Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Dul ar scor > Seanóirí agus obair > Aois scoir

Print Page Send to a Friend

Aois scoir

Eolas

Níl aon aois le dhul amach ar phinsean. Má tá tú fostaithe, tá an aois le dhul amach ar phinsean leagtha síos i do chonradh fostaíochta. I bhformhór conarthaí tá aois shainordaithe le dhul amach ar phinsean leagtha síos sa chonradh - ach is iondúil go mbíonn soláthar ann chun dul amach ar phinsean níos luaithe agus/nó ar bhonn tinneas. Sé an gnáth aois a bhíonn leagtha síos i gconradh le dhul amach ar phinsean ná 65. Bíonn soláthar i roinnt mhaith acu le dhul amach ar phinsean go luath ó aois 60 nó i roinnt cásanna ó aois 55 agus tá socruithe ag formhór acu i gcomhair dul ar phinsean luath mar gheall ar chúrsaí sláinte.

I roinnt postanna, tá aois reachtúil ann le n-éirí as an bpost - tárlaíonn sé i bpostanna atá bunaithe ag an dlí agus leagann an dlí síos an uas-aois don fhoireann oibre.

Má tá tú féinfhostaithe, níl aon aois phinsin leagtha síos. Níl aon aois phinsin ginearálta ann do stiúrthóirí comhlachtaí, ach d'fhéadfadh sé go mbeadh uas-aois leagtha síos in airteagail chomhlachais an chomhlacht.

Rialacha

Aois Phinsean Shainordaithe

Sé an aois sainordaithe pinsean ná an aois ag a gcaithfidh tú eirí as an obair. Is iondúil go mbíonn sé leagtha síos i do chonradh. Tá roinnt postanna ann fós nach bhfuil aon aois pinsean sainordaithe sa gconradh fostaíochta, ach ní mórán acu atá ann.

65 an aois scoir san earnáil phoiblí dóibh sin a thosaigh ag obair roimh 1 Aibreán 2004. Ach tá aois scoir i bhfad níos luaithe ag roinnt gairmeacha - mar shampla, na Gardaí, na múchadóirí dóiteáin agus na Fórsaí Cosanta.

65 an íos-aois scoir anois dóibh siúd a thosaigh ag obair san earnáil phoiblí tar éis 1 Aibreán 2004. Mar sin, daoine nua a thagann isteach san earnáil phoiblí, ní bheidh orthu scor ag 65, ach féadfaidh siad coinneáil orthu ag obair, tar éis cúrsaí sláinte agus oiriúnachta a chur san áireamh. Mar sin, maidir leo sin ag tosú san earnáil phoiblí feasta, fásfaidh a sochair pinsin ar bhun caighdeánach (sé sin, sochar bliana do gach bliain seirbhíse ar feadh 40 bliain ar a mhéad). 55 an íos-aois scoir dóibh sin a thosaigh sna Gardaí nó sa tSeirbhís Múchta Dóiteáin tar éis 1 Aibreán 2004, agus 60 an aois scoir éigeantach do na Gardaí.

Rinneadh leasú ar an Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998 san Acht um Chomhionannas 2004, chun cosc a chur ar leatrom ar chúiseanna aoise do gach duine os cionn 16 bliana d'aois. Is ceadmhach fós do fhostóirí, áfach, íos-aois earcaíochta de 18 bliana nó níos ísle a leagan síos agus aoiseanna scoir a leagan síos i gconarthaí fostaíochta.

Aois Reachtúil Dul Ar Phinsean

Tá aois reachtúil, sé sin, aois atá leagtha síos ag an dlí, ann le dhul amach ar phinsean do roinnt státseirbhísigh. Is 65 bliain d'aois é seo go hiondúil. Tá aois reachtúil pinsin de 70 bliain d'aois ag breithimh a ainmníodh le deireanas, ach is féidir le breithimh atá sa bpost le tréimhse níos faide fanacht ann go dtí aois 72.

Daoine FéinFhostaithe

Go ginearálta, níl aon chúinsí aoise ag baint do dhaoine féinfhostaithe.

Caithfidh gnáthdhochtúirí éirí as an scéim Seirbhísí Ginearalta Leighis ag aois 70 - seo rial reachtúil. Is féidir leo, áfach leanacht ag obair i gcleachtadh príobháideach, chomh fada is a bhfuil siad ag teacht leis an gcritéir cumas gairm dochtúireachta a chleachtadh atá leagtha síos ag an gComhairle Leighis.

Níl aon aois pinsean ginearálta ann do stiúrthóirí comhlachtaí, ach d'fhéadfadh sé go mbeadh uas-aois leagtha síos in airteagail chomhlachais an chomhlacht.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 April 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Obair tar éis dul ar scor
    Tá cur síos anseo ar an tionchar a bhíonn ag obair tar éis dul amach ar phinsean ar shochair leasa shóisialaigh, cailíocht i gcomhair pinsin agus reachtú cosanta fostaithe.
  • Gluais de théarmaí fostaíochta
    Liosta de na téarmaí a úsáidtear sa dlí fostaíochta le míniú gearr ar bhrí na dtéarmaí
  • Scor ón obair in Éireann
    Don fhormhór nuair a smaoiníonn siad ar scor, feiceann siad deis le treonna nua a ghlacadh agus dushláin nua a thabhairt. Faisnéis ba cheart a bheith ar eolas agat mar gheall ar dhul ar scor ó obair.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.