Nuair a thógtar leanbh ón duine a bhfuil an ceart dlíthiúil aige/aici ar chaomhnóireacht an linbh sin gan toiliú an duine, glaoitear fuadach leanaí air sin. Nuair a thógtar an leanbh amach as an tír nó má choinnítear é/í i dtír eile a bhfuil sé/sé ag tabhairt cuairte air tugtar fuadach idirnáisiúnta leanaí air sin. Tá dhá phríomhghné ag baint le fuadach idirnáisiúnta leanaí mar seo a leanas:
Is éard is fuadach leanaí ná an téarma a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar chás ina dtógtar leanbh ón duine a bhfuil an ceart dlíthiúil aige/aici ar chaomhnóireacht agus déantar é gan toiliú an duine sin. Tarlaíonn fuadach idirnáisiúnta leanaí nuair a tharlaíonn sé seo a leanas don leanbh:
D’fhéadfadh aon duine a bheith i gceist leis an bhfuadaitheoir ach is minic gur duine de thuismitheoirí an linbh a bhíonn i gceist.
Mar shampla, d’fhéadfaí leanbh a bhfuil caomhnóireacht ag a m(h)áthair
air/uirthi in Éirinn agus a dtugann a (h)athair cuairt air/uirthi anseo a
fhuadach as an tír seo agus a bheith tógtha go neamhdhleathach ag a
(h)athair. D'fhéadfaí leanbh a bhfuil caomhnóireacht ag a (h)athair
air/uirthi in Éirinn dul ar cuairt chuig a m(h)áthair i SAM agus, má
choinníonn sí é/í thar an am atá aontaithe don chuairt, tá sé/sí
fuadaithe agus á c(h)oinneáil go neamhdhleathach ag a m(h)áthair. Mar sin,
d’fhéadfadh tógáil éagórach nó coinneáil éagórach linbh a bheith i
gceist le fuadach.
Déileálann an tAcht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine 1997 leis an gcoir a bhaineann le fuadach idirnáisiúnta leanaí.
Tá feidhm le hAlt 16 den Acht más tuismitheoir, caomhnóir nó duine tú a bhfuil caomhnóireacht an linbh bronnta ort ag cúirt. Ní bhíonn feidhm leis an alt más tuismitheoir tú nach bhfuil i do chaomhnóir ar an leanbh. Bíonn feidhm leis an alt má chuireann tú nó má choinníonn tú leanbh faoi aois 16 go neamhdhleathach amuigh as an Stát nó más tú is cúis le leanbh a thógáil, a chur amach nó a choinneáil go neamhdhleathach. Ciallaíonn rud a dhéanamh go neamhdhleathach rud a dhéanamh d'ainneoin ordú cúirte nó rud a dhéanamh gan toiliú tuismitheora nó caomhnóra.
Bíonn feidhm le hAlt 17 i gcás daoine nach bhfuil clúdaithe ag Alt 16
agus a choinníonn leanbh go neamhdhleathach nó atá ina chúis le leanbh a
choinneáil.
Is é an príomhchúram a bhaineann le cásanna fuadaithe idirnáisiúnta leanaí ná an leanbh a thabhairt ar ais. Tá na coinbhinsiúin idirnáisiúnta agus an Rialachán AE a rialaíonn filleadh an linbh bunaithe ar na prionsabail chéanna. Is iad sin ná:
Tá Lárúdarás i ngach tír chun filleadh an linbh fhuadaithe a éascú.
Tá ról teoranta ag an AE i gcúrsaí dlí teaghlaigh. Tá a chuid rialacha féin ag gach ballstát aonair maidir le scaradh, colscaradh, cothabháil céilí agus leanaí, caomhnóireacht agus cúrsaí dlí teaghlaigh eile. Is é ról an AE go príomha ná a chinntiú gur féidir cinntí a dhéantar i dtír amháin a chur i bhfeidhm i dtír eile. Tá ról freisin ag an AE ó thaobh cinneadh a dhéanamh cén tír ag a bhfuil dlínse chun éisteacht le cás ar leith. Is féidir leat tuilleadh a fháil amach faoi reachtaíocht an AE ar dhlí teaghlaigh inár ndoiciméad, An AE agus dlí teaghlaigh.
Tháinig Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle maidir le dlínse agus breithiúnais a aithint agus a fhorfheidhmiú i gcúrsaí pósta agus cúrsaí a bhaineann le freagracht tuismitheoirí i bhfeidhm i mí an Mhárta 2005. Clúdaíonn an Rialachán na gnéithe seo a leanas d’fhreagracht tuismitheoirí:
Ní leagann an rialachán teorainn aoise síos - is faoin tír aonair é sin a shocrú. Is 18 an teorainn aoise go ginearálta.
Baineann sé le himeachtaí sibhialta amháin, ní le cásanna coiriúla.
Dlínse
Coinníonn an chúirt sa bhallstát ina raibh gnáthchónaí ar an
leanbh roimh an bhfuadach dlínse chun déileáil leis an gcás ach amháin i
gcúinsí teoranta áirithe, mar shampla, sa chás gur ghéill gach duine lena
mbaineann san fhuadach.
Comhoibriú idir Lárúdaráis
Cruthaíonn an Rialachán córas comhoibrithe idir Lárúdaráis na mballstát.
Tá sé d’oibleagáid ar na húdaráis seo cumarsáid a éascú idir
cúirteanna na dtíortha ábhartha agus caithfidh siad comhaontuithe a éascú
idir na tuismitheoirí trí idirghabháil nó trí bhealaí eile.
Aitheantas agus forfheidhmiú
Caithfear breithiúnais a thugtar i mballstát amháin a aithint agus a
fhorfheidhmiú i mballstát eile. Is féidir leis an gcúirt sa bhallstát eile
diúltú aitheantas a thabhairt don ordú ach ní féidir é sin a dhéanamh
ach ar fhorais áirithe.
I gcásanna ina bhfuadaítear leanbh, ní gá dul trí imeacht cúirte chun aitheantas a fháil. Má tá caomhnóireacht agat ar leanbh agus má fhuadaítear do leanbh chuig ballstát eile, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chuig an stát sin chun an leanbh a fháil ar ais. Ní féidir le cúirt an bhallstáit chuig a bhfuadaítear an leanbh diúltú don leanbh a thabhairt ar ais ach i gcúinsí teoranta - mar shampla, mura bhfuil cosaintí imleora ann lena chinntiú nach bhfuil aon riosca tromchúiseach ann go ndéanfar dochar don leanbh sa chás go bhfillfeadh sé/sí.
Go ginearálta, caithfidh an chúirt ordú a thabhairt go dtabharfaí an leanbh ar ais láithreach.
Faoi Choinbhinsiún na Háige (féach thíos), níl sé d’oibleagáid ar an gcúirt ordú a thabhairt an leanbh a thabhairt ar ais sa chás go mbeadh an leanbh i gcontúirt fhisiciúil nó shíceolaíochta, nó go gcuirfí i gcás dofhulaingthe é/í. Éilíonn an Rialachán AE go dtabharfaí an leanbh ar ais sa chás go bhféadfaí dochar den sórt sin a dhéanamh don leanbh, ar an gcoinníoll go ndearna nó go bhfuil na húdaráis sa bhallstát tionscnaimh ullmhaithe chun socruithe cuí a dhéanamh lena chinntiú go bhfaighidh an leanbh cosaint tar éis dó/di filleadh.
Forálann an Rialachán go bhfuil sé de cheart ag an leanbh éisteacht a fháil le linn an nós imeachta mura measann an breitheamh go bhfuil sé míchuí mar gheall ar aois agus aibíocht an linbh. Ní féidir leis an gcúirt diúltú an leanbh a thabhairt ar ais gan deis a thabhairt ar dtús don duine a d’iarr go dtabharfaí an leanbh ar ais éisteacht a fháil.
Go hiondúil, caithfear an cinneadh a dhéanamh laistigh de 6 seachtaine.
Tá tuilleadh eolais maidir le Rialachán an AE le fáil sa Practice Guide for the Application of Council Regulation (EC) No. 2201/2003 (pdf).
Tá feidhm i gcónaí le Coinbhinsiún na Háige an 25 Deireadh Fómhair 1980 maidir le gnéithe sibhialta de fhuadach idirnáisiúnta leanaí (Coinbhinsiún na Háige 1980) agus le Coinbhinsiún na Háige (1996) maidir le dlínse, dlí infheidhmithe, aitheantas, forfheidhmiú agus comhoibriú i ndáil le freagracht tuismitheoirí agus bearta chun leanaí a chosaint i gcásanna nach bhfuil feidhm le Rialachán an AE.
Tá tús áite ag Rialachán an AE ar an gCoinbhinsiún maidir leis na gnéithe sin arna gclúdach ag an Rialachán. Tá an Coinbhinsiún agus an Rialachán cosúil lena chéile tríd is tríd ó thaobh scóip agus rialacha de.
Síníodh Coinbhinsiún na hEorpa um Aitheantas agus Forfheidhmiú ar Chinntí Maidir le Caomhnóireacht Leanaí agus Athchóiriú Caomhnóireachta Leanaí (Coinbhinsiún Lucsamburg) i 1980 agus tá feidhm leis i roinnt tíortha san Eoraip. Is beag aitheantais atá aige anois de bhrí go gclúdaíonn Rialachán an AE nó Coinbhinsiún na Háige na tíortha ábhartha.
Déileálann Coinbhinsiúin na Háige agus Lucsamburg le leanaí faoi aois 16 agus foráiltear iontu go bhfuil feidhm leis an bprionsabal tábhachta - rud a chiallaíonn go mbeidh tábhacht ag leas an linbh thar aon ní eile.
Tá liosta na dtíortha atá ag forfheidhmiú Choinbhinsiún na Háige le fáil ar láithreán gréasáin Choinbhinsiún na Háige um Dhlí Idirnáisiúnta Príobháideach.
I gcás tíortha nach bhfuil mar pháirtí ag aon cheann de na Coinbhinsiúin idirnáisiúnta, déantar cinntí bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta príobháideach. Ciallaíonn sé sin, tríd is tríd, go dtugann cúirteanna na hÉireann aitheantas d’orduithe cúirte a dhéantar i ndlínse ina bhfuil córais dhlí den chineál céanna. Tógann na cúirteanna san áireamh freisin riachtanais na nAchtanna um Chaomhnóireacht Naíon ionas go ndéantar measúnú ar folláine agus ar an leas is fearr don leanbh. Tharla sé ó am go ham gur dhiúltaigh cúirteanna na hÉireann leanbh a thabhairt ar ais chuig dlínse sa chás go bhféadfadh sárú ceart a bheith i gceist faoi Bhunreacht na hÉireann.
Tháinig an tAcht um Fhuadach Leanaí agus Forghníomhú Orduithe Coimeádta 1991 i bhfeidhm in Éirinn i mí Dheireadh Fómhair 1991. Rinne sé dlí de Choinbhinsiún na Háige agus de Choinbhinsiún Lucsamburg in Éirinn.
Tá sé mar aidhm ag an dá Choinbhinsiún an leanbh atá fuadaithe a thabhairt ar ais. Is féidir le Coinbhinsiún na Háige feidhmiú fiú amháin nuair nach bhfuil aon ordú cúirte ann má tógadh an leanbh gan toiliú tuismitheora amháin. Feidhmíonn Coinbhinsiún Lucsamburg má tá ordú cúirte ann a shocraíonn caomhnóireacht agus foráiltear ann go mbeadh comhaitheantas ann d’orduithe den sórt sin agus go ndéanfar forfheidhmiú orthu sna tíortha atá mar pháirtithe ag an gCoinbhinsiún.
Aontaíonn na tíortha atá ina bpáirtithe ag na Coinbhinsiúin a bheith faoi cheangal ag nósanna imeachta áirithe i gcásanna nuair a thógtar leanaí amach as tír amháin isteach i dtír eile:
Má fhuadaítear leanbh isteach go hÉirinn, féadfaidh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais iarraidh ar an mBord um Chúnamh Dlíthiúil imeachtaí a chur ar bun san Ard-Chúirt. Beidh cúnamh dlí ar fáil. Faoi Choinbhinsiún na Háige, is féidir idirbheartaíocht a dhéanamh chun na ceisteanna a réiteach go deonach.
Má tá leanbh fuadaithe as an Stát, cuideoidh an Lárúdarás leis an tuismitheoir iarracht a dhéanamh an leanbh a fháil ar ais agus labhairt le Lárúdaráis eile chuige sin.
Tá cuntas san Acht freisin ar na himthosca nach gá an leanbh a thabhairt ar ais agus na nósanna imeachta éagsúla a bhaineann le forfheidhmiú.
Tugann sé cumhacht freisin do na Gardaí chun leanbh a choinneáil má tá amhras orthu go bhfuil an leanbh á thógáil amach as an Stát agus sárú á dhéanamh ar aon ordú caomhnóireachta nó fad is atá imeachtaí maidir le caomhnóireacht ag dul ar aghaidh.
Má tá fuadach idirnáisiúnta déanta ar do leanbh, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Lárúdarás d’fhonn na nósanna imeachta a theastaíonn sa tír chuig a bhfuil an leanbh fuadaithe a chur ar bun.
Cruthaíodh post Idirghabhálaí Pharlaimint na hEorpa um Fhuadach Idirnáisiúnta Leanaí arna dhéanamh ag an Tuismitheoir i 1987. Níl aon bhunús reachtúil aige. Tá sé mar aidhm aige cuidiú le leanaí a ndearna tuismitheoir amháin fuadach orthu in imthosca áirithe áit a bhfuil náisiúntacht dhifriúil ag na tuismitheoirí agus go bhfuil an pósadh briste.
Féadfaidh aon tuismitheoir acu iarraidh ar an Idirghabhálaí cabhrú leo. Déanann an tIdirghabhálaí iarracht teacht ar shocrú deonach idir na tuismitheoirí. Déantar é sin trí fhaisnéis agus comhairle a chur ar fáil agus idirghabhálaithe oiriúnacha a fhostú don chás áirithe sin. Déanann na hIdirghabhálaithe iarracht a chinntiú go bhfuil an meascán seo a leanas d’idirghabhálaithe ann: bean amháin - fear amháin, dlíodóir amháin, duine nach dlíodóir é/í, beirt atá in ann an dá theanga atá ag na páirtithe sa díospóid a labhairt. Tá cúram ar an Idirghabhálaí a chinntiú go dtugtar tús áit do leas an linbh.
Ní gá d’aon tuismitheoir comhoibriú leis an Idirghabhálaí. Mura
gcomhoibríonn siad agus má thagann siad ar shocrú, féadfar comhaontú atá
infheidhmithe de réir an dlí a dhéanamh den chomhaontú sin. Tarlaíonn sé
sin i gcás aon chomhaontú a dhéantar tar éis idirghabhála.
Má chreideann tú go bhfuil baol ann go bhfuadófar do leanbh ba chóir
duit comhairle dlí a fháil nó dul i dteagmháil leis na Gardaí.
D’fhoilsigh Ionad na hÉireann do Leanaí arna bhFuadach ag Tuismitheoir
(ICPAC) ICPAC Prevention Pack (Pacáiste Coiscthe) a thugann eolas ar na
céimeanna ba chóir duit a ghlacadh má tá baol ann go bhfuadófar do leanbh.
Tá comhairle sa phacáiste maidir le heolas tábhachtach a bhaineann le do
leanbh a bhailiú, rud a theastóidh uait má fhuadaítear do leanbh, chomh
maith le céimeanna eile is féidir leat a ghlacadh chun an baol a laghdú.
An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Cearnóg an Easpaig
Cnoc Réamoinn
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 1 479 0200
Lóghlao:1890 555 509
Facs:+353 1 479 0201
Láithreán Gréasáin: http://www.justice.ie/en/JELR/Pages/International_child_abduction
R-phost: child_abduct_inbox@justice.ie
ASP 05G302
Rue Wiertz
B-1047 Brussels
Belgium
Facs:+32 2 283 2042
R-phost: MediationChildAbduct@europarl.europa.eu
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.