Dramhaíl a laghdú

Cén fáth gur cheart dom dramhaíl a laghdú?

Tá Éire ag oibriú i dtreo geilleagar ciorclach a bheith ann. Tá mar chuspóir ag geilleagar ciorclach deireadh a chur le dramhaíl agus lenár mbrath ar acmhainní nádúrtha, trí sinn a spreagadh leanúint le táirgí agus ábhair a úsáid. Laghdaíonn seo gáis cheaptha teasa, déanann sé fuinneamh a choigilt agus cruthaíonn sé poist. Tríd an méid dramhaíola a chruthaíonn tú a laghdú, cabhraíonn tú le truailliú a chosc agus an timpeallacht a chosaint. Cuireann tú teorainn freisin ar an méid dramhaíola a thugtar chuig líonadh talún, caomhnaíonn tú acmhainní nádúrtha agus déanann tú airgead a choigilt.

Conas is féidir liom dramhaíl tí a laghdú?

Déanann teaghlaigh Éireannacha thart ar 1.5 milliún tonna de dhramhaíl a tháirgeadh gach bliain. Dramhaíl ghinearálta é beagnach leath an mhéid bruscair seo, agus bailítear é ó araidí dubha agus tugtar chuig líonadh talún é. Ní bhailítear ach an ceathrú cuid den dramhaíl seo ónár n-araidí glasa agus donna go ndéanfar é a athchúrsáil nó a mhúiríniú.

Tá roinnt rudaí is féidir leat a dhéanamh chun do dhramhaíl sa bhaile a laghdú agus cosc a chur ar do bhruscar a thabhairt go dtí líonadh talún. Áirítear leo seo:

Athchúrsáil, athúsáid, deisigh

Is é athchúrsáil an próiseas ina mbailítear dramhaíl agus ina ndéantar ábhair nó rudaí eile de ar féidir athúsáid a bhaint astu. Nuair a dhéanaimid athchúrsáil, úsáidimid níos lú amhábhar ná nuair a bhíonn táirge nua á tháirgeadh againn, agus laghdaíonn seo truailliú aeir agus feabhsaíonn sé an timpeallacht. Is féidir le dramhaíl tí a athchúrsáil an méid airgid a chaitheann tú ar dhramhaíl a bhailiú a laghdú, mar gheall nach gcuireann go leor bailitheoirí dramhaíola aon chosc ar an méid dramhaíola is féidir leat a chur isteach i d’araidí glasa agus donna. Ach, tá tairseacha ginearálta ann maidir leis an méid is féidir leat a chur i d’araid dhubh, agus gearrtar táillí breise má sháraíonn tú an teorainn seo. Is féidir leat do dhramhaíl in-athchúrsáilte a thabhairt chuig áis athchúrsála go ndéanfar é a athchúrsáil freisin. Aimsigh níos mó eolais faoi athchúrsáil in Éirinn.

Is é an bealach is fearr chun dramhaíl a laghdú gan é a tháirgeadh ar an gcéad dul síos. Mar sin, athúsáid earraí, nuair is féidir. Mar shampla, in ionad buidéil phlaisteacha uisce a cheannach, úsáid buidéal ath-inúsáidte agus líon arís sa bhaile é nó ag an sconna uisce óil saor in aisce is gaire duit. Má tá tú ag dul ag siopadóireacht, tabhair leat do mhálaí siopadóireachta féin ath-inúsáidte.

In ionad earraí nua a cheannach, déan iarracht na cinn atá agat a dheisiú. Mar shampla, d’fhéadfá d’éadaí, do throscán, do rothar nó d’fhearais a dheisiú. Tá eolas ar conas an chuid is mó de rudaí a dheisiú ar fáil ar an idirlíon. Nó is féidir leat iarraidh ar ghairmí áitiúil chun d’earraí a dheisiú.

Rogha eile é uaschúrsáil. Is éard a bhaineann leis seo ná earraí nach dteastaíonn uait a thuilleadh a athúsáid, chun táirgí nó ábhair nua ar a bhfuil luach níos airde a dhéanamh. D’fhéadfadh bealach spraíúil agus cruthaitheach a bheith ann le dramhaíl a laghdú agus beatha nua a chur i seanearraí.

Seachain pacáistiú bia

Nuair a bhíonn tú san ollmhargadh, seachain earraí a cheannach a bhfuil pacáistiú plaisteach iomarcach acu. B’fhéidir go mbeidh tú in ann pacáistiú nach dteastaíonn a fhágáil ann.

Roghnaigh torthaí agus glasraí nach bhfuil réamhphacáistithe agus tabhair leat do mhála féin chun iad a thabhairt abhaile. Roghnaigh earraí bia a chuirtear ar fáil i gcoimeádáin in-athchúrsáilte.

Seachain plaistigh aonúsáide

Earraí iad plaistigh aonúsáide (PAÚanna) a úsáidtear uair amháin, nó ar feadh tréimhse ghearr ama, agus a chaitear amach ansin iad. Mar shampla, soip, baitíní cadáis agus coimeádáin bhia pholaistiréin.

Ba cheart duit a sheachaint úsáid a bhaint as PAÚanna mar gheall go nglacann sé go leor ama le hiad a bhriseadh síos agus gur féidir leo díobháil a dhéanamh don timpeallacht, go háirithe aigéin. PAÚanna atá i gceist le 70% den bhruscar muirí san AE.

Ón 3 Iúil 2021, tá cosc ar PAÚanna áirithe an margadh Éireannach a iontráil.

Ceannaigh earraí athláimhe

Déanfaidh tú airgead a choigilt trí tháirgí athláimhe a cheannach. Laghdaíonn sé an t-éileamh freisin ar earraí nua, agus caomhnaíonn sin acmhainní nádúrtha. Samplaí iad gluaisteáin, éadaí, trealamh aclaíochta, troscán agus leabhair d’earraí athláimhe is féidir a cheannach agus a úsáid.

Má tá earraí agat nach dteastaíonn uait a thuilleadh, d’fhéadfá iad a thabhairt do shiopa carthanais, seachas iad a chaitheamh amach. Ina theannta sin, d’fhéadfá iad a thabhairt mar thabhartas nó a dhíol trí láithreáin ghréasáin nó grúpaí meán sóisialta ceannaigh agus díola.

Greamán ‘Cosc ar dhramhphost’

Cuir comhartha ‘cosc ar dhramhphost’ in airde ar do dhoras tosaigh nó ar do bhosca poist. Cuirfidh seo stop le dramhaíl pháipéir gan iarraidh a chur i do bhosca poist, cosúil le bileoigíní, bróisiúir agus nuachtáin saor in aisce.

Conas is féidir liom dramhbhia a laghdú?

Táirgeann gach teaghlach Éireannach 117 kg de dhramhbhia, ar an meán, gach bliain, agus is ionann seo agus thart ar luach €700 de bhia.

Déanann dramhbhia díobháil don timpeallacht freisin. Nuair a bhaineann sé líonadh talún amach, scaoileann sé le meatán, gás ceaptha teasa a dhéanann níos mó díobhála ná dé-ocsaíd charbóin.

Seo thíos roinnt leideanna praiticiúla chun dramhbhia a laghdú:

Déan plean béilí agus liosta siopadóireachta seachtainiúil

Déan an bia a theastóidh uait a phleanáil don tseachtain agus déan liosta siopadóireachta. Seiceáil oidis bhéilí a bheartaíonn tú a dhéanamh. Níor cheart go mbeadh ach na hearraí ar do liosta siopadóireachta a theastóidh uait agus a úsáidfidh tú. Glac grianghraf de na rudaí atá i do chuisneoir lena mheabhrú duit. Ná ceannaigh aon rud nach bhfuil ar an liosta, a mhéid agus is féidir, agus seachain rudaí a thobcheannach.

Coimeád súil ar dhátaí

Is é an phríomhchúis go gcaitear bia amach ná go n-éagann an dáta faoinar cheart é a úsáid. Coimeád súil ar dhátaí agus tabhair dóthain ama duit féin chun bia a ithe nó a reo.

Foghlaim faoi lipéid ‘dáta faoinar cheart a úsáid’ agus ‘dáta ar fearr roimhe’ ar bhia.

Bia a reo

Leid phraiticiúil eile chun dramhbhia a laghdú is ea bia a reo. Maireann bia níos faide dá bharr agus déanfaidh sé airgead a choigilt duit.

Aimsigh níos mó faisnéise faoi bhia a reo chun dramhaíl a laghdú.

Múiríniú

Is é múiríniú an próiseas ina ndéantar ábhar orgánach, cosúil le dramhbhia nó duilleoga, a athchúrsáil go nádúrtha. Le himeacht ama, déantar ábhar den ábhar orgánach ar a dtugtar múirín. Tá múirín lán le cothaithigh agus is féidir é a chur le hithir sa ghairdín nó le plandaí taobh istigh.

Ba cheart duit do dhramhbhia féin a mhúiríniú nuair is féidir, trí úsáid a bhaint as seirbhís araidí donna nó trí mhúiríniú a dhéanamh sa bhaile.

Aimsigh níos mó eolais faoi mhúiríniú.

Conas is féidir liom dramhaíl a laghdú ag an obair?

Déanann dramhaíl a laghdú ag an obair maitheas don cháil atá ar d’eagraíocht agus déanfaidh sé airgead a choigilt. Tá tacaíochtaí airgeadais ar fáil freisin do ghnólachtaí a thosaíonn le roghanna glasa a dhéanamh.

Seo roinnt leideanna chun dramhaíl a laghdú san oifig:

Roghnaigh an rogha dhigiteach seachas rogha an pháipéir

Déan eolas a stóráil go leictreonach, seachas ar pháipéar. Is fusa ar fhostaithe comhoibriú agus is gnách go mbíonn sé níos sláine dá bharr. Laghdóidh billí gan pháipéar do lorg carbóin agus laghdóidh sé costais oibríochtúla freisin.

Clódóireacht

Laghdaigh dramhaíl pháipéir trí chleachtais chlóite a chur chun cinn atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Mar shampla:

•Cuir greamán ‘smaoinigh sula gcuireann tú i gcló é’ ar an bprintéir

•Socraigh gurb é ‘Clóigh ar an dá thaobh’ an réamhshocrú

•Úsáid cartúis tonóra in-athlíonta

•Bíodh bosca bruscair athchúrsála páipéir suite i ngar don phrintéir

Trealamh

Úsáid trealamh marthanach oifige a bhfuil saolré fhada aige. Déanfaidh seo airgead a choigilt amach anseo agus laghdóidh sé an méid trealamh oifige a thugtar chun líonadh talún dá fhaide agus is féidir.

Déan dramhaíl a dheighilt

Cuir araidí cearta athchúrsála ar fáil agus spreag an fhoireann athchúrsáil cheart a dhéanamh. Seo treoir céim ar chéim maidir le dramhaíl do ghnólachta a bhainistiú (pdf). Áirítear acmhainní leis, cosúil le póstaeir agus lipéid do bhoscaí bruscair ar féidir iad a íoslódáil, chun cabhrú leat dramhaíl a laghdú.

Caithfear dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (WEEE) a athchúrsáil ar leithligh.

Sa chistin

Má tá ceaintín nó cistin agat, cuir sceanra agus cupáin ath-inúsáidte ar fáil do d’fhoireann. Úsáid táirgí glantacháin neamhthocsaineacha. Is féidir le fuaraitheoir uisce atá ceangailte leis an bpríomhphíobán uisce dramhaíl phlaisteach a laghdú go mór.

Eolas breise

Is féidir leat léamh faoi Staitisticí Dramhaíola Náisiúnta na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil:

Aimsigh eolas faoi Phlean Gníomhaíochta na hÉireann do Gheilleagar Ciorclach.

Déan do lorg carbóin a ríomh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Deireadh Fómhair 2021