D'fhéadfadh daoine a bhfuil lagú amhairc orthu gluaiseacht neamhspleách a bhaint amach trí madra daill nó slat fhada a úsáid. Ciallaíonn gluaiseacht neamhspleách gur féidir leat dul thart timpeall i d'aonar. Ciallaíonn sé gur féidir leat bogadh go sábháilte trí sráideanna plódaithe, trácht agus bóithre tuaithe gan baol ó chontúirtí ar nós céimeanna, poill nó baic eile.
Fostaíonn Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill oibrithe Acmhainne Pobail a chuireann comhairle agus cúnamh ar fáil do dhaoine le lagú amhairc. Tá naisc ag an gComhairle le heagrais éagsúla a chuireann seirbhísí ar leith ar fáil do dhaoine le lagú amhairc, Cumann Madraí Daill na hÉireann mar shampla. Cuireann Cumann Madraí Daill na hÉireann dhá chineál cabhrach do ghluaiseacht neamhspleách ar fáil do dhaoine le lagú amhairc: madraí daill agus slata fada.
In Éirinn, ní ghlactar ach le cineálacha áirithe madraí mar madraí daill. Is iad sin Labradair, Gadhair Loirg Órga, Madraí Sípéara Gearmánacha nó madraí cros-síolraithe ó na cineálacha seo. Tógann Cumann Madraí Daill na hÉireann amháin madraí daill agus ní féidir oiliúint a chur ar pheata teaghlaigh nó ar choileán teaghlaigh. Tugtar madraí daill tógtha ag Cumann Madraí Daill na hÉireann do dhaoine deonacha agus iad ina gcoileáin. Feidhmíonn siad mar theaghlaigh altrama do na madraí go dtí go mbíonn siad thart ar dhá mhí dhéag. Tugtar ansin iad chuig Lárionad Oiliúna Náisiúnta an Chumainn i gCorcaigh áit a fhaigheann siad oiliúint ar an mbealach is fearr chun cosaint a thabhairt dá lámhadóirí i gcúrsaí laethúla, mar shampla nuair atá siad ag dul trasna na sráide. Cuirtear oiliúint ar mhadraí ar feadh ocht mí ar fad.
Tar éis na tréimhse oiliúna seo, cuirtear na madraí agus na hábhair lámhadóirí (daoine le lagú amhairc) i dtriail a chéile. Níl uasteorainn aoise ag baint le hoiliúint le madra daill, ach ní foláir duit a bheith os cionn 18 bliain chun iarratas a dhéanamh. Déanann tú féin agus do mhadra cúrsa oiliúna cónaithe trí nó ceithre seachtaine ag an Lárionad Náisiúnta Oiliúna. Nuair atá an oiliúint críochnaithe, beidh tú in ann dul abhaile agus tosnú ar úsáid do mhadra chun cúnamh a thabhairt duit gluaiseacht neamhspléach a bhaint amach. Tabharfaidh an teagascóir cuairt ort tar éis cúpla lá chun cúnamh a thabhairt leis an bpróiseas "socrú síos", agus chun cúnamh a thabhairt duit na bealaí a bheas tú ag úsáid go rialta a phleanáil. Bíonn teagmháil rialta ina dhiaidh sin idir thú féin agus do theagascóir agus tabharfaidh sé/sí tacaíocht duit.
Cuireann Cumann Madraí Daill na hÉireann oiliúint ar fáil do dhaoine le lagú amhairc chun gluaiseacht neamhspleách a bhaint amach trí slat fhada a úsáid. Tá dhá chineál cúrsa oiliúna gluaiseachta ar fáil, a mbíonn tréimhse chónaithe sa Lárionad Náisiúnta Oiliúna i gCorcaigh ag teastáil chun iad a dhéanamh. Maireann an chéad chúrsa thart ar 11 lá agus tá sé dírithe ar dhaoine nach bhfuil mórán oiliúna gluaiseachta orthu. D'fhéadfá foghlaim le slat fhada a úsáid ann chun cúnamh a thabhairt duit taisteal de shiúl na gcos go neamhspléach.
Bíonn cúrsaí gearra athnuachana ar ghluaiseacht agus do bhealach a dhéanamh dhá dtairiscint chomh maith do dhaoine atá ag baint úsáide as slat fhada cheana féin.
Is eagras carthanachta é Cumann Madraí Daill na hÉireann atá dhá reachtáil ag daoine deonacha agus atá dhá mhaoiniú ag síntiúis charthanacha agus deontais ón Rialtas. Níl táille ar bith ar aon cheann de na cúrsaí agus soláthraítear chuile fhearas saor in aisce. Gearrtar táille bheag (10 euro) ar lóistín do chúrsaí cónaithe, ach cuirtear madraí daill agus seiceáil rialta tar éis oiliúna ar fáil saor in aisce. Tá liúntas míosúil bia do mhadraí daill ar fáil ón gCumann má tá sé ag teastáil.
Má théann tú i dteagmháil le Cumann Madraí Daill na hÉireann go pearsanta nó má chuireann dochtúir teaghlaigh nó Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill chuige thú, cuirfidh an cumann foirm iarratais agus pacáiste eolais ar fáil duit.
Chomh luath agus a chuirtear an fhoirm iarratais ar ais le tuairisc ó do dhochtúir ag deimhniú go bhfuil lagú amhairc i gceist, tabharfaidh teagascóir cáilithe cuairt ar do theach chun na cineálacha oiliúna atá ar fáil a phlé.
D'fhéadfá iarratas a dhéanamh chun coileán a bhéas ina mhadra daill a altramú trí dul i dteagmháil le Cumann Madraí Daill na hÉireann. D'fhéadfá chomh maith iarratas a dhéanamh chun páirt a ghlacadh sa tseirbhís a reachtáileann an Cumann chun coileáin a thabhairt amach ag siúl.
Tá a lán eagras ar fud na hÉireann do dhaoine le lagú amhairc a chuireann réimse seirbhísí ar fáil, tacaíocht, abhchóideacht, comhairle, cairdeas agus eolas. Tá liosta de na heagrais seo ar fáil ón NCBI.
Chun eolas ginearálta a fháil faoi lagú amhairc in Éirinn, na liúntais a d'fhéadfadh a bheith i bhfeidhm agus conas leabhair Braille agus fearas ar leith eile a fháil chun cabrú leis an saol laethúil, ba cheart duit dul i dteagmháil le Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill ag an seoladh thíos.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.