Scrúdú agus torthaí na Sraithe Sóisearaí

Scrúduithe na Sraithe Sóisearaí

Déantar scrúdú na Sraithe Sóisearaí ag deireadh na Sraithe Sóisearaí in iar-bhunscoileanna. Tá Próifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) tagtha in áit an Teastais Shóisearaigh. Cuireann sé measúnú rangbhunaithe leis an gclár, atá bunaithe ar an obair a rinne an dalta sa dara agus sa tríú bliain.

Reáchtáiltear an scrúdú scríofa i mí an Mheithimh sa tríú bliain den tSraith Shóisearach.

Is féidir leat eolas a fháil faoi scrúdpháipéir an Teastais Shóisearaigh roimhe seo.

Sraithe Sóisearaí 2024

Is féidir leat eolas a fháil faoin socrú measúnaithe do scrúduithe na Sraithe Sóisearaí 2024.

Tá na dátaí do thrialacha praiticiúla léirithe ceoil sa tSraith Shóisearach 2024 ar fáil.

Foilseoidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) amchlár na scrúduithe agus tuilleadh eolais don tSraith Shóisearach 2024.

Scrúdú na Sraithe Sóisearaí 2023

Eisíodh torthaí scrúduithe na Sraithe Sóisearaí 2023 i scoileanna an 18 Deireadh Fómhair 2023

Mura bhféadfá freastal ar do scoil chun do thorthaí a fháil, d’fhéadfá do thorthaí scrúduithe na Sraithe Sóisearaí 2023 a fháil ar líne. Chuir do scoil PIN uathúil agus uimhir scrúdaithe ar fáil duit chun rochtain a fháil ar do thorthaí ar líne. .

Bhí scrúdú scríofa na Sraithe Sóisearaí 2023 ar siúl ó 7 Meitheamh 2023 go 19 Meitheamh 2023.

Is féidir leat eolas a fháil faoi na socruithe measúnaithe don tSraith Shóisearach 2023 agus scrúdpháipéir an Teastais Shóisearaigh roimhe seo.

Dámhachtainí agus gráid na Sraithe Sóisearaí

In 2022, tháinig Próifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) in áit an Teastais Shóisearaigh. Cuireann sé measúnú rangbhunaithe leis an gclár, atá bunaithe ar an obair a rinne an dalta sa dara agus sa tríú bliain.

Déanann scoláirí sa dara bliain trialacha caighdeánaithe sa Mhatamaitic agus sa léitheoireacht Bhéarla (nó sa léitheoireacht Ghaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge). Déantar tástáil chaighdeánaithe san Eolaíocht freisin.

Tá tuilleadh eolais faoi na hathruithe ar an tSraith Shóisearach ar fáil ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM).

Gráid Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí

Raon Céatadáin Grád
90 nó os a chionn Gradam
75 ach níos lú ná 90 Ardtuillteanas
55 ach níos lú ná 75 Tuillteanas
40 ach níos lú ná 55 Gnóthaithe
20 ach níos lú ná 40 Gnóthaithe go páirteach
Níos lú ná 20 Neamhghrádaithe

Ó 2014 go 2021, bhí bandaí gráid “A-NG” a bhain leis an sean-Teastais Shóisearaigh agus tuairisceoirí nua na Sraithe Sóisearaí “Neamhhhnóthaithe-Gradam” le feiceáil ar Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí.

Táille Scrúdú na Sraithe Sóisearaí

Ní bheidh aon táille ar scrúdú na Sraithe Sóisearaí in 2024.

Toradh na Sraithe Sóisearaí

Is féidir leat do thorthaí a fháil ó do scoil agus ar shuíomh gréasáin Choimisiún na Scrúduithe Stáit. Beidh do scrúduimhir agus d’uimhir aitheantais phearsanta ag teastáil chun do thorthaí a rochtain ar líne. Is féidir an dá uimhir seo a fháil ó do scoil.

Ag fáil do thorthaí ó bhlianta roimhe seo

Chun ráiteas deimhnithe ar scrúdú a fháil, is féidir iarratas a dhéanamh i scríbhinn nó an fhoirm iarratais a úsáid. Ní mór duit na sonraí pearsanta seo leanas a chur ar fáil:

  • Ainm agus sloinne
  • Ainm ag am an scrúdaithe (más difriúil)
  • Seoladh reatha
  • Uimhir ghutháin i rith an lae
  • Dáta breithe
  • Bliain an scrúdaithe
  • Ainm agus seoladh na scoile
  • Scrúduimhir (más eol)

Seol d’fhoirm iarratais chomhlánaithe mar aon leis an táille chuí chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit.

Conas do thorthaí a achomharc

Más maith leat achomharc a dhéanamh ar thorthaí scrúduithe na Sraithe Sóisearaí, ba cheart duit iarratas a dhéanamh trí do scoil.

In 2023, ba é €32 an táille achomhairc do gach ábhar. Aisíocadh an táille má bhronntar grád níos airde mar thoradh ar an achomharc.

Tuilleadh eolais

Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Corr na Madadh
Áth Luain
An Iarmhí
Éire

Teil: (090) 644 2700
Facs: (090) 644 2744
Láithreán Gréasáin: http://www.examinations.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 Nollaig 2023