An tAontas Eorpach

Réamhrá

Is aontas polaitiúil agus eacnamaíoch de chuid stát Eorpach áirithe é an tAontas Eorpach (AE). Faoi láthair tá 27 mballstát den AE.

Tá Éire ina ball den AE ó bhí 1973 ann, agus is cuid de limistéar an euro í. Is saoránaigh AE iad saoránaigh na hÉireann freisin.

Is limistéar saorthrádála agus saorghluaiseacht daoine é an LEE atá comhdhéanta de bhallstáit an AE, móide an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Tá comhaontú ag an Eilvéis a leathnaíonn an margadh aonair chun í a chuimsiú, cé nach cuid den LEE í. Tá Éire, mar aon le tíortha an AE agus ann LEE mar chuid den mhargadh aonair.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil an ceart ag saoránaigh na hÉireann:

  • Cónaí agus obair i dtír eile AE/LEE
  • Airgead a bhogadh idir tíortha an AE/LEE
  • Earraí a dhíol agus a cheannach i dtíortha eile AE/LEE
  • Seirbhísí a fháil agus a sholáthar i dtíortha eile AE/LEE

Tugtar na ‘4 saoirse’ orthu seo.

Caithfidh Éire dlí an AE a leanúint, agus caithfidh sí cloí leis na rialacha agus leis na caighdeáin a comhaontaítear idir ballstáit trí chonarthaí, trí reachtaíocht agus trí treoracha.

Tá forbhreathnú ar an gcaoi a n-oibríonn an AE agus cearta a shaoránach tugtha sa doiciméad seo.

Aidhmeanna agus luachanna an AE

Leagann Conradh Liospóin aidhmeanna an Aontais Eorpaigh amach:

  • Síocháin agus folláine shaoránaigh an AE a chur chun cinn
  • Saoirse, slándáil agus ceartas a thairiscint do shaoránaigh an AE, gan teorainneacha inmheánacha, agus teorainneacha seachtracha a rialú ag an am céanna
  • Oibriú i dtreo fhorbairt inbhuanaithe na hEorpa, ag cur comhionannas agus ceartas sóisialta chun cinn
  • Aontas eacnamaíoch a bhunú, agus an euro mar airgeadra aige
  • Cur le forbairt inbhuanaithe, le síocháin agus le slándáil an Domhain

Tá luachanna an AE leagtha amach freisin i gConradh Liospóin (agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an AE):

  • Dínit an duine
  • Saoirse
  • Daonlathas
  • Comhionannas
  • Riail an dlí
  • Cearta an duine

Dlí an AE

Tá sé de chumhacht ag an AE dlíthe a chruthú i réimsí sainithe, agus glacann na dlíthe seo tosaíocht ar an dlí náisiúnta. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh Éire dlíthe agus cinntí Chúirt Bhreithiúnais an AE a théann i bhfeidhm ar dhlí na hÉireann a leanúint.

  • Is iad na conarthaí na dlíthe is tábhachtaí san AE, agus comhaontaíonn na ballstáit iad. Leagann conarthaí amach conas ba cheart don AE feidhmiú, agus tugann siad cumhachtaí d’institiúidí an AE chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, lena n-áirítear dlíthe nua a chruthú.
  • Is dlíthe iad rialacháin a bhaineann le gach ballstát (tá éifeacht dhíreach acu). Bíonn siad ina gcuid den dlí náisiúnta agus is féidir iad a fhorfheidhmiú trí chúirteanna náisiúnta gach ballstáit ón am a thagann siad i bhfeidhm.
  • Is dlíthe iad treoracha a leagann síos spriocanna do bhallstáit lena chur i bhfeidhm. Féadfaidh ballstáit dlíthe a thabhairt isteach a thrasuíonn treoracha sa dlí náisiúnta. De ghnáth bíonn spriocdhátaí ag treoracha faoina gcaithfidh tíortha iad a ghlacadh isteach sa dlí náisiúnta.
  • Ní bhaineann cinntí ach le comhlachtaí sonraithe. Mar shampla, d’fhéadfadh Coimisiún an AE cinneadh a eisiúint go bhfuil Éire ag gníomhú de shárú ar dhlí an AE. Tá éifeacht dhíreach ag an gcinneadh ar an tír, ar an gcuideachta nó ar an eagraíocht a n-eisítear an cinneadh ina choinne.
  • Níl Moltaí agus Tuairimí ceangailteach, agus is féidir le ballstáit an AE comhairle na moltaí seo a leanúint más mian leo nó más féidir leo a roghnú gan aon rud a athrú.

Féadfaidh tú níos mó a léamh faoi dhlíthe an AE.

Institiúidí AE

Tá go leor institiúidí ag an AE, ach is iad na hinstitiúidí is tábhachtaí a fhéadann dlíthe a chruthú a théann i bhfeidhm ar bhallstáit agus ar shaoránaigh.

Saoránacht AE agus Cearta

Is saoránaigh den Aontas Eorpach iad saoránaigh bhallstáit an AE go huathoibríoch freisin. Tá cearta áirithe ag saoránaigh an AE, lena n-áirítear:

  • An ceart chun gluaiseacht faoi shaoirse agus chun cónaí laistigh den AE. Baineann an ceart seo le teaghlach saoránaigh AE freisin.
  • An ceart chun córa chomhionainne.
  • An ceart go ndéanfadh institiúidí agus comhlachtaí an AE a ngnóthaí a láimhseáil go cóir agus go neamhchlaonta, agus an ceart drochriarachán a atreorú chuig an Ombudsman Eorpach.
  • An ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid atá i seilbh institiúidí an AE.
  • An ceart chun cúnaimh taidhleoireachta nó consalachta agus iad ag taisteal lasmuigh den AE i dtír nach bhfuil ambasáid nó consalacht ag a dtír féin.
  • Toimhde na neamhchiontachta go dtí go bhfaightear ciontach i cúirt dlí, an ceart gan a bheith curtha ós comhair cúirte faoi dhó as an gcion céanna, agus an ceart do chosaint phrionsabail ghinearálta eile de riail an dlí.

Is féidir leat níos mó a léamh faoi:

Rialachas eacnamaíoch

Déanann an AE, tríd an gCoimisiún Eorpach, iarracht tuairteanna geilleagracha a chosc trí mhonatóireacht a dhéanamh ar gheilleagair na mballstát. Foilsíonn an Coimisiún dhá thuarascáil bhliantúla a dhéanann iarracht aghaidh a thabhairt ar aon fhadhbanna geilleagracha a thug sé faoi deara i rith na bliana. Is iad:

Ní mór do bhallstáit an AE a ndréachtbhuiséid a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain agus féadfar a iarraidh ar bhallstáit a mbuiséid a athrú má cheapann an Coimisiún go bhfuil an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis á shárú acu.

Tá rialacha ag an gComhaontú Cobhsaíochta agus Fáis freisin maidir le leibhéal an fhiachais is féidir a bheith ag ballstáit, agus thug sé isteach nósanna imeachta le leanúint ag ballstáit má mhéadaíonn a n-easnamh rialtais go dtí os cionn 3% d’olltáirgeacht intíre an bhallstáit.

Féadfaidh tú níos mó a léamh faoin gComhaontú Cobhsaíochta agus Fáis agus meicníochtaí rialaithe fioscacha eile an AE inár ndoiciméad 'Rialachas eacnamaíoch an AE'

Limistéar an euro

Tá naoi mballstát déag den AE ina gcuid de limistéar an euro, nó crios an euro. Úsáideann na tíortha seo an euro mar a n-airgeadra náisiúnta.

Úsáideann Andóra, Monacó, San Mairíne agus Cathair na Vatacáine an euro mar airgeadra náisiúnta, cé nach cuid den AE ná de limistéar an euro na tíortha beaga seo.

Is ballstáit den AE iad na tíortha seo a leanas nach n-úsáideann airgeadra an euro:

  • An Bhulgáir
  • An Chróit
  • Poblacht na Seice
  • An Danmhairg
  • An Ungáir
  • An Pholainn
  • An Rómáin
  • An tSualainn

Féadfaidh tú níos mó a léamh ar rialacha agus meicníochtaí airgeadra an euro, mar aon le faisnéis faoin mBanc Ceannais Eorpach inár ndoiciméad ‘The euro area’.

Dul isteach san AE agus é a fhágáil

Cuireann stát ar mian leis a bheith san AE iarratas ballraíochta faoi bhráid Chomhairle an Aontais Eorpaigh, a iarrann ar an gCoimisiún Eorpach cumas an iarratasóra na coinníollacha ballraíochta a chomhlíonadh a mheas (critéir Chóbanhávan).

Má tá tuairim dearfach ag an gCoimisiúin, caithfidh Comhairle an Aontais Eorpaigh aontú ansin ar shainordú caibidlíochta. Ansin tosaítear idirbheartaíocht go foirmiúil.

faisnéis faoi na céimeanna i dtreo dul isteach san AE ar fáil ar Láithreán Gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

Faoi Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach féadfaidh aon bhallstát cinneadh a dhéanamh tarraingt siar ón AE. Caithfidh an ballstát a rún a chur in iúl don Chomhairle Eorpach. Ní mór don AE comhaontú a phlé leis an mballstát, ag leagan amach na socruithe chun go dtarraingeoidh an ballstát siar, agus an creat dá chaidreamh leis an AE sa todhchaí á chur san áireamh.

Cuireann Comhairle an Aontais Eorpaigh an comhaontú i gcrích thar ceann an AE, má cheadaíonn tromlach cáilithe de na ballstáit é, gan an ballstát atá ag imeacht a bheith san áireamh. Caithfidh an tromlach cáilithe a bheith comhdhéanta de 72% ar a laghad de chomhaltaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ionadaíocht a dhéanamh acu ar 65% ar a laghad de dhaonra na mballstát.

Scoirfidh conarthaí an AE d’fheidhm a bheith acu leis an mballstát ón dáta a thiocfaidh an comhaontú aistarraingthe i bhfeidhm nó, mura bhfuil comhaontú ann, 2 bhliain tar éis an fhógra bhunaidh, mura gcinnfidh an Chomhairle Eorpach d’aon toil an tréimhse seo a fhadú.

Ballstáit an AE

Tá 27 mballstát ag an AE faoi láthair. Léiríonn an tábla thíos an chaoi a d'fhás an eagraíocht ó bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) in 1957, agus tá eolas ann faoi na hathruithe móra a tharla le linn na tréimhse sin.

Seachas 27 ballstát an AE, tá an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin mar chuid den mhargadh aonair freisin (is é an tAE 27, móide an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE))

Tá comhaontú déthaobhach ag an Eilvéis agus an AE (ar a dtugtar an AFMP) a thugann an ceart do shaoránaigh na hEilvéise agus an AE gluaiseacht faoi shaoirse i gcríoch a chéile. Is é sin le rá, is féidir le saoránaigh na hEilvéise maireachtáil agus obair san AE, agus is féidir le saoránaigh an AE maireachtáil agus obair san Eilvéis. Glacann an Eilvéis páirt freisin i ngnéithe eile den Mhargadh Aonair trí chonarthaí déthaobhacha éagsúla.

 
Dáta Imeacht
18 Aibreán 1951 Bhunaigh an Bheilg, an Fhrainc, An GearmáinThiar, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír Comhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach (ECSC)
25 Márta 1957 Conarthaí na Róimhe - CEE agus Comhphobal Eorpach do Fhuinnimh Adamhach (Euratom) a bhunaigh an Bheilg, an Fhrainc, Iarthar na Gearmáine, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír (6)
1 Eanáir 1973 Tháinig Éire, an Danmhairg agus an Ríocht Aontaithe (9) isteach i CEE
7 - 10 Meitheamh 1979 Na chéad toghcháin Eorpacha do fheisirí i bParlaimint na hEorpa
1 Eanáir 1981 Tháinig an Ghréig (10) isteach
1 Eanáir 1986 Tháinig an Spáinn agus an Phortaingéil (12) isteach
7 Feabhra 1992 Chruthaigh Conradh Maastricht an tAontas Eorpach - thosaigh 4 shaoirse an mhargaidh aonair an 1 Eanáir 1993
1 Eanáir 1995

Tháinig an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn (15) isteach

26 Márta 1995 Tháinig Comhaontú Schengen, a bhain seiceálacha teorann laistigh de na tíortha rannpháirteacha, i bhfeidhm
1 Eanáir 2002 Is é an euro airgeadra 12 thír AE, lena n-áirítear Éire (19 tír anois)
1 Bealtaine 2004 Tháinig Poblacht na Seice, an Chipir, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an tSlóivéin agus an tSlóvaic (25) isteach
1 Eanáir 2007 Tháinig an Bhulgáir agus an Rómáin (27) isteach
1 Iúil 2013 Tháinig an Chróit (28) isteach
31 Eanáir 2020 Is í an RA an chéad tír a fhágfaidh an AE (27)

Tuilleadh eolais

Is seirbhís teileafóin agus ríomhphoist saor in aisce é Europe Direct a sholáthraíonn faisnéis faoin AE. Tugann sé eolas ar raon leathan ábhar lena n-áirítear reachtaíocht, beartais, institiúidí, cláir agus cearta shaoránaigh an AE. Féadann sé úsáideoirí a atreorú chuig an bhfoinse comhairle is fearr ar leibhéil AE, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. Tá roinnt ionad eolais áitiúla Europe Direct in Éirinn.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Meitheamh 2022