Téarmaí dlíthiúla mínithe

'Obair mhalartach' á tairg duit

Ní mór do d'fhostóir dul i gcomhairle leat sula ndéanann sé/sí cinneadh tú a dhéanamh iomarcach. Beidh na nithe seo a leanas i gceist leis sin de ghnáth:

  • Ag labhairt leat faoin bhfáth ar roghnaíodh thú
  • Ag féachaint ar roghanna malartacha ar bith seachas iomarcaíocht

Sula ndéanann d'fhostóir iomarcach tú, d'fhéadfadh siad post eile sa ghnó a thairiscint duit. Tugtar ‘obair mhalartach‘ air seo.

Ba cheart gur tairiscint réasúnta a bheadh san obair mhalartach. Go ginearálta, ní bheadh roghanna eile ina gcaillfeá stádas nó a laghdódh téarmaí agus coinníollacha réasúnta.

B'fhéidir nach mbeidh tú i dteideal íocaíocht iomarcaíochta a éileamh má thairgeann d'fhostóir obair oiriúnach eile duit a dhiúltaíonn tú gan chúis mhaith.

Conas ba cheart duit tairiscint eile poist a fháil

Ba chóir do d'fhostóir aon tairiscint ar obair mhalartach a thabhairt duit i scríbhinn más mian leo brath ar an tairiscint chun íocaíocht iomarcaíochta a sheachaint.

Tá tú i dteideal eolas iomlán a fháil faoin tairiscint. Ní mór an post a thairiscint duit - ní cheart go mbeadh gá duit iarratas a dhéanamh. Ní mór tús a chur leis an bpost nua laistigh de 4 seachtaine ón am a gcríochnaíonn an seanphost.

Cad is rogha malartach réasúnta ann?

Braitheann an méid atá réasúnta ar fhíricí gach cás.

Go ginearálta, níl rogha malartach réasúnta:

  • Má chailleann tú stádas (mar shampla, má bhí tú i do bhainisteoir sinsearach agus má thairgtear ról sóisearach duit)
  • Má tá téarmaí agus coinníollacha fostaíochta níos measa i gceist (mar shampla, pá níos ísle)
  • Má tá ort taisteal achar míréasúnta ón obair

Do chuid roghanna má thairgeann d'fhostóir post eile duit

Má dhéanann d'fhostóir post malartach a thairiscint duit, féadfaidh tú:

  • Glacadh leis an tairiscint ar phost mhalartach
  • Dul i mbun an phoist mhalartaigh ar bhonn trialach
  • An tairiscint ar phost mhalartach a dhiúltiú

Níl tú i dteideal iomarcaíocht a éileamh:

  • Má ghlacann tú le conradh nua nó le hathfhostú le héifeacht láithreach, agus tá na téarmaí fostaíochta mar an gcéanna le do chonradh roimhe seo
  • Má ghlacann tú le tairiscint i scríbhinn ó d'fhostóir le haghaidh conradh nua agus difriúil a thosóidh laistigh de 4 seachtaine ó thagann deireadh le do chonradh roimhe seo

D'fhéadfá do theidlíocht ar íocaíocht iomarcaíochta a chailleadh má dhiúltaíonn tú tairiscint ar phost mhalartach gan chúis mhaith.

Triail a bhaint as poist mhalartacha

Má ghlacann tú leis an tairiscint ar obair mhalartach, féadfaidh tú tréimhse trialach 4 seachtaine a fháil lena fháil amach an bhfuil an obair oiriúnach.

Féadfaidh tréimhse na trialach a bheith níos faide ná 4 seachtaine má aontaíonn tú féin agus d'fhostóir leis seo i scríbhinn (mar shampla, má theastaíonn oiliúint uait chun an post nua a dhéanamh).

Is féidir leat triail a bhaint as ról malartach gan do cheart ar phá iomarcaíochta a thabhairt suas.

Má chiallaíonn an ról malartach gur laghdaíodh do chuid uaireanta nó pá 50% nó níos mó, is féidir leat an ról a dhéanamh ar feadh suas le 52 seachtain gan glacadh leis.

Mura mian leat post malartach a ghlacadh

B'fhéidir nár mhaith leat an post malartach a ghlacadh - mar shampla má íocann sé níos lú nó más cineál oibre difriúil atá i gceist.

Ach má tá an tairiscint poist réasúnta (féach thuas) agus má dhiúltaíonn tú di gan chúis mhaith, d'fhéadfá do theidlíocht ar íocaíocht iomarcaíochta a chailleadh.

D'fhéadfadh cúis mhaith a bheith bainteach leis an bpost féin nó le do chás pearsanta. D'fhéadfá cúiseanna mar seo a leanas a thabhairt:

  • Pá níos ísle
  • Turas níos faide chun na hoibre nó easpa iompair phoiblí
  • Costais bhreise a bhaineann le dul chuig an obair

Má tá cúis mhaith agat le diúltú don tairiscint mhalartach agus má bhristear as do phost thú dá bharr, d'fhéadfá a bheith i dteideal iomarcaíocht reachtúil nó dífhostú éagóracha éileamh.

Má bhíonn díospóid ann faoi cé acu an bhfuil nó nach bhfuil post oiriúnach, nó cé acu an bhfuil nó nach bhfuil do dhiúltú míréasúnta, is féidir leat éileamh a thabhairt chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.

Mura dtairgtear post malartach duit

Iarr míniú ar d'fhostóir má cheapann tú go bhfuil poist mhalartacha acu ach nach bhfuil aon cheann á thairiscint duit faoin am a thiocfaidh deireadh le do phost reatha.

Mura bhfuil cúis mhaith ag d'fhostóir gan post malartach a thairiscint duit, d'fhéadfá éileamh a dhéanamh ar roghnú éagórach nó ar idirdhealú éagórach faoin reachtaíocht um dhífhostú éagórach.

Díospóidí faoi obair mhalartach

Má bhíonn díospóid ann faoi cé acu an raibh nó nach raibh tairiscint poist oiriúnach nó cibé an raibh nó nach raibh sé míréasúnta go ndiúltódh an fostóir an íocaíocht iomarcaíochta, féadfaidh tú gearán a thabhairt chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.

Ba chóir duit gearán a dhéanamh leis an WRC ar an bhfoirm ghearáin ar líne. Go ginearálta ní mór gearáin faoi dhiúltú íocaíochta iomarcaíochta a dhéanamh laistigh de 12 mhí. Is féidir an teorainn ama seo a shíneadh.

Mura bhfuil cúis mhaith ag d'fhostóir gan post malartach a thairiscint duit, d'fhéadfá a bheith in ann éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach.

Tuilleadh eolais

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta fostaíochta ón gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh lena seirbhís Faisnéise agus Custaiméara – féach thíos.

Na dlíthe maidir le hiomarcaíocht

Tá na dlíthe maidir le hiomarcaíocht leagtha amach sna hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 -2014.

Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go 1in, 2in go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 0818 80 80 90
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 Iúil 2022