Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Iompar agus Míchumas > Díoluine Cánach do Thiománaithe faoi Mhíchumas agus do Phaisinéirí

Print Page Send to a Friend

Díoluine Cánach do Thiománaithe faoi Mhíchumas agus do Phaisinéirí

Eolas

Cuireann an Scéim Tiománaithe faoi Mhíchumas agus Paisinéirí faoi Mhíchumas réimse faoisimh cánach ar fáil atá ceangailte le ceannacht agus úsáid feithiclí i gcomhair tiománaithe faoi mhíchumas agus paisinéirí faoi mhíchumas. Faoi théarmaí na scéime, is féidir leat aisíoc cáin clárú feithicil (CCF) a iarradh, agus aisíoc ar cháin breis luacha (CBL) ar chostas athchóiriú a dhéanamh ar fheithicil, suas go dtí uasmhéid de €9,525 do thiománaí faoi mhíchumas agus €15,875 do phaisinéir faoi mhíchumas.

Níl an faoiseamh i gceist ach amháin i gcás feithicil atá deartha nó athchóirithe go speisealta do dhuine faoi mhíchumas agus go bhfuil an inneall níos lú ná 2,000cc i gcás an tiomanaí agus 4,000cc i gcás an phaisinéara.

Má tá tú i dteideal faoiseamh cánach faoin scéim, is féidir leat freisin aisíoc a fháil ar dhleacht mháil ar bhreosla a úsáidtear id' fheithicil i gcomhair iompar paisinéir faoi mhíchumas, suas go dtí uasmhéid de 600 galún in aghaidh na bliana. Freisin, má tá tú i dteideal na scéime, d'fhéadfadh do fheithicil a bheith saor ó cháin bliantúil bóithre, ar iarratas chuig Oifig Mótar Cháin.

Tá na feithiclí a cuireadh in oiriúint do thiománaithe faoi mhíchumas seo saor freisin ó tháillí dola. Eisíonn na hoibreoirí bóthair pasanna speisialta a aithníonn na hoibreoirí bóthair eile go léir agus a ligeann d’fheithiclí dá leithéid dul tríd an dola gan íoc. Le pas speisialta a fháil déan iarratas leis an oibreoir bóthair is gaire duit.

Rialacha

Chun a bheith i dteideal díolúine ó cháin faoin scéim, caithfidh tú Teastas Príomhúil Leighis dlistineach a bheith agat.

Caithfidh tú a bheith faoi mhíchumas tromchúiseach agus buan agus

  • A bheith gan úsáid nó beagnach gan úsáid do dhá chois
  • A bheith go hiomlán gan úsáid chos amháin agus beagnach go hiomlán gan úsáid an chos eile go dtí an pointe go bhfuil an-bhac ort maidir le gluaiseacht i do chosa.
  • A bheith gan ceachtar lámh nó bacán láimhe.
  • A bheith gan cos amháin nó an dá chos.
  • A bheith go hiomlán nó beagnach go hiomlán gan úsáid an dá lámh nó bacán láimhe agus go hiomlán nó beagnach go hiomlán gan úsáid cos amháin
  • An galar abhcachas a bheith ort agus deacrachtaí suntasacha a bheith agat le gluaiseacht na gcos.

Próiseálann Oifigí Sláinte Áitiúla d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) iarratas ar Theastas Míochaine Príomhúla. Má dhiúltaíonn FSS d’iarratas ar Theastas Míochaine Príomhúla, is féidir leat an diúltú a achomharc chuig Board Míochaine Achomhairc de chuid na dTiománaithe faoi Mhíchumais, An tOspidéal Náisiúnta Athshlánaithe, Ascaill Bhaile an Róistigh, Co. Átha Cliath.

Tiománaithe faoi Mhíchumas

Is féidir leat díolúine cánach a éileamh ar:

  • Feithicil nua
  • Feithicil a baineadh úsáid as cheana, a ceannaíodh ó dhíoltóir cláraithe agus nach raibh cláraithe sa stáit seo cheana.

Is féidir leat freisin carr a baineadh úsáid as cheana agus a bhí cláraithe sa tír a cheannacht, sa gcás seo beidh méid an aisíocaíocht cothrom leis an iarmhar cánach i luach an chairr.

Má cheannaigh tú an carr roimh duit a theacht faoin teideal tiomanaí faoi mhíchumas, déanfar aisíoc CBL agus CCF, de réir luach margadh an fheithicil ag an am ar tháinig tú isteach faoin scéim.

Paisinéirí faoi Mhíchumas

Is féidir leat díolúine cánach a éileamh ar:

  • Feithicil nua
  • Feithicil a baineadh úsáid as cheana, a ceannaíodh ó dhíoltóir cláraithe agus nach raibh cláraithe sa stáit seo cheana.

Is féidir leat freisin carr a baineadh úsáid as cheana agus a bhí cláraithe sa tír a cheannacht, sa gcás seo beidh méid an aisíocaíocht cothrom leis an iarmhar cánach i luach an chairr.

Má cheannaigh tú an carr roimh duit a theacht faoin teideal duine faoi mhíchumas, déanfar aisíoc CBL agus CCF leat, de réir luach margadh an fheithicil ag an am ar tháinig tú isteach faoin scéim.

Caithfidh costas réamh-cháin athchóiriú a bheith ar a laghad 10% de chostas réamh-cháin an chairr.

Tá feithicil a ceannaíodh faoi aontú cíos-cheannach i dteideal díolúine cánach.

Cónaí

Is féidir le duine de chlann phaisinéir faoi mhíchumas a bheith i dteideal díolúine freisin chomh fada is go bhfuil sé/sí ag maireachtáil le, agus freagrach as córas iompar a chur ar fáil, don duine faoi mhíchumas agus go bhfuil an feithicil faighte aige ina chomhair seo.

Muna bhfuil an duine faoi mhíchumas ag fanacht le duine dá c(h)lann ach ar bhonn páirt-aimsireach, ní chastar leis an gcoinníoll maidir le cónaí. Más mionaoiseach atá sa duine faoi mhíchumas áfach, agus go mbíonn sé/sí in ionad cónaithe/ sláinte ar bhunús páirtaimseartha ach go gcaitheann sé/sí cuid mhór dá c(h)uid ama sa mbaile, m.sh. deireadh seachtainí agus laethanta saoire, b'fhéidir go sásódh sé seo an coinníoll. I gcásanna eisceachtúla, is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim scaoileadh leis an gcoinníoll cónaithe.

Ba cheart duit dul i dteangmháil leis an Oifig Lárnach Aisíocaíochtaí chun a chinntiú go sásaíonn tú na coinníollacha cónaithe don scéim roimh duit feithicil a cheannacht.

Teoranna a bhaineann le díol nó fáil réidh leis an bhfeithicil

Ní féidir leat fáil réidh leis an bhfeithicil ar feadh ar a laghad dhá bhliain ón dáta a dtugtar an díolúine.

Ní thabharfar cead duit fáil réidh leis an bhfeithicil taobh istigh den dá bhliain ach amháin má aisíocann tú furmhór an díolúine leis na Coimisinéirí Ioncaim, bunaithe ar luach an fheithicil ag an am a bhfuair tú réidh leis. Ciallaíonn "fáil réidh leis " an fheithicila dhíol, é a thabhairt mar bhronntanas do dhuine eile, agus é a ligean amach ar cíos.

Má fhaightear réidh leis an bhfeithicil taréis damáiste i dtimpiste, tógfar an timpist san áireamh agus luach an fheithicil ag an am ar fuaireadh réidh leis dhá mheas.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba cheart duit dul i dteangmháil leis an Oifig Lárnach Aisíocaíochtaí chun Foirm DD1 a fháil. Tá Fhoirm DD1 le fail anseo freisin (pdf).

Ag déanamh iarratas ar aisíoc CCF

Ní mór duit na cáipéisí seo a leanas a sheoladh chuig an Oifig Lárnach Aisíocaíochtaí

  • Foirm DD1
  • An Teastas Míochaine Príomhúla bhunaidh má tá ag éileamh don chéad uair. Ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig do Cheantar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte d'fhoirm iarratais ar Theastas Míochaine Príomhúla - faigh foirm iarratais ó d'Oifig Sláinte Áitiúla i FSS. Líon isteach an fhoirm iarratais agus seol ar ais í chuig an tOifigeach Míochaine Sinsearaí den Oifig Sláinte Áitiúla. Ceapann an tOifigeach Míochaine Sinsearaí dochtúir FSS chun cuairt a thabhairt ar do theach agus measúnú a dhéanamh ar leibhéal do mhíchumais. Má chomhlíonann tú na díotha, bronnann FSS Teastas Míochaine Príomhúla ort.

Má ghlactar le d’iarratas ar lamháil VRT, seolfar Litir Údaraithe chuig a thugann an chumhacht duit feithicil a cheannach. Agus an fheithicil roghnaithe agat, ní mór uimhir aitheantais na feithicle (VIN) a chur isteach chuig an Lároifig Aisíocaíochtaí ar an bhfoirm a eisíodh chugat leis an Litir Údaraithe. Eiseofar Fógra Díolúine chugat a thugann cead an fheithicil a chlárú gan VRT ag an ionad NCTS.

Nuair atá an feithicil ceannaithe agat ní mór duit na cáipéisí seo a leanas a fháil

  • Bunshonrasc ón díoltóir ag léiriú na sonraí ar fad maidir le ceannacht an fheithicil agus ag dearbhú gur íocadh as ina iomlán.
  • Bunshonrasc ón té a rinne athchóiriú ar an bhfeithicil, ag taispeáint gur íocadh go hiomlán as an obair. Ní mór mionsonraí a bheith ar an sonrasc maidir leis na hathruithe a déanadh ar an feithicil agus an CBL a baineadh amach.
  • Ó 29 Aibreán, 2012 a éilíonn ar fheithicil nua atá curtha in oiriúint le Ceadú Feithiclí Aonair (IVA) deimhniú ón Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI)

Chun an fheithicil a chlárú ag an ionad NCTS ní mór don díoltóir na cáipéisí seo a chur isteach, chomh maith leis an Litir Údaraithe, an Fógra Díolúine agus an Fhoirm DD1 chomhlánaithe. Má tá an cháipéisíocht i gceart, cláróidh an NCTS an fheithicil gan chostas VRT a ghearradh.

Nuair atá an fheithicil cláraithe, chun aisíocaíocht VAT a fháil ba cheart don díoltóir an Litir Údaraithe, an Fógra Díolúine agus na sonraisc a luadh thuas a chuir isteach chuig an Lároifig Aisíocaíochtaí.

Ag déanamh iarratas ar aisíoc CCF agus CBL

Muna ndearnadh aisíoc ar an CCF agus go bhfuil tú ag iarraidh aisíoc CCF agus CBL a éileamh, ní mór duit iad seo a leanas a sheoladh chuig an Oifig Lárnach Aisíocaíochtaí.

  • Foirm Iarratais DD1 líonta mar is cuí
  • An bunchóip den Teastas Príomhúil Leighis má tá tú ag éileamh don chéad uair.
  • Bunshonrasc ón ndíoltóir ag léiriú na sonraí ar fad maidir le ceannacht an fheithicil agus an CBL a baineadh amach agus ag dearbhú gur íocadh as ina iomlán.
  • Bunshonrasc ón té a rinne athchóiriú ar an bhfeithicil, ag taispeáint gur íocadh go hiomlán as an obair. Ní mór mionsonraí a bheith ar an sonrasc maidir leis na hathruithe a déanadh ar an feithicil agus an CBL a baineadh amach.
  • Teastas Clárú Feithicil an fheithicil.

Más rud é go raibh an fheithicil cláraithe cheana, ní gá dul tríd an ngnáthghnáthamh d’athrú úinéireachta mar tarlóidh sé seo go huathoibríoch nuair atá an fheithicil díolmhaithe ó cháin ag an Oifig Mótarchánach. Má ghlactar le d’éileamh eisíonn an Lároifig Aisíocaíochtaí Teastas Formheasa chugat agus ba cheart duit é seo a chur isteach chuig d’Oifig Mótarchánach áitiúil. Eiseofar Teastas Cláraithe Feithicle nua chugat agus ba cheart duit é seo a sheoladh chuig an Lárionad Aisíocaíochtaí, áit inar ndéanfar é a fhormhuiniú ag rá go raibh an fheithicil ceannaithe faoin Scéim um Paisinéirí agus Tiománaithe faoi Mhíchumas agus nach féidir fáil réidh leis ar feadh dhá bhliain. Seolfar an teastas seo ar ais chugat láithreach.

Iarratas ar aisíoc dleacht mháil ar bhreosla

Ba cheart duit roinn D de Fhoirm Iarratais DD3 (pdf) a líonadh. Ba cheart iarratais ar aisíoc dhleacht mháil a dhéanamh chuile cheithre mhí. Beidh ort admhálacha a chur ar fáil i gcomhair an breosla a ceannaíodh agus garmheas a dhéanamh ar an méid de seo a úsáidtear dod' iompar féin nó do iompar phaisinéir faoi mhíchumas.

Ag déanamh iarratas ar dhíolúine ó cháin mótar

Má tá do fheithicil dhá chlárú in Éirinn don chéad uair, ní mór duit do Theastas Clárú Feithicil a thabhairt chuig d' Oifig Mótar Cháin áitiúil.

Má bhí do fheithicil cláraithe cheana in Éirinn roimh duit teacht isteach faoin scéim, gheobhfaidh tú Teastas Ceadúnais ón Oifig Lárnach Aisíocaíochtaí , rud a cheart duit tabhairt chuig d' Oifig Mótar Cháin.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Oifig Lárnach na nAisíocaíochtaí

Na Coimisinéirí Ioncaim
Foirgneamh M: TEK II
Bóthar Ard Mhacha
Muineachán
Éire

Teil:+353 (0)47 62100
Láithreán Gréasáin: http://www.revenue.ie
R-phost: cromon@revenue.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 September 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.