Ag oibriú as baile i rith COVID-19

Réamhrá

Is féidir le hoibrithe filleadh ar an ionad oibre Is féidir leat eolas breise a léamh faoi fhilleadh ar an ionad oibre.

Caithfidh fostóirí sábháilteacht, sláinte agus leas ag an obair a chinntiú dá bhfostaithe go léir. Tá an dualgas céanna cúraim ar d’fhostóir i leith do shláinte agus do shábháilteachta nuair a bhíonn tú ag oibriú as baile (tugtar cianoibriú air seo freisin). Bíonn freagrachtaí ar fhostaithe freisin nuair a bhíonn siad ag oibriú as baile.

Athruithe a bheidh ag teacht aníos ar an gceart chun cianoibriú a iarraidh

Foilsíodh an Dréachtbhille um an gCeart chun Cianoibriú a Iarraidh, 2021. A luaithe a achtófar é, bronnfaidh sé ceart dlíthiúil ar fhostaithe cianoibriú a iarraidh.

Is iad dréachtfhorálacha an Bhille:

  • Beidh ar gach fostóir beartas scríofa maidir le hoibriú as baile a bheith acu. Leagfar amach sa bheartas conas a bhainistítear iarrataí ar chianoibriú agus conas a bhainfidh na coinníollacha le cianoibriú go ginearálta laistigh den ghnólacht.
  • Beidh d’fhostóir in ann iarraidh ar chianoibriú a dhiúltú má bhíonn forais réasúnta ann. Leagfar amach na forais réasúnta sa reachtaíocht (féach na dréachtchúiseanna thíos).
  • Má dhiúltaítear d’iarraidh ar chianoibriú, beidh ort fanacht ar feadh tréimhse ama sular féidir leat iarraidh eile a dhéanamh (luaitear sa dréacht reatha gurb í an tréimhse ama seo 12 mhí, murach gur gá duit ról a aistriú).
  • Beidh ceart achomhairc leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO) agat nuair nár fhreagair d’fhostóir do d’iarraidh, nach dtugann siad forais réasúnta duit le diúltú nó má ghearrann siad pionós ort as leas a bhaint as do cheart chun cianoibriú. Beidh an CCÁO in ann cinneadh ceangailteach a dhéanamh nó fíneálacha a ghearradh.
  • Forbrófar Cód Cleachtais le treoir a thabhairt d’fhostóirí maidir leis an dlí nua a chur i bhfeidhm.

De réir an dréachta reatha, is iad na forais réasúnta atá le hiarraidh ar chianoibriú a dhiúltú:

  • Ní féidir an obair a dhéanamh go cianda i ngeall ar chineál na hoibre
  • Ní féidir an obair a atheagrú i measc na foirne reatha
  • D’fhéadfaí tionchar diúltach a imirt ar cháilíocht nó ar fheidhmíocht
  • Athruithe struchtúracha a bheartaítear
  • Ualach costas breise
  • Buarthaí faoi rúndacht ghnó nó faoi mhaoin intleachtúil
  • Buarthaí faoi oiriúnacht an spáis oibre a bheartaítear maidir le forais sláinte agus sábháilteachta nó forais um chosaint sonraí
  • Buarthaí faoi nascacht idirlín na láithreach cianoibrithe a bheartaítear
  • Fad iomarcach idir an láthair chianda a bheartaítear agus an suíomh ar an láthair
  • Má thagann an socrú cianoibrithe a bheartaítear salach ar fhorálacha comhaontaithe chomhchoitinn
  • Próisis disciplíneacha fhoirmiúla atá ar bun go leanúnach nó a tugadh chun críche le déanaí

Tá ar an dréacht-Bhille gabháil tríd an nós imeachta iomlán reachtaíochta sula ndéanfar dlí de.

D’iarr an Rialtas ar fhostóirí tosú lena socruithe fadtéarmacha a fhorbairt nó a chur i gcrích d’oibriú cumaisc nó do chianoibriú anois mar gheall gur foilsíodh an dréachtreachtaíocht. Ba cheart an beartas cianoibrithe nó oibrithe as baile a fhorbairt i gcomhairle le hoibrithe agus Ceardchumainn.

An féidir liom leanúint ag oibriú as baile mar gheall go bhfuil srianta COVID-19 bainte anois?

Is féidir le hoibrithe filleadh ar an ionad oibre.

Níl ceart agat oibriú as baile. Tá plé á dhéanamh ar an reachtaíocht a bhronnfaidh ceart dlíthiúil ort cianoibriú a iarraidh ach is faoi d’fhostóir a bheidh sé comhaontú leis an iarraidh. Féach ‘Athruithe a bheidh ag teacht aníos ar an gceart chun cianoibriú a iarraidh’ thuas.

Seiceáil an méid a deirtear i do chonradh

Tá do chearta fostaíochta leagtha amach go príomha i do chonradh fostaíochta. B’fhéidir gur luaigh roinnt fostaithe cheana féin ina gconradh fostaíochta gur féidir leo oibriú as baile ar feadh roinnt uaireanta an chloig nó laethanta sa tseachtain. Ní thiocfaidh athrú ar na teidlíochtaí siúd.

Baineann riachtanas le formhór na gconarthaí fostaíochta go gcaithfidh an fostaí teacht i láthair ag áit oibre ainmnithe. Bíonn an ceart ag fostóirí minic go leor freisin chun an áit oibre ainmnithe a athrú. Faoi na cúinsí siúd, is féidir le fostóirí a éileamh go bhfilleann tú ar an ionad oibre.

Ba cheart duit labhairt le d’fhostóir ar dtús féachaint an féidir leat leanúint ag oibriú as baile. Is éagsúil a bheidh seo idir fostóirí, b’fhéidir go gceadófar duit socrú oibre ‘cumaisc’ nó ‘hibrideach’ a bheith agat, ar meascán é d’oibriú as baile agus san ionad oibre. D’iarr an Rialtas ar fhostóirí socruithe níos fadtéarmaí a fhorbairt d’oibriú cumaisc nó cianda agus aird ar a riachtanais oibríochtúla.

Dualgais fostóirí

Tá dualgais ar leith ar fhostóirí sábháilteacht, sláinte agus leas ag an obair a chinntiú dá bhfostaithe go léir. I measc na ndualgas seo, tá spás oibre an fhostaí, má oibríonn fostaithe as baile. I measc na bpríomhdhualgas, tá an méid seo a leanas:

  • Gach gníomhaíocht oibre a bhainistiú agus a dhéanamh le sábháilteacht, sláinte agus leas fostaithe a chinntiú, a mhéid agus is indéanta go réasúnta.
  • Obair shábháilte a sholáthar atá pleanáilte, eagraithe, agus a dhéantar a chothabháil
  • Measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus bearta cuí rialaithe a chur i bhfeidhm
  • Trealamh sábháilte a sholáthar, trealamh cosanta pearsanta san áireamh, nuair is gá
  • Eolas, teagasc, oiliúint agus maoirseacht a chur ar fáil maidir le sábháilteacht agus sláinte d’fhostaithe
  • Pleananna a bheith i bhfeidhm i gcás éigeandálaí

Má tá fostaithe faoi mhíchumas, más oibrithe óga iad nó má tá siad torrach, caithfidh fostóirí a chinntiú nach n-imríonn na tascanna agus na coinníollacha oibre drochthionchar ar a sláinte. Is féidir eolas breise a fháil ar ghrúpaí íogaire a bhfuil baol rompu.

Ba cheart do d’fhostóir seiceáil leat leis an méid seo a leanas a chinntiú:

  • Tá tú ar an eolas ar aon bhaol ar leith nuair a oibríonn tú as baile
  • Tá an ghníomhaíocht oibre agus an spás sealadach oibre oiriúnach
  • Tá trealamh oiriúnach agat chun an obair a dhéanamh. Mar shampla, ba cheart do d’fhostóir a chinntiú go bhfuil na feidhmchláir agus na córais a theastaíonn uait ar fáil ar do ríomhaire
  • Tá bealach réamhshocraithe teagmhála ann

Trealamh agus do spás oibre sa bhaile

Má chuireann d’fhostóir trealamh ar fáil, mar shampla, ríomhaire glúine, luchóg, méarchlár agus fearas cinn, caithfidh bail mhaith a bheith air agus caithfidh sé a bheith oiriúnach don ghníomhaíocht. Má tá trealamh oiriúnach agat cheana féin sa bhaile, is féidir úsáid shealadach a bhaint as.

Caithfidh fostóirí a sheiceáil go bhfuil do spás oibre sealadach oiriúnach don obair. Áirítear leis seo rudaí cosúil le teacht sábháilte a bheith agat ar an spás, trealamh bunriachtanach, tá an spás mór a dhóthain agus níl tranglam ann, tá soilsiú leordhóthanach, aerú agus teas ann agus tá dea-chaoi ar shoicéid, plocóidí agus cordaí leictreacha.

Is féidir leat teacht ar leideanna ar conas sláinte mhatánchnámharlaigh a bhaineann leis an obair a bhainistiú agus ar chomhairle eile ar eirgeanamaíocht ar an láithreán gréasáin an ÚSS.

Caithfidh fostóirí cumarsáid rialta a dhéanamh le fostaithe agus a chinntiú go bhfuil sosanna leordhóthanacha á nglacadh ag fostaithe.

Ba cheart d’fhostóirí an méid seo a leanas a dhéanamh freisin:

  • Leanúint le teagmháil a dhéanamh le fostaithe
  • Nashonruithe rialta a thabhairt do gach fostaí
  • Teagmhálaithe agus nósanna imeachta éigeandála a bheith i bhfeidhm
  • Cinntigh go nglacann fostaithe sosanna leordhóthanacha – féach ár gcáipéis ar thréimhsí agus sosanna scíthe.

Cé go bhfuil tú ag oibriú as baile, ba cheart go mbeadh an teacht céanna agat ar dheiseanna oiliúna agus ardaithe céime i gcomparáid le comhghleacaithe atá ag oibriú san oifig.

Tá seicliosta cianoibrithe fostóra ar fáil. Is féidir leat teacht ar chomhairle faoi strus a bhaineann leis an obair agus ar ghnéithe eile d’oibriú as baile freisin sa mhír chianoibrithe de láithreán gréasáin an ÚSS.

An ceart chun dícheangail ón obair

Anuas ar a chinntiú go nglacann d’fhostaí sosanna leordhóthanacha, ba cheart duit meas a léiriú freisin ar an gceart atá acu dícheangal ón obair lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre.

Tá éifeacht ag an gCód Cleachtais maidir leis an gCeart chun Dícheangail (pdf) ón 1 Aibreán 2021 agus baineann sé le gach fostaí, daoine san áireamh atá ag oibriú as baile. D’fhorbair an CCÁO an Cód Cleachtais agus cuirtear treoir ar fáil ann ar an gceart atá ag fostaí stop a chur le hobair lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre.

Faoin cód, tá na príomhghnéithe seo a leanas sa cheart chun dícheangail:

  • An ceart nach gá duit oibriú go rialta lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre
  • An ceart nach ngearrtar pionós ort as diúltú obair a dhéanamh lasmuigh de ghnáthuaireanta
  • Dualgas meas a léiriú ar an gceart chun dícheangail atá ag duine eile, mar shampla, gan ríomhphoist a sheoladh nó glaonna gutháin a chur go rialta lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre

Mar fhostóir, spreagtar thú ‘Beartas um Cheart chun Dícheangail’ a fhorbairt. Téigh i gcomhairle le d’fhostaithe nuair a bhíonn an beartas seo á fhorbairt, agus cinntigh go dtuigeann siad cad iad a ngnáthuaireanta.

Seiceáil na tosca beartais sa reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta, anuas ar théarmaí agus coinníollacha fostaíochta d’fhostaithe. Ba cheart duit an beartas seo a chur in iúl do gach fostaí, ceardchumann agus d’aon ionadaithe eile fostaithe.

Is féidir leat teacht ar theimpléad de Bheartas ‘Ceart chun Dícheangail’ (pdf) ar leathanach 11 de lámhleabhar an CCÁO.

Cé nach cion é teip ar chloí leis an gcód, is féidir é a úsáid mar fhianaise i gcás a thugtar chuig an gCúirt Oibreachais nó an CCÁO faoi reachtaíocht fostaíochta.

Freagrachtaí fostaí

Má tá tú ag oibriú as baile, tá freagracht ort aire réasúnta a thabhairt duit féin agus do dhaoine eile a bhféadfadh go ndéanann an obair a dhéanann tú difear dóibh.

Caithfidh tú an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Comhoibriú le d’fhostóir agus a dtreoracha a leanúint
  • Tú féin agus daoine eile a chosaint ó dhíobháil fad a bhíonn d’obair á dhéanamh. Mar shampla, caithfidh tú aire a thabhairt do do threalamh agus aon fhadhbanna a thabhairt le fios láithreach do d’fhostóir
  • Gortuithe a thabhairt le fios do d’fhostóir láithreach
  • Aon nósanna imeachta a leanúint a chuir d’fhostóir i bhfeidhm, mar shampla, maidir le seiceáil isteach go rialta
  • Cinntigh go mbainistíonn tú do chuid am oibre féin (féach ‘An ceart chun dícheangail’ thíos)
  • Ba cheart duit na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
  • Comhaontú a dhéanamh ar shocruithe cianoibre sealadacha le d’fhostóir, cumarsáid rialta a dhéanamh leo san áireamh
  • An obair a aithint atá le déanamh sa bhaile le d’fhostóir
  • An trealamh a shainaithint a theastaíonn uait chun spás oibre sábháilte a shocrú agus comhaontú a dhéanamh air seo le d’fhostóir
  • Spás sábháilte oiriúnach a shainaithint laistigh de do theach chun oibriú as baile ann
  • Comhaontú a dhéanamh ar phleananna agus teagmhálaithe i gcás éigeandála
  • Cinntigh go bhfuil spás oibre oiriúnach agat – féach dea-shuíomh ag do stáisiún oibre (pdf)

ceart chun dícheangail agat ón obair lasmuigh de de ghnáthuaireanta oibre. Ciallaíonn seo go bhfuil an ceart agat stopadh de bheith ag oibriú agus gan freagairt láithreach do ríomhphoist, teachtaireachtaí téacs nó glaonna a bhaineann leis an obair lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre. Ar an gcuma chéanna, ba cheart duit meas a léiriú ar an gceart atá ag do chomhghleacaithe dícheangal óna gcuid oibre freisin. Is féidir leat léamh faoin gCód Cleachtais maidir leis an gCeart chun Dícheangail (pdf) i Lámhleabhar an CCÁO.

B’fhéidir go mbíonn drogall ar dhaoine atá ag oibriú as baile a bhfostóir a chur ar an eolas go bhfuil siad breoite. Is tábhachtach a thabhairt faoi deara go mbíonn na gnáthrialacha saoire bhreoiteachta i bhfeidhm go fóill má bhraitheann tú breoite.

Leideanna ginearálta maidir le hoibriú as baile

Tá achoimre tugtha againn ar leideanna ginearálta chun cabhrú leat aire a thabhairt do do shláinte agus d’fholláine fad a bhíonn tú ag oibriú as baile. Déan iarracht an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Cloígh le do ghnáthamh a mhéid agus is féidir, cuir tús le do lá faoi mar a dhéanfá de ghnáth: cithfholcadh a ghlacadh, tú féin a ghléasadh agus bricfeasta a ithe
  • Bíodh am lóin agus dinnéir a ghaire don ghnátham a bhíonn siad agat, a mhéid agus is féidir leat
  • Nuair a bhíonn sosanna á nglacadh agat déan iarracht gan díreach cupán caife a réiteach agus filleadh ar do spás oibre. Déan iarracht dul isteach i seomra eile nó amach go dtí an gairdín, má tá ceann agat
  • Logáil amach do shos an lóin
  • Má tá do pháirtnéir ag oibriú as baile freisin, socraigh go mbeidh sosanna agaibh le chéile i seomra eile nó sa ghairdín, má tá ceann agat
  • Tabhair sos do do shúile, ar feadh idir 5 agus 10 nóiméad gach uair an chloig. Éirigh i do sheasamh, siúil timpeall agus bain do shúile den scáileán
  • Déan iarracht teorainn a chur ar an méid meáin shóisialta agus nuachta a n-amharcann tú orthu
  • Déan aclaíocht, sín na matáin agus imigh leat ar siúlóid, más féidir
  • Cinntigh go ndéanann tú do scíth a ligean agus go mbíonn oíche mhaith chodlata agat
  • Cuir srian ar an méid alcóil a ólann tú i rith na seachtaine chun cabhrú leat bheith dírithe i gcónaí
  • Ith bianna sláintiúla, fiú cé go bhfuil sé mealltach na bianna sneaice atá á n-ithe agat a mhéadú
  • Lean ort agus teagmháil a dhéanamh le do chomhghleacaithe, cuir glaoch gutháin ar nó déan físchomhrá leis na comhghleacaithe a gcaithfeá sosanna nó am lóin leo de ghnáth agus a labhrófá leo ar feadh cúpla nóiméad

Dearbháin do mhoil chianoibrithe

Oifigí iad moil chianoibrithe inar féidir leat deasc a chur in áirithe agus oibriú go cianda, taobh le daoine eile. Tugtar sealaíocht deisce a dhéanamh air freisin. B’fhéidir gur fearr leat oibriú i mol mura bhfuil d’áit chónaithe féin oiriúnach don obair.

Is féidir leat dearbháin a fháil do laethanta oibrithe ina ndéantar sealaíocht deisce trí chlárú le connectedhubs.ie. Is féidir leat 3 dhearbhán a fháil faoi chéim 2 den scéim, a bheidh ar siúl go dtí an 31 Nollaig 2022.

Cuirtear na dearbháin ar fáil mar chuid de bheartas Ár dTodhchaí Tuaithe an Rialtais.

Cosaint sonraí agus cibearshlándáil nuair a bhítear ag oibriú as baile

Thug an Coimisiún Cosanta Sonraí treoir ar shonraí pearsanta a chosaint nuair a bhítear ag cianoibriú.

Ba cheart d’fhostaithe agus d’fhostóirí an méid seo a leanas a chinntiú:

  • Tá na nuashonruithe riachtanacha ag aon ghléas a úsáidtear, ar nós córas oibriúcháin, bogearraí agus nuashonruithe frithvíris
  • Úsáidtear aon ghléas i láthair shábháilte, agus ní féidir le duine ar bith eile an scáileán a fheiceáil, go háirithe má táthar ag oibriú le sonraí pearsanta íogaire
  • Cuirtear gléasanna faoi ghlas mura bhfuil duine i bhfeighil orthu ar chúis ar bith agus stóráiltear go cúramach iad nuair nach mbíonn siad á n-úsáid
  • Úsáidtear rialuithe éifeachtacha rochtana, ar nós pasfhocail láidre agus, nuair atá sé ar fáil, úsáidtear criptiú chun rochtain ar an ngléas a shrianadh, agus chun an baol a laghdú má dhéantar gléas a ghoid nó a chailleadh
  • Úsáidtear cuntais ríomhphoist oibre, seachas cinn phearsanta do ríomhphoist a bhaineann leis an obair nuair a bhíonn sonraí pearsanta i gceist. Má tá ríomhphost pearsanta le húsáid, ba cheart aon ábhair agus ceangaltáin a chriptiú agus ba cheart sonraí pearsanta nó rúnda a sheachaint i línte ábhair
  • Sa chás gur féidir, níor cheart ach líonraí nó néalseirbhísí na heagraíochta a bhfuil iontaoibh astu a úsáid, sa chás gur féidir
  • Téitear i mbun beart le slándáil agus rúndacht taifid pháipéir a chinntiú, ar nós trí iad a choimeád faoi ghlas i gcaibinéad comhad nó i dtarraiceán nuair nach bhfuil siad á n-úsáid agus cinntigh nach bhfágtar iad in áit éigin ina bhféadfadh daoine eile iad a léamh nó ina bhféadfaí iad a chailleadh nó a ghoid

D’fhoilsigh an tIonad Náisiúnta Cibearshlándála Comhairle Slándála faoi Oibriú as Baile (pdf).

Tá rialacha áirithe príobháideachais ann nach mór do d’fhostóir cloí leo nuair a bhíonn monatóireacht á déanamh ort san ionad oibre agus bíonn na rialacha seo i bhfeidhm freisin nuair a bhíonn tú ag oibriú as baile. Is féidir leat eolas a fháil inár gcáipéis ar fhaireachas san ionad oibre.

Ríomhoibriú agus faoiseamh cánach

Má tá tú ag oibriú as baile, b’fhéidir go bhfuil tú incháilithe faoiseamh cánach a fháil ar chostais cosúil le solas, teas, guthán agus leathanbhanda.

Má íocann d’fhostóir liúntas leat i dtreo na gcostas seo, is féidir leat a mhéid le €3.20 sa lá a fháil gan aon cháin, ÁSPC nó MSU a íoc air. Má íocann d’fhostóir breis agus €3.20 leat sa lá chun íoc as costais, íocann tú cáin, ÁSPC agus MSU mar is gnách ar an méid os cionn €3.20.

Mura n-íocann d’fhostóir liúntas leat as do chostais, is féidir leat éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach ag deireadh na bliana. Gheobhaidh tú airgead ar ais ó na cánacha a d’íoc tú. Is féidir leat faoiseamh cianoibrithe a éileamh ó Eanáir 2022 do 30% den chostas téimh, leictreachais agus leathanbhanda do laethanta a chaitear ag oibriú as baile.

Is féidir leat níos mó a léamh faoi Ríomhoibriú agus faoiseamh cánach.

Ar cheart dom cáin a íoc ar threalamh ó m’fhostóir?

Má thugann d’fhostóir trealamh duit a theastaíonn uait chun d’obair a dhéanamh, cosúil le ríomhaire nó printéir, agus má bhaineann tú úsáid as don obair, go príomha, ní cheaptar gur sochar comhchineáil é. Ciallaíonn seo nach gá duit aon cháin a íoc as an trealamh a fháil ó d’fhostóir.

Cáin Ghnóthachan Caipitiúil

Mura n-úsáideann tú ach cuid de do theach chun ríomhoibriú, is é do theach d’Áit Chónaithe Phríomha go fóill agus níl tú faoi dhliteanas CGT a íoc nuair a dhíolann tú é.

Is féidir leat eolas breise a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Cá dtiocfaidh mé ar eolas breise?

Aimsigh níos mó faisnéise faoin méid seo a leanas:

  • Treoir maidir le cianoibriú
  • Sonraí Pearsanta a Chosaint nuair atá Cianoibriú á Dhéanamh ar láithreán gréasáin an Choimisinéara Cosanta Sonraí.
  • Athruithe ar do chonradh fostaíochta
  • Do cheart chun dícheangail ón obair (pdf) lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre
  • Straitéis Náisiúnta Cianoibrithe an Rialtais, a bhfuil de chuspóir aige rogha bhuan a dhéanamh de chianoibriú in Éirinn.

Is féidir leat cuairt a thabhairt freisin ar an mhír chianoibrithe de láithreán gréasáin an ÚSS chun teacht ar threoir maidir le gach gné d’oibriú as baile, Ceisteanna Coitianta agus comhairle san áireamh chun strus a bhainistiú.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Deireadh Fómhair 2022