Deonú orgán agus corp

Cad é deonú orgán?

Is é deonú orgán nuair a thugann tú orgáin agus fíochán sláintiúil go ndéanfar iad a thrasphlandú i nduine eile, le hiad a chur in ionad orgáin nach bhfuil sláintiúil.

B’fhéidir go mbeidh tú in ann do chroí, duáin, scamhóga, ae agus paincréas a dheonú le haghaidh trasphlandú.

Más mian leat orgáin áirithe, cosúil le duán, a dheonú, is féidir iad seo a dheonú nuair a bhíonn tú beo más féidir leat stíl mhaireachtála shláintiúil a bheith gan an t-orgán. Chun go ndéantar deontóir beo díot, caithfidh tú toiliú feasach a thabhairt.

Is féidir níos mó a léamh faoi bheith i do dheontóir beo.

Ní dhéantar formhór na n-orgán a thrasphlandú ach tar éis duit bás a fháil.

Conas a dhéantar deontóir orgáin de dhuine?

Is féidir leat bheith i do dheontóir orgáin nuair you a thugann tú toiliú ar na bealaí seo a leanas:

  • Cárta deontóra a iompar
  • Do thoiliú a lua ar do cheadúnas tiomána, nó
  • An aip deontóra orgáin a shocrú ar do ghuthán

Is féidir leat cárta deontóra orgáin a fháil ó:

  • Láithreán gréasáin Chumann Duán na hÉireann
  • I lialanna dochtúirí agus cógaslanna
  • Líonra Deontóirí na hÉireann (féach thíos)

Ba cheart duit do theaghlach nó do neasghaol a chur ar an eolas go dtoilíonn tú do d’orgáin a dheonú i ndiaidh do bháis.

Is féidir le do theaghlach nó do neasghaol an dochtúir nó gairmí cúram sláinte eile in ospidéal a chur ar an eolas má iarrtar orthu faoi na horgáin a dheonóidh tú.

Toiliú agus do neasghaol

Má thug tú do thoiliú do d’orgáin a dheonú trí chárta deontóra orgán, an aip nó má luaitear do thoiliú ar do cheadúnas tiomána, tugann seo le fios don ospidéal go bhfuil tú toiliúil go n-úsáidtear d’orgáin le haghaidh trasphlandú tar éis duit bás a fháil.

Ba cheart duit do neasghaol a chur ar an eolas gur mian leat bheith i do dheontóir orgáin ach ní gá dóibh cloí le do chuid mianta, mar gheall go dteastaíonn a dtoiliú i gcónaí.

Teastaíonn ón bhfoireann leighis ag an ospidéal go dtoilíonn an neasghaol d’orgáin an duine mhairbh a dheonú. Má dhiúltaíonn do neasghaol chun d’orgáin a dheonú, ní leanfar ar aghaidh leis an ngnáthamh.

Conas a oibríonn deonú orgán?

Má tá an cinneadh déanta agat d’orgáin a dheonú, ní bhainfear iad ach nuair a dheimhnigh beirt dochtúirí, a oibríonn go neamhspleách, go bhfuil tú marbh tar éis éis go leor tástálacha diana a dhéanamh.

Ní athraíonn d'orgáin a dheonú an chuma a bhíonn ar do chorp agus ní chuireann sé moill ar do shocruithe sochraide.

Ní úsáidfear d’orgáin, amanna, fiú más deontóir orgáin thú. Tá critéir leighis agus coinníollacha eile ann nach mór a shásamh. Mar shampla, caithfidh do bhás titim amach in ospidéal chun go leanfar ar aghaidh le trasphlandú sábháilte. Coimeádfar do chorp beo trí mheaisín tacaíochta beatha (aerálaí).

Má tá riocht sláinte ort, ní hé go gcuireann seo cosc ort ó bheith i do dheontóir. Déanfaidh gairmí cúraim sláinte an cinneadh deiridh ag tráth do bháis.

Is féidir leat níos mó a léamh faoin bpróiseas deonaithe orgán ar láithreán gréasáin FSS.

Scrúduithe iarbháis agus deonú orgán

Má chuirtear do bhás in iúl don Chróinéir, caithfidh siad a gcead a thabhairt sular féidir le deonú orgán titim amach, chomh maith le toiliú scríofa do neasghaoil. Is féidir níos mó a léamh faoi ról an Chróinéara agus faoi scrúduithe iarbháis.

Má dheonaigh tú d'orgáin le haghaidh trasphlandú, tabharfar faoin ngnáthamh in obrádlann, mar gheall nach gnách go ndéantar seo i rith scrúdú iarbháis.

Má dheonaigh tú d'orgáin le haghaidh taighde, tabharfar faoin ngnáthamh seo i marbhlann, mar gheall gur ngnáthamh é seo a dhéantar i rith scrúdú iarbháis.

Athruithe féideartha ar dheonú orgán in Éirinn

Bheartaigh an rialtas an Bille um Fhíochán Daonna (Trasphlandú, Scrúdú Iarbháis, Scrúdú Anatamaíoch agus Taispeáint Phoiblí) agus is féidir leis an bealach a dhéantar deontóir orgáin díot in Éirinn a athrú. Nuashonrófar an leathanach seo má thugtar na dlíthe seo isteach.

Má leanann an dlí ar aghaidh mar a bheartaítear, agus mura mian leat d’orgáin a dheonú, beidh tú in ann do shonraí a chur i dtaifead ar chlár nua lena roghnú gan bheith páirteach. Ciallaíonn seo go dtugann tú do thoiliú do d’orgáin a dheonú murach gur chláraigh tú gan bheith i do dheontóir orgáin i ndiaidh báis.

Nuashonróimid an leathanach seo agus soláthróimid sonraí breise ar an gclár um dhiúltú a bheith páirteach, de réir mar a bhíonn níos mó eolais ar fáil.

Mo chorp iomlán a dheonú do thaighde leighis

Is féidir leat do chorp iomlán a dheonú do thaighde leighis chun cabhrú le hoibrithe sláinte níos mó a fhoghlaim faoin anatamaíocht, taighde agus cóir leighis a chur ar bhreoiteacht.

Más mian leat do chorp iomlán a dheonú do thaighde leighis, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le 1 as 5 scoil taighde leighis atá lonnaithe sna coláistí a liostaítear thíos. Tá a nósanna imeachta féin ag gach scoil mhíochaine maidir le comhaontú a bhaint amach leat:

  • An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
  • Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
  • Coláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn
  • Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
  • Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Ba cheart duit a chinntiú chomh maith gurb eol do do neasghaol gur mian leat do chorp iomlán a dheonú do thaighde leighis ar na bealaí seo a leanas:

  • Iad a chur ar an eolas, agus/nó
  • A lua gur mian leat do chorp a dheonú do thaighde leighis i d’uacht.

Ní soiléireacht sa dlí maidir leis seo ach bheadh an dealramh air nach bhfuil oibleagáid ar do neasghaol, nó ar pé duine atá freagrach as do chorp a chréamadh nó a adhlacadh, cloí le do chuid mianta.

Má chuirtear an Bille um Fhíochán Daonna, 2022 i bhfeidhm, leagfaidh sé caighdeáin agus socruithe síos chun do chorp a dheonú do scoil anatamaíochta.

Cé a ndéanaim teagmháil leis maidir le deonú orgán?

Is féidir eolas breise a léamh, féachaint ar fhíseáin agus teacht ar bhileoga i dteangacha éagsúla faoi dheonú orgán ar láithreán gréasáin FSS

Líonra Deontóirí na hÉireann

Is grúpa de dhaoine aonair agus cumainn othar atá bainteach go díreach le trasphlandú orgáin, teaghlaigh dheontóirí agus comhordaitheoirí leighis atá bainteach i dtrasphlandú orgáin agus fíocháin é Líonra Deontóirí na hÉireann. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le haon bhall de Líonra Deontóirí na hÉireann chun teacht ar eolas breise nó ar chártaí deontóra orgán. Is iad siúd atá bainteach sa Líonra:

  • Teaghlaigh dheontóirí
  • Cumann Duán na hÉireann
  • Cumann na hÉireann um Thrasphlandú Croí agus Scamhóige
  • Cumann Fiobróise Cistí na hÉireann
  • Cumann Fiobróise Scamhóige na hÉireann
  • Fondúireacht Alpha One (Antaitripsin)
  • An tAonad Trasphlandaithe Ae in Ospidéal Naomh Uinseann
  • Comhordaitheoirí Trasphlandaithe Ospidéil
  • Galar AE Leanaí Éireann
  • Heart Children Ireland
  • Na Bainc Shúl agus Chnámh

Cumann Duán na hÉireann

Teach an Deontóra
Bloc 43A
Páirc Thiar
Baile Átha Cliath 12
Éire

Teil: (01) 620 5306
Facs: (01) 620 5366
Láithreán Gréasáin: http://www.ika.ie
R-phost: info@ika.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 Iúil 2023