Mí-úsáid daoine breacaosta

Eolas

Aithnítear mí-úsáid daoine breacaosta mar ábhar buartha in Éirinn. Cé nach mbíonn formhór de dhaoine breacaosta thíos le mí-úsáid, ar an drochuair, is ann do roinnt daoine breacaosta a mbaineann daoine eile mí-úsáid astu nó a dhéanann daoine eile díobháil dóibh.

Céard is mí-úsáid daoine breacaosta ann?

De réir Thuarascáil an Ghrúpa Oibre um Mí-Úsáid Daoine Breacaosta: Ár dTodhchaí a Chosaint (2002) (pdf), is éard atá i gceist le mí-úsáid daoine breacaosta mí-úsáid a bhaint as duine d’aois 65 bliain nó níos sine agus tarlaíonn sé laistigh de chaidreamh nuair a bhíonn coinne le hiontaoibh ann. Gníomh singil nó leantach atá ann, nó easpa gníomhaíochta cuí, a bhíonn ina chúis le díobháil nó le hanacair don duine breacaosta nó a sháraíonn a gcuid cearta daonna agus sibhialta.

Ca dtarlaíonn sí?

Is féidir le mí-úsáid tarlú in aon chás. D’fhéadfadh sí tarlú nuair a chónaíonn duine breacaosta leo féin nó le gaol. Freisin, d’fhéadfadh sí tarlú laistigh de shuíomhanna cónaithe nó cúram lae, in ospidéil, seirbhísí tacaíochta baile agus in áiteanna eile a mheastar atá sábháilte, nó in áiteanna poiblí.

Arb ann do chineálacha éagsúla de mhí-úsáid daoine breacaosta?

Is ann do chineálacha éagsúla de mhí-úsáid daoine breacaosta a bhféadfaí tabhairt fúthu d’aon turas, nó de bharr bheith faillíoch nó aineolach. D’fhéadfadh duine breacaosta bheith thíos le breis agus foirm amháin de mhí-úsáid ag aon tráth ar leith. Is iad na foirmeacha éagsúla de mhí-úsáid:

  • Mí-úsáid shíceolaíoch
  • Faillí agus gníomhartha easnaimh a dhéanamh
  • Mí-úsáid airgeadais nó ábhartha
  • Mí-úsáid fhisiciúil
  • Mí-úsáid gnéis
  • Leithcheal

Tá fáil ar fhaisnéis ar na foirmeacha éagsúla de mhí-úsáid daoine breacaosta, agus conas na comharthaí a aithint, ar láithreán gréasáin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).

Conas a thuairiscím mo chuid buarthaí?

Tá ag FSS seirbhís thiomanta um mí-úsáid daoine breacaosta, agus oirbíonn Oibreoirí Cáis Shinsearaigh i mórchuid de limistéir na nOifigí Sláinte Áitiúla.

Má tá amhras ort go bhfuil duine ar a bhfuil aithne agat thíos le mí-úsáid daoine breacaosta nó má tá tú féin thíos le mí-úsáid daoine breacaosta, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís um Mí-Úsáid Daoine Breacaosta de chuid FSS, trí d’Ionad Sláinte Áitiúil, d’Oifig Sláinte Áitiúil, do LG, d’Altra Sláinte Poiblí, d’Oibreoir Cáis Shinsearaigh Áitiúil nó tríd an nGarda Síochána.

Tuilleadh faisnéise

Tá faisnéis ag FSS faoi cad is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint nó duine eile a bhfuil tú buartha faoi a chosaint.

The HSE has also produced a series of short films called ‘Open Your Eyes to Elder Abuse in Your Community’ that you can watch online and a booklet (pdf) on elder abuse.

Cónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochtaí D'fhoilsigh Éire Treoir maidir le Do Airgead a Chosaint Anois agus sa Todhchaí. Tá faisnéis ann a bhfuil sé mar aidhm aici cabhrú le daoine scothaosta comharthaí mí-úsáide airgeadais seanóirí a aithint agus smacht a choinneáil ar a ngnóthaí.

Bhunaigh FSS Cosaint Éireann chun dul i ngleic le mí-úsáid seanóirí. Is comhlacht ilghníomhaireachta agus idir-earnála é. Tabhair cuairt ar láithreán gréasáin Cosaint Éireann chun tuilleadh eolais a fháil ar a chuid beartas agus foilseachán.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar sheirbhísí cúnaimh agus tacaíochta atá ar fáil ó Líne Eolais FSS (féach thíos).

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ó Líne Faisnéise FSS.

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Líne Eolais
Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine, 8am-8pm, Dé Sathairn, 9am-5pm. Dé Domhnaigh agus laethanta saoire bainc dúnta.
Lóghlao: 1800 700 700
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Bealtaine 2016