Aois scoir

Réamhrá

Sa dlí fostaíochta, níl aon aois socraithe scoir. D’fhéadfadh go mbeadh a n-aoiseanna scoir féin ag go leor fostóirí, áfach. Cé gurb é 65 an aois scoir is mó a théann daoine ar scor, leanann go leor daoine ag obair thar seo.

Ní hionann an aois scoir agus aois an Phinsin Stáit, is é sin 66 bliain.

Má tá tú féinfhostaithe, níl aon aois scoir shocraithe ann.

Más fostaí thú, tá d’aois scoir leagtha síos i do chonradh fostaíochta.

Bíonn aois éigeantach scoir i roinnt conarthaí fostaíochta (is é sin, an aois nach mór duit dul ar scor). Is í an ghnáthaois scoir i gconradh fostaíochta 65 bliain. Ceadaítear in go leor conarthaí dul ar scor go luath tar éis aois 60 bliain, nó i gcásanna áirithe, tar éis 55 bliain d’aois. Ceadaíonn an tromlach conarthaí do dhaoine freisin dul ar scor go luath ar chúiseanna sláinte. Is féidir leat a iarraidh freisin oibriú níos faide ná d’aois scoir chonarthach.

I roinnt post, cosúil leis an nGarda Síochána agus na Fórsaí Cosanta, tá aois scoir reachtúil ann. Ciallaíonn seo go bhfuil an aois scoir leagtha amach sa dlí. Is féidir leat léamh faoi scor reachtúil thíos.

Aois scoir d’oibrithe na hearnálapoiblí

Más oibrí earnála poiblí thú, braitheann d’aois scoir ar cathain a thosaigh tú ag oibriú leis an tseirbhís phoiblí.

Tugtar achoimre sa tábla thíos ar an aois scoir d’oibrithe na hearnála poiblí.

Nuair a chuaigh tú isteach sa tSeirbhís Phoiblí Aois scoir Coinníollacha
Roimh Aibreán 2024 Aois éigeantach scoir nua 70 bliain Ba é 65 an aois scoir éigeantach, ach anois 70 é, faoi réir oiriúnachta agus dea-shláinte. Baineann eisceachtaí le gairmeacha áirithe.
Idir 1 Aibreán 2004 agus 31 Nollaig 2012 Gan aois scoir éigeantach Níl aon aois scoir éigeantach ar bith don ghrúpa seo.
Tar éis an 1 Eanáir 2013

Is é 66 an aois scoir íosta ar aon dul leis an bPinsean Ranníocach Stáit

Is é 70 an aois scoir éigeantach
Féadfaidh tú oibriú go dtí 70 bliain d'aois, faoi réir oiriúnachta agus dea-shláinte. Fabhraíonn sochair phinsin ar bhonn caighdeánach (creidmheas 1 bliana do 1 bhliain amháin seirbhíse suas go dtí uasmhéid de 40 bliain seirbhíse).

Do phoist a bhfuil aois scoir reachtúil acu

I roinnt post, tá aois scoir reachtúil ann. Ciallaíonn seo go bhfuil an aois scoir leagtha amach sa dlí. Mar shampla:

•Caithfidh comhaltaí an Gharda Síochána dul ar scor faoi aois 60 bliain. Má thosaigh siad ag oibriú tar éis 2004, is féidir leo a roghnú dul ar scor a luaithe le haois 55 bliain.

•Caithfidh comhaltaí lánaimseartha den tSeirbhís Dóiteáin dul ar scor faoi aois 55 bliain. Téann comhraiceoirí dóiteáin coinnithe ar scor ag aois 55 freisin, ach bíonn an rogha acu síneadh a fháil go dtí aois 58 bliain (ag brath ar phróiseas iarratais foirmiúil agus ar mheasúnú leighis)

Aois scoir do dhaoine féinfhostaithe agus daoine eile

Níl aon aois scoir socraithe do dhaoine féinfhostaithe.

Níl aon teorainn aoise ghinearálta i gceist i measc stiúrthóirí cuideachta, ach sonraítear in airteagail chomhlachais na cuideachta uasteorainn aoise, amanna.

Caithfidh dochtúirí ginearálta (DGanna) dul ar scor ón scéim Seirbhísí Ginearálta Míochaine ag aois 72. Is féidir leo leanúint, áfach, ag tabhairt faoi chleachtas príobháideach má shásaíonn siad na critéir ‘feidhmiúlacht chun cleachtadh’ a leag Comhairle na nDochtúirí Leighis.

Idirdhealú aoise sanfhostaíocht

Ní féidir idirdhealú a dhéanamh i d’aghaidh ar bhunús aoise faoin reachtaíocht chomhionannais fostaíochta.

Is féidir le fostóirí aoiseanna íosta earcaíochta 18 mbliana d’aois nó níos óige a shocrú, agus aoiseanna scoir i gconarthaí fostaíochta a shocrú.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Samhain 2023