An Chairt um Chearta Bunúsacha Réamhrá

Réamhrá

Tugann an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh le chéile na saoirsí agus na cearta pearsanta is tábhachtaí atá ag saoránaigh an AE in aon doiciméad amháin atá ceangailteach ó thaobh dlí. Fógraíodh an Chairt in 2000, agus tháinig sí i bhfeidhm i mí na Nollag 2009 in éineacht le Conradh Liospóin.

Is é cuspóir na Cairte ná cearta an duine a chur chun cinn laistigh de chríoch an AE. Leagadh amach go leor de na cearta atá sa Chairt roimhe seo ina leithéid agus:

  • Conarthaí an AE
  • An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine
  • Cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE)
  • Bunreachtanna náisiúnta (mar shampla, Bunreacht na hÉireann)

Tá an chumhacht dhlíthiúil chéanna ag an gCairt agus atá ag Conradh AE. Ciallaíonn sé seo go bhfuil sí níos láidre ná dlí náisiúnta na hÉireann. Ní bhíonn feidhm aici, áfach, ach amháin nuair a bhíonn dlí an Aontais Eorpaigh é cur i bhfeidhm ag comhlachtaí Éireannacha (go háirithe Rialtas na hÉireann).

Ábhar na Cairte

Tá an Coinbhinsiún roinnte ina chaibidlí agus ina airteagail. Is iad seo na 6 chaibidil:

  • Dínit
  • Saoirse
  • Comhionannas
  • Dlúthpháirtíocht
  • Cearta saoránach
  • Ceartas

Dínit

Airteagal 1 - 5:

Airteagal 1: Dínit an duine – tá sé de cheart ag gach duine go gcaitear leo le dínit.

Airteagal 2: Ceart chun beatha – tá ceart chun beatha ag gach duine, agus tá cosc ar phionós an bháis.

Airteagal 3: An ceart chun iomláine an duine – áirítear leis seo toiliú leighis agus toirmeasc ar chleachtais ghéiniteacha áirithe.

Airteagal 4: Toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach.

Airteagal 5: Toirmeasc ar an sclábhaíocht agus ar shaothar éignithe – áirítear leis seo gáinneáil.

Saoirse

Baineann Airteagail 6 go 19 le saoirsí:

Airteagal 6: An ceart chun saoirse agus slándála.

Airteagal 7: Meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh.

Airteagal 8: Sonraí pearsanta a chosaint - ba cheart sonraí a phróiseáil go cothrom agus chun críocha sonraithe agus ar bhonn toilithe nó ar bhonn dlíthiúil éigin eile.

Airteagal 9: An ceart chun pósadh agus an ceart chun teaghlach a bhunú – déantar an ceart seo a ráthú i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta.

Airteagal 10: Saoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin – áirítear leis seo an ceart creideamh reiligiúnach a éileamh go poiblí agus an ceart creideamh a athrú.

Airteagal 11: Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil

Airteagal 12: Saoirse comhthionóil agus comhlachais – an ceart chun páirt a ghlacadh i gceardchumainn san áireamh.

Airteagal 13: Saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí – áirítear leis seo saoirse acadúil.

Airteagal 14: Ceart chun oideachais – áirítear leis seo an tsaoirse do thuismitheoirí go ndéanfar a leanaí a oiliúint agus a theagasc i gcomhréir lena gcreidimh reiligiúnacha (nó creidimh eile).

Airteagal 15: Saoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart chun obair a dhéanamh – do shaoránaigh neamh-AE a bhfuil an ceart acu oibriú san AE, ba cheart go mbeadh na dálaí oibre céanna acu agus atá ag saoránaigh an AE.

Airteagal 16: Saoirse chun gnó a stiúradh.

Airteagal 17: An ceart chun maoine – tagraíonn réadmhaoin do shealúchais, ní hamháin talamh agus/nó tithíocht. Áirítear leis seo maoin intleachtúil.

Airteagal 18: An ceart chun tearmainn.

Airteagal 19: Cosaint i gcás ina dtarlaíonn aistriú, díbirt nó eiseachadadh – áirítear leis seo duine a aistriú, a dhíbirt nó a eiseachadadh chuig Stát ina bhfuil baol ann go ndéanfar é nó í a chéasadh (nó íde nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach a chur air nó uirthi).

Comhionannas

Baineann Airteagail 20 go 26 le comhionannas agus leithcheal:

Airteagal 20: Comhionannas faoin dlí.

Airteagal 21: Neamh-idirdhealú – cuirtear toirmeasc ar leithcheal ar fhorais gnéis, cine, datha, bunús eitneach nó sóisialta, gnéithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creidimh eile, tuairim pholaitiúil, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéasach.

Airteagal 22: Éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teanga – déantar iad sin a urramú.

Airteagal 23: Comhionannas idir mná agus fir – ní chuireann an prionsabal seo cosc ar bhearta chun buntáistí sonracha a thabhairt i bhfabhar an ghnéis thearcionadaithe (san ionad oibre mar shampla).

Airteagal 24: Cearta an linbh – Ní mór leas an linbh a bheith mar phríomhchúram nuair a dhéanann comhlacht poiblí nó comhlacht príobháideach cinneadh thar ceann linbh. Tá sé de cheart ag leanaí caidreamh pearsanta rialta a choinneáil lena dtuismitheoirí, mura rud é go bhfuil sé sin contrártha le leasanna an linbh.

Airteagal 25: Cearta daoine scothaosta – saol faoi dhínit a chaitheamh agus páirt a ghlacadh sa saol sóisialta agus cultúrtha.

Airteagal 26: Daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú

Dlúthpháirtíocht

Airteagal 27: Ceart oibrithe chun faisnéise agus comhairliúcháin sa ghnóthas – ní mór dul i gcomhairle le hoibrithe (nó lena n-ionadaithe) i gcásanna a chumhdaítear le dlí an AE (mar shampla, aistriú gnóthas).

Airteagal 28: An ceart chun cómhargántaíochta agus chun gníomhaíochta comhchoitinne – dul i mbun caibidlíochta agus comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích agus gníomhaíocht chomhchoiteann a ghlacadh chun a leasanna féin a chosaint. (mar shampla, dul ar stailc).

Airteagal 29: An ceart chun rochtain a fháil ar sheirbhís socrúcháin – ba cheart go mbeadh seirbhísí socrúcháin saor in aisce ar fáil chun cabhrú le daoine obair a lorg.

Airteagal 30: Cosaint i gcás dífhostú gan údar.

Airteagal 31: Dálaí oibre cothroma agus córa – áirítear leis seo an ceart chun coinníollacha oibre sábháilte, líon uasta uaireanta oibre, tréimhsí sosa agus saoire bhliantúil.

Airteagal 32: Toirmeasc ar leanaí a bheith ag obair agus cosaint daoine óga ag an obair - ní fhéadfaidh an aois íosta chun dul i mbun fostaíochta a bheith níos ísle ná an aois íosta chun an scoil a fhágáil, ach amháin i gcúinsí teoranta.

Airteagal 33: Saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil – áirítear leis seo oibrithe atá torrach agus tuismitheoirí ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire tuismitheora.

Airteagal 34: Slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta.

Airteagal 35: Cúram sláinte - faoi na coinníollacha arna mbunú leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 36: Rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe le leas eacnamaíoch ginearálta – cuireann sé seo ar chumas na mBallstát cúnamh breise a chur ar fáil do limistéir faoi mhíbhuntáiste.

Airteagal 37: Cosaint an chomhshaoil – ba cheart go mbeadh beartais an AE inbhuanaithe.

Airteagal 38: Cosaint tomhaltóirí.

Cearta saoránach

Airteagal 39: An ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 40: An ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha – is éard a chiallaíonn sé seo in Éirinn ná toghcháin áitiúla.

Airteagal 41: An ceart chun dea-riaracháin – áirítear leis seo an ceart chun éisteacht a fháil sula nglactar cinneadh a dhéanfadh dochar duit, an ceart rochtain a fháil ar do chomhad, agus an oibleagáid atá ar an Stát (nó ar an gcomhlacht a dhéanann an cinneadh) cúiseanna a thabhairt lena chinntí. I gcás institiúidí an AE, ciallaíonn sé seo gur cheart dóibh freagra a thabhairt ar iarratais na saoránach i dteanga an tsaoránaigh.

Airteagal 42: An ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid – tagraíonn sé seo do dhoiciméid atá i seilbh institiúid ar bith de chuid an AE.

Airteagal 43: Ombudsman – féadfaidh duine nó cuideachta ar bith san AE cásanna drochriaracháin in institiúidí an AE a tharchur chuig an Ombudsman Eorpach.

Airteagal 44: An ceart chun achainí a dhéanamh – is féidir saoránach nó cuideachta ar bith de chuid an AE achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa.

Airteagal 45: Saoirse gluaiseachta agus saoirse cónaithe.

Airteagal 46: Cosaint taidhleoireachta agus chonsalach – má tá tú lasmuigh den AE i dtír nach bhfuil ambasáid nó consalacht Éireannach (nó ambasáid de do náisiúntacht AE mura Éireannach tú) aici, tá tú i dteideal cosaint a fháil ó Bhallstát eile de chuid an AE.

Ceartas

Airteagal 47: An ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil – áirítear leis seo an ceart chun cúnaimh dhlíthiúil a fháil má mheastar nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha agat.

Airteagal 48: Toimhde na neamhchiontachta agus ceart chun cosaint a fháil – glactar leis go bhfuil gach duine neamhchiontach go dtí go gcruthófar é nó í a bheith ciontach de réir dlí, agus go bhfuil duine a chúisítear i gcoir i dteideal cosaint a fháil.

Airteagal 49: Prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis – Áirítear leis seo coireanna agus pionóis chúlghabhálacha a thoirmeasc (i bhfocail eile, ní féidir pionós a ghearradh ort mar gheall ar chion nach raibh ina chion tráth a dhéanta), ba cheart go mbeadh na pionóis i gcomhréir le tromchúis na coire.

Airteagal 50: An ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna.

An Chairt agus an dlí náisiúnta

Baineann an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go díreach le hÉirinn. Nuair a bhíonn dlí an AE á chur i bhfeidhm ag rialtas na hÉireann, ní mór dó é sin a dhéanamh de réir na gceart atá sa Chairt.

Seo roinnt samplaí de na cásanna ina mbíonn feidhm ag an gCairt in Éirinn:

  • Nuair a bhíonn an tOireachtas ag rith reachtaíochta chun Treoir ón AE a thrasuí. Is dlíthe an AE iad Treoracha an AE nach dtiocfaidh i bhfeidhm ach amháin nuair a ritheann an pharlaimint náisiúnta na dlíthe comhfhreagracha. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh gach ballstát léirmhíniú difriúil a dhéanamh ar ghnéithe áirithe den Treoir, nó seans nach n-éireodh leo dlíthe lárnacha na Treorach a thrasuí i gceart.
  • Nuair a bhíonn Barántas Gabhála Eorpach a fhorghníomhú.
  • Má chuirtear isteach ar shochar nó ar sheirbhís sláinte atá bunaithe ar stádas duine mar oibrí san AE.
  • Má tá an ceart chun saorghluaiseacht a dhéanamh i gceist.

Mura gcloítear le dlí an AE in Éirinn ar bhealach a chuireann isteach ar chearta na saoránach mar atá leagtha amach sa Chairt, d’fhéadfaí déileáil leis seo sna bealaí seo a leanas:

  • Is féidir leis an gCoimisiún Eorpach an t-ábhar a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE).
  • Is féidir le saoránach an cheist a chur faoi bhráid na gcúirteanna in Éirinn, agus chuig CBAE más gá.

An Chairt agus an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (CECD)

Síníodh an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (CECD) i 1950. Ba í Comhairle na hEorpa a d’fhógair é, agus déanann an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i Strasbourg maoirseacht air.

Bhí Éire ina ball bunaidh de Chomhairle na hEorpa agus tá an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine sínithe aici. Ach ní raibh an CECD ina chuid de dhlí na hÉireann go dtí gur rith an tOireachtas an tAcht um an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine 2003 toisc nach bhfuil éifeacht dhíreach ag an CECD i ndlí na hÉireann.

Tá cearta uile an CECD curtha san áireamh sa Chairt. Tugann an Chairt aghaidh, áfach, ar roinnt saincheisteanna nua-aimseartha nach bhfuil san áireamh sa CECD (mar shampla, clónáil daoine, cosaint sonraí).

Leagtar amach sa bhosca thíos cuid de na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir an Chairt agus an CECD:

 
  An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (CECD) An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
Fógartha den chéad uair 1950 ag Comhairle na hEorpa 2000 ag an Aontas Eorpach
Tháinig sé i bhfeidhm in Éirinn An tAcht fán gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine 2003 Roimhe seo, ní raibh an CECD agus cinntí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine ceangailteach in Éirinn ach rinne na cúirteanna tagairt dóibh. I mí na Nollag 2009 mar aon le Conradh Liospóin. Tá an stádas dlíthiúil céanna ag an gCairt agus atá ag conradh AE agus mar sin tá éifeacht dhíreach aici i réimsí áirithe.
Cathain a chuirtear i bhfeidhm in Éirinn é? Irish law must be compatible with the ECHR. This applies when laws are being written or changed and when the courts are interpreting Irish laws.

Every government department, local authority and public institution must perform its duties in a way that satisfies Ireland’s obligations under the ECHR.

The Oireachtas must consider the Charter when transposing EU directives into Irish law, or passing legislation following an EU decision or regulation.

For citizens, the Charter only applies where the case involves EU law.

 

Caithfidh dlí na hÉireann a bheith i gcomhréir leis an CECD. Baineann sé seo nuair a bhíonn dlíthe á scríobh nó á n-athrú agus nuair a bhíonn na cúirteanna ag léirmhíniú dhlíthe na hÉireann.Ní mór do gach roinn rialtais, údarás áitiúil agus foras poiblí a gcuid dualgas a chomhlíonadh ar bhealach a chomhlíonann oibleagáidí na hÉireann faoin CECD. The European Court of Human Rights in Strasbourg The Court of Justice of the European Union in Luxembourg

Tuilleadh eolais

tuilleadh eolais faoin gCairt ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Iúil 2023