Cén aois is féidir liom?

Cén aois is féidir liom?

Tosú ar scoil

  • Aois 4

Oideachas dara leibhéal a thosú

  • Aois 12 ar an 1 Eanáir sa chéad bhliain scoile

An scoil a fhágáil

  • Aois 16 nó ar chríochnú 3 bliana oideachais iarbhunscoile, cibé acu is déanaí

Tosú ag obair

  • Aois 14 – suas le 7 n-uaire in aghaidh an lae (35 uair in aghaidh na seachtaine) le linn laethanta saoire ón scoil amháin
  • Aois 15 – suas le 8 n-uaire le linn an téarma agus suas le 7 n-uaire in aghaidh an lae (35 uair in aghaidh na seachtaine) i rith laethanta saoire ón scoil
  • Aois 16 – suas le 8 n-uaire in aghaidh an lae (40 uair in aghaidh na seachtaine)

Íosphá náisiúnta a fháil

  • Aois 14 – 70% den íosphá
  • Aois 18 – 80% den íosphá
  • Aois 19 – 90% sa dara bliain fostaíochta tar éis aois 18 a bhaint amach
  • Aois 20 – 100% sa tríú bliain fostaíochta tar éis aois 18 a bhaint amach

A bheith mar phrintíseach

  • Aois 16 – Printíseacht SOLAS
  • Aois 18 – Printíseach san Arm nó san Aerchór

A bheith mar bhall den Arm nó den Gharda Síochána

  • Aois 18 – Arm, Aerchór nó an tSeirbhís Chabhlaigh
  • Aois 18 – An Garda Síochána

A bheith mar Fheighlí Leanaí

  • Níl aon íos-aois dhlíthiúil

Cánach a íoc

  • Níl aon íos-aois

Tiomáint

  • Aois 12 – bád le hinneall níos mó ná 3.7kW (5hp)
  • Aois 16 – gluaisrothar suas le 11kW agus suas le 125cc, móipéidí agus cuadrothair, feithiclí oibre agus tarracóir talún a bhfuil leantóir acu nó nach bhfuil, agus mótar-soilse nach mó ná 15 kW
  • Aois 17 – feithiclí le suíocháin do suas le 8 paisinéirí agus uas-mheáchan 3,500kg
  • Aois 18 – gluaisrothar suas le 35kW, feithiclí earraí suas le 7,500kg
  • Aois 21 – feithiclí earraí, bus le cóiríocht do suas le 16 paisinéir

Pas a fháil

  • Aois 0-17 – pas cúig bliana
  • Aois 18 – pas deich mbliana

Saoire nó eitilt a chur in áirithint

  • Aois 18

Iarratas a dhéanamh ar Aoischárta Náisiúnta

  • Aois 18

Aois dhigiteach an toilithe

  • Aois 16 - má tá tú faoi 16, tá toiliú tuismitheora ag teastáil

Alcól a cheannach

  • Aois 18

Alcól a ól

  • Aois 18 – féadfaidh daoine faoi 18 alcól a ól i dteach príobháideach le toiliú tuismitheora

Toitíní a cheannach

  • Aois 18

A bheith i mbun cearrbhachais

  • Aois 18

Madra a bheith agat

  • Aois 16 – caithfidh ceadúnas madra a bheith agat chun madra a choinneáil.

Toiliú le cóir leighis

  • Aois 16

Fuil a thabhairt

  • Aois 18

Tolladh coirp nó tatú a fháil

  • Níl aon íos-aois dhlíthiúil

Fiacla a ghealadh

  • Aois 18

Úsáid a bhaint as leapa gréine

  • Aois 18

Toiliú le caidreamh collaí

  • Aois 17

Iarratas a dhéanamh ar dheimhniú aitheantais inscne

  • Aois 16 – le Ordú Díolúine Cúirte
  • Aois 18 – gan Ordú Díolúine Cúirte

Pósadh

  • Aois 18

Déan teagmháil le do theaghlach breithe nó le do ghaolta

  • Aois 18 – Má tá tú uchtaithe agus más mian leat teagmháil a dhéanamh le do theaghlach breithe nó faisnéis a roinnt le do theaghlach breithe, is féidir do shonraí a chur isteach sa Chlár Rogha Teagmhála. Más leanbh uchtaithe tú faoi 18 mbliana d’aois, féadfaidh tuismitheoir uchtála teacht isteach ar do shon.

An baile a fhágáil

  • Aois 16 - le toiliú tuismitheora
  • Aois 18 - gan toiliú tuismitheora

Cion coiriúil a bheith curtha i do leith

  • Aois 10 – dúnmharú, dúnorgain, éigniú agus ionsaí forthromaithe gnéis
  • Aois 12 – cionta coiriúla eile

Clárú le vótáil

  • Aois 18 - toghcháin agus reifrinn uile. Má tá tú 16 nó 17 mbliana d’aois, is féidir leat iarratas a dhéanamh le bheith ar an ‘liosta toghthóirí ar feitheamh’ ach níl tú i dteideal vóta a chaitheamh go dtí go mbainfidh tú 18 mbliana d’aois amach, agus ag an bpointe sin cuirfear le Clár na dToghthóirí go huathoibríoch thú.

Seasamh le haghaidh toghcháin

  • Aois 18 - toghcháin áitiúla
  • Aois 21 - toghcháin náisiúnta agus Eorpacha
  • Aois 35 – toghcháin na huachtaránachta

Suí ar ghiúiré sa chúirt

  • Aois 18

Conradh a dhéanamh atá ina cheangal de réir an dlí

  • Aois 18 – seachas conarthaí áirithe, a bhaineann le riachtanais cosúil le bia nó do phrintíseachtaí

Uacht a dhéanamh

  • Aois 18

M’ainm a athrú trí Ghníomhas Dlí

  • Aois 14 - le toiliú tuismitheora
  • Aois 18 - gan toiliú tuismitheora

Íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil i m’ainm féin

  • Aois 16 – Liúntas Míchumais
  • Aois 18 - Sochar Cuardaitheora Poist, Liúntas Cuardaitheora Poist, Sochar Breoiteachta
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 Márta 2023