An ceart chun agóide

Dlíthe na hÉireann a chosnaíonn an ceart chun agóide

Tá sé de cheart ag daoine in Éirinn agóid a dhéanamh go síochánta in áiteanna poiblí, fad is nach mbriseann siad an dlí. Is féidir le lucht agóide an dlí a bhriseadh má dhéanann siad cionta a bhaineann leis an ord poiblí, amhail tabhairt faoi fhoghail nó iompar bagrach agus maslach, nó má tá fuath á ghríosú acu.

Cosnaíonn Bunreacht na hÉireann agus ionstraimí eile um chearta an duine do cheart chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Do thuairimí a nochtadh gan bhac
  • Bualadh le daoine eile gan bhac
  • Grúpaí a eagrú le daoine eile

Níl cosaintí iomlána iad na cosaintí seo agus féadfaidh siad a bheith teorannaithe de réir an dlí. Mar shampla, tá sé de cheart agat caidreamh a dhéanamh (grúpaí a bhunú agus a eagrú) ach is féidir leis an Rialtas dlíthe a rith ag rá go bhfuil eagraíocht áirithe mídhleathach.

Tá srian ar do cheart chun do thuairimí a nochtadh agus saorchaint a dhéanamh mar thoradh ar na dlíthe um chlúmhilleadh, dlíthe na graostachta agus na cinsireachta, agus dlíthe i gcoinne na fuathchainte.

Cásanna nuair nach mbíonn feidhm ag na cosaintí dlíthiúla

Tarlaíonn formhór na n-agóidí poiblí gan briseadh dlí ar bith. Má dhéanann duine a ghlacann páirt in agóid an dlí a bhriseadh, trí ghníomhú ar bhealach foréigneach mar shampla, ní chiallaíonn sé go bhfuil an agóid ar fad mídhleathach.

Níl feidhm ag na cosaintí dlíthiúla ar an gceart chun agóide sna cásanna seo a leanas:

  • Má bhíonn iompar bagrach ar siúl ag na hagóideoirí nó úsáideann siad foréigean
  • Tá an agóid ag gríosú fuath do ghrúpa daoine mar gheall ar a gcine, a ndath, a náisiúntacht, a gcreideamh, a mbunús eitneach nó náisiúnta, a ngnéaschlaonadh nó toisc gur de Lucht Siúil iad.
  • Tá an agóid ar siúl ar thalamh príobháideach

Cumhachtaí an Gharda Síochána

Tá cumhachtaí áirithe ag an nGarda Síochána a d'fhéadfaidís a úsáid roimh agóid, nó lena linn. Is féidir srian a chur ar agóidí má bhristear an tsíocháin, nó má tá an agóid ag cur isteach an iomarca ar dhaoine nó ar thrácht. Caithfidh an srian a bheith riachtanach agus chomh teoranta agus is féidir.

Agóid in aice leis an Oireachtas

Is féidir le Gardaí agóidí a shrianadh laistigh de leathmhíle den Oireachtas (parlaimint na hÉireann) fad a bhíonn an tOireachtas ar seisiún.

Rochtain ar imeacht a rialú – ordú Alt 21

Is féidir leis an nGarda Síochána bacainní a chur ar bhóithre suas le míle (1.6 ciliméadar) ón áit a bhfuil imeacht ar siúl ar a bhfuil líon mór daoine ag freastal. Ligeann Alt 21 den Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994 don Gharda Síochána stop a chur ar dhaoine an bhacainn a thrasnú mura bhfuil ticéad don imeacht acu. Is cion é gan cloí le hordú a thugann Garda ag bacainn.

Gabháil

Féadtar duine a ghabháil gan bharántas i gcás cionta tromchúiseacha agus cionta eile a bhaineann leis an ord poiblí. Is féidir leis an nGarda Síochána alcól a urghabháil freisin agus ordú a thabhairt duit an ceantar a fhágáil ar bhealach ordúil.

Tuilleadh eolais

an leabhrán seo ar an gceart chun agóide, arna fhoilsiú ag an gComhairle um Chearta an Duine, ar fáil tríd an nasc seo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Iúil 2023