Gearán a dhéanamh faoi sheirbhísí airgeadais

Réamhrá

Má tá gearán agat faoi ghnó seirbhísí airgeadais, ba chóir duit do ghearán a phlé leis an ngnó féin ar dtús.

De réir an dlí, caithfidh próiseas láimhseála gearán a bheith i bhfeidhm ag gach banc, cuideachta árachais, bróicéir, cuideachta infheistíochta nó gnó seirbhísí airgeadais eile do thomhaltóirí.

Más rud é, tar éis duit próiseas gearán an ghnó a leanúint, nach bhfuil tú sásta go fóill leis an bhfreagra, is féidir leat an gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus Pinsin (FSPO). Is cuideacht neamhspleách, reachtúil é an FSPO ar féidir leis do ghearán a fhiosrú.

Cad ba cheart duit a bheith ar eolas faoi sula ndéanann tú gearán

Faoi Chód Cosanta Tomhaltóirí an Bhainc Ceannais, ní mór do gach gnó seirbhísí airgeadais rialaithe:

  • Déileáil le do ghearán go tapa, go héifeachtach agus go cothrom
  • Nós imeachta láimhseála gearán scríofa a bheith i bhfeidhm
  • Sonraí a thabhairt duit faoi dhuine teagmhála tiomnaithe a dhéileálfaidh le do ghearán
  • Freagra a thabhairt duit agus tú a choinneáil ar an eolas faoi do ghearán laistigh de línte ama áirithe
  • Do ghearán a réiteach laistigh de 40 lá oibre

D'fhoilsigh an Banc Ceannais treoirleabhar do thomhaltóirí maidir leis an gCód um Chosaint Tomhaltóirí (pdf). Níl feidhm ag rialacha an Chóid maidir le láimhseáil gearán má tá do ghearán réitithe ag gnó laistigh de 5 lá oibre.

Insíonn nós imeachta láimhseála gearán an ghnó duit:

  • Cé leis ar cheart duit labhairt leo nó scríobh chuig
  • Cathain ar cheart duit a bheith ag súil le freagra
  • Cad atá le déanamh mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fhaigheann tú

Ba cheart go mbeifeá in ann teacht ar chóip de nós imeachta gearán an ghnó ar líne. Mura bhfuil tú in ann é a aimsiú, déan teagmháil leis an ngnó ar an dteileafón nó trí ríomhphost agus iarr é.

Conas a dhéanaim gearán leis an gcuideachta?

Déan gearán neamhfhoirmiúil

Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi a bhfuil gnó seirbhísí airgeadais ag déileáil leat, b’fhéidir go mbeifeá in ann an cheist a réiteach go tapa trí labhairt leis an gcuideachta. Ba cheart duit gearán a dhéanamh go díreach leis an duine a mbeadh tú ag déileáil leis de ghnáth.

Déan gearán foirmiúil

Mura n-éiríonn leat do ghearán a réiteach go neamhfhoirmiúil, ba cheart duit gearán a dhéanamh go foirmiúil (i scríbhinn). Ba cheart go mbeadh sonraí teagmhála ar fáil ón ngnó nó trí bhreathnú ar a láithreán gréasáin. Má tá an nós imeachta láimhseála gearán agat cheana féin, cuirfear na sonraí teagmhála san áireamh ansin.

Tá rialacha mionsonraithe sa Chód um Chosaint Tomhaltóirí maidir le cé chomh minic ar cóir do chuideachta dul i dteagmháil leat chun tú a choinneáil ar an eolas faoi do ghearán. Ní mór duit 40 lá oibre a thabhairt don ghnó chun do ghearán a réiteach. Mura réitíonn siad do ghearán, caithfidh siad litir freagartha deiridh a thabhairt duit, ina leagtar amach na céimeanna atá glactha acu.

Más rud é, tar éis 40 lá oibre, nach bhfuil do ghearán réitithe agus nach bhfuil litir freagartha deiridh faighte agat, is féidir leat iarraidh ar an FSPO leanúint suas ar do shon chun litir freagartha deiridh a fháil - féach ‘Conas is féidir liom dul ar aghaidh le mo ghearán’ thíos.

Tá plean 3-chéim ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC) chun gearán a dhéanamh faoi sholáthraithe seirbhísí airgeadais.

Conas is féidir liom dul níos faide le mo ghearán?

Mura bhfuil tú sásta le freagra na cuideachta, diúltaíonn siad do do ghearán nó ní chloiseann tú uathu laistigh de 40 lá oibre, d’fhéadfadh go mbeadh an tOmbudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus Pinsean (FSPO) in ann cabhrú leat.

Is oifigeach neamhspleách é an FSPO a imscrúdaíonn, a dhéanann idirghabháil agus a bhreithníonn gearáin gan réiteach faoi ghnóthaí seirbhísí airgeadais agus soláthraithe pinsin.

Ní ghlacfaidh an FSPO le cás ach amháin tar éis duit dul tríd an ngnáthphróiseas gearán leis an gcuideachta agus an litir freagartha deiridh a bheith agat.

Íoslódáil bileoga faisnéise an FSPO maidir le conas gearán a dhéanamh (pdf) agus cad ar cheart a bheith ag súil leis le linn na hidirghabhála ina Seirbhís Réitigh Díospóide (pdf).

Cé atá in ann gearán a dhéanamh leis an FSPO?

Is féidir leat gearán a dhéanamh leis an FSPO:

  • Más custaiméir de chuid na cuideachta seirbhíse airgeadais tú
  • Má thairg an chuideachta seirbhís duit
  • Má d’fhéach tú le seirbhís airgeadais ón gcuideachta

Is féidir leat liosta iomlán a fháil de na daoine ar féidir leo gearán a dhéanamh chuig an FSPO.

Cad iad na cuideachtaí is féidir leis an FSPO a imscrúdú?

Imscrúdóidh an FSPO gearáin faoi ghnóthaí rialáilte seirbhíse airgeadais lena n-áirítear:

  • Bainc agus cumainn fhoirgníochta
  • Comhair chreidmheasa
  • Cuideachtaí árachais (saol agus neamhshaoil)
  • Gnóthaí bainistíochta infheistíochta
  • Idirghabhálaithe árachais agus infheistíochta (bróicéirí agus gníomhairí)
  • Stocbhróicéirí
  • Scéimeanna comhinfheistíochta
  • Idirghabhálaithe morgáiste (bróicéirí)
  • Iasachtóirí airgid
  • Bureaux de change
  • Gnóthaí creidmheasa miondíola eile
  • Gnóthaí frithdhílse tí
  • Gnóthaí bainistithe fiachais
  • Gnóthaí seirbhísithe creidmheasa
  • Idirghabhálaithe creidmheasa (mar shampla, garáistí a thairgeann airgeadas ar charranna nua nó úsáidte)
  • Geallbhróicéirí
  • Cuideachtaí fruilcheannaigh

Déileálann an FSPO le gearáin faoi sholáthraithe pinsin. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi ghearán a dhéanamh faoi do phinsean.

Teorainneacha ama chun gearán a dhéanamh leis an FSPO

Is gnách go mbíonn teorainn 6 bliana i bhfeidhm i ngach cás. Ciallaíonn sé seo nach ndéanfaidh an FSPO imscrúdú ar chás a d’eascair as teagmhais a tharla breis is 6 bliana ó shin.

I gcás táirgí fadtéarmacha, áfach, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman laistigh de na teorainneacha seo a leanas:

  • 6 bliana ón dáta a tharla d’fhadhb
  • 3 bliana ón dáta ar tháinig tú ar an eolas (nó nuair ba cheart go réasúnta a bheith feasach duit), go raibh cúis gearáin agat
  • I gcás go mbraitheann an OCCS go bhfuil forais réasúnacha ann le haghaidh tréimhse níos faide agus go mbeadh sé cóir agus cothrom sna himthosca síneadh a chur leis an teorainn ama.

Is táirge fadtéarmach é táirge airgeadais a bhfuil téarma 5 bliana agus 1 mhí nó níos mó aige, mar shampla morgáiste.

Cad a tharlaíonn do mo ghearán tar éis dom mo ghearán a dhéanamh leis an FSPO?

Déileálfaidh an FSPO leis an ngearán go neamhfhoirmiúil (trí idirghabháil) nó go foirmiúil.

foirm chaighdeánach gearáin ann a chaithfidh tú a úsáid chun do ghearán a dhéanamh leis an FSPO. Tá faisnéis ar na céimeanna atá i gceist ar fáil i dtreoir 3-chéim maidir le conas gearán a dhéanamh leis an FSPO. Má bhaineann do ghearán le comhchuntas nó le comhbheartas, ní mór do gach úinéir an gearán a dhéanamh.

Ba cheart duit gach doiciméad agus comhfhreagras ábhartha a chur san áireamh (tá cóipeanna go breá).

Déanfaidh an FSPO athbhreithniú ar an bhfaisnéis a chuirfidh an dá pháirtí isteach agus breithneoidh sé an t-ábhar.

Dámhachtainí agus cinntí an FSPO

Má sheasann an FSPO le gearán, féadfaidh siad a rá leis an gcuideachta an fhadhb a réiteach nó cúiteamh a íoc leat, nó an dá rud. Mura seasann siad le do ghearán, ní ordóidh siad aon ghníomh. Tá cinneadh an FSPO ceangailteach ort féin agus ar an soláthraí agus ní féidir achomharc a dhéanamh ach chun na hArd-Chúirte.

An bhfuil aon chostas i gceist le gearán a chur chuig an FSPO?

Tá seirbhísí ón FSPO saor in aisce.

Má chailleann tú do chás, ní bheidh ort táillí a íoc leis an FSPO nó leis an ngnó seirbhísí airgeadais ar ghlac tú d’éileamh ina leith.

Féadfaidh tú aturnae nó gairmí ar bith eile a úsáid chun cabhrú leat le d’iarratas chuig an FSPO. Is ortsa féin atá na costais a bhaineann le gairmí a fhostú.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh faisnéise?

Banc Ceannais na hÉireann

Rialachán Airgeadais

Boisce Phoist 559
Baile Átha Cliath 1
D01 F7X3
Éire

Teil: (01) 224 5800
Lóghlao: 1890 777 777
Facs: (01) 671 6561
Láithreán Gréasáin: http://www.centralbank.ie

An Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí

Teach Bloom
Sráid an Iarnróid
Baile Átha Cliath 1
D01 C576

Uaireanta Oscailte: Línte oscailte Luan-Aoine, 9rn - 6in
Teil: (01) 402 5555 and (01) 402 5500
Láithreán Gréasáin: http://www.ccpc.ie

An tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean

3ú Úrlár
Teach Lincoln
Plás Lincoln
Baile Átha Cliath 2
D02 VH29
Éire

Teil: (01) 567 7000
Láithreán Gréasáin: http://www.fspo.ie/
R-phost: info@fspo.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 28 Feabhra 2023