Conas a dhéantar d'iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a mheasúnú

Réamhrá

Tá faisnéis ar an leathanach seo faoin gcaoi a ndéanann an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta (OCI) measúnú ar d'iarratas ar chosaint idirnáisiúnta

Déanfaidh an OCI cinneadh an bhfuil d'iarratas inghlactha tar éis an réamhagallaimh.

Má bhíonn d'iarratas inghlactha, tabharfar ceistneoir duit le comhlánú. Níos déanaí freastalóídh tú ar agallamh pearsanta. Déanfaidh an OCI cinneadh ansin ar cad a mholfaidh an tAire Dlí agus Cirt maidir le d'iarratas. Is féidir leat treoir céim ar chéim a léamh ar an gcaoi a bpróiseáiltear d'iarratas.

Cathain a bheidh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta inghlactha?

Tá roinnt iarratas ar chosaint idirnáisiúnta neamh-inghlactha. Ciallaíonn sé seo nach féidir leis an iarratasóir iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta ar cheann de na cúiseanna atá leagtha amach san Acht um Chosaint Idirnáisiúnta.

Bronnadh stádas dídeanaí orthu cheana féin nó le cosaint leordhóthanach i dtír eile

Níl iarratas inghlactha má bhronn tír AE eile stádas dídeanaí nó cosaint choimhdeach duit.

Tá sé neamh-inghlactha freisin má bronnadh stádas dídeanaí ort i dtír lasmuigh den AE agus go bhfuil an chosaint sin fós ar fáil duit, nó má tá cosaint leordhóthanach agat sa tír sin. Áirítear le cosaint leordhóthanach cosaint ar chéastóireacht nó ar chóireáil mhídhaonna nó táireach eile.

Teacht ó thríú tír shábháilte

Níl d'iarratas inghlactha freisin má tháinig tú ó thríú tír shábháilte. Le go measfar tír a bheith sábháilte duit, ba cheart don OCI na nithe seo a leanas a mheas:

  • Do nasc leis an tír sin. Áirítear leis seo an fad ama a chónaigh tú ann, aon ghaolta nó daoine a bhfuil tú i gcaidreamh leo atá sa tír sin, agus aon naisc chultútha atá agat leis an tír sin.
  • Má ligfear duit dul isteach arís sa tír sin
  • An dóchúlacht go ndéanfar tú a chéasadh, coireáil mhídhaonna nó táireach eile ansin, nó pionós an bháis.

Ní hionann tríú tír shábháilte agus 'tír thionscnaimh shábháilte'.

Cinntí maidir le hinghlacthacht

Má mholann an OCI gur cheart d'iarratas a bheith neamh-inghlactha, seolann sé tuarascáil chuig an Aire Dlí agus Cirt. Ní mór don Aire tú (agus d'ionadaí dlíthiúil) a chur ar an eolas faoin moladh agus cóip a thabhairt duit den tuarascáil a d'ullmhaigh an OCI. Féadfaidh tú an moladh seo a achomharc chuig an man Binse um Achomhairc i dtaobh Cosaint Idirnáisiúnta laistigh de 10 lá oibre.

Mura n-éiríonn leis an achomharc, nó mura ndéanann tú achomharc i gcoinne an mholta, dúnfar d'iarratas ar chosaint idirnáisúnta.

Má tá d'iarratas inghlactha, leanfaidh an OCI lena scrúdú agus seolfar ceistneoir chugat le comhlánú.

Rialachán Bhaile Átha Cliath III

Féadfar d'iarratas a mheasúnú faoi Rialachán Bhaile Átha Cliath III má dhealraíonn sé gur cheart do Bhallstát eile déileáil le d'iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Féadfaidh sé seo tarlú ag aon chéim de d'iarratas. Leagann Rialachán Bhaile Átha Cliath III amach na rialacha maidir le cén tír atá freagrach as iarratas duine ar chosaint idirnáisiúnta.

Inseoidh an OCI duit go bhfuil d'iarratas á scrúdú aige faoi Rialachán Bhaile Átha Cliath III agus is féidir leat uiríll scríofa a dhéanamh chuig an bPríomhoifigeach Cosanta Idirnáisiúnta.

Cad a bhreathnaíonn an OCI chun a mholtaí a dhéanamh

Ní mór duit comhoibriú le scrúdú a dhéanamh ar d'iarratas. Ciallaíonn sé seo nach mór duit an fhaisnéis go léir a theastaíonn a chur isteach, agus gach cuid den phróiseas iarratais a chomhlíonadh.

Ní mór don OCI d'iarratas a scrúdú ina aonar. Ní mór do a chur san áireamh:

  • Na fíricí ábhartha go léir a bhaineann le do thír thionscnaimh
  • Ráitis agus doiciméid ábhartha a chuireann tú i láthair, lena n-áirítear faisnéis maidir le cibé an ndearnach dó an bhféadfaí tú a chur faoi ghéarleanúint nó díobháil thromchúiseach
  • Do sheasamh agus do chúinsí pearsanta, lena n-áirítear fachtóirí mar d'aois agus d'inscne
  • An bhféadfá cosaint a fháil ó thír eile ina bhféadfá saoránacht a éileamh
  • Do chreidiúnacht ghinearálta

Fianaise ar ghéarleanúint nó díobháil thromchúiseach

Má bhí tú faoi réir géarleanúint nó mórdhíobháil cheana féin, b'fhéidir nach bhfuil fianaise dhoiciméadach nó fianaise eile agat chun tacú leis seo. Sa chás seo, ní bheidh deimhniú ag teastáil ón oifigeach cosanta idirnáisiúnta má tá sé cinnte:

  • Rinne tú fíor iarracht an méid a dúirt tú i d'iarratas a chruthú
  • Sholáthair tú an fhianaise go léir a bhí ar fáil agat agus thug tú míniú réasúnta ar gan fianaise ábhartha eile a bheith agat
  • Bhí do ráitis comhleanúnach agus sochreidte
  • Mura ndearna tú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a luaithe ab fhéidir, thug tú míniú réasúnta ar gan é a dhéanamh
  • Tá do chreidiúnacht ghinearálta bunaithe

Cosaint inmheánach

Is féidir leis an OCI a mheas an féidir le cuid eile de do thír dhúchais cosaint a thairiscint ar ghéarleanúint nó díobháil thromchúiseach, agus an bhféadfá socrú sa chuid eile sin nuair a chuirtear do chúinsí uile san áireamh.

Agallamh idirnáisiúnta um chosaint

Is deis é an t-agallamh pearsanta a insint don OCI cén fáth ar fhág tú do thír, na rudaí a chonaic tú agus cén fáth a bhfuil eagla ort filleadh. Ba chóir go gcuirfí agallamh ort i dteanga a thuigeann tú.

Scríobhfaidh an t-oibrí cásanna síos an t-eolas a thabharfaidh tú ag an agallamh seo. Bí cinnte go léann siad ar ais chugat é ionas gur féidir leat a sheiceáil go bhfuil sé cruinn. Is féidir leat a iarraidh go gceartófar an doiciméad má cheapann tú go ndearnadh míthuiscint ort, nó más mian leat tuilleadh sonraí a thabhairt faoi rud éigin.

B'fhéidir go mbeidh ort labhairt faoi rudaí a tharla duit nó do theaghlach atá trína chéile chun labhairt fúthu. Má tá aturnae agat, ní féidir leo ceisteanna a fhreagairt ar do shon.

Ní fhéadfaidh agallamh pearsanta a bheith ann má mheasann an t-oifigeach cosanta idirnáisiúnta:

  • Ba cheart go ndearbhófar gur dídeanaí thú gan gá a bheith faoi agallamh
  • Tá tú faoi 18 agus níl tú aibí go leor le haghaidh agallaimh chun cabhrú le scrúdú a dhéanamh ar d'iarratas
  • Ní féidir thú a chur faoi agallamh mar gheall ar imthosca marthanacha nach bhfuil smacht agat orthu

Moladh ón oifigeach cosanta idirnáisiúnta

Tar éis an agallaimh, ullmhaíonn an t-oifigeach cosanta idirnáisiúnta tuarascáil scríofa mar aon lena mholadh. Is iad na 3 rogha don mholadh:

  • Go ndearbhófar gur dídeanaí thú
  • Go ndearbhófar gur duine le cosaint choimhdeach thú
  • Níór cheart a dhearbhú gur dídeanaí nó duine a bhfuil cosaint choimhdeach thú

Cuireann an OCI a thuarascáil chuig an Aire Dlí agus Cirt, a sheolann fógra scríofa chugat faoin moladh.

Má mholann an t-oifigeach cosanta idirnáisiúnta gur cheart dearbhú dídeanaithe nó dearbhú um chosaint choimdeach a thabhairt duit, leanfaidh an tAire Dlí agus Cirt an moladh seo i bhformhór na gcásanna.

Má mholann an OCI nár cheart dearbhú dídeanaithe nó cosanta coimhdí a thabhairt duit, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig an man Binse um Achomhairc i dtaobh Cosaint Idirnáisiúnta más mian leat. Mura ndéanann tú achomharc, nó mura n-éiríonn le d'achomharc, cinnfidh an tAire ar cheart cead a thabhairt duit fanacht in Éirinn nó nár cheart.

Cá háit a chuireann tú iarratas isteach

Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta

Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann

78-83 Sráid an Mhóta Íochtarach
Baile Átha Cliath
D02 ND99
Éire

Uaireanta Oscailte: Lu-hAo 9.30rn-1in, 2-4.30in
Teil: +353 1 602 8000
Facs: +353 1 602 8122
Láithreán Gréasáin: http://www.ipo.gov.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Deireadh Fómhair 2023