar?

Déantar tástáil i leith galair áirithe, mar shampla VEID, ar an bhfuil go léir a thugtar. Déanfar tástáil ar an bhfuil a thugann tú lena sheiceáil an bhfuil sé sábháilte d’othar í a fháil. Má bhaineann d’fhuil toradh dearfach amach in aon chinn de na tástálacha, déanfaidh SFAÉ teagmháil leat. Is féidir níos mó a léamh faoi dheonuithe fola a thástáil in SFAÉ a léamh.

Pláitíní a dheonú

Is éard atá i bpláitíní ná cealla fola beaga atá i d’fhuil agus tá siad riachtanach ionas gur féidir le fuil téachtadh i gceart. Nuair a thugann tú pláitíní, tugtar d’othair iad ar a bhfuil riochtaí sláinte tromchúiseacha, cosúil le hailse nó leoicéime, go háirithe daoine a bhfuil ceimiteiripe á fáil acu nó tar éis go ndearnadh trasphlandú smeara orthu.

Ní féidir pláitíní a úsáid ach ar feadh 5-7 lá tar éis fuil a dheonú, mar sin, bíonn gá i gcónaí le deonuithe.

Is féidir níos mó a léamh faoi phláitíní a thabhairt ar láithreán gréasáin SFAÉ agus sa bhileog seo ar phláitíní a thabhairt a d’fhoilsigh SFAÉ.

Conas pláitíní a dheonú

Sula gcláróidh tú le pláitíní a thabhairt, ba cheart duit roinnt ceisteanna faoi Cháilitheacht Phláitíní a fhreagairt lena sheiceáil an féidir leat deonú.

Má tá tú incháilithe, cláraigh ar líne le pláitíní a dheonú.

Caith súil ar láithreán gréasáin SFAÉ féachaint cá bhfuil an clinic deonaithe pláitíní is gaire duit suite, na hamanna a bhíonn sé ar oscailt agus conas coinne a dhéanamh.

Beidh ort ceistneoir Sláinte agus Stíl Mhaireachtála a fhreagairt nuair a thagann tú i láthair ag an gclinic agus cuirfidh gairmí sláinte agallamh ort.

Glacann sé thart ar 50-70 nóiméad le pláitíní a dheonú. Is féidir leat iad a dheonú arís tar éis 28 lá, má tá sé sábháilte duit pláitíní a thabhairt.

Smior a dheonú

Is féidir leat ballraíocht a ghlacadh de Chlárlann Smeara Neamhghaolta na hÉireann (IUBMR) más mian leat smior a dheonú. Is clár é seo de dhaoine atá sásta a smior a dheonú má fhaightear amach go meaitseálann sé othar óna dteastaíonn trasphlandú smeara.

Is tábhachtach an méid atá i gceist le smior a dheonú a thuiscint. Is féidir leat léamh faoin bpróiseas deonaithe smeara, seiceáil an bhfuil sé sábháilte duit é a dheonú agus is féidir leat ballraíocht a ghlacadh den chlár smeara ar láithreán gréasáin SFAÉ.

Sonraí teagmhála

Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann

Lárionad Náisiúnta Fola
Srád San Séamas
Baile Átha Cliath 8
Éire

Teil: (01) 432 2800
Lóghlao: Information Line 1850 731 137
Facs: (01) 432 2930
Láithreán Gréasáin: http://www.giveblood.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 Bealtaine 2022