Oibriú ón mbaile agus faoiseamh cánach

Réamhrá

Is éard a chiallaíonn oibriú as baile (ar a dtugtar cianoibriú nó ríomhoibriú freisin) nuair a oibríonn tú ón mbaile ar feadh tréimhsí fada ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha.

B’fhéidir go mbeidh tú in ann faoiseamh cánach a éileamh ar na costais bhreise a bhíonn i gceist nuair a oibrítear as baile:

  • Leictreachas
  • Téamh
  • Leathanbhanda

Níl costas earraí a cheannaíonn tú, cosúil le trealamh oifige, incháilithe d’Fhaoiseamh Cianoibrithe.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an bhfaoiseamh cánach i ndiaidh dheireadh na bliana cánach nó i rith na bliana. Má éilíonn tú i rith na bliana, is féidir leat creidmheasanna fíor-ama a fháil agus is féidir do cháin a laghdú i rith na bliana.

Mura n-úsáideann tú ach cuid de d’áit chónaithe le haghaidh ríomhoibriú, ní dhéanann sé difear don díolúine ó Cháin Ghnóthachan Caipitiúil má dhíolann tú é mar d’áit chónaithe phríobháideach phríomha.

An féidir liom Faoiseamh Cianoibrithe a fháil?

Le cáiliú, caithfidh tú na coinníollacha seo a leanas a shásamh:

  • Socrú a bheith agat le d’fhostóir chun oibriú ón mbaile
  • Caithfidh go bhfuil ort dualgais shubstainteacha a dhéanamh sa bhaile
  • Caithfidh go bhfuil ort oibriú ar feadh tréimhsí fada sa bhaile

Is éard atá i gceist le cianoibriú:

  • Oibriú ar feadh tréimhsí fada sa bhaile
  • Logáil isteach ar chóras ríomhaire oibre go cianda
  • R-phoist, sonraí nó comhaid a sheoladh agus a fháil go cianda
  • Smaointe, táirgí agus seirbhísí a fhorbairt go cianda

Níl tú i dteideal faoiseamh cánach a éileamh má thugann tú obair abhaile leat ón oifig lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre, mar shampla, um thráthnóna nó ag an deireadh seachtaine.

Tá tuilleadh eolais faoi na critéir incháilitheachta ar fáil i Cánach agus Dleachta na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le Ríomhoibriú agus Cáin (pdf).

Cén costais is féidir liom a éileamh?

Cumhdaíonn faoiseamh cánach ar ríomhoibriú na costais bhreise a bhaineann le hoibriú ón mbaile.

  • Leictreachas
  • Téamh
  • Leathanbhanda

Ní costais iad earraí a cheannaíonn tú, cosúil le ríomhairí glúine, ríomhairí, trealamh oifige agus troscán oifige a cheadaítear d’Fhaoiseamh Cianoibrithe.

Ar cheart dom cáin a íoc ar threalamh ó m’fhostóir?

Má thugann d’fhostóir trealamh duit a theastaíonn uait chun d’obair a dhéanamh, cosúil le ríomhaire nó printéir, agus má bhaineann tú úsáid as don obair, go príomha, ní cheaptar gur sochar comhchineáil é. Ciallaíonn seo nach gá duit aon cháin a íoc as an trealamh a fháil ó d’fhostóir.

Cé mhéid is féidir liom a éileamh?

D’fhéadfadh go mbeadh costais bhreise ort agus tú ag oibriú ón mbaile lena n-áirítear costais téimh, leictreachais agus leathanbhanda. Is féidir le d’fhostóir ranníocaíocht a íoc leat i dtreo na gcostas seo nó is féidir leat éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach i rith na bliana nó i ndiaidh dheireadh na bliana.

Ma íocann d’fhostóir liúntas oibrithe as baile leat i dtreo na gcostas seo, is féidir leat a mhéid le €3.20 sa lá a fháil gan aon cháin, ÁSPC nó MSU a íoc air. Má íocann d’fhostóir breis agus €3.20 leat sa lá chun íoc as costais, íocann tú cáin, ÁSPC agus MSU mar is gnách ar an méid os cionn €3.20. Ba cheart duit a thabhairt faoi deara nach bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar fhostóirí an íocaíocht seo a dhéanamh lena bhfostaithe

Mura n-íocann d’fhostóir liúntas oibrithe as baile leat do do chostais, is féidir leat éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach i rith na bliana nó tar éis dheireadh na bliana. Gheobhaidh tú airgead ar ais ó na cánacha a d’íoc tú. Má roinneann tú do bhillí le duine eile, roinntear an costas eadraibh, bunaithe ar an tsuim a d’íoc gach duine (féach Sampla 2 thíos).

Bunaítear méid na gcostas is féidir leat a éileamh ar an méid seo a leanas:

  • Cé mhéid lá a d’oibrigh tú as baile
  • Méid do chostas
  • An céatadán de do chostais a chuireann na Coimisinéirí Ioncaim san áireamh mar chostais oibrithe as baile

Is féidir leat faoiseamh a éileamh ar chostais ar na rátaí seo a leanas:

  • I gcás 2022, 2023 agus 2024, 30% do leictreachas, téamh agus idirlín
  • I gcás 2020 agus 2021, 30% do chostais idirlín agus 10% do chostais leictreachais agus téimh

Ní féidir leat éileamh a dhéanamh ach do na laethanta a oibríonn tú as baile. Ní áirítear leis seo amanna a d’fhéadfadh gur thug tú obair abhaile leat lena déanamh lasmuigh de do ghnáthuaireanta oibre.

Cuirtear do chostais bhliantúla san áireamh ach ní fhaigheann tú faoiseamh ach do chomhréir na laethanta a chaith tú ag oibriú as baile i rith na bliana. Mar shampla, b’ionann an chomhréir in 2023 agus an líon laethanta a oibríodh as baile roinnte faoi 365. Bliain bhisigh a bhí sa bhliain 2020, agus déanann tú an bhliain a roinnt faoi 366, mar sin.

Conas an méid ar féidir leat faoiseamh cánach a fháil air a ríomh

Chun méid na gcostas ar féidir leat faoiseamh cánach a fháil air

  • Suimigh do chostais leictreachais, téimh agus idirlín agus iolraigh na costais iomlána faoin líon laethanta a oibríodh sa bhaile
  • Roinn faoi 365 iad
  • Iolraigh faoi 30% (0.3) iad

I gcás na mblianta 2020 agus 2021, b’ionann an faoiseamh don idirlíon agus 30%, faoi mar atá thuas. Ba é an faoiseamh do leictreachas agus téamh 10%, agus ríomhfaí na costais seo mar seo a leanas, dá bharr:

  • Suimigh na costais leictreachais agus téimh agus iolraigh na costais iomlána faoin líon laethanta a oibríodh sa bhaile
  • Roinn faoi 365 (nó faoi 366 in 2020) iad
  • Iolraigh faoi 10% (0.1) iad

An méid faoiseamh cánach

Nuair is eol duit méid na gcostas ar féidir leat faoiseamh cánach a fháil air, is féidir leat do choigilteas cánach a ríomh. faigheann tú faoiseamh cánach ar an méid de do chostais ar ráta 20% nó 40%, pé ceann é an ráta de cháin ioncaim is airde a íocann tú.

Má íocann d’fhostóir liúntas leat i dtreo do chostas, asbhaintear an méid a íocadh ón méid is féidir leat a éileamh ar ais ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Sampla 1

D’oibrigh Máire as baile ar feadh 9 mí in 2021 fad a bhí a hoifig dúnta mar gheall ar COVID-19. Le héileamh a dhéanamh, tá ar Mháire cé mhéid lá oibre a d’oibrigh sí as baile a dheimhniú. Ba cheart di deirí seachtaine, saoirí poiblí agus aon saoire bhliantúil a glacadh i rith na 9 mí a d’oibrigh sí as baile a fhágáil as an áireamh. Is iad a laethanta oibre iomlána 168.

B’ionann a billí tí i rith 2021 do théamh agus leictreachas agus €1500 agus chosain a leathanbhanda €450.

Lena dheimhniú cé mhéid cánach is féidir léi a éileamh ar ais, déanann sí an méid seo a leanas:

  • An méid atá le híoc do bhillí leictreachais agus téimh a iolrú faoin líon laethanta a d’oibrigh sí sa bhaile (€1500 x 168 = 252,000)
  • Roinneann sí a freagra ansin faoi 365 (252,000 / 365 = €690)
  • Ar deireadh, ríomhann sí 10% den mhéid seo lena dheimhniú an méid is féidir léi a éileamh ar théamh agus leictreachas (is é 10% de €689 €69)

Úsáideann Máire an modh céanna lena dheimhniú cé mhéid cánach is féidir léi a éileamh ar ais ar leathanbhanda.

  • €450 (bille leathanbhanda) x 168 (na laethanta a oibríodh) = 75,600
  • Roinntear 75,600 faoi €365 = €207
  • Ligfidh na Coimisinéirí Ioncaim do Mháire 30% den chostas leathanbhanda in 2021 a éileamh. Is é 30% de €207 €62.

Ciallaíonn seo gur féidir le Máire costais an mhéid seo a leanas a éileamh ag deireadh 2021:

  • €69 do théamh agus leictreachas
  • €62 do leathanbhanda
  • €131, ar an iomlán

Braitheann an méid a fhaigheann sí ar ais ar a ráta cánach. Má íocann sí cáin ar an ráta cánach níos airde 40%, gheobhaidh sí €52.40 ar ais óna cuid cánacha (40% de €131). Má íocann sí cáin ar an ráta cánach níos airde 20%, gheobhaidh sí €26.20 ar ais (20% de €131).

Sampla 2

Tá Sharon agus Lar pósta agus d’oibrigh an bheirt acu as baile ar feadh 181 lá in 2020 fad a bhí a n-oifigí dúnta mar gheall ar COVID-19. B’ionann a mbillí tí i rith 2021 do théamh agus leictreachas agus €1,950 agus chosain a leathanbhanda €600. Roinn siad na billí go cothrom eatarthu agus ríomhann gach duine díobh an sciar is féidir leo a éileamh.

(Nóta: nuair a bhíonn faoiseamh á éileamh don bhliain 2020, roinn faoi 366 lá é, mar gheall gur bhliain bhisigh a bhí ann. Roinn faoi 365 é i gcás blianta eile.)

Costas leictreachais agus téimh

An méid a d’íoc gach duine díobh €975 x 181 = 176,475

Roinnte faoi 366 = €482

Ceadaítear 10% den chostas = €48

Costas leathanbhanda

An méid a d’íoc gach duine díobh €300 x 181 = 54,300

Roinnte faoi 366 = €148

Ceadaítear 30% den chostas = €45

Is féidir le Sharon agus Lar cáin a éileamh ar ais ar na costais seo a leanas ag deireadh na bliana:

  • €48 do théamh agus leictreachas
  • €45 do leathanbhanda
  • €93, ar an iomlán

Braitheann an méid a fhaigheann siad ar ais ar a ráta cánach. Má íocann siad cáin ar an ráta cánach níos airde 40%, gheobhaidh siad beirt €37.20 ar ais (40% de €93). Má íocann siad cáin ar an ráta cánach níos ísle 20%, gheobhaidh siad beirt €18.60 ar ais (20% de €93).

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat faoiseamh cánach a éileamh ar líne trí úsáid a bhaint as seirbhís moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim. Is féidir leat an faoiseamh cánach a éileamh don bhliain 2024 i ndiaidh dheireadh na bliana. Má éilíonn tú i rith na bliana, is féidir leat creidmheasanna fíor-ama a fháil. Ciallaíonn seo gur féidir leat éileamh a dhéanamh ar chostais nuair a íocann tú iad agus creidmheasanna cánach méadaithe a fháil sna híocaíochtaí párolla a fhaigheann tú ó d’fhostóir ina dhiaidh sin. Is féidir leat éileamh ar chreidmheas fíor-ama a dhéanamh trí úsáid a bhaint as myAccount.

Le héileamh a dhéanamh ar bhliain roimhe seo, líon tuairisceán cánach ioncaim ar líne mar seo a leanas:

  1. Sínigh isteach i moChúrsaí.
  2. Cliceáil an nasc ‘Athbhreithnigh do cháin’ i Seirbhísí ÍMAT.
  3. Roghnaigh an Tuairisceán Cánach Ioncaim don bhliain chánach ábhartha.
  4. Roghnaigh an táb ‘Do phost’ ar an leathanach ‘Creidmheasanna Cánach agus Faoiseamh’ (Leathanach 4 de 5). Roghnaigh ‘Faoiseamh Cianoibrithe' agus iontráil méid an chostais sa mhír ‘An Méid a Éilítear’.

Caithfidh gur féidir leat a bheith in ann cuntas a choimeád ar gach costas a bheartaíonn tú a éileamh. Ciallaíonn seo cuntas a choimeád ar gach fáltas agus bille. Is féidir leat úsáid a bhaint as an tseirbhís Rianaire Fáltas chun seo a dhéanamh don bhliain 2020 agus do bhlianta ina dhiaidh sin. Ba cheart duit cáipéisí a choimeád, seachas sin, ar feadh 6 bliana ó dheireadh na bliana cánach dá bhfuil an t-éileamh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Eanáir 2024