Mí-úsáid agus cosaint daoine fásta

Cad is mí-úsáid daoine fásta ann?

Tarlaíonn mí-úsáid daoine fáta nuair nach dtugtar meas ar chearta, neamhspleáchas nó dinit duine. Is féidir é seo a dhéanamh d'aon ghnó, nó d'fhéadfadh easpa faisnéise nó asnamh cúraim a bheith mar chúis leis. Mar sin féin, is maslach iad na himthosca go léir mura n-urramaítear cearta duine.

Is féidir le mí-úsáid dul i bhfiedhm ar aon duine fáta ag aon chéim den saol agus tá aon duine i mbaol. Is dóichí go dtarlóidh sé nuair a bhíonn daoine níos leochailí – mar shampla daoine a bhfuil míchumas coirp nó intleacha acu, gortú faighte inchinne, ríocht meabhairshláinte, nó i gcásana rialaithe comhéigneacha nó laige de bhar aoise. Is éard is duine leochaileach ann ná duine nach bhfuil in ann iad féin a chosaint ó dhochar nó ó dhúshaothrú, nó d'fhéadfadh go mbeadh teorainn lena gcumas tuairisc a thabhairt ar chásanna díobhála nó dúshaothraithe.

Is féidir le raon doine, mar shampla strainséirí, institiúdí nó baill teaghlaigh, mí-úsáid a dhéanamh (déanta) mí-úsáid. Féadfaidh sé tarlú nuair a chónaíonn duine scothaosta nó duine faoi mhíchumas ina aonar nó le gaol. D'fhéadfadh sé tarlú freisini suíomhanna cónaithe nó cúam lae, in ospidéil, i seirbhísí tacaíochta baile agus in áiteanna eile a nglactar leo a bhtieh sábháilte.

Is éard is mí-úsáid daoine scothaosta ann ná mí-úsáid duine atá 65 bliana d'aois nó níos sine agus tarlaíonn sé i gcaidreamh ina bhfuiltear ag súil le muinín. Le faisnéis a fháil daoi chomharthaí mí-úsáide leanaí a aithint, agus coasint leanaí leochaileacha, féach ar ár leathanach Mí-úsáid leanaí agus cosaint leanaí.

Cineálacha mí-úsáide

Types of abuse
Types of abuse Description
Psychological abuse Emotional abuse, threats of harm or abandonment, deprivation of contact, humiliation, blaming, controlling, intimidation, coercion, harassment, verbal abuse, isolation or withdrawal from services or supportive networks
Physical abuse Slapping, pushing, hitting, kicking, misuse of medication, inappropriate restraint (including physical and chemical restraint) or sanctions
Financial or material abuse Theft, fraud, exploitation, pressure in connection with wills, property or inheritance, or financial transactions, or the misuse or misappropriation of property, possessions or benefits
Neglect Self-neglect and acts of omission including ignoring medical or physical care needs, the withholding of the necessities of life, such as medication, adequate nutrition and heating
Discriminatory abuse Ageism, racism, sexism, abuse based on a person’s disability, and other forms of harassment, slurs or similar treatment
Institutional abuse Poor standards of care, rigid routines, inadequate responses to complex needs occurring in residential care, nursing homes, acute hospitals, and in-patient settings
Sexual abuse Rape and sexual assault or sexual acts to which the older adult has not consented, or could not consent, or into which they were forced to consent

Comharthaí coitianta mí-úsáide

Is iad seo a leanas comharthaí coitianta mí-úsáide, faillí nó comhéigean:

Fisiciúil

  • Brunna, marcanna nó gortuithe gan mhíniú
  • Caileadh meáchain gan mhíniú
  • Coinníollacha maireachtála ata salach nó neamhshabháilte
  • Imní

Airgeadais

  • Ganntanas airgid domhínithe
  • Ainmneacha a chur le cuntais airgeadais amhrasach
  • Athruithe gan choinne ar uacht nó Cumhacht Aturnae

Faillí

  • Sláinteachas lag
  • Forbairt anacair leapa
  • Ocras

Imní a thuairisciú

Má tá amhras ort go bhféadfadh duine éigin a bhfuil aithne agat air a bheith ina íospartach de mhí-úsáid, nó más íspartach mí-úsáide tú féin, ba chóir duit dul i dteagmháil d'ionad sláinte áitiúil, le do Dhochtúir Teaghlaigh, le d'altra sláinte poiblí nó leis an nGarda Síochána.

De rogha air sin, cuir scairt ar an Oifig Náisiúnta um Chosaint FSS ag (061) 461 358. Tá Foirne Cosanta i bhfeidhm ag FSS i ngach réigiún den tír.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Líne Faisnéise FSS freisin ar 1800 700 700. Má tá rúndacht ag teastáil, cuir glaoch ar líne rúnda na nGardaí ar 1800 666 111.

I gcás éigeandála, nuair a bhíonn duine i mbaol láithreach, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an nGarda Síochána nó leis na Seirbhísí Éigeandála ar 999 nó 112.

Má tá imní ort faoi mhí-úsáid airgeadais d'íocaíocht leasa shóisialaigh duine éigin a bhfuil aithne agat air, déan teagmháil leis an Aonad um Chosaint, An Roinn Coimirce Sóisialaí, Bóthar an Choláiste, Sligeach, F91 T384, ríomhphost: safeguarding@welfare.ie, nó cuir glaoch ar 071 919 3259.

Do thodhchaí a chosaint

Tagann rioscaí cosanta chun cinn má chuirtear cosc ar dhuine fásta a chinntí féin a dhéanamh. Toimhdítear go bhfuil an ceart ag gach duine a gcinntí féin a dhéanamh mura meastar nach bhfuil an cumas acu, rud a éilíonn deimhniú ó ghairmí cúram sláinte.

Is éard atá i gceist le do thodhchaí a chosaint ná pleanáil chun an baol mí-úsáide a laghdú. Is féidir leat:

Roghnaigh cé atá in ann cabhrú leat le cinntí a dhéanamh

Is dlí nua é an tAcht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) 2015 a thacaíonn le cearta daoine a gcinntí féin a dhéanamh. Is socruithe aitheanta de réir dlí iad socruithe tacaíochta cinntí do dhaoine a dteastaíonn tacaíocht uathu chun cinntí áirithe a dhéanamh. Tá 3 chineál socruithe tacaíóchta ann do dhaoine a bhfuil dúshláin le sárú acu faoi láthair, nó d'fhéadfadh dul i ngleic le dúshláin agus cinntí áirithe á ndéanamh acu:

D'fhoisigh an tSeirbhís Tacaíocht Cinntí treoir atá éasca le léamh ar an Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) 2015 (pdf) agus Mo Roghanna: Tacaíocht a fháil chun cinntí a dhéanamh (pdf).

Déan Cumhacht Marthanach Aturnae 

Cumhacht Marthanach Aturnae a dhéanamh agus a chlárú. Is socrú dlíthiúil é seo a thugann úsarás do dhuine a bhfuil aithne agat air agus a bhfuil muinín agat astu, gníomhú ar do shon má chailleann tú an cumas cinntí áirithe a dhéanamh amach anseo. Féadfaidh na cinntí seo a bheith faoi do leas pearsanta agus faoi chúrsaí maoine agus airgid. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tá bileog ag Safegaurding Ireland a mhíníonn conas is féidir le Cumhacht Marthanach Aturnae d'airgeadas, do mhaoin agus do leas a chosaint (pdf).

Roghnaigh Ionadaí Sláinte. 

Déan Treoir Réamhchúraim Sláinte. Ligeann an socrú seo duit do mhianta a leagan amach maidir le cinntí cúram sláinte agus cóireála leighis ar eagla nach mbeidh tú in ann na cinntí sin a dhéanamh am éigin amach anseo. Féadfaidh tú duine a bhfuil aithne agat air agus a bhfuil muinín agat astu a cheapadh mar d'ionadaí cúram sláinte ainmnithe chun an chinntiú go gcloítear le do réamhthreoir cúram sláinte. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, d'fhoisigh an tSeirbhís Tacaíochta Cinntí Do Threoir maidir le Treoir um Réamhchúraim Sláinte (pdf).

Tuilleadh faisnéise

Seirbhís Tacaíochta Cinnteoireachta

Teil: 01 2119750

None

Teil: 071 919 3259
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Samhain 2023