Daoine a fhostú i do ghnó

Fostaithe a fhostú

Má thosaíonn tú gnó agus má bheartaíonn tú foireann a fhostú, ní mór duit dlíthe fostaíochta na hÉireann a leanúint. Ba cheart duit a bheith ar an eolas faoi do fhreagrachtaí mar fhostóir sula bhfostaíonn tú foireann ar bith, mar shampla, maidir le conarthaí agus sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre.

Mínítear ar an leathanach seo cad is gá duit a bheith ar an eolas faoi dhaoine a fhostú agus gnó á thosú agat.

Cláraigh mar fhostóir leis na Coimisinéirí Ioncaim

Má fhostaíonn tú foireann, ní mór duit clárú mar fhostóir leis na Coimisinéirí Ioncaim sula n-íocann tú an fostaí. Is féidir leat é seo a dhéanamh trí d’ainm, do sheoladh agus do rún chun baill foirne a íoc a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim tríd an táb M’Fhiosruithe ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Mura gcláraíonn tú mar fhostóir, ach go gcreideann na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil tú ag gníomhú mar fhostóir, cláróidh siad thú. Gheobhaidh tú fógra foirmiúil clárúcháin ó na Coimisinéirí Ioncaim, agus tá 14 lá agat chun agóid a dhéanamh i scríbhinn.

Pá a íoc agus cáin a asbhaint

Ag íoc pá

Ní mór duit an t-íosphá ar a laghad a íoc le do chuid fostaithe, is é sin €11.30 in aghaidh na huaire faoi láthair. Mura n-íocann tú an t-íosráta pá, féadfar fíneáil suas le €2,500 a ghearradh ort nó príosúnacht ar feadh suas le sé mhí a chur ort.

Tabhair faoi deara go bhfuil rátaí pá éagsúla ag earnálacha áirithe, mar an earnáil slándála agus tógála. Léigh tuilleadh faoi na rialacha d’earnálacha áirithe inár leathanach Orduithe Rialaithe Fostaíochta agus comhaontuithe fostaíochta cláraithe.

Is féidir leat léamh freisin faoi chonarthaí agus téarmaí fostaíochta.

Cáin a asbhaint

Ní mór duit cáin a asbhaint ó phá d’fhostaí tríd an gcóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT), agus ansin é seo a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim ag baint úsáide as Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim.

Braitheann an méid cánach a asbhaineann tú ar an méid ioncaim a thuilleann siad agus ar a gcúinsí pearsanta. Léigh faoi conas a ríomhtar cáin ioncaim.

Áirítear le hasbhaintí cánach:

Ní mór duit cáin a asbhaint ar nó roimh an dáta a íocann tú d’fhostaí. Ní mór duit ansin an pá agus na hasbhaintí a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim.

Cuimhnigh duillín pá a thabhairt d’fhostaithe le gach íocaíocht dá gcuid pá. Ba cheart go leagfaí amach sa duillín pá pá comhlán an oibrí agus asbhaintí ar bith ón bpá sin.

Léigh tuilleadh faoi d’oibleagáidí cánach mar úinéir gnó.

Murab í seo céad fhostaíocht an fhostaí in Éirinn, ní mór duit a bhfostaíocht nua a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Pinsin ghairme

Ní gá duit scéim pinsin a sholáthar d’fhostaithe (ar a dtugtar ‘pinsin ghairme’ go minic).

Mar sin féin, mura dtairgeann tú scéim pinsean ghairme, nó má tá srianta áirithe i bhfeidhm ar do scéim, ní mór duit rochtain a thabhairt do d’fhostaithe ar a laghad Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta amháin (CCSP).

Léigh an Treoir do Thomhaltóirí agus d’Fhostóirí ar CCSP (pdf) ón Údarás Pinsean.

Cearta agus teidlíochtaí d’fhostaithe

Mar fhostóir, ní mór duit rochtain a thabhairt do d’fhostaithe ar a gcearta agus a dteidlíochtaí go léir.

Léigh faoi chearta d’fhostaithe maidir le:

Is féidir leat eolas a fháil freisin ar dhlíthe fostaíochta na hÉireann agus ar do fhreagrachtaí mar fhostóir.

Foireann atá ag obair thar lear

Má tá an ceart ag d’fhostaí oibriú in Éirinn ach go bhfuil sé ina chónaí agus ag obair duit thar lear, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim Ordú Eisiaimh ÍMAT a thabhairt duit. Má tá tú incháilithe, ní gá duit cáin ioncaim agus MSU a asbhaint ón bhfostaí seo.

D’fhéadfá cáiliú freisin le haghaidh Ordú Eisiaimh ÍMAT má dhéanann d’fhostaí dualgais theagmhasacha in Éirinn ar feadh suas le 30 lá in aghaidh na bliana. Chun iarratas a dhéanamh ar Ordú Eisiaimh ÍMAT, tá uimhir PSP de dhíth ar d’fhostaí.

Ní gá duit ÍMAT a íoc, nó iarratas a dhéanamh ar Ordú Eisiaimh ÍMAT, má chomhlíonann d’fhostaí gach ceann díobh seo a leanas:

  • Níl siad ina stiúrthóir ar do chuideachta
  • Níl aon dliteanas cánach ioncaim acu in Éirinn
  • Déanann siad a gcuid dualgas ar fad thar lear

Ní mór do stiúrthóirí cuideachtaí Éireannacha cáin a íoc in Éirinn beag beann ar a stádas cónaitheachta.

Foireann a thabhairt go hÉirinn

Tá sé de cheart ag náisiúnaigh LEE, RA agus na hEilvéise cónaí agus oibriú in Éirinn gan víosa nó cead inimirce. Tá cead oibre bailí ag teastáil ó náisiúnaigh neamh-LEE, na RA agus na hEilvéise chun oibriú in Éirinn. Léigh faoi na cineálacha éagsúla ceadanna fostaíochta.

Is cion coiriúil é duine atá 16 bliana d’aois nó níos sine a fhostú go feasach nach bhfuil cead aige/aici cónaí agus oibriú in Éirinn. Is féidir fíneáil nó príosúnacht a ghearradh ort as an gcion seo a dhéanamh.

Deontais agus tacaíocht chun foireann a fhostú

Clár Socrúcháin Taithí Oibre

Ligeann an Clár Socrúcháin Taithí Oibre (CSTO) d’fhostóirí cuardaitheoir poist a óstáil ar shocrúchán taithí oibre, chun cabhrú leis an gcuardaitheoir poist scileanna nua a thógáil agus taithí oibre a fháil.

Níl aon chostas ar an bhfostóir. Íocfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí an rannpháirtí le linn a socrúcháin oibre.

JobsPlus

Faigheann fostóirí a fhostaíonn cuardaitheoirí poist ón mbeochlár ar bhonn lánaimseartha, íocaíochtaí rialta deontais chun cabhrú le costais pá a chothromú.

Scéim Fóirdheontas Pá do dhaoine faoi mhíchumas

Tá an Scéim Fóirdheontas Pá do dhaoine faoi mhíchumas ar fáil d’fhostóirí san earnáil phríobháideach a fhostaíonn oibrithe faoi mhíchumas. Ní mór duit a bheith in ann oibrithe faoi mhíchumas a fhostú idir 21 agus 39 uair sa tseachtain.

Oiliúna um Fheasacht ar Mhíchumas

Is féidir le fostóirí san earnáil phríobháideach deontas a fháil chun Oiliúna um Fheasacht ar Mhíchumas a chur ar fáil dá bhfoireann.

Tuilleadh faisnéise faoi fhoireann a fhostú

Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go 1in, 2in go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 0818 80 80 90
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 Lúnasa 2023