Cinsireacht

Réamhrá

Tá ceart agat, faoi Bhunreacht na hÉireann, saoirse tuairimíochta a bheith agat. Seo an ceart do chreideamh láidir agus do thuairimí a chur in iúl gan srian. Tá dlíthe cinsireachta in Éirinn freisin, áfach, a chuireann srian ar shaoirse tuairimíochta faoi chúinsí áirithe.

Is féidir srian a chur ar leabhair, scannáin, irisleabhair, nuachtáin, ábhar ar líne agus foirmeacha eile d’ollchumarsáid nó a thoirmeasc sna cásanna seo a leanas:

  • Tá siad do-ghlactha
  • Tá siad maslach
  • Tá siad graosta
  • Is dóchúil go spreagfaidh siad fuath nó foréigean

Is féidir irisleabhair agus nuachtáin a thoirmeasc chomh maith (a chosc) má dhéantar an iomarca plé iontu ar cheisteanna a bhaineann le coireacht.

Leagtar amach i ndlíthe cinsireachta na rialacha faoi chaighdeáin. Rialaíonn an dlí comhlachtaí freisin a dhéanann monatóireacht agus faomhadh ar ábhar a dháiltear ar an bpobal.

Is féidir leat teacht ar níos mó eolais inár gcáipéis faoi chearta bunúsacha faoi Bhunreacht na hÉireann.

Cinsireacht ar fhoilseacháin

Déanann an Bord um Chinsireacht Fhoilseachán cinntí faoi chinsireacht foilseachán. Bord neamhspleách deonach é seo a bhunaigh an tAcht um Scrúdóireacht Fhoilseachán, 1929.

Tá 5 chomhalta sa Bhord um Chinsireacht Fhoilseachán a cheapann an tAire Dlí agus Cirt.

Is é a ról scrúdú a dhéanamh ar leabhair agus tréimhseacháin a foilsíodh le déanaí (nuachtáin, irisleabhair agus irisí) atá ar díol in Éirinn. Scrúdaíonn sé foilseacháin a sheol oifigeach custam nó mál, nó ball den phobal.

Cad a tharlaíonn má dhéantar foilseachán a thoirmeasc?

Má dhéanann an Bord um Chinsireacht Fhoilseachán cinneadh ar thoirmeasc (cosc), tá sé neamhdhleathach an foilseachán sin a cheannach, a dhíol nó a dháileadh in Éirinn. Is féidir leis an mBord toirmeasc a chur ar leabhair a dhíol agus a dháileadh ar feadh 12 bhliain, ar a fhaide. Is féidir leis toirmeasc a chur ar thréimhseacháin ar feadh 3 mhí.

Má ritear toirmeasc, tosaítear é a luaithe a fhógraítear é in Iris Oifigiúil (iris oifigiúil an Stáit). Liostaítear foilseacháin thoirmiscthe freisin i gClár na bhFoilseachán Toirmiscthe.

Is féidir toirmeasc a achomharc leis an mBord Achomhairc um Chinsireacht Foilseachán. Is iad an t-aon daoine ar féidir leo achomharc a dhéanamh, áfach, údar, eagarthóir nó foilsitheoir an fhoilseacháin nó aon 5 chomhalta an Oireachtais (an Seanad nó an Dáil) atá ag gníomhú i gcomhar le chéile.

Is féidir leis an mBord Achomhairc um Chinsireacht Foilseachán seasamh leis an toirmeasc nó é a chealú. Is féidir leis freisin an t-ordú toirmisc a athrú chun eagrán ar leith a fhágáil ar lár.

Conas a chuirtear toirmeasc i bhfeidhm?

Má bhíonn amhras ar na Gardaí go bhfuil leabhair nó tréimhseacháin thoirmiscthe á gcoimeád lena ndíol nó lena ndáileadh, is féidir leo barántas cuardaigh a fháil. Is féidir fíneáil nó príosúnacht a ghearradh ar dhuine a chiontaítear i seilbh a bheith acu ar ábhair thoirmiscthe.

Cé chomh minic a thoirmisctear leabhair?

Ní thoirmisctear leabhair go han-mhinic. Ba é an uair dheireanach a rinneadh leabhar a thoirmeasc in 2016, agus ba é sin an chéad uair ó 1998. I measc na leabhar cáiliúil a rinneadh a thoirmeasc, tá ‘The Country Girls’ le Edna O’Brien in 1960 agus ‘The Dark’ le John McGahern in 1965.

Athruithe a rinneadh le déanaí

I ndiaidh go ndearnadh an tOchtú Leasú a aisghairm in 2018, a dhéanann foráil d’fhoirceannadh dleathach toirchis, baineadh tagairtí do ghinmhilleadh den Acht um Scrúdóireacht Fhoilseachán, 1946. In 2019, dheimhnigh an Roinn Dlí agus Cirt go raibh roinnt foilseachán a sholáthraíonn eolas faoi ghinmhilleadh le baint ón gClár Foilseachán Toirmiscthe.

Faoin Acht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí, 1998, is cion é pornagrafaíocht leanaí a shealbhú, a chur i gcló, a fhoilsiú nó a thaispeáint. Má scrúdaíonn an Bord um Chinsireacht foilseachán agus mura ndéanann sé é a thoirmeasc, áfach, ní chaitear leis an bhfoilseachán amhail foilseachán neamhdhleathach faoin reachtaíocht um leanaí a chosaint ó phornagrafaíocht.

Cinsireacht ar scannáin, DVDanna agus físchluichí

Tá Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann (an IFCO) freagrach as gach scannán, DVD agus físeán a dheimhniú a bheartaítear a dháileadh ar an bpobal. Thugtaí Oifig Cinsire na hÉireann ar an gcomhlacht reachtúil seo.

Bunaíodh Oifig an Chinsire agus an Bord Achomhairc Aicmithe Scannán i ndiaidh gur ritheadh an tAcht um Scrúdóireacht Scannán, 1923. Cuireadh le ról Oifig an Chinsire le DVDanna agus físeáin a chur san áireamh i ndiaidh gur ritheadh an tAcht um Fhístaifeadtaí, 1989.

Conas a dheimhnítear scannáin?

Is féidir scannán a dheimhniú amhail bheith mí-oiriúnach le hamharc air mar gheall go gcinneann IFCO:

  • Is dóchúil go ndéanfaidh sé díobháil do leanaí
  • Tá sé míchuí, graosta nó diamhaslach
  • B’fhéidir go dtiocfadh amharc air salach ar mhoráltacht phoiblí

Anuas ar scannán a thoirmeasc, is féidir leis an IFCO cinneadh a dhéanamh gur gá codanna de scannán a bhaint sular féidir é a dheimhniú amhail bheith oiriúnach le hamharc air.

Cuireann an IFCO treoirlínte ar fáil ar aoisghrúpa cuí do scannáin – agus bronnann sé deimhniú idir G (ginearálta) agus 18 (duine fásta) ar scannáin. Caithfear cóip de dheimhniú an IFCO a thaispeáint ar feadh ar a laghad 10 soicind sula dtaispeántar scannán. Amharcann an IFCO ar fhógraíocht agus faomhann sé í a thaispeántar i bpictiúrlann le scannán a chur chun cinn, lena chinntiú go bhfuil sí cuí don deimhniú.

Cuirtear eolas breise ar fáil ar láithreán gréasáin an IFCO faoi threoirlínte aicmithe scannán.

Conas a dheimhnítear DVDanna?

Is féidir DVD (nó físeán) a thoirmeasc má dhéanann an IFCO an cinneadh:

  • Gur dhóchúil go ndéanfadh daoine coireanna dá bharr
  • Gur dhóchúil go spreagfadh sé fuath in aghaidh grúpa ar leith daoine sa Stat, nó in áiteanna eile
  • Gur ghnách dó truailliú nó éilliú a dhéanamh, mar gheall go bhfuil sé graosta nó míchuí

Is féidir leis DVD (nó físeán) a thoirmeasc freisin má thaispeánann sé gníomhartha foréigin nó cruálachta (ciorrú agus céasadh san áireamh) i dtreo daoine nó ainmhithe. Níl ar an IFCO an t-aicmiú céanna a thabhairt do DVD nó físeán a thugtar don phríomhscannán. Cuirtear eolas breise ar fáil ar láithreán gréasáin an IFCO faoi threoirlínte aicmithe físeán agus DVDanna.

Conas a dheimhnítear físchluichí?

Oibríonn an IFCO lena chinntiú go gcomhlíonann físchluichí a dheimhnigh Faisnéis Uile-Eorpach Chluichí (an PEGI) Acht um Fhístaifeadtaí na hÉireann. Cé go mbíonn físchluichí díolmhaithe ó aicmiú faoin dlí, is féidir leis an Stiúrthóir Aicmithe Scannán cluiche a thoirmeasc má mheasann siad go bhfuil sé míchuí amharc air.

Conas a dheimhnítear scannáin agus cluichí ar líne?

Níl aon reachtaíocht ann faoi láthair maidir le scannáin agus cluichí ar líne a dheimhniú. Níl freagracht ar an IFCO as ábhar a aicmiú ar sheirbhísí sruthaithe ar líne (cosúil le Netflix agus Amazon Prime). Cuirtear aicmiú aoise an IFCO in iúl go saorálach ar roinnt seirbhísí ar éileamh, áfach.

Cinsireacht ar an idirlíon

Níl aon dlíthe ar leith in Éirinn faoi láthair a bhaineann le cinsireacht ar an idirlíon. Ní dhéanann an Stát rialáil ar chuideachtaí ar líne agus meán sóisialta i dtaobh ábhar a roinntear ar a n-ardáin.

Tá srianta áirithe dlíthiúla ann, áfach, nach mór cloí leo. Áirítear leo seo:

  • Ceanglaítear i dTreoir 2000/31 an AE maidir le tráchtáil leictreonach ar sholáthraithe seirbhíse idirlín (ISPanna) agus ar ardáin ar líne gníomhú go tapa agus go héifeachtúil a luaithe a chuirtear ar an eolas iad ar ábhar neamhdhleathach. Bronnann I.R. Uimh. 68/2003 éifeacht ar an Treoir in Éirinn.
  • Tá ar ISPanna ábhar a bhaint atá neamhdhleathach faoin Acht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí, 1998. Ceanglaíonn an tAcht chomh maith ar úinéirí láithreán gréasáin a chinntiú go n-aontaíonn daoine a chuireann leis (mar shampla, le blaganna nó le seomraí comhrá) le téarmaí agus coinníollacha sula gceadaítear dóibh tráchtanna nó ábhar a chur in airde.
  • Rinneadh dlí de Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Cóipcheart agus Cearta Gaolmhara) in 2012. Tá de chuspóir aige íoslódáil neamhdhleathach ábhair faoi chóipcheart a achomhrac, cosúil le scannáin ó láithreáin ghréasáin roinnte comhad.
  • Bronntar cosaint dhlíthiúil i dTreoir 2019/790 ón AE (Airteagal 17 den Treoir ach go háirithe) ar shealbhóirí cóipchirt ábhair dhigitigh (mar shampla, cruthaitheoirí físeán ar líne, ceoil agus alt). Bronntar éifeacht in I.R. Uimh. 567/2021 ar an Treoir in Éirinn.

Déanann ISPanna agus ardáin ar líne iad féin a rialáil

Tá córas féinrialúcháin ag soláthraithe seirbhíse idirlín (ISPanna) a oibríonn in Éirinn (cosúil le Eir, Vodafone, agus Virgin Media). D’aontaigh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais leis agus tá maoirseacht á déanamh ag an Roinn air ó 1998 ar aghaidh. Is é Cumann Soláthróirí Seirbhísí Idirlín na hÉireann (ISPAI) an comhlacht ionadaíoch do ISPanna agus bainistíonn sé Cód Cleachtais agus Eitice.

Reáchtálann an ISPAI an tseirbhís tuairiscithe gan ainm freisin: Hotline.ie. Caithfidh lógónna an ISPAI agus Hotline.ie a bheith ag comhaltaí ar a láithreáin ghréasáin lena dtiomantas do chleachtais fhreagracha ghnó idirlín agus do chosaint leanaí ar líne a thaispeáint.

Is minic go mbíonn a mbeartais agus a gcaighdeáin phobail féin ag ardáin ar líne (cosúil le Facebook agus Twitter) chun ábhar neamhdhleathach a rialáil agus a chosc, cosúil le fuathchaint, cur chun cinn na sceimhlitheoireachta, bulaíocht agus ciapadh, agus ábhar foréigneach nó grafach. Is baol go ngearrfar pionós ar úsáideoirí ardáin nach gcloíonn le caighdeáin phobail (mar shampla, d’fhéadfaí do chuntas a dhúnadh).

An tAcht um Shábháilteacht ar Líne nua

Síníodh an tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán isteach sa dlí i Nollaig 2022. Tá mar aidhm ag an reachtaíocht feabhas a chur ar shábháilteacht ar líne do leanaí. Ceapfar Coimisinéir um Shábháilteacht ar Líne (OSC) ag a mbeidh cumhachtaí rialála agus forfheidhmithe chun déileáil le díospóidí.

Is féidir leat níos mó a fhoghlaim faoi shábháilteacht ar líne.

Rialáil an AE ar ábhar díobhálach nó neamhdhleathach ar líne

I measc na mbeart le hábhar neamhdhleathach a chomhrac ar líne ar leibhéal an AE, tá an méid seo a leanas:

  • Drochúsáid ghnéasach leanaí a chomhrac – Tá sé in aghaidh an dlí teacht ar ábhar drochúsáide gnéasaí leanaí ar líne faoin Treoir maidir le drochúsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac. Oibríonn an AE le rialtais, cuideachtaí agus eagraíochtaí teicneolaíochta ar fud an domhain trí Chomhaontas Domhanda WEPROTECT.
  • Ábhar sceimhlitheoireachta a dhíothú – neartaíodh dlí an AE ó 2015 le cion a dhéanamh de spreagadh, cur chun cinn nó glóiriú na sceimhlitheoireachta ar líne. Bunaíodh Fóram Idirlín an Aontais Eorpaigh in 2015 le stop a chur le mí-úsáid an idirlín ag eagraíochtaí idirnáisiúnta sceimhlitheoireachta, trí oibriú leis an tionscal idirlín le hábhar neamhdhleathach a bhaint. Ball den fhóram í Éire.
  • Caint chiníoch nó fuathchaint a chomhrac – Gheall Facebook, YouTube, Twitter agus Microsoft go gcloífidís leis an gCód iompair maidir le fuathchaint neamhdhleathach ar líne a chomhrac in 2016. Thug Instagram, Snapchat agus eagraíochtaí eile an gealltanas céanna in 2018. Gheall ardáin, faoin gCód, athbhreithniú a dhéanamh ar ábhar neamhdhleathach laistigh de 24 uair an chloig tar éis gur tugadh le fios é, agus é a bhaint, más gá. Déanann an Coimisiún Eorpach monatóireacht ar an gCód.

Cuirtear eolas breise ar fáil ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ar chur in aghaidh ábhar neamhdhleathach ar líne.

Conas gearán a dhéanamh

Braitheann an comhlacht rialála nó an ghníomhaireacht ar cheart duit gearán a dhéanamh leis, ar cibé acu an mbaineann do ghearán le:

  • Foilseachán
  • Scannán, DVD nó físeán
  • Ábhar ar líne

Conas gearán a dhéanamh faoi fhoilseachán

Féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an Oifig um Chinsireacht ar Fhoilseacháin i scríbhinn, agus a lua an fáth go gceapann tú gur cheart foilseachán a thoirmeasc.

Caithfidh tú sonraí a sholáthar faoi na hailt (más ann dóibh) sa téacs a bhraitheann tú a thacaíonn le do ghearán agus cóip den leabhar nó trí eagrán den tréimhseachán a eisíodh le déanaí a sheoladh.

Conas gearán a dhéanamh faoi scannán, DVD nó físeán

Is féidir leat gearán a dhéanamh leis na Gardaí faoi chionta faoin Acht um Scrúdóireacht Scannán agus an tAcht um Fhístaifeadtaí. Áirítear leo seo iontráil i scannán a cheadú do dhuine faoin aois a rangaítear agus iompórtáil, scannáin, DVDanna nó físeáin thoirmiscthe nó a deimhníodh go mícheart a shealbhú nó a sholáthar.

De rogha air sin, is féidir leat gearán a dhéanamh faoi aicmiú scannáin agus DVD go díreach leis an IFCO.

Mura bhfuil tú sásta leis an mbealach a láimhseáil an IFCO do ghearán, is féidir leat teagmháil a dhéanamh ansin leis an Ombudsman ábhartha. Maidir le gearáin a bhaineann le leanaí, déan teagmháil le hOifig an Ombudsman do Leanaí. Maidir le gach gearán eile, déan teagmháil le hOifig an Ombudsman.

Conas gearán a dhéanamh faoi ábhar ar líne

Má fhéachann tú ábhar neamhdhleathach ar líne, is féidir leat é a thabhairt le fios do:

  • Do Stáisiún Gardaí áitiúil
  • An tseirbhís tuairiscithe gan ainm: Hotline.ie
  • An t-ardán ar líne ábhartha, trí úsáid a bhaint as a nós imeachta chun gearáin a dhéanamh.

Eolas breise

Oifig um Chinsireacht Foilseachán

f/ch Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann

Siúlán Blackhall
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil: (01) 799 6100

Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann

Siúlán Blackhall
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
D07 NRR6
Éire

Teil: (01) 8287420
Láithreán Gréasáin: http://www.ifco.ie

An tOmbudsman do Leanaí

Teach na Mílaoise
52-56 Sráid Mhór na Trá
Baile Átha Cliath 1
D01 F5P8
Éire

Teil: +353 1 865 6800
Lóghlao: Freefone 1800 20 20 40
Láithreán Gréasáin: http://www.oco.ie/
R-phost: oco@oco.ie

Oifig an Ombudsman

6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
D02 HE97
Éire

Teil: (01) 639 5600
Láithreán Gréasáin: https://www.ombudsman.ie/

An Rannóg Gníomhas Aonpháirtí

Príomh-Oifig na hArd-Chúirte
Na Ceithre Chúirteanna
Cé na nÓstaí
Inns Quay
Baile Átha Cliath 7
Éire

Uaireanta Oscailte: Dé Máirt agus Déardaoin 10:00-12:30
Teil: (01) 888 6000
Facs: (01) 888 6125
Láithreán Gréasáin: https://www.courts.ie/appointments
Láithreán Gréasáin: https://www.courts.ie/deed-poll

Cumann Soláthraithe Seirbhíse Idirlín na hÉireann / Hotline.ie

Aonad 25 Páirc Oifige Sandyford
Ascaill Blackthorn
Baile Átha Cliath 18
D18 HX62

Lóghlao: 1890 610 710 (Rates may vary)
Láithreán Gréasáin: https://www.hotline.ie/

Garda Síochána

Páirc an Fhionnuisce
Baile Átha Cliath 8
D08 HN3X
Éireann

Teil: 01 6660000; Garda Confidential: 1800 666 111
Láithreán Gréasáin: https://www.garda.ie/en/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Nollaig 2022