Téarmaí dlíthiúla mínithe

Cad is pá iomarcaíochta reachtúil ann?

Sa chás go gcailleann tú do phost toisc go bhfuil d'fhostóir ag dúnadh an ghnó nó ag laghdú líon na foirne, tugtar iomarcaíochtair seo.

Tá tú i dteideal íocaíocht íosta iomarcaíochta a fháil tar éis duit dhá bhliain seirbhíse a dhéanamh i do phost. Tugtar iomarcaíocht reachtúil air seo. Tá an íocaíocht reachtúil iomarcaíochta bunaithe ar ríomh ag úsáid do phá agus fad na seirbhíse.

An bhfuil sé de cheart agam pá iomarcaíochta a fháil?

Chun a bheith i dteideal íocaíocht iomarcaíochta reachtúil, ní mór duit:

  • A bheith os cionn 16
  • A bheith i bhfostaíocht atá inárachaithe go hiomlán faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh
  • Seirbhís 2 bhliain ar a laghad (104 seachtain) a bheith tugtha agat leis an bhfostóir céanna os cionn 16 bliain d'aois
  • Go ndearnadh iomarcach tú (briste as do phost).

A bheith briste as do phost

Chun a thaispeáint gur briseadh as do phost tú, ní mór gur cuireadh deireadh le d'fhostaíocht (le fógra nó gan fógra).

Beidh dífhostú ann freisin má chuir tú deireadh le do chonradh fostaíochta toisc gur cuireadh iallach ort do phost a fhágáil mar gheall ar iompar d'fhostóra. Tugtar dífhostú inchiallaithe air seo.

Cad is seirbhís leanúnach ann?

Chun cáiliú d'íocaíocht iomarcaíochta reachtúil, ní mór duit 2 bhliain seirbhíse leanúnach (104 seachtain) a bheith tugtha agat i do phost.

Is ionann seirbhís leanúnach agus an fad ama atá tú fostaithe ag an ngnó. Ní bhrisfidh na cásanna seo a leanas do sheirbhís leanúnach:

  • Bhí tú ar shaoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire uchtaíoch, saoire thuismitheoireachta, saoire thuismitheora nó saoire chúramóra.
  • Bhí tú saor ón obair mar gheall ar bhreoiteacht, neamhláithreacht chomhaontaithe, laethanta saoire nó leagan as
  • Briseadh as do phost tú mar gheall ar iomarcaíocht sular shroich tú 104 seachtain seirbhíse agus thóg d'fhostóir ar ais thú ansin laistigh de 26 seachtaine ón dífhostú sin
  • Rinneadh thú a athfhostú laistigh de 4 seachtaine ó dhífhostú ag cuideachta chomhlach de chuid d'fhostóra roimhe seo
  • Aistríodh tú go deonach chuig fostóir eile agus aontaítear nach mbrisfear leanúnachas do sheirbhíse
  • Cuirtear ar ais i do fhostaíocht thú faoin reachtaíocht um dhífhostú éagórach
  • Tá tú ar stailc nó glasáilte lasmuigh de d'fhostaíocht
  • Aistríodh an gnó a bhfuil tú ag obair ann chuig úinéir nua

An ionann seirbhís leanúnach agus seirbhís ináirithe?

Ní hionann, is ionann seirbhís leanúnach agus an fad ama a bhí tú fostaithe go leanúnach i do phost. Tá seirbhís ináirithe difriúil – ciallaíonn sé an fad agus a bhí tú ag déanamh na hoibre i ndáiríre. Mar sin ní fholaíonn seirbhís ináirithe asláithreachtaí áirithe ó obair.

Nuair a bhíonn pá iomarcaíochta reachtúil á ríomh, beidh an méid pá iomarcaíochta a fhaigheann tú bunaithe ar do sheirbhís ináirithe le d’fhostóir. Is féidir leat a fháil amach faoi sheirbhís ináirithe agus do phá iomarcaíochta a ríomh.

Má oibríonn tú go páirtaimseartha

De réir an dlí, ní féidir le hoibrithe páirtaimseartha dálaí fostaíochta a bheith acu nach bhfuil chomh fabhrach céanna le hoibrithe lánaimseartha inchomparáide.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil ceart ag oibrithe páirtaimseartha (lena n-áirítear oibrithe ócáideacha) d'iomarcaíocht reachtúil. Ní mór duit fós an riachtanas do 2 bhliain de sheirbhís leanúnach, a bhfuil cur síos uirthi thuas, a chomhlíonadh.

Más oibrí gníomhaireachta thú

Mar oibrí gníomhaireachta, tá tú cosanta freisin faoin reachtaíocht iomarcaíochta.

Má íocann an ghníomhaireacht fostaíochta do phá, tá sí freagrach as an íocaíocht iomarcaíochta reachtúil a íoc.

Más printíseach thú

Más printíseach thú agus má dhéantar iomarcach thú le linn na printíseachta, d’fhéadfá cáiliú d’íocaíocht iomarcaíochta. Ní mór duit na coinníollacha a chomhlíonadh a bhaineann le seirbhís 2 bhliain (104 seachtain) a bheith agat os cionn 16 bliana d'aois.

Má dhífhostaítear tú laistigh de mhí amháin ó dheireadh na printíseachta, ní cháileoidh tú d'íocaíocht iomarcaíochta.

Má choinnítear tú mar fhostaí ar feadh breis agus mí tar éis don phrintíseacht críochnú agus má chuirtear ar iomarcaíocht thú ina dhiaidh sin, cuirfear an t-am a caitheadh mar phrintíseach os cionn 16 bliana d'aois san áireamh sa ríomh íocaíochta iomarcaíochta.

Má tá tú ar chonradh téarma seasta

Má tá tú ar chonradh ar théarma seasta, d'fhéadfá a bheith i dteideal iomarcaíochta reachtúla mura n-athnuafaidh d'fhostóir do chonradh ar théarma seasta faoin gconradh céanna nó faoi chonradh cosúil leis sula n-éagann an téarma.

Ní mór duit fós an riachtanas do 2 bhliain de sheirbhís leanúnach, a bhfuil cur síos uirthi thuas, a chomhlíonadh. Is féidir le sraith de chonarthaí níos giorra a lean as a chéile agus a chuirtear le chéile thar 2 bhliain an riachtanas seirbhíse leanúnach 2 bhliain a chomhlíonadh.

Más oibrí séasúrach tú

Más oibrí séasúrach thú agus má tá 2 bhliain seirbhíse ar a laghad agat le d'fhostóir, d'fhéadfá cáiliú le haghaidh iomarcaíochta.

Ní chuimsíonn an dá bhliain an t-am a bhíonn tú as obair. Ní thagann ceist na hiomarcaíochta chun cinn go dtí an gnáth-am nuair a chuirfí tús le d’obair shéasúrach. Mura n-athfhostaítear thú, d'fhéadfá a bheith i dteideal íocaíocht iomarcaíochta.

Má tá tú níos sine ná 66 bliain d’aois

Bhí ort a bheith idir 16 agus 66 bliain d’aois roimhe seo chun cáiliú do phá iomarcaíochta reachtúla. Bhain an tAcht um Chaomhnú Fostaíochta, 2007 an uasteorainn aoise 66.

Tá fostaithe atá níos sine ná 16 bliana agus fostaithe atá faoi árachas do gach sochar faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh i dteideal pá iomarcaíochta reachtúla a fháil. Áirítear leis seo fostaithe atá níos sine ná 66 bliain agus a bheadh inárachais, murach a n-aois.

Cuirfear an t-am a chaith duine i bhfostaíocht agus iad níos sine ná 66 bliain d’aois san áireamh agus an íocaíocht iomarcaíochta á ríomh

Tuilleadh eolais

Léigh tuilleadh faoi do phá iomarcaíochta a ríomh.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta fostaíochta ón gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh lena seirbhís Faisnéise agus Custaiméara – féach thíos.

Na dlíthe maidir le hiomarcaíocht

Tá na dlíthe maidir le hiomarcaíocht leagtha amach sna hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967-2014.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Deireadh Fómhair 2022