Saorghluaiseacht san AE

Réamhrá

Saoránaigh an Aontais Eorpaigh go huathoibríoch iad saoránaigh bhallstáit an AE. Ciallaíonn seo gur féidir leo taisteal gan srian timpeall thíortha an AE, agus go bhfuil an ceart acu cónaí sna tíortha eile sin má shásaíonn siad coinníollacha áirithe.

Baineann saoirse gluaiseachta le gach ballstát eile an AE, cé gur féidir srianta a chur i bhfeidhm ar bhaill nua leis an AE. Baineann sé leis an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin (atá san LEE, anuas ar 27 ballstát an AE) agus an Eilvéis freisin.

Leantar le ceart ar leith a bhronnadh ar shaoránaigh an RA chun cónaí agus oibriú in Éirinn mar chuid den Chomhlimistéar Taistil. Tá na cearta céanna ag saoránaigh Éireannacha chun cónaí agus oibriú sa RA.

Cén dlíthe AE agus náisiúnta a bhaineann le saorghluaiseacht?

Bronntar saorghluaiseacht ar oibrithe in Airteagal 45 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Chruthaigh Conradh Maastricht 1992 saoránacht AE agus rinne sé scóip na saorghluaiseachta a fhairsingiú. Bíonn éifeacht dhíreach ag conarthaí AE in Éirinn, a chiallaíonn go bhfuil na conarthaí mar chuid de dhlí na hÉireann.

Leagtar amach i dTreoir 2004/38/CE an AE (ar a dtugtar an Treoir maidir le ‘Cearta Saoránach’) rialacha nach mór do bhallstáit cloí leo, conas a bhaineann saorghluaiseacht le daoine muinteartha shaoránaigh an AE, agus an méid a tharlaíonn le cearta cónaithe shaoránaigh an AE má chailleann siad a bpost, nó má thagann breoiteacht orthu san áireamh. Rinne Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine), 2015. Treoir 2004/38/CE an AE a thrasuí (nó a iontráil isteach i ndlí na hÉireann).

Is féidir leat léamh faoi conas a oibríonn dlí an AE.

Cad a chiallaíonn saoirse gluaiseachta?

Bíonn an ceart ag saoránaigh an AE, an LEE agus na hEilvéise taisteal gan srian laistigh de chríoch an Aontais Eorpaigh, an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíochta agus na hEilvéise. Nuair a bhíonn siad i gceann de na tíortha siúd go dleathach, níor cheart go gcaithfear leo ar bhealach éagsúil ón mbealach a chaitear le saoránaigh na tíre sin maidir leis na rudaí seo a leanas:

  • Teacht ar fhostaíocht
  • Dálaí oibre
  • Cánachas
  • Rochtain ar oiliúint
  • Rochtain ar cheardchumainn
  • Rochtain ar thithíocht, oideachas, oideachas dá leanaí (mar shampla)

Fanacht i stát eile AE ar feadh a fhaide le 90 lá

Mar shaoránach AE, an LEE nó na hEilvéise, is féidir leat taisteal laistigh de chríoch an Aontais Eorpaigh, an LEE agus na hEilvéise. Ní theastaíonn víosa uait chun taisteal go tír eile AE, an LEE nó an Eilvéis agus níor cheart do phas a stampáil nuair a fhágann tú do thír nó nuair a iontrálann tú tír eile.

Níor cheart do thíortha AE coinníollacha a leagan síos (seachas go dteastaíonn pas nó cárta aitheantais náisiúnta, nó a láithreacht a thabhairt le fios do na húdaráis) do shaoránaigh AE a iontrálann a dtír.

Ciallaíonn seo nár cheart go n-iarrfaí ort a chruthú go bhfuil tairiscint fostaíochta agat, go bhfuil airgead agat le híoc as costais mhaireachtála, go bhfuil tú cláraithe le coláiste, nó go bhfuil aon ghnó nó cuspóir eile ar leith agat chun cuairt a thabhairt ar bhallstát an AE.

Caithfidh pas nó cárta aitheantais náisiúnta a bheith ag saoránaigh AE, LEE nó ag náisiúnaigh na hEilvéise a thagann i láthair in Éirinn. Má tá tú ag taisteal i mórthír na hEorpa, is féidir a cheadú duit taisteal idir tíortha gan do phas nó do chárta aitheantais a thaispeáint (i Limistéar Schengen).

B’fhéidir go mbeidh ar dhaoine muinteartha le saoránaigh AE, an LEE nó na hEilvéise, nach saoránaigh iad féin, iarratas a dhéanamh ar víosa chun Éire a iontráil. Féach ‘daoine muinteartha’ thíos.

D’fhéadfaí an ceart atá agat fanacht i dtír AE, an LEE nó san Eilvéis ar feadh a fhaide le 90 lá a chealú má dhéantar ualach míréasúnta díot ar chóras cúnaimh shóisialta an bhallstáit. Má bhog tú go hÉirinn, murar éirigh leat obair a aimsiú, agus mura bhfuil aon airgead agat chun tacú leat féin, níl ar stát na hÉireann cúnamh sóisialta a íoc. Féach ‘Srianta ar shaoirse gluaiseachta’ thíos.

Fanacht i stát eile AE ar feadh breis agus 90 lá

Más mian leat fanacht san AE, i stát an LEE nó san Eilvéis ar feadh níos faide ná 90 lá, is féidir iarraidh ort a thaispeáint:

  • Go bhfuil tú fostaithe
  • Go bhfuil tú féinfhostaithe
  • Go bhfuil tú i do mhac léinn lánaimseartha agus tá árachas sláinte agus airgead agat chun tacú leat féin
  • Go bhfuil dóthain airgid agat chun tacú leat féin agus go bhfuil árachas sláinte (duit féin agus do do theaghlach) agat gan cúnamh stáit

Tá ceart ag daoine muinteartha cáilitheacha le saoránaigh AE, náisiúnaigh an LEE agus saoránaigh na hEilvéise ó na catagóirí seo chun cónaí i stát eile ar feadh níos faide ná 90 lá. Féach ‘daoine muinteartha’ thíos chun teacht ar eolas breise.

Má fhanann tú i dtír eile an AE nó i stát an LEE nó san Eilvéis ar feadh breis agus 90 lá agus mura bhfuil tú in aon cheann de na catagóirí thuas, is féidir Ordú Aistrithe a thabhairt duit.

Ní gá do shaoránaigh an AE, an LEE nó na hEilvéise a láithreacht a chlárú sa Stát leis na húdaráis. Ciallaíonn seo nach mbeidh ort a thaispeáint go bhfuil tú i gceann amháin de na catagóirí thuas ach amháin sna cásanna seo a leanas:

  • Níl do chéile, comhpháirtí nó duine muinteartha cleithiúnach ón AE, an LEE nó an Eilvéis agus tá iarratas á dhéanamh acu ar áit chónaithe
  • Cuireann tú isteach ar íocaíocht cúnaimh shóisialta agus sásaíonn tú Coinníoll an Ghnáthchónaithe
  • Déanann tú iarratas ar chónaitheacht bhuan duit féin, agus/nó do do theaghlach (tá seo ar fáil i ndiaidh go raibh cónaí dleathach ort ar feadh 5 bliana sa tír)

Is féidir leat eolas breise a léamh faoi chearta cónaithe shaoránaigh an LEE anseo.

Daoine muinteartha

Baineann saorghluaiseacht le daoine muinteartha áirithe, fiú mura saoránaigh AE, an LEE nó na hEilvéise iad. Ciallaíonn seo gur féidir le daoine muinteartha áirithe cónaí i mballstát eile AE, i stát an LEE nó san Eilvéis más féidir leat a thaispeáint go bhfuil cónaí dleathach ort ansin.

Ní bhaineann saorghluaiseacht go ginearálta le náisiúnaigh AE, an LEE nó na hEilvéise, nuair a chónaíonn siad ina dtír féin náisiúntachta. Ciallaíonn seo go mb’fhéidir go bhfuil cearta cónaithe níos láidre ag daoine muinteartha le náisiúnaigh AE, an LEE nó na hEilvéise i dtír ar leith ná mar a bhíonn ag duine muinteartha le náisiúnach na tíre sin.

Más náisiúnach AE, LEE nó na hEilvéise thú agus má bheartaíonn tú bogadh go hÉirinn le do theaghlach neamh-AE/LEE nó Éilvéiseach, ba cheart duit a sheiceáil an dteastaíonn víosa uathu le hÉirinn a iontráil. Ní féidir leo iarratas a dhéanamh ar chónaí ach ó áiteanna laistigh den Stát. Braitheann an próiseas iarratais ar víosa agus ar chónaí ar an gcaidreamh idir tú féin agus do dhuine muinteartha.

Daoine muinteartha cáilitheacha agus a cheadaítear

Ba cheart go mbeadh víosaí do dhaoine muinteartha cáilithe saor in aisce agus mear-rianaithe, agus ba cheart go mbeadh iarratais ar chónaí saor in aisce agus ba cheart iad a phróiseáil laistigh de 6 mhí. Daoine muinteartha cáilitheacha atá sna daoine seo a leanas:

  • Do chéile nó páirtnéir sibhialta
  • Do leanbh nó leanbh do chéile atá níos óige ná 21 bliain d’aois
  • Do gharleanbh nó garleanbh do chéile atá níos óige ná 21 bliain d’aois
  • Do thuismitheoir cleithiúnach, nó tuismitheoir cleithiúnach do chéile
  • Do sheantuismitheoir cleithiúnach, nó seantuismitheoir cleithiúnach do chéile
  • Sliocht díreach cleithiúnach eile nó gaolta eile díreacha cleithiúnacha do shinsir (mar shampla, sin-seantuismitheoirí nó páistí garleanaí) leat féin nó le do chéile

Meastar, go ginearálta, gur daoine muinteartha cáilitheacha iad leanaí atá níos sine ná 21 bliain d’aois má tá siad in oideachas, nó má bhraitheann siad ort mar gheall ar bhreoiteacht nó ar mhíchumas. Beidh ort a thaispeáint go raibh do thuismitheoirí nó do sheantuismitheoirí (nó tuismitheoirí nó seantuismitheoirí do chéile) ag brath ort sular tháinig siad go hÉirinn.

Is féidir cónaí a bhronnadh ar dhaoine muinteartha eile freisin. Daoine muinteartha a bhfuil cead acu atá iontu agus ina measc tá:

  • Do pháirtnéir
  • Aon ghaol leat atá mar chuid de do theaghlach
  • Aon ghaol leat óna dteastaíonn do chúram pearsanta mar gheall ar bhreoiteacht nó míchumas

Tá cearta cónaithe ag daoine muinteartha eile bunaithe ar chinntí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (mar shampla, tuismitheoirí saoránaigh AE agus tuismitheoirí saoránach Éireannach).

Is féidir leanúint de chearta cónaithe na ndaoine muinteartha neamh-AE/LEE/Eilvéiseacha a bhronnadh orthu i ndiaidh do shaoránach an AE/an LEE nó na hEilvéise bás a fháil nó tar éis go scartar le saoránach an AE/an LEE nó na hEilvéise má sásaíodh coinníollacha áirithe.

Nuair a bhíonn cónaí dleathach ar na daoine muinteartha siúd, bíonn siad i dteideal oibriú sa tír óstála freisin. Is féidir le daoine muinteartha a bhfuil cónaí dleathach orthu iarratas a dhéanamh ar chónaí buan tar éis go raibh cónaí dleathach orthu ar feadh 5 bliana.

Is féidir leat eolas breise a léamh faoi chearta cónaithe daoine muinteartha le saoránaigh an LEE anseo.

Srianta ar shaoirse gluaiseachta

Is féidir le ballstát srian a chur ar shaorghluaiseacht ar na forais seo a leanas:

  • Beartas poiblí
  • Slándáil phoiblí
  • Sláinte phoiblí

Ciallaíonn seo go bhféadfaí thú a dhíbirt ón áit a gcónaíonn tú sa tír AE/LEE nó ón Eilvéis faoi roinnt cúinsí. Dá fhaide a chónaigh tú go dleathach sa tír sin, is láidre a bhíonn na cosaintí in aghaidh thú a bhaint agus a thabhairt ar ais go dtí tír do náisiúntachta.

Ní féidir le hOrdú Aistrithe a bheith díréireach. I bhfriotal eile, d’fhéadfadh go bhfuil dlí an AE á shárú ag tír má aistríonn siad thú gan chúis mhaith a bheith leis agus murar scrúdaíodh fíricí do cháis.

Sula ndéantar cinneadh ar Ordú Aistrithe a dheonú i d’aghaidh, caithfidh an ballstát breithniú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

  • Fad d’fhanacht sa tír
  • A fheabhas a rinne tú imeascadh (mar shampla, do stair oibre)
  • D’aois agus do shláinte
  • Conas a d’imreodh thú a bhaint tionchar ar dhaoine muinteartha eile a d’fhanfadh sa Stát
  • Na ceangail atá agat le do thír thionscnaimh

Is féidir thú a bhaint freisin má chaill tú do chearta cónaitheachta. D’fhéadfadh seo tarlú murar aimsigh tú obair tar éis go raibh cónaí ort sa tír ar feadh 3 mhí agus murar féidir leat tacú leat féin.

Cad is féidir leat a dhéanamh má sháraítear do chearta saorghluaiseachta?

Is féidir cearta saoirse gluaiseachta a shárú ar roinnt bealaí. Mar shampla:

  • D’fhéadfaí cead isteach go tír eile AE/LEE nó san Eilvéis a dhiúltú duit
  • D’fhéadfá bheith thíos le hidirdhealú i dtír eile an AE/an LEE nó san Eilvéis a chuireann cosc ort ó theacht ar an margadh saothair
  • D’fhéadfaí thú a bhaint ó thír eile AE/LEE nó an Eilvéis ar chúiseanna seachas iad siúd a cheadaítear i ndlí an AE
  • D’fhéadfaí an ceart atá ag do theaghlach a bhaint chun taisteal chugat chun cónaí leat sa tír AE/LEE nó san Eilvéis
  • D’fhéadfaí cúram sláinte, tithíocht phoiblí, nó seirbhís eile Stáit a dhiúltú duit a chuirtear ar fáil do náisiúnaigh na tíre
  • D’fhéadfaí nach n-aithneofaí do cháilíochtaí sa tír nua AE/LEE tír nó san Eilvéis

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le ceann de na heagraíochtaí a liostaítear thíos má theastaíonn comhairle uait ar do chearta mar náisiúnach AE, LEE nó na hEilvéise, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoin mbealach a caitheadh leat sa tír sin.

Cuireann Europe Direct comhairle ar fáil ar a uimhir Shaorghlao agus cuireann sé oifigí áitiúla ar bun i ngach ballstát.

Cuireann An Eoraip Agatsa – Comhairle (Your Europe Advice) eolas agus comhairle ar fáil faoi chearta AE ar a láithreán gréasáin agus trína chomhairleoirí dlí.

Is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach má chreideann tú gur sáraíodh do chearta mar shaoránach AE.

Is féidir leat gearán a dhéanamh le SOLVIT. Is féidir le SOLVIT gearáin faoi chearta AE a imscrúdú. Ní gnách go bhfiosróidh sé gearáin nuair a bhíonn gníomh ar bun i gcúirt cheana féin, agus ní láimhseálann sé gearáin a dhéanann tomhaltóirí.

Dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn

Má d’éiligh tú tearmann i mballstát an AE, caithfidh tú fanacht ansin sa tír sin fad a bhíonn d’iarratas á phróiseáil. Leagtar amach i Rialachán Bhaile Átha Cliath III na rialacha ar na háiteanna ba cheart éileamh ar chosaint idirnáisiúnta (tearmann) a dhéanamh laistigh den Aontas Eorpach.

Eolas breise

Is féidir leat níos mó a léamh faoin AE agus conas a oibríonn sé inár gcáipéisí:

  • An tAontas Eorpach
  • Dlí an AE
  • Institiúidí an AE
  • Limistéar an Euro
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Meitheamh 2022