Ag múineadh do leanbh sa bhaile

Scolaíocht bhaile

Tá ceart bunreachtúil agat oideachas a chur ar do leanbh sa bhaile. Aithnítear imBunreacht na hÉireann go bhfuil an teaghlach mar phríomhoideachasóir an linbh agus sainítear ann na dualgais agus na freagrachtaí atá ar thuismitheoirí agus ar an Stát maidir le hoideachas leanaí.

Má roghnaíonn tú do leanbh a mhúineadh sa bhaile, rud ar a dtugtar scolaíocht bhaile nó oideachas sa bhaile go minic, ní gá go mbeadh áilíocht fhoirmiúil mhúinteoireachta agat. Ní gá duit an curaclam náisiúnta a leanúint, ach caithfidh tú a chinntiú go bhfaigheann do leanbh oideachas íosta áirithe.

Is féidir leat cur chuige oiriúnach a roghnú chun do leanbh a mhúineadh bunaithe ar a riachtanais foghlama agus ar a oireann dá aois, dá inniúlacht agus dá chumas.

Tá an fhaisnéis sa doiciméad seo do dhaoine a roghnaíonn a leanbh a mhúineadh sa bhaile ar bhonn fadtéarmach. Is féidir leat na freagraí a fháil ar roinnt ceisteanna coitianta faoin scolaíocht bhaile.

Oideachas a chur ar do leanbh sa bhaile

Chun do leanbh a mhúineadh sa bhaile, ní mór duit:

  • Oideachas íosta a sholáthar
  • Clárú le Seirbhís Chlárúcháin agus Measúnuithe um Oideachas Malartach (SEARS) TUSLA.

Oideachas íosta

Déantar foráil le hAlt 14 den Acht Oideachais (Leas) 2000 maidir le hoideachas a chur ar a gcuid leanaí ag tuismitheoirí in áiteanna seachas scoileanna aitheanta, mar shampla sa bhaile nó i scoileanna príobháideacha. Ní gá duit curaclam náisiúnta a leanúint. Luaitear san Acht, áfach, nach mór do thuismitheoirí a chinntiú go bhfuil oideachas íosta áirithe á fháil ag an leanbh.

Is scoil í scoil aitheanta a bhfuil maoirseacht á déanamh ag an Roinn Oideachais uirthi. Is ionann scoil neamhspleách (nó scoil neamhaitheanta) agus scoil nach bhfuil maoirseacht á déanamh ag an Roinn Oideachais uirthi.

Is ann doThreoirlínte mionsonraithe maidir le Measúnú Oideachais in áiteanna seachas scoileanna aitheanta (pdf). Soláthraíonn na treoirlínte sainmhíniú oibre ar oideachas íosta áirithe. Déantar cur síos iontu ar oideachas baile agus conas a dhéantar é a mheasúnú.

Ba cheart feidhm a bheith ag an méid seo a leanas:

  • Go n-oirfeadh an t-oideachas d'aois, do chumas, d'inniúlacht agus do phearsantacht do linbh
  • tá an t-oideachas freagrúil do riachtanais aonair do linbh agus curitear na réimsí foghlama a bhfuil spéis ag do leanbh iontu san áireamh
  • Cinntítear leis an oideachas go gcuirtear feabhas ar chumas pearsanta do linbh agus nach gcuirtear faoi chois é
  • Tugtar aghaidh leis an oideachas ar na riachtanais atá ag do leanbh anois agus ar na riachtanais a bheidh aige amach anseo i gcomhthéacs na timpeallachta cultúrtha, eacnamaíoch agus sóisialta
  • Soláthraíonn an t-oideachas raon measartha cothrom d’eispéiris foghlama, ionas nach gcuirtear béim ar ghné ar leith d’fhoghlaim do linbh thar gnéithe eile.
  • Déantar forbairt leis an oideachas ar scileanna pearsanta agus sóisialta do linbh agus é a chumasú le bheith ina shaoránach freagrach
  • Cuireann an t-oideachas le forbairt mhorálta do linbh
  • Tugann an t-oideachas deiseanna do do leanbh a gcumas intinne agus a thuiscint a fhorbairt

Áirítear ar na bunscileanna atá mar chuid d’íosmhéid oideachais forbairt agus dul chun cinn sa teanga ó bhéal, sa litearthacht agus san uimhearthacht. Bheadh leanbh faoi mhíbhuntáiste tromchúiseach mura bhforbrófaí na bunscileanna sin leis a chlár oideachais sa bhaile.

Cláraigh le Tusla

Ní mór duit do leanbh a chlárú le Tusla má tá sé ar intinn agat iad a mhúineadh sa bhaile.

Má fhreastalaíonn do leanbh ar scoil neamhspleách, ba chóir duit iarratas a dhéanamh chun iad a chlárú tríd an scoil. Is oibleagáid dhlíthiúil é clárú, ach níl sé uathoibríoch. Tá tuismitheoirí nó caomhnóirí freagrach as iarratas a dhéanamh thar ceann a linbh. Féach ‘Clárú chun do leanbh a mhúineadh sa bhaile’ thíos.

Clárú chun do leanbh a mhúineadh sa bhaile

Déanann tú iarratas díreach chuig Seirbhís Chlárúcháin agus Measúnuithe um Oideachas Malartach (AEARS) Tusla chun clárú chun do leanbh a mhúineadh sa bhaile.

Is féidir le AEARS foirm iarratais agus cóip de na Treoirlínte maidir le measúnú ar oideachas in áiteanna seachas scoileanna aitheanta (pdf) a sheoladh chugat. Is féidir tuilleadh eolas a fháil ar an rannóg ceisteanna coitianta.

Déanann Tusla measúnú ansin ar d’iarratas ar chlárú.

Dul faoi agallamh agus measúnú ag Tusla

Nuair a sheolann tú an fhoirm iarratais ar ais, rachaidh an duine a dhéanfaidh an measúnú i dteagmháil leat. Socróidh siad am agus dáta chun tú a chur faoi agallamh. Tá taithí ag an measúnóir seo ar chúrsaí oideachas agus tá sé údaraithe ag Tusla chun an measúnú a dhéanamh.

Díreoidh an measúnú ar na nithe seo a leanas:

  • Sonraí maidir leis an oideachas atá á chur ar fáil do do leanbh
  • Na hábhair a úsáidtear le linn an oideachais
  • An t-am a chaitear ag cur an t-oideachais ar fáil

Is féidir an t-agallamh a dhéanamh i do rogha ionad agus beidh sé bunaithe ar a bhfuil ráite agat i d’iarratas. Tugtar an réamh-mheasúnú air seo. Déanfaidh do mheasúnóir dréacht-tuarascáil mheasúnaithe a chomhlánú agus cuirfear cóip di ar aghaidh chugat chun barúlacha a fháil. Tar éis na tuarascála, cuirfear ainm do linbh isteach sa chlár nó cuirfear do chás ar aghaidh chun measúnú cuimsitheach a dhéanamh air.

Mura bhfuil Tusla in ann cinneadh a dhéanamh maidir le cé acu an bhfuil íosmhéid oideachais á sholáthar agat, déanfar measúnú cuimsitheach. Is measúnú níos doimhne atá i gceist leis seo. Caitheann an measúnóir roinnt ama leat, ag breathnú ar an gcaoi a múineann tú do leanbh nó a n-oibríonn tú leis. Déanfaidh sé iniúchadh ar na hábhair oideachasúla atá agat agus labharfaidh sé le do leanbh.

Achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh

Má chinneann Tusla nach bhfuil oideachas íosta áirithe á chur ar fáil agat do do leanbh, féadfaidh sé diúltú ainm do linbh a chlárú nó fiú a ainm a bhaint den chlár. Ní mór dó a chinneadh a chur in iúl duit i scríbhinn.

Tá 21 lá agat chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh. Ceapfaidh an tAire coiste chun éisteacht leis an achomharc agus chun cinneadh a dhéanamh ar an gcás.

Ar choiste achomhairc tá bhreitheamh de chuid na Cúirte Dúiche, cigire agus duine eile. Tugtar cuireadh duit agus don mheasúnóir aighneachtaí a dhéanamh. Ag brath ar a gcinneadh, déanfaidh an coiste na rudaí seo a leanas:

  • Seasamh le cinneadh Tusla ainm do linbh a bhaint den chlár nó diúltú é a chur leis an gclár
  • A chur de cheangal ar Tusla ainm do linbh a chur leis an gclár
  • A chur de cheangal ar Tusla ainm do linbh a chur leis an gclár má thoilíonn tú cloí le haon cheanglais is cuí leis an gcoiste achomhairc.

Tacaíocht chun do leanbh a mhúineadh sa bhaile

Má chuireann tú oideachas ar do leanaí sa bhaile nó in áit eile seachas scoil aitheanta, níl tú i dteideal tacaíocht airgeadais a fháil ón Stát.

Líonra Oideachais sa Bhaile

Is grúpa tacaíochta agus stocaireachta d’oideachasóirí baile in Éirinn is ea an Líonra Oideachais sa Bhaile (HEN).

Tá sé mar aidhm ag HEN cabhrú le tuismitheoirí na hacmhainní atá ar fáil a úsáid chun teicnící oideachais a fhorbairt a oireann do riachtanais gach linbh. Malartaíonn baill smaointe agus taithí ar oideachas baile trí chruinnithe rialta agus trí nuachtlitreacha. Tá naisc le taighde agus faisnéis ar líne faoi oideachas baile ar a láithreán gréasáin. Feidhmíonn an líonra freisin seirbhís leabharlainne leabhar ar oideachas baile do chomhaltaí.

Scrúduithe stáit agus oideachas tríú leibhéal

Scrúduithe stáit

Is féidir le do leanbh scrúduithe an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta a dhéanamh ag scoil ar bith ach clárú leis an scoil go luath i mí Eanáir na bliana a dhéanfaidh do leanbh na scrúduithe. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit.

Oideachas tríú leibhéal

Mura ndéanann do leanbh scrúduithe Stáit, bíonn sé deacair dul isteach in oideachas tríú leibhéal in Éirinn. Is í an Ardteistiméireacht an gnáthbhealach isteach in institiúidí tríú leibhéal na hÉireann.

Mar sin féin, d’fhéadfadh go mbeifear in ann dul isteach san oideachas tríú leibhéal ag aois 17 nó 18 gan an Ardteistiméireacht trí agallamh amháin. Beidh ort dul chuig an institiúid atá roghnaithe agat chun an fhéidearthacht seo a phlé. Tá éagsúlacht de chúrsaí ann don aoisghrúpa 16 bliana d’aois a nglactar leo mar chúrsaí bailí le haghaidh iontrála ar chúrsaí tríú leibhéal.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi chúrsaí breisoideachais agus ardoideachais agus oiliúna ó Qualifax - The National Learner's Database.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Lúnasa 2023